keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
TEIDEAL II
BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN
TEIDEAL III
BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR CHLEACHTAIS CHEADÚNAITHE AGUS ROCHTAIN NÍOS FAIRSINGE AR INNEACHAR A ÁIRITHIÚ
CAIBIDIL 1
Saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála
CAIBIDIL 2
Bearta chun comhcheadúnú a éascú
CAIBIDIL 3
Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh
CAIBIDIL 4
Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí
TEIDEAL IV
BEARTA CHUN MARGADH DEA-FHEIDHMITHE LE hAGHAIDH CÓIPCHIRT A BHAINT AMACH
CAIBIDIL 1
Cearta i bhfoilseacháin
CAIBIDIL 2
Úsáidí áirithe inneachair chosanta ag seirbhísí ar líne
CAIBIDIL 3
Luach saothair cothrom i gconarthaí saothraithe na n-údar agus na dtaibheoirí
TEIDEAL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 9
- ballstáit 8
- siad 6
- airteagal 5
- meitheamh 4
- choimisiún 4
- chun 4
- atá 4
- leis 3
- fáil 3
- beidh 3
- déanfaidh 3
- chur 3
- nuair 3
- tagairt 3
- treoir 3
- páirtithe 3
- gabháil 2
- maidir 2
- tabharfaidh 2
- lena 2
- iúl 2
- cuirfidh 2
- tráth 2
- nach 2
- heorpa 2
- ghlacfaidh 2
- dtagraítear 2
- athbhreithniú 2
- mír 2
- inar 2
- faoi 2
- tuarascáil 2
- forálacha 2
- déanfaidh 2
- coimisiún 2
- sórt 2
- hidirghabhálaithe 2
- iomchuí 2
- faoin 2
- arna 2
- thabhairt 2
- neamhchlaonta 2
- chlosamhairc 2
- saothair 2
- gcás 2
- mheasúnaithe 1
- láithreach 1
- níos 1
- túisce 1
Airteagal 13
Sásra caibidlíochta
I gcás páirtithe a mbeidh deacrachtaí acu a bhaineann le cearta a cheadúnú nuair a fhéachann siad le comhaontú a thabhairt i gcrích chun saothair chlosamhairc a chur ar fáil ar sheirbhísí físeáin ar éileamh, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh siad brath ar chúnamh ó chomhlacht neamhchlaonta nó ó idirghabhálaithe. An comhlacht neamhchlaonta arna bhunú nó arna ainmniú ag Ballstát chun críche an Airteagail seo agus na hidirghabhálaithe, tabharfaidh siad cúnamh do na páirtithe lena gcaibidlíochtaí agus cabhróidh siad leis na páirtithe teacht ar chomhaontuithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí mholtaí a chur faoina mbráid.
Tráth nach déanaí ná 7 Meitheamh 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don choimisiún maidir leis an gcomhlacht nó na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1. I gcásanna inar roghnaigh Ballstáit dul ar iontaoibh idirghabhála, beidh ar áireamh san fhógra chuig an gCoimisiún, ar a laghad agus nuair a bhíonn fáil air, an fhoinse inar féidir faisnéis ábhartha a fháil i dtaobh na n-idirghabhálaithe a bhfuiltear ag gabháil ar a n-iontaoibh.
CAIBIDIL 4
Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí
Airteagal 29
Trasuí
1. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 7 Meitheamh 2021. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don choimisiún.
Airteagal 30
Athbhreithniú
1. Tráth nach túisce ná 7 Meitheamh 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 7 Meitheamh 2024, measúnú ar an tionchar atá ag córas dliteanais shonraigh atá leagtha amach in Airteagal 17 is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil is lú ná EUR 10 milliún agus a raibh a gcuid seirbhísí ar fáil don phobal san Aontas ar feadh níos lú ná 3 bliana faoi Airteagal 17(6) agus, más iomchuí, déanfaidh sé gníomhaíocht i gcomhréir le conclúidí a mheasúnaithe.
2. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don choimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú.
whereas