(14) Maidir le heagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha, lena n-áirítear na daoine atá ag gabháil leo, ba cheart iad a bheith cumhdaithe leis an eisceacht i dtaobh mianadóireacht téacsanna agus sonraí maidir le hinneachar a bhfuil rochtain dhleathach acu air.
Ba cheart a thuiscint le rochtain dhleathach go gcumhdaítear rochtain ar inneachar bunaithe ar bheartas um rochtain oscailte nó trí shocruithe conarthacha idir sealbhóirí cirt agus eagraíochtaí taighde nó institiúidí oidhreachta cultúrtha, amhail síntiúis, nó trí mhodhanna dlíthiúla eile.
Mar shampla, i gcásanna síntiúis a ghlacann eagraíochtaí taighde nó institiúidí oidhreachta cultúrtha, ba cheart a mheas go bhfuil rochtain dhleathach ag na daoine atá ag gabháil leis na heagraíochtaí nó institiúidí sin agus atá clúdaithe leis na síntiúis sin.
Ba cheart a chumhdach freisin le rochtain dhleathach rochtain ar inneachar atá ar fáil saor in aisce ar líne.
- = -
(23) Tá socruithe éagsúla, bunaithe ar chur chun feidhme na heisceachta nó na teorann dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE nó ar chomhaontuithe ceadúnaithe lena gcumhdaítear úsáidí breise, i bhfeidhm i roinnt Ballstát chun úsáidí oideachais saothar agus ábhair eile a éascú.
Is iondúil na socruithe sin a bheith forbartha tar éis riachtanais na bhforas oideachais agus na leibhéal éagsúil oideachais a bheith curtha san áireamh.
Cé gur den bhunriachtanas é go ndéanfar raon feidhme na heisceachta sainordaithí nua nó na teorann sainordaithí nua i ndáil le húsáidí digiteacha agus le gníomhaíochtaí teagaisc trasteorann a chomhchuibhiú, is féidir socruithe don chur chun feidhme a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, sa mhéid nach gcuireann siad bac ar chur i bhfeidhm éifeachtach na heisceachta nó na teorann nó na n-úsáidí trasteorann.
Mar shampla, ba cheart na Ballstáit a bheith saor i gcónaí a éileamh go n-úrramófar cearta morálta údar agus taibheoirí le húsáidí saothar nó ábhair eile.
Ba cheart don mhéid sin ligean do na Ballstáit tógáil ar shocruithe atá cheana ann agus atá tugtha i gcrích ar an leibhéal náisiúnta.
Go háirithe, d'fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh go mbeadh cur i bhfeidhm na heisceachta nó an teorannaithe, go hiomlán nó go páirteach, faoi réir ag ceadúnais oiriúnacha a bheith ar fáil, lena gcumhdaítear ar a laghad na húsáidí céanna a cheadaítear faoin eisceacht nó faoin teorainn.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás nach gcumhdaíonn ceadúnais ach na húsáidí a cheadaítear faoin eisceacht nó faoin teorainn, go bhfanfadh na húsáidí eile faoi réir na heisceachta nó na teorann.
- = -
(59) Níor cheart go ndéanfadh an chosaint a dheonaítear d'fhoilsitheoirí preasfhoilseacháin faoin Treoir seo difear do chearta na n-údar agus na sealbhóirí cirt eile i leith na saothar agus ábhar eile arna n-ionchorprú iontu, lena n-áirítear maidir lena mhéid is féidir le húdair agus le sealbhóirí cirt eile a saothair nó ábhar eile a shaothrú go neamhspléach ó phreasfhoilseacháin ina bhfuil siad ionchorpraithe.
Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh foilsitheoirí preasfhoilseacháin in ann an chosaint a dheonaítear dóibh a agairt i gcoinne údar agus sealbhóirí cirt eile nó i gcoinne úsáideoirí údaraithe eile na saothar agus ábhar eile céanna.
Níor cheart dochar a bheith sa mhéid seo do shocruithe conarthacha a thugtar chun críche idir foilsitheoirí preasfhoilseacháin, ar thaobh amháin, agus údair agus sealbhóirí cirt, ar an taobh eile. Údair a bhfuil a saothair ionchorpraithe i bpreasfhoilseachán, ba cheart go mbeidís i dteideal sciar iomchuí de na hioncaim a fhaigheann na foilsitheoirí preasa as úsáid a bpreasfhoilseachán ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise.
Níor cheart dochar a bheith sa mhéid seo do dhlíthe na mBallstát maidir le húinéireacht nó feidhmiú na gceart i gcomhthéacs conarthaí fostaíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann siad dlí an Aontais.
- = -
(60) Is minic a fheidhmíonn foilsitheoirí, lena n-áirítear foilsitheoirí preasfhoilseachán, leabhar nó foilseachán eolaíoch agus foilseachán ceoil, ar bhonn aistriú chearta an údair trí bhíthin comhaontuithe conarthacha nó forálacha reachtúla.
Sa chomhthéacs sin, déanann foilsitheoirí infheistíocht d'fhonn na saothair atá ina bhfoilseacháin a shaothrú agus d'fhéadfadh sé i roinnt cásanna go mbainfí ioncam díobh i gcás go n-úsáidfí na saothair sin faoi eisceachtaí nó faoi theorainneacha amhail na cinn le haghaidh cóipeáil phríobháideach agus reipreagrafaíochta, lena n-áirítear na scéimeanna náisiúnta comhfhreagracha atá ann cheana le haghaidh reipreagrafaíocht sna Ballstáit, nó faoi scéimeanna iasachta poiblí.
Roinntear an cúiteamh in úsáidí faoi na heisceachtaí sin idir údair agus foilsitheoirí i roinnt Ballstát.
Chun an staid sin a chur san áireamh agus chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do gach páirtí lena mbaineann, ceadaíonn an Treoir seo do na Ballstáit a bhfuil scéimeanna maidir le cúiteamh a chomhroinnt idir údair agus foilsitheoirí i bhfeidhm cheana acu na scéimeanna sin a choinneáil.
Tá tábhacht faoi leith ag baint leis sin i gcás na mBallstát sin a raibh na sásraí sin le haghaidh cúiteamh a chomhroinnt acu roimh an 12 Samhain 2015.
I mBallstáit eile, áfach, ní dhéantar cúiteamh a chomhroinnt agus is leis na húdair amháin é, i gcomhréir le beartais chultúrtha náisiúnta.
Cé gur cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ar bhealach neamh-idirdhealaitheach maidir leis na Ballstáit uile, ba cheart na traidisiúin sa réimse sin a urramú leis agus níor cheart a chur d'oibleagáid ar na Ballstáit sin nach bhfuil na scéimeanna sin um chomhroinnt cúitimh i bhfeidhm iontu faoi láthair iad a thabhairt isteach.
Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do shocruithe sa Bhallstát atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo maidir le luach saothair i gcomhthéacs iasachtú poiblí.
- = -
(67) Ar bhealach comhchosúil le h Airteagal 16(2) de Threoir 2014/26/AE, tá feidhm ag an Treoir seo maidir le rialacha i dtaca le seirbhísí nua ar líne.
Tá na rialacha dá bhforáiltear sa Treoir seo ceaptha an cás sonrach a bhaineann le cuideachtaí nuathionscanta a bhíonn ag obair le huaslódálacha úsáideoirí chun samhlacha nua gnó a fhorbairt a chur san áireamh.
An córas modhnaithe is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse nua ag a bhfuil láimhdeachas agus spriocphobal beag, ba cheart dó dul chun tairbhe fíor-fhiontar nua agus ba cheart dó, dá bhrí sin, scor d'fheidhm a bheith aige maidir leo 3 bliana tar éis do na seirbhísí sin a bheith ar fáil ar líne den chéad uair san Aontas. Níor cheart drochúsáid a bhaint as an gcóras in trí shocruithe a mbeadh sé mar aidhm leo a thairbhí a leathnú amach thar na chéad 3 bliana.
Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le seirbhísí nua-chruthaithe ná seirbhísí a sholáthraítear faoi ainm nua ach a shaothraíonn an ghníomhaíocht de chuid soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne atá cheana ann agus nach bhféadfadh tairbhiú den chóras sin nó nach dtairbhíonn a thuilleadh den chóras sin.
- = -
(68) Ba cheart na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne a bheith trédhearcach i leith na sealbhóirí cirt a mhéid a bhaineann leis na céimeanna a ghlacann siad i gcomhthéacs an chomhair.
De bhrí go bhféadadh na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh, ba cheart dóibh faisnéis leormhaith a thabhairt do na sealbhóirí cirt, arna iarraidh sin dóibh, i dtaobh na gcineálacha gníomhaíochta atá déanta acu agus i dtaobh na caoi a bhfuil siad á gcur chun feidhme.
Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith sonrach a dóthain chun dóthain trédhearcachta a sholáthar do shealbhóirí cirt, gan dochar do rúin ghnó na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne.
Níor cheart, áfach, go mbeadh de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse faisnéis mhionsonraithe agus indibhidiúlaithe le haghaidh gach saothar agus ábhar eile atá sainaitheanta a sholáthar do shealbhóirí cirt.
Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do shocruithe conarthacha, a bhféadfadh forálacha níos sonraí a bheith iontu i dtaobh na faisnéise atá le soláthar i gcás ina ndéantar comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir soláthraithe seirbhíse agus sealbhóirí cirt.
- = -