search


keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0790 GA Art. 13 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 92

 

Airteagal 13

Sásra caibidlíochta

I gcás páirtithe a mbeidh deacrachtaí acu a bhaineann le cearta a cheadúnú nuair a fhéachann siad le comhaontú a thabhairt i gcrích chun saothair chlosamhairc a chur ar fáil ar sheirbhísí físeáin ar éileamh, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh siad brath ar chúnamh ó chomhlacht neamhchlaonta nó ó idirghabhálaithe. An comhlacht neamhchlaonta arna bhunú nó arna ainmniú ag Ballstát chun críche an Airteagail seo agus na hidirghabhálaithe, tabharfaidh siad cúnamh do na páirtithe lena gcaibidlíochtaí agus cabhróidh siad leis na páirtithe teacht ar chomhaontuithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí mholtaí a chur faoina mbráid.

Tráth nach déanaí ná 7 Meitheamh 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis an gcomhlacht nó na hidirghabhálaithedtagraítear i mír 1. I gcásanna inar roghnaigh Ballstáit dul ar iontaoibh idirghabhála, beidh ar áireamh san fhógra chuig an gCoimisiún, ar a laghad agus nuair a bhíonn fáil air, an fhoinse inar féidir faisnéis ábhartha a fháil i dtaobh na n-idirghabhálaithe a bhfuiltear ag gabháil ar a n-iontaoibh.

CAIBIDIL 4

Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí


whereas









keyboard_arrow_down