search


keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0790 GA cercato: 'inar' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index inar:


whereas inar:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 420

 

Airteagal 8

Úsáid á baint ag institiúidí oidhreachta cultúrtha as saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála

1.   Forálfaidh na Ballstáit go bhféadfaidh eagraíocht chomhbhainistíochta, i gcomhréir lena sainorduithe ó shealbhóirí cirt, ceadúnas neamheisiach a thabhairt i gcrích chun críocha neamhthráchtála le hinstitiúid oidhreachta cultúrtha chun saothair nó ábhar eile, atá go buan i mbailiúchán na institiúide sin, nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, a atáirgeadh, a dháileadh nó a chur i láthair an phobail nó a chur ar fáil don phobal, gan beann ar cibé a bhfuil sainordú tugtha don eagraíocht chomhbhainistíochta ag na sealbhóirí cirt go léir a chlúdaítear leis an gceadúnas, ar choinníoll:

(a)

go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta, ar bhonn a sainorduithe, ionadaíoch a dóthain do na sealbhóirí cirt sa chineál ábhartha saothar nó ábhar eile agus do na cearta atá ina n-ábhar don cheadúnas; agus

(b)

go ráthaítear cóir chomhionann do gach sealbhóir cirt i ndáil le téarmaí an cheadúnais.

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in in Airteagal 5(a), (b), (d) agus (e) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2001/29/CE, in Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo chun go mbeidh insititiúidí oidhreachta cultúrtha in ann, chun críocha neamhthráchtála, saothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála agus atá go buan ina mbailiúcháin a chur ar fáil, ar choinníoll:

(a)

go sonraítear ainm an údair nó aon sealbhóir cirt eile is inaitheanta, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh; agus

(b)

go ndéantar na saothair nó ábhar eile sin a chur ar fáil ar shuíomhanna gréasáin neamhthráchtála.

3.   Forálfaidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2 ach amháin maidir le cineálacha saothair nó ábhar eile nach bhfuil aon eagraíocht chomhbhainistíochta ann ina leith agus a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i bpointe (a) de mhír 1.

4.   Forálfaidh na Ballstáit go bhféadfaidh na sealbhóirí cirt go léir, ag aon tráth agus go héasca agus go héifeachtúil, a saothar nó ábhar eile a eisiamh ón sásra ceadúnaithe atá leagtha amach i mír 1 nó ón eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2 a chur i bhfeidhm, bíodh sin go ginearálta nó i gcásanna sonracha, lena n-áirítear tar éis ceadúnas a bheith tugtha i gcrích nó tar éis tús a bheith curtha leis an úsáid lena mbaineann.

5.   Measfar saothar nó ábhar eile gan a bheith ar fáil ar bhonn tráchtála i gcás inar féidir a thoimhdiú de mheon macánta nach bhfuil an saothar nó an t-ábhar eile ina iomláine ar fáil don phobal trí ghnáthmhodhanna tráchtála agus tar éis dícheall réasúnach a bheith déanta chun a dhéanamh amach an bhfuil sé ar fáil don phobal.

Féadfaidh na Ballstáit foráil do cheanglais shonracha, amhail dáta scoite, lena chinneadh an bhféadfar saothair nó ábhar eile a cheadúnú i gcomhréir le mír 1 nó an bhféadfar iad a úsáid faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2. Ní rachaidh na ceanglais sin thar a bhfuil riachtanach agus réasúnach, agus ní choiscfear leo an fhéidearthacht a chinneadh maidir le sraith saothar nó ábhar eile nach bhfuil siad ina n-iomláine ar fáil ar bhonn tráchtála, i gcás inar réasúnach a thoimhdiú nach bhfuil na saothair agus ábhar eile ar fáil ar bhonn tráchtála.

6.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil gach ceadúnas dá dtagraítear i mír 1 le lorg ó eagraíocht chomhbhainistíochta atá ina hionadaí don Bhallstát san áit a bhfuil an institiúid oidhreachta cultúrtha bunaithe.

7.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le sraitheanna de shaothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála más rud é, ar bhonn an díchill réasúnaigh dá dtagraítear i mír 5, go bhfuil fianaise ann go bhfuil na sraitheanna comhdhéanta den chuid is mó díobh seo a leanas:

(a)

saothair nó ábhar eile seachas saothar cineamatagraif nó saothar closamhairc, a céadfhoilsíodh nó, in éagmais a bhfoilsithe, a céadchraoladh i dtríú tír;

(b)

saothar cineamatagraif nó saothar closamhairc, a bhfuil a gceanncheathrú ag a léiritheoirí i dtríú tír, nó a bhfuil gnáthchónaí ar a léiritheoirí i dtríú tír; nó

(c)

saothair nó ábhar eile de chuid náisiúnaigh tríú tír i gcás, tar éis dícheall réasúnach a bheith déanta, nárbh fhéidir Ballstát ná tríú tír a chinneadh, de bhun phointí (a) agus (b).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta ionadaíoch a dóthain, de réir bhrí phointe (a) de mhír 1, do shealbhóirí cirt an tríú tír ábhartha.

Airteagal 12

Comhcheadúnú le héifeacht leathnaithe

1.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, a mhéid a bhaineann leis an úsáid ar a gcríoch náisiúnta agus faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear san Airteagal seo, nuair a dhéanann eagraíocht chomhbhainistíochta, atá faoi réir na rialacha náisiúnta lena ndéantar Treoir 2014/26/AE a chur chun feidhme agus i gcomhréir lena sainorduithe ó na sealbhóirí cirt, comhaontú ceadúnaithe ar mhaithe le saothair nó ábhar eile a shaothrú:

(a)

go bhféadfar comhaontú den sórt sin a leathnú chun go mbeadh feidhm aige maidir le cearta na sealbhóirí cirt nach bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht chomhbhainistíochta sin ionadaíocht a dhéanamh dóibh trí bhíthin sannta, ceadúnais nó aon socrú conarthach eile; nó

(b)

i ndáil le comhaontú den sórt sin, go bhfuil sainordú dlíthiúil ag an eagraíocht nó go dtoimhdítear go ndéanann sí ionadaíocht do shealbhóirí cirt nach bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht dá réir.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar an sásra ceadúnaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm ach laistigh de réimsí dea-shainithe úsáide ina bhfuil údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt ar bhonn aonair go hiondúil dochraideach agus neamhphraiticiúil sa mhéid agus go bhfágtar an t-idirbheart ceadúnaithe atá ag teastáil neamhdhóchúil mar gheall ar chineál na húsáide nó na cineálacha saothar nó ábhar eile i dtrácht agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh an sásra ceadúnaithe sin leasanna dlisteanacha na sealbhóirí cirt a choimirciú.

3.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis na coimircí seo a leanas:

(a)

go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta, ar bhonn a sainorduithe, ionadaíoch a dóthain do na sealbhóirí cirt sa chineál ábhartha saothar nó ábhar eile agus do na cearta atá faoi réir an cheadúnais don Bhallstát ábhartha;

(b)

go ráthaítear cóir chomhionann do gach sealbhóir cirt, lena n-áirítear i ndáil le téarmaí an cheadúnais;

(c)

go bhféadfaidh sealbhóirí cirt nár thug údarú don eagraíocht atá ag deonú an cheadúnais, tráth ar bith agus go héasca agus go héifeachtúil, a saothar nó ábhar eile a eisiamh as an sásra ceadúnaithe a bhunaítear i gcomhréir leis an Airteagal seo; agus

(d)

go bhfuil bearta poiblíochta iomchuí déanta, ag tosú ó thréimhse réasúnach sula ndéantar na saothair nó ábhar eile a úsáid faoin gceadúnas, chun sealbhóirí cirt a chur ar an eolas i ndáil leis an gcumas atá ag eagraíocht chomhbhainistíochta saothair nó ábhar eile a chur faoi cheadúnas, faoin gceadúnú atá ag tarlú i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus faoi na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirt dá dtagraítear i bpointe (c). Beidh na bearta poiblíochta éifeachtach gan an gá ann gach sealbhóir cirt a chur ar an eolas duine ar dhuine.

4.   Ní dhéanann an tAirteagal seo difear do chur i bhfeidhm sásraí comhcheadúnaithe ag a bhfuil éifeacht leathnaithe i gcomhréir le forálacha eile dhlí an Aontais, lena n-áirítear forálacha a cheadaíonn d'eisceachtaí nó teorainneacha.

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le comhbhainistiú éigeantach ar chearta.

Beidh feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2014/26/AE maidir leis an sásra ceadúnaithe dá bhforáiltear san Airteagal seo.

5.   I gcás ina bhforálann Ballstát ina dhlí náisiúnta do shásra ceadúnaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát sin an Coimisiún ar chur ar an eolas i dtaobh raon feidhme na bhforálacha náisiúnta comhfhreagracha, faoi na críocha agus na cineálacha ceadúnais a fhéadfar a thabhairt isteach faoi na forálacha sin, faoi na mionsonraí teagmhála d'eagraíochtaí a eisíonn ceadúnais i gcomhréir leis an sásra ceadúnaithe, mar aon leis an mbealach inar féidir faisnéis i dtaobh an cheadúnaithe agus i dtaobh na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirt dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3 a fháil. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin.

6.   Bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh faighte de bhun mhír 5 den Airteagal seo agus ar na comhairliúcháin laistigh den choiste teagmhála arna bhunú in Airteagal 12(3) de Threoir 2001/29/CE, déanfaidh an Coimisiún, faoin 10 Aibreán 2021, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le húsáid na sásraí ceadúnaithe sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo san Aontas, an tionchar atá acu ar cheadúnú agus ar shealbhóirí cirt, lena n-áirítear sealbhóirí cirt nach comhaltaí iad den eagraíocht a dheonaíonn na ceadúnais nó ar náisiúnaigh de Bhallstát eile iad nó atá ina gcónaí i mBallstát eile, a n-éifeachtúlacht a mhéid a bhaineann le scaipeadh inneachar cultúrtha a éascú, agus an tionchar atá acu ar an margadh inmheánach, lena n-áirítear soláthar seirbhísí agus iomaíochas trasteorann. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach, lena n-áirítear i ndáil le héifeacht trasteorann na sásraí náisiúnta sin, ag gabháil leis an tuarascáil sin.

CAIBIDIL 3

Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh

Airteagal 13

Sásra caibidlíochta

I gcás páirtithe a mbeidh deacrachtaí acu a bhaineann le cearta a cheadúnú nuair a fhéachann siad le comhaontú a thabhairt i gcrích chun saothair chlosamhairc a chur ar fáil ar sheirbhísí físeáin ar éileamh, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh siad brath ar chúnamh ó chomhlacht neamhchlaonta nó ó idirghabhálaithe. An comhlacht neamhchlaonta arna bhunú nó arna ainmniú ag Ballstát chun críche an Airteagail seo agus na hidirghabhálaithe, tabharfaidh siad cúnamh do na páirtithe lena gcaibidlíochtaí agus cabhróidh siad leis na páirtithe teacht ar chomhaontuithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí mholtaí a chur faoina mbráid.

Tráth nach déanaí ná 7 Meitheamh 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis an gcomhlacht nó na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1. I gcásanna inar roghnaigh Ballstáit dul ar iontaoibh idirghabhála, beidh ar áireamh san fhógra chuig an gCoimisiún, ar a laghad agus nuair a bhíonn fáil air, an fhoinse inar féidir faisnéis ábhartha a fháil i dtaobh na n-idirghabhálaithe a bhfuiltear ag gabháil ar a n-iontaoibh.

CAIBIDIL 4

Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí

Airteagal 14

Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí

Forálfaidh na Ballstáit, nuair a bhíonn téarma cosanta saothair ealaíne imithe in éag, nach mbeidh aon ábhar a eascraíonn as gníomh atáirgeadh an tsaothair sin faoi réir cóipchirt nó cearta gaolmhara, ach amháin sa chás inar saothar bunaidh sa tuiscint gurb é cruthaíocht intleachtúil an údair féin atá san ábhar a eascraíonn as an atáirgeadh.

TEIDEAL IV

BEARTA CHUN MARGADH DEA-FHEIDHMITHE LE hAGHAIDH CÓIPCHIRT A BHAINT AMACH

CAIBIDIL 1

Cearta i bhfoilseacháin


whereas









keyboard_arrow_down