search


keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0790 GA Art. 10 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 123

 

Airteagal 10

Bearta poiblíochta

1.   Maidir le faisnéis ó institiúidí oidhreachta cultúrtha, eagraíochtaí comhbhainistíochta nó údaráis phoiblí ábhartha chun críocha saothairábhar eile a shainaithint nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá clúdaithe le ceadúnas arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó a úsáidtear faoin eisceachtteorainnbhforáiltear in Airteagal 8(2), chomh maith le faisnéis maidir leis na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirtbhforáiltear in Airteagal 8(4), agus, a luaithe a bhíonn fáil uirthi nó a bhíonnábhartha, faisnéis maidir leis na páirtithe sa cheadúnas, na críocha atá clúdaithe agus na húsáidí, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar rochtain orthu sin a chur ar fáil go buan, go héasca agus go héifeachtúil as tairseach aonair phoiblí ar líne amháin ó 6 mhí ar a laghad sula ndéanfar na saothair nó an t-ábhar eile a dháileadh, a chur i láthair an phobail nó a chur ar fáil don phobal i gcomhréir leis an gceadúnas nó faoin eisceachtteorainn.

Déanfaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh an tairseach a bhunú agus a bhainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 386/2012.

2.   Forálfaidh na Ballstáit go ndéanfar, más gá sin ar mhaithe le feasacht ghinearálta na sealbhóirí cirt, bearta poiblíochta iomchuí eile i ndáil leis an gcumas atá ag eagraíochtaí comhbhainistíochta saothairábhar eile a chur faoi cheadúnas i gcomhréir le hAirteagal 8, i ndáil leis na ceadúnais a dheonaítear, agus i ndáil leis na húsáidí faoin eisceachtteorainnbhforáiltear in Airteagal 8(2) agus i ndáil leis na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirt a dtagraítear dóibh in Airteagal 8(4).

Déanfar na bearta poiblíochta iomchuídtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seosa Bhallstát ina bhfuil an ceadúnas á lorg i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó, i gcás úsáidí faoin eisceachtteorainnbhforáiltear in Airteagal 8(2), sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid oidhreachta cultúrtha bunaithe. Má tá fianaise ann, amhail tionscnamh na saothar nó an ábhair eile, a thabharfadh le tuiscint gur éifeachtúla a bheadh sé feasacht na sealbhóirí cirt a mhúscailt i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha, clúdóidh na bearta poiblíochta sin na Ballstáit agus na tríú tíortha sin freisin.


whereas









keyboard_arrow_down