search


keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0790 GA Art. 8 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 200

 

Airteagal 8

Úsáid á baint ag institiúidí oidhreachta cultúrtha as saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála

1.   Forálfaidh na Ballstáit go bhféadfaidh eagraíocht chomhbhainistíochta, i gcomhréir lena sainorduithe ó shealbhóirí cirt, ceadúnas neamheisiach a thabhairt i gcrích chun críocha neamhthráchtála le hinstitiúid oidhreachta cultúrtha chun saothairábhar eile, atá go buan i mbailiúchán na institiúide sin, nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, a atáirgeadh, a dháileadh nó a chur i láthair an phobail nó a chur ar fáil don phobal, gan beann ar cibé a bhfuil sainordú tugtha don eagraíocht chomhbhainistíochta ag na sealbhóirí cirt go léir a chlúdaítear leis an gceadúnas, ar choinníoll:

(a)

go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta, ar bhonn a sainorduithe, ionadaíoch a dóthain do na sealbhóirí cirt sa chineál ábhartha saotharábhar eile agus do na cearta atá ina n-ábhar don cheadúnas; agus

(b)

go ráthaítear cóir chomhionann do gach sealbhóir cirt i ndáil le téarmaí an cheadúnais.

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in in Airteagal 5(a), (b), (d) agus (e) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2001/29/CE, in Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo chun go mbeidh insititiúidí oidhreachta cultúrtha in ann, chun críocha neamhthráchtála, saothairábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála agus atá go buan ina mbailiúcháin a chur ar fáil, ar choinníoll:

(a)

go sonraítear ainm an údair nó aon sealbhóir cirt eile is inaitheanta, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh; agus

(b)

go ndéantar na saothairábhar eile sin a chur ar fáil ar shuíomhanna gréasáin neamhthráchtála.

3.   Forálfaidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an eisceachtteorainnbhforáiltear i mír 2 ach amháin maidir le cineálacha saothairábhar eile nach bhfuil aon eagraíocht chomhbhainistíochta ann ina leith agus a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i bpointe (a) de mhír 1.

4.   Forálfaidh na Ballstáit go bhféadfaidh na sealbhóirí cirt go léir, ag aon tráth agus go héasca agus go héifeachtúil, a saotharábhar eile a eisiamh ón sásra ceadúnaithe atá leagtha amach i mír 1 nó ón eisceachtteorainnbhforáiltear i mír 2 a chur i bhfeidhm, bíodh sin go ginearálta nó i gcásanna sonracha, lena n-áirítear tar éis ceadúnas a bheith tugtha i gcrích nó tar éis tús a bheith curtha leis an úsáid lena mbaineann.

5.   Measfar saotharábhar eile gan a bheith ar fáil ar bhonn tráchtála i gcás inar féidir a thoimhdiú de mheon macánta nach bhfuil an saothar nó an t-ábhar eile ina iomláine ar fáil don phobal trí ghnáthmhodhanna tráchtála agus tar éis dícheall réasúnach a bheith déanta chun a dhéanamh amach an bhfuil sé ar fáil don phobal.

Féadfaidh na Ballstáit foráil do cheanglais shonracha, amhail dáta scoite, lena chinneadh an bhféadfar saothairábhar eile a cheadúnú i gcomhréir le mír 1 nó an bhféadfar iad a úsáid faoin eisceachtteorainnbhforáiltear i mír 2. Ní rachaidh na ceanglais sin thar a bhfuil riachtanach agus réasúnach, agus ní choiscfear leo an fhéidearthacht a chinneadh maidir le sraith saotharábhar eile nach bhfuil siad ina n-iomláine ar fáil ar bhonn tráchtála, i gcás inar réasúnach a thoimhdiú nach bhfuil na saothair agus ábhar eile ar fáil ar bhonn tráchtála.

6.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil gach ceadúnas dá dtagraítear i mír 1 le lorg ó eagraíocht chomhbhainistíochta atá ina hionadaí don Bhallstát san áit a bhfuil an institiúid oidhreachta cultúrtha bunaithe.

7.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le sraitheanna de shaothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála más rud é, ar bhonn an díchill réasúnaigh dá dtagraítear i mír 5, go bhfuil fianaise ann go bhfuil na sraitheanna comhdhéanta den chuid is mó díobh seo a leanas:

(a)

saothair nó ábhar eile seachas saothar cineamatagraifsaothar closamhairc, a céadfhoilsíodh nó, in éagmais a bhfoilsithe, a céadchraoladh i dtríú tír;

(b)

saothar cineamatagraifsaothar closamhairc, a bhfuil a gceanncheathrú ag a léiritheoirí i dtríú tír, nó a bhfuil gnáthchónaí ar a léiritheoirí i dtríú tír; nó

(c)

saothair nó ábhar eile de chuid náisiúnaigh tríú tír i gcás, tar éis dícheall réasúnach a bheith déanta, nárbh fhéidir Ballstát ná tríú tír a chinneadh, de bhun phointí (a) agus (b).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta ionadaíoch a dóthain, de réir bhrí phointe (a) de mhír 1, do shealbhóirí cirt an tríú tír ábhartha.


whereas









keyboard_arrow_down