search


keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0770 GA cercato: 'bhealach' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
 

Airteagal 2,

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ábhar digiteach” sonraí a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach;

(2)

ciallaíonn “seirbhís dhigiteach”:

(a)

seirbhís lenar féidir leis an tomhaltóir sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó a rochtain i bhfoirm dhigiteach; nó

(b)

seirbhís lenar féidir sonraí a chomhroinnt nó aon idirghníomhaíocht eile a dhéanamh le sonraí i bhfoirm dhigiteach arna n-uaslódáil nó arna gcruthú ag an tomhaltóir nó ag úsáideoirí eile na seirbhíse sin;

(3)

ciallaíonn “earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha” ítimí sochorraithe inláimhsithe lena n-ionchorpraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach nó a bhíonn idirnasctha leis nó léi sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar chomhlíonadh a bhfeidhmeanna ag na hearraí;

(4)

ciallaíonn “comhtháthú” ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach mar aon leis na comhpháirteanna de thimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra a nascadh agus a ionchorprú ionas go bhféadfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a úsáid i gcomhréir leis na ceanglais maidir le comhréireacht dá bhforáiltear leis an Treoir seo;

(5)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nádúrtha nó an duine dlítheanaigh sin nó thar a cheann, chun críocha a bhfuil baint acu lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo;

(6)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú i ndáil le conarthaí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, chun críocha atá lasmuigh de cheird, de ghnó, d’ealaín nó de ghairm an duine sin;

(7)

ciallaíonn “praghas” airgead nó léiriú digiteach ar luach atá dlite mar mhalairt ar sholáthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití;

(8)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;

(9)

ciallaíonn “timpeallacht dhigiteach” crua-earraí, bogearraí agus aon nasc líonra arna úsáid ag an tomhaltóir chun rochtain a fháil ar ábhar digiteach nó ar sheirbhís dhigiteach nó chun úsáid a bhaint astu;

(10)

ciallaíonn “comhoiriúnacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí lena ndéantar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha den chineál céanna a úsáid de ghnáth, gan an gá a bheith leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thiontú;

(11)

ciallaíonn “feidhmiúlacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh ag féachaint dá aidhm nó dá aidhm;

(12)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil ó na cinn sin a úsáidtear de ghnáth le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha den chineál céanna;

(13)

ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim lenar féidir leis an tomhaltóir nó leis an trádálaí faisnéis a díríodh chuig an duine sin é féin nó í a stóráil ar bhealach atá inrochtana lena húsáid amach anseo go ceann tréimhse a bheidh leordhóthanach chun críocha na faisnéise sin agus sa dóigh gur féidir an fhaisnéis a bheidh stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú.

Airteagal 5

An t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar

1.   Déanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar don tomhaltóir. Mura mbeidh a mhalairt aontaithe ag na páirtithe, soláthróidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach gan moill mhíchuí tar éis don chonradh a bheith tugtha i gcrích.

2.   Beidh an oibleagáid chun soláthair comhlíonta ag an trádálaí sna cásanna seo a leanas:

(a)

go gcuirfear an t-ábhar digiteach nó aon bhealach atá oiriúnach chun an t-ábhar digiteach a rochtain nó a íoslódáil ar fáil nó go dtabharfar rochtain air don tomhaltóir nó do shaoráid fhisiciúil nó fhíorúil arna roghnú ag an tomhaltóir chun na críche sin;

(b)

go gcuirfear an tseirbhís dhigiteach ar fáil don tomhaltóir nó do shaoráid fhisiciúil nó fhíorúil arna roghnú ag an tomhaltóir chun na críche sin.

Airteagal 12

Dualgas cruthúnais

1.   Is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an ndearnadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5.

2.   I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i leith an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht tráth an tsoláthair maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann laistigh de thréimhse 1 bliana ón tráth ar soláthraíodh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.

3.   I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(3), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht le linn na tréimhse ina raibh an t_ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann le linn na tréimhse sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 i gcás ina léireoidh an trádálaí nach bhfuil timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra comhoiriúnach le ceanglais theicniúla an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha.

5.   Comhoibreoidh an tomhaltóir leis an tradálaí, a mhéid is féidir agus is gá, le réasún chun a fháil amach an amhlaidh gur ann d’easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an am a shonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme, mar gheall ar thimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra. Beidh an oibleagáid maidir le comhoibriú teoranta do na modhanna teicniúla a bheidh ar fáil agus is lú a chuirfeadh isteach ar an tomhaltóir. I gcás ina mainneoidh an tomhaltóir comhoibriú, agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha, is ar an tomhaltóir a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh arbh ann d’easpa comhréireachta an tráth a sonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme.

Airteagal 19

An t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú

1.   I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar nó le bheith inrochtana don tomhaltóir thar thréimhse ama, féadfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú thar an méid is gá chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go gceadaítear agus go soláthraítear cúis bhailí leis an gconradh, le modhnú den sórt sin;

(b)

go ndéanfar modhnú den sórt sin gan costas breise a chur ar an tomhaltóir;

(c)

go ndéanfar an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoin modhnú; agus

(d)

sna gcásanna dá dtagraítear i mír 2, go ndéanfar an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach réasúnta, roimh ré agus ar mheán marthanach maidir le gnéithe an mhodhnaithe agus an t-am a rinneadh é agus maidir leis an gceart an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 2 nó an fhéidearthacht an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil gan modhnú den sórt sin i gcomhréir le mír 4.

2.   Beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh má imríonn an modhnú tionchar diúltach ar an rochtain ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach ag an tomhaltóir nó ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an tomhaltóir, ach amháin nach bhfuil ach miontionchar diúltach i gceist leis an tionchar diúltach sin. Sa chás sin, beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh saor in aisce laistigh de 30 lá ón lá a fhaigheann an trádálaí an fhaisnéis nó ón tráth a ndearna an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú, cibé acu is déanaí.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 15 go 18 dá réir sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo más rud é go bhfuil an trádálaí tar éis a chur ar chumas an tomhaltóra, gan aon chostas breise, an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choimeád gan an modhnú, agus go bhfuil an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach fós i gcomhréireacht.


whereas









keyboard_arrow_down