keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- tomhaltóir 13
- dhigiteach 12
- agus 11
- trádálaí 11
- tseirbhís 10
- digiteach 10
- t-ábhar 9
- airteagal 7
- bheidh 7
- sholáthar 6
- tráth 6
- cruthúnais 5
- dualgas 5
- mbeidh 4
- beidh 4
- comhréireachta 4
- i 4
- gcás 4
- maidir 4
- conradh 3
- ceanglais 3
- gcrích 3
- soiléir 3
- faoi 3
- fhoirceannadh 3
- tradálaí 3
- feidhm 3
- réir 3
- chonartha 3
- dtaobh 3
- soláthraíodh 3
- raibh 3
- léir 3
- laistigh 2
- chur 2
- eolas 2
- bhealach 2
- sothuigthe 2
- thabhairt 2
- dtagraítear 2
- gcásanna 2
- d’easpa 2
- ndearna 2
- dteideal 2
- hairteagal 2
- infheidhme 2
- thréimhse 2
- gcomhréir 2
- comhoibriú 2
- comhaontú 2
Airteagal 12
Dualgas cruthúnais
1. Is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an ndearnadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5.
2. I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i leith an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht tráth an tsoláthair maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann laistigh de thréimhse 1 bliana ón tráth ar soláthraíodh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.
3. I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(3), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht le linn na tréimhse ina raibh an t_ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann le linn na tréimhse sin.
4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 i gcás ina léireoidh an trádálaí nach bhfuil timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra comhoiriúnach le ceanglais theicniúla an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha.
5. Comhoibreoidh an tomhaltóir leis an tradálaí, a mhéid is féidir agus is gá, le réasún chun a fháil amach an amhlaidh gur ann d’easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an am a shonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme, mar gheall ar thimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra. Beidh an oibleagáid maidir le comhoibriú teoranta do na modhanna teicniúla a bheidh ar fáil agus is lú a chuirfeadh isteach ar an tomhaltóir. I gcás ina mainneoidh an tomhaltóir comhoibriú, agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha, is ar an tomhaltóir a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh arbh ann d’easpa comhréireachta an tráth a sonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme.
Airteagal 13
Leigheas ar mhainneachtain soláthair
1. I gcás inar mhainnigh an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5, déanfaidh an tomhaltóir a iarraidh ar an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar. Má mhainníonn an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar gan moill mhíchuí, nó laistigh de thréimhse bhreise ama arna comhaontú go sainráite ag na páirtithe, beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh láithreach sna cásanna seo a leanas:
(a) | go mbeidh sé dearbhaithe ag an trádálaí, nó go mbeidh sé chomh soiléir céanna ó na himthosca, nach ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar; |
(b) | go mbeidh comhaontú déanta idir an tomhaltóir agus an trádálaí, nó gur léir ó na himthosca maidir le tabhairt i gcrích an chonartha, go mbeidh tráth sonrach don soláthar buntábhachtach don tomhaltóir agus go mainneoidh an tomhaltóir agus an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar faoin tráth sin nó ag an tráth sin. |
3. I gcás ina ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh faoi mhír 1 nó 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 15 go 18 dá réir sin.
whereas