search


keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0770 GA cercato: 'faoi' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index faoi:


whereas faoi:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 801

 

Airteagal 2,

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ábhar digiteach” sonraí a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach;

(2)

ciallaíonn “seirbhís dhigiteach”:

(a)

seirbhís lenar féidir leis an tomhaltóir sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó a rochtain i bhfoirm dhigiteach; nó

(b)

seirbhís lenar féidir sonraí a chomhroinnt nó aon idirghníomhaíocht eile a dhéanamh le sonraí i bhfoirm dhigiteach arna n-uaslódáil nó arna gcruthú ag an tomhaltóir nó ag úsáideoirí eile na seirbhíse sin;

(3)

ciallaíonn “earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha” ítimí sochorraithe inláimhsithe lena n-ionchorpraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach nó a bhíonn idirnasctha leis nó léi sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar chomhlíonadh a bhfeidhmeanna ag na hearraí;

(4)

ciallaíonn “comhtháthú” ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach mar aon leis na comhpháirteanna de thimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra a nascadh agus a ionchorprú ionas go bhféadfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a úsáid i gcomhréir leis na ceanglais maidir le comhréireacht dá bhforáiltear leis an Treoir seo;

(5)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nádúrtha nó an duine dlítheanaigh sin nó thar a cheann, chun críocha a bhfuil baint acu lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo;

(6)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú i ndáil le conarthaí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, chun críocha atá lasmuigh de cheird, de ghnó, d’ealaín nó de ghairm an duine sin;

(7)

ciallaíonn “praghas” airgead nó léiriú digiteach ar luach atá dlite mar mhalairt ar sholáthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití;

(8)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;

(9)

ciallaíonn “timpeallacht dhigiteach” crua-earraí, bogearraí agus aon nasc líonra arna úsáid ag an tomhaltóir chun rochtain a fháil ar ábhar digiteach nó ar sheirbhís dhigiteach nó chun úsáid a bhaint astu;

(10)

ciallaíonn “comhoiriúnacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí lena ndéantar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha den chineál céanna a úsáid de ghnáth, gan an gá a bheith leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thiontú;

(11)

ciallaíonn “feidhmiúlacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh ag féachaint dá aidhm nó dá aidhm;

(12)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil ó na cinn sin a úsáidtear de ghnáth le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha den chineál céanna;

(13)

ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim lenar féidir leis an tomhaltóir nó leis an trádálaí faisnéis a díríodh chuig an duine sin é féin nó í a stóráil ar bhealach atá inrochtana lena húsáid amach anseo go ceann tréimhse a bheidh leordhóthanach chun críocha na faisnéise sin agus sa dóigh gur féidir an fhaisnéis a bheidh stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú.

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a sholáthróidh an trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé nó sí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar dó nó di, agus a íocfaidh an tomhaltóir an praghas, nó a gheallfaidh sé nó sí an praghas a íoc.

Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin i gcás ina soláthróidh an trádálaí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach don tomhaltóir nó ina ngeallfaidh sé nó sí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar don tomhaltóir, agus ina soláthróidh an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí nó a gheallfaidh sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar don trádálaí, ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an trádálaí na sonraí pearsanta a sholáthróidh an tomhaltóir a phróiseáil go heisiach chun críche an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir leis an Treoir seo nó chun críche cead a thabhairt don tradálaí ceanglais dlí a bhfuil sé nó sí faoina réir a chomhlíonadh, agus nach mbeidh na sonraí sin ag an trádálaí sin á bpróiseáil chun aon chríche eile.

2.   Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin i gcás ina ndéanfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fhorbairt i gcomhréir le sonraíochtaí an tomhaltóra.

3.   Cé is moite d’Airteagal 5 agus d’Airteagal 13, beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le haon mheán inláimhsithe a fheidhmeoidh go heisiach mar iompróir ábhair dhigitigh.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a ionchorprófar i n-earraí nó a dhéanfar a idirnascadh le hearraí de réir bhrí phointe (3) d’Airteagal 2 agus a ndéanfar na hearraí sin a sholáthar dóibh faoi chonradh díolacháin maidir leis na hearraí sin, gan beann ar an soláthróidh an díoltóir nó tríú páirtí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin. I gcás ina mbeifear in amhras an ionann soláthar ábhair dhigitigh ionchorpraithe nó idirnasctha nó seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus an chuid den chonradh díolacháin, measfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith clúdaithe faoin gconradh díolacháin.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

soláthar seirbhísí seachas seirbhísí digiteacha, gan beann ar an mbaineann an trádálaí úsáid as foirmeacha nó modhanna digiteacha chun aschur na seirbhíse a tháirgeadh nó chun é a sheachadadh nó a tharchur chuig an tomhaltóir;

(b)

seirbhísí cumarsáide leictreonacha mar a shainítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir 2018/1972, cé is moite de sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir mar a shainítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 den Treoir sin;

(c)

cúram sláinte mar a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2011/24/AE;

(d)

seirbhísí cearrbhachais, eadhon, seirbhisí lena mbaineann geall ag a bhfuil luach airgid a chur i gcluichí áidh, lena n-áirítear iad sin a bhfuil gné scile acu, amhail crannchuir, cluichí casino, cluichí pócair agus idirbhearta gealltóireachta, trí mhodhanna leictreonacha nó trí úsáid a bhaint as aon teicneolaíocht eile le haghaidh cumarsáid a éascú agus ar iarraidh aonair ó fhaighteoir seirbhíse den sórt sin;

(e)

seirbhísí airgeadais mar a shainítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Threoir 2002/65/CE;

(fa)

bogearraí a thairgfidh an trádálaí faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte, i gcás nach n-íocfaidh an tomhaltóir praghas agus go ndéanfaidh an trádálaí na sonraí pearsanta a chuir an tomhaltóir ar fáil a phróiseáil go heisiach chun críche slándáil, comhoiriúnacht nó idir-inoibritheacht na mbogearraí sonracha a fheabhsú;

(g)

ábhar digiteach a sholáthar i gcás ina gcuirfear an t-ábhar digiteach ar fáil don phobal i gcoitinne seachas trí tharchur comharthaí mar chuid de léiriú nó d’imeacht, amhail teilgean digiteach cineamatagrafaíochta;

(h)

ábhar digiteach arna sholáthar i gcomhréir le Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí sna Ballstáit.

6.   Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, i gcás ina gcuachfar i gconradh aonair idir an trádálaí céanna agus an tomhaltóir céanna gnéithe maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití agus gnéithe maidir le soláthar seirbhísí nó earraí eile, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach maidir leis an gnéithe den chonradh a bhaineann leis an ábhar digiteach nó leis an tseirbhís dhigiteach.

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 19 den Treoir seo i gcás ina bhfolóidh cuachadh, laistigh de bhrí Threoir (AE) 2018/1972, gnéithe de sheirbhís rochtana idirlín mar a shainítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe mar a shainítear le pointe (6) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972.

Gan dochar d’Airteagal 107(2) de Threoir (AE) 2018/1972, beidh na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gné amháin den chonradh cuachta a fhoirceannadh á rialú ag an dlí náisiúnta.

7.   Más ann d’aon fhoráil den Treoir seo atá i gcoimhlint le foráil de ghníomh eile de chuid an Aontais lena rialaítear earnáil nó ábhar sonrach, beidh tosaíocht ag foráil an ghnímh eile sin de chuid an Aontais ar an Treoir seo.

8.   Beidh feidhm ag dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta i ndáil le haon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca le conarthaí dá dtagraítear i mír 1.

Go háirithe, beidh an Treoir seo gan dochar d’fhorálacha Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir 2002/58/CE. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir forálacha na Treorach seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, is é an Rialachán maidir le cosaint sonraí pearsanta ag a mbeidh ceannas.

9.   Beidh an Treoir seo gan dochar do dhlíthe náisiúnta agus do dhlíthe an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n-áirítear Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

10.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát gnéithe ginearálta de dhlí na gconarthaí a rialáil, amhail rialacha maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha sa mhéid is nach rialaítear iad leis an Treoir seo, ná don cheart chun damáistí.

Airteagal 8

Ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta

1.   Sa bhreis ar a bheith i gcomhréireacht le haon cheanglas suibiachtúil comhréireachta, maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach:

(a)

beidh sé nó sí oiriúnach do na críocha is gnáth a mbainfí úsáid as ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach den chineál céanna ina leith, agus, i gcás inarb infheidhme, dlíthe de chuid an Aontais nó aon dlíthe náisiúnta, aon chaighdeáin theicniúla atá ann cheana, nó, in éagmais na gcaighdeán teicniúil sin, aon chóid iompair tionscail is infheidhme a bhaineann le hearnálacha sonracha á gcur san áireamh;

(b)

beidh an chainníocht agus na tréithe agus na gnéithe feidhmíochta aige nó aici, lena n-áirítear maidir le feidhmiúlacht, comhoiriúnacht, inrochtaineacht, leanúnachas agus slándáil, ar gnách iad in ábhar digiteach nó i seirbhísí digiteacha den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus aon ráitis phoiblí arna ndéanamh ag an trádálaí nó ag daoine eile thar ceann an trádálaí, nó ag daoine eile i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú, á gcur san áireamh ach amháin i gcás inar féidir leis an trádálaí a léiriú:

(i)

nach raibh an trádálaí ar an eolas faoin ráiteas i dtrácht ná nach bhféadfadh sé nó sí, le réasún, a bheith ar an eolas faoi;

(ii)

tráth tugtha chun críche an chonartha, go ndearnadh an ráiteas poiblí a cheartú ar an tslí chéanna nó ar shlí atá inchomparáide leis an tslí a ndearnadh é; nó

(iii)

nach bhféadfadh tionchar a bheith ag an ráiteas poiblí ar an gcinneadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fháil;

(c)

déanfar é nó í a sholáthar in éineacht le haon chomhghabhálais agus treoracha a bhféadfaidh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún lena bhfáil; agus

(d)

comhlíonfaidh sé nó sí aon leagan trialach den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach nó aon réamhamharc air nó uirthi, a chuirfidh an trádálaí ar fáil roimh thabhairt i gcrích an chonartha.

2.   Déanfaidh an tradálaí a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi nuashonruithe, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, agus go ndéanfar iad a sholáthar dó nó di, ar nuashonruithe iad is gá chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil i gcomhréireacht:

(a)

i gcaitheamh na tréimhse lena linn a mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar faoin gconradh, i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama; nó

(b)

le linn na tréimhse ama a bhféadfaidh an tomhaltóir a bheith ag súil léi le réasún, ag féachaint do shórt agus cuspóir an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, agus imthosca agus cineál an chonartha á gcur san áireamh, i gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le gníomh aonair soláthair nó sraith gníomhartha soláthair aonair.

3.   I gcás nach ndéanfaidh an tomhaltóir nuashonraithe a sholáthair an trádálaí i gcomhréir le mír 2 a shuiteáil laistigh de thréimhse réasúnta ama, ní bheidh an trádálaí faoi dhliteanas maidir le haon easpa comhréireachta a thiocfaidh as easpa an nuashonraithe ábhartha agus as é sin amháin, ar choinníoll:

(a)

gur chuir an trádálaí an tomhaltóir ar an eolas faoi infhaighteacht an nuashonraithe agus na n-iarmhairtí a bhainfeadh le mainneachtain ag an tomhaltóra é a shuiteáil; agus

(b)

nárbh ann do mhainneachtain suiteáil nó do shuiteáil mhícheart an nuashonraithe ag an tomhaltóir mar thoradh ar easnaimh sna treoracha suiteála a chuir an trádálaí ar fáil.

4.   I gcás ina bhforálfar sa chonradh do sholáthar leanúnach ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití thar thréimhse ama, beidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht ar fud ré na tréimhse sin.

5.   Ní bheidh aon easpa comhréireachta ann de réir bhrí mhír 1 nó mhír 2 más rud é, tráth ar tugadh an conradh i gcrích, gur cuireadh an tomhaltóir ar an eolas go sonrach gur imigh tréith ar leith den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach ó na ceanglais oibiachtúla chomhréireachta a leagtar sios i mír 1 nó 2 agus go raibh glactha go sainráite agus go leithleach leis an diallas sin ag an tomhaltóir agus an conradh á thabhairt i gcrích.

6.   Mura rud é go bhfuil a mhalairt comhaontaithe ag na páirtithe, déanfar ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar sa leagan is déanaí a bheidh ar fáil tráth a dtabharfar an conradh i gcrích.

Airteagal 9

An t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a chomhtháthú go mícheart

Measfar gur easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití í aon easpa comhréireachta a eascróidh as an comhtháthú mícheart an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i dtimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra más rud é:

(a)

go ndearna an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a chomhtháthú nó go ndearnadh é sin faoi fhreagracht an trádálaí; nó

(b)

go raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ceaptha lena chomhtháthú nó lena comhtháthú ag an tomhaltóir agus go ndearnadh an comhtháthú go mícheart mar thoradh ar easnaimh sna treoracha comhtháthaithe á sholáthar ag an trádálaí.

Airteagal 11

Dliteanas an trádálaí

1.   Beidh an trádálaí faoi dhliteanas i leith aon mhainneachtain an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5.

2.   I gcás ina bhforálfar i gconradh do ghníomh amháin soláthair nó do shraith gníomhartha aonair soláthair, beidh an trádálaí faoi dhliteanas i leith aon easpa comhréireachta faoi Airteagail 7, 8 agus 9, atá ann tráth an tsoláthair, gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 8(2).

Más rud é, faoin dlí náisiúnta, nach mbeidh an trádálaí faoi dhliteanas ach amháin i gcás gur léir aon easpa comhréireachta a bheith ann laistigh de thréimhse ama tar éis an tsoláthair, ní bheidh an tréimhse sin níos lú ná 2 bhliain tar éis an tsoláthair, gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 8(2).

Más rud é, faoin ndlí náisiúnta, go mbeidh na cearta a leagtar síos in Airteagal 14 faoi réir tréimhse teorann freisin nó nach mbeidh siad ach faoi réir tréimhse teorann, áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 14 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a bheidh ann ag an am a luaitear sa chéad fhomhír agus go mbeidh sí soiléir laistigh den tréimhse ama a luaitear sa dara fomhír.

3.   I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama, beidh an trádálaí faoi dhliteanas le haghaidh easpa comhréireachta a bheith ann faoi Airteagail 7, 8, agus 9, a tharlóidh nó ar léir gurb ann di, laistigh den tréimhse ama a mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheidh le soláthar faoin gconradh lena linn.

Más rud é, faoin dlí náisiúnta, go mbeidh na cearta a leagtar síos in Airteagal 14 faoi réir tréimhse teorann freisin nó nach mbeidh siad ach faoi réir tréimhse teorann, áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 14 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a tharloidh nó a bheidh soiléir i rith na tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 12

Dualgas cruthúnais

1.   Is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an ndearnadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5.

2.   I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i leith an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht tráth an tsoláthair maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann laistigh de thréimhse 1 bliana ón tráth ar soláthraíodh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.

3.   I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(3), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht le linn na tréimhse ina raibh an t_ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann le linn na tréimhse sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 i gcás ina léireoidh an trádálaí nach bhfuil timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra comhoiriúnach le ceanglais theicniúla an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha.

5.   Comhoibreoidh an tomhaltóir leis an tradálaí, a mhéid is féidir agus is gá, le réasún chun a fháil amach an amhlaidh gur ann d’easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an am a shonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme, mar gheall ar thimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra. Beidh an oibleagáid maidir le comhoibriú teoranta do na modhanna teicniúla a bheidh ar fáil agus is lú a chuirfeadh isteach ar an tomhaltóir. I gcás ina mainneoidh an tomhaltóir comhoibriú, agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha, is ar an tomhaltóir a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh arbh ann d’easpa comhréireachta an tráth a sonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme.

Airteagal 13

Leigheas ar mhainneachtain soláthair

1.   I gcás inar mhainnigh an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5, déanfaidh an tomhaltóir a iarraidh ar an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar. Má mhainníonn an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar gan moill mhíchuí, nó laistigh de thréimhse bhreise ama arna comhaontú go sainráite ag na páirtithe, beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh láithreach sna cásanna seo a leanas:

(a)

go mbeidh sé dearbhaithe ag an trádálaí, nó go mbeidh sé chomh soiléir céanna ó na himthosca, nach ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar;

(b)

go mbeidh comhaontú déanta idir an tomhaltóir agus an trádálaí, nó gur léir ó na himthosca maidir le tabhairt i gcrích an chonartha, go mbeidh tráth sonrach don soláthar buntábhachtach don tomhaltóir agus go mainneoidh an tomhaltóir agus an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar faoin tráth sin nó ag an tráth sin.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh faoi mhír 1 nó 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 15 go 18 dá réir sin.

Airteagal 14

Leigheasanna ar easpa comhréireachta leis an gconradh

1.   I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith curtha chun comhréireachta, laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Beidh an tomhaltóir i dteideal an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith tugtha chun comhréireachta, ach amháin dá mbeadh sé sin dodhéanta nó dá gcuirfeadh sé sin costais dhíréireacha ar an trádálaí, agus imthosca uile an cháis san á gcur áireamh, lena n-áirítear:

(a)

An luach a bheadh ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach mura mbeadh aon easpa comhréireachta ann; agus

(b)

tábhacht na heaspa comhréireachta.

3.   Déanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta de bhun mhír 2 laistigh d’achar réasúnta ón tráth a mbeidh an tomhaltóir curtha ar an eolas faoin easpa comhréireachta, saor in aisce agus gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus déanfar cineál an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus an cuspóir a raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ag teastáil ón tomhaltóir ina leith á gcur san áireamh.

4.   Beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach ar an bpraghas i gcomhréir le mír 5 i gcás ina soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mar mhalairt ar íocaíocht praghais, nó i leith fhoirceannadh an chonartha i gcomhréir le mír 6, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

tá an leigheas chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta dodhéanta nó díréireach i gcomhréir le mír 2;

(b)

níl an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach tugtha chun comhréireachta ag an tradálaí i gcomhréir le mír 3;

(c)

is ann d’easpa comhréireachta in ainneoin iarracht an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta;

(d)

tá an easpa comhréireachta de chineál atá chomh tromchúiseach sin le bheith mar údar le laghdú a dhéanamh láithreach ar phraghas an chonartha nó lena fhoirceannadh; nó

(e)

tá sé dearbhaithe ag an trádálaí, nó tá sé soiléir ó na himthosca, nach ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta laistigh d’achar réasúnta nó gan cur as go suntasach don tomhaltóir.

5.   Beidh an laghdú ar an bpraghas comhréireach leis an laghdú ar luach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a soláthraíodh don tomhaltóir i gcomparáid leis an luach a bheadh ag an ábhar digiteach nó ag an tseirbhís dhigiteach dá mbeadh sé i gcomhréir.

I gcás ina sonrófar sa chonradh go soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach thar thréimhse ama mar mhalairt ar phraghais a íoc, beidh feidhm ag an laghdú ar an bpraghas i leith na tréimhse ama nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht lena linn.

6.   I gcás inar soláthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mar mhalairt ar phraghas a íoc, ní bheidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh ach amháin mura bhfuil mioneaspa comhréireachta i gceist. Is ar an trádálaí a bheidh an dualgas a chruthú gur mioneaspa comhréireachta atá i gceist.

Airteagal 16

Oibleagáidí an trádálaí i gcás ina ndéanfar conradh a fhoirceannadh

1.   I gcás ina ndéanfar an conradh a fhoirceannadh, déanfaidh an trádálaí na suimeanna go léir a íocadh faoin gconradh a aisíoc leis an tomhaltóir.

I gcásanna ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití mar mhalairt ar phraghas a íoc agus thar thréimhse ama, áfach, agus ina raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht ar feadh tréimhse ama sula ndearnadh an conradh a fhoirceannadh, ní aisíocfaidh an trádálaí leis an tomhaltóir ach an chuid chomhréireach den phraghas a íocadh agus a chomhfhreagraíonn don tréimhse ama nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht lena linn, agus aon chuid den phraghas a d’íoc an tomhaltóir roimh ré le haghaidh aon tréimhse eile den chonradh a bheadh fágtha murar foirceannadh an conradh.

2.   Maidir le sonraí pearsanta an tomhaltóra, comhlíonfaidh an trádálaí na hoibleagáidí is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2016/679.

3.   Staonfaidh an trádálaí ó úsáid a bhaint as aon ábhar seachas sonraí pearsanta, a rinne an tomhaltóir a chur ar fáil nó a chruthú, agus úsáid á baint aige nó aici as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí, ach amháin sa chás:

(a)

nach mbeadh aon fhóntas ag an ábhar sin lasmuigh de chomhthéacs an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí;

(b)

nach mbaineann sé ach le gníomhaíocht an tomhaltóra, agus úsáid á baint aige nó aici as an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí;

(c)

nach bhfuil sé comhiomlánaithe ag an tradálaí le sonraí eile agus nach féidir é a dhíchomhiomlánú, ach amháin trí iarrachtaí díréireacha a dhéanamh; nó

(d)

go bhfuil sé ginte i gcomhpháirt ag an tomhaltóir agus ag daoine eile, agus gur féidir le tomhaltóirí eile leanúint d’úsáid a bhaint as an ábhar.

4.   Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 3, maidir le haon ábhar nach sonraí pearsanta é agus a rinne an tomhaltóir a chruthú nó a chur ar fáil, agus úsáid á baint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí, déanfaidh an trádálaí, arna iarraidh sin ag an tomhaltóir, é a chur ar fáil dó nó di.

Beidh an tomhaltóir i dteideal an t-ábhar digiteach sin a aisghabháil saor in aisce, gan bac ón trádálaí, laistigh de thréimhse réasúnach ama agus ar fhormáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín.

5.   Féadfaidh an trádálaí cosc a chur ar an tomhaltóir aon úsáid bhreise a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, go háirithe trí rochtain ar an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bhaint den tomhaltóir nó trí chuntas úsáideora an tomhaltóra a dhíchumasú, gan dochar do mhír 4.

Airteagal 17

Oibleagáidí an tomhaltóra i gcás ina ndéanfar conradh a fhoirceannadh

1.   Tar éis fhoirceannadh an chonartha, staonfaidh an tomhaltóir ó úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach agus ón ábhar nó an tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.

2.   I gcás ina ndearnadh an t-ábhar digiteach a sholáthar ar mheán inláimhsithe, déanfaidh an tomhaltóir, arna iarraidh sin ag an tradálaí agus ar chostas an trádálaí, an meán inláimhsithe a thabhairt ar ais don tradálaí gan moill mhíchuí. Má chinneann an tradálaí a iarraidh go ndéanfaí an meán inláimhsithe a thabhairt ar ais, déanfar an iarraidh sin laistigh de 14 lá ón lá a gcuirfear an trádálaí ar an eolas faoi chinneadh an tomhaltóra an conradh a fhoirceannadh.

3.   Ní bheidh an tomhaltóir faoi dhliteanas maidir le híoc as aon úsáid a bhainfear as an t-ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach le linn na tréimhse sula ndeanfar an conradh a fhoirceannadh, ar conradh é nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht lena linn.

Airteagal 18

Teorainneacha ama agus modhanna aisíocaíochta ag an trádálaí

1.   Aon aisíocaíocht a bheidh ag dul don tomhaltóir de bhun Airteagal 14(4) agus (5) nó 16(1) mar gheall ar laghdú ar phraghas an chonartha nó mar gheall ar a fhoirceannadh, déanfar í gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 14 lá ón dáta ar a gcuirfear an tradálaí ar an eolas faoi chinneadh an tomhaltóra ceart an tomhaltóra chun laghdú praghais a agairt nó chun an conradh a fhoirceannadh.

2.   Ní dhéanfaidh an trádálaí an aisíocaíocht sin trí úsáid a bhaint as na modhanna íocaíochta céanna a d’úsáid an tomhaltóir chun íoc as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, ach amháin má comhaontaíonn an tomhaltóir a mhalairt go sainráite agus ar choinníoll nach dtabhóidh an tomhaltóir aon táillí mar thoradh ar an aisíocaíocht sin.

3.   Ní dhéanfaidh an trádálaí aon táille a fhorchur ar an tomhaltóir i leith na haisíocaíochta.

Airteagal 19

An t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú

1.   I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar nó le bheith inrochtana don tomhaltóir thar thréimhse ama, féadfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú thar an méid is gá chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go gceadaítear agus go soláthraítear cúis bhailí leis an gconradh, le modhnú den sórt sin;

(b)

go ndéanfar modhnú den sórt sin gan costas breise a chur ar an tomhaltóir;

(c)

go ndéanfar an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoin modhnú; agus

(d)

sna gcásanna dá dtagraítear i mír 2, go ndéanfar an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach réasúnta, roimh ré agus ar mheán marthanach maidir le gnéithe an mhodhnaithe agus an t-am a rinneadh é agus maidir leis an gceart an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 2 nó an fhéidearthacht an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil gan modhnú den sórt sin i gcomhréir le mír 4.

2.   Beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh má imríonn an modhnú tionchar diúltach ar an rochtain ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach ag an tomhaltóir nó ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an tomhaltóir, ach amháin nach bhfuil ach miontionchar diúltach i gceist leis an tionchar diúltach sin. Sa chás sin, beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh saor in aisce laistigh de 30 lá ón lá a fhaigheann an trádálaí an fhaisnéis nó ón tráth a ndearna an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú, cibé acu is déanaí.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 15 go 18 dá réir sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo más rud é go bhfuil an trádálaí tar éis a chur ar chumas an tomhaltóra, gan aon chostas breise, an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choimeád gan an modhnú, agus go bhfuil an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach fós i gcomhréireacht.

Airteagal 20

Ceart chun sásaimh

I gcás ina mbeidh an trádálaí faoi dhliteanas don tomhaltóir mar gheall ar aon mhainneachtain an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar, nó i ngeall ar easpa comhréireachta de thoradh gníomh nó neamhghníomh a rinne duine i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart, beidh an trádálaí i dteideal leigheasanna a lorg i gcoinne an duine nó na ndaoine a bheidh faoi dhliteanas i slabhra na n-idirbheart tráchtála. Is leis an dlí náisiúnta a chinnfear an duine a bhféadfaidh an tradálaí leigheasanna a lorg ina leith, mar aon leis na gníomhaíochtaí ábhartha agus na coinníollacha feidhmíochta.

Airteagal 21

Forfheidhmiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú.

2.   Áireofar leis na modhanna dá dtagraítear i mír 1, forálacha trína bhféadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas, de réir mar a chinnfear leis an dlí náisiúnta, caingean a thabhairt faoin dlí náisiúnta os comhair na gcúirteanna nó os comhair na n-údarás inniúil riaracháin chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo:

(a)

comhlachtaí poiblí nó a n-ionadaithe;

(b)

eagraíochtaí tomhaltóirí a bhfuil leas dlisteanach acu i dtomhaltóirí a chosaint;

(c)

eagraíochtaí gairmiúla a bhfuil leas dlisteanach acu i gcaingean a thabhairt;

(d)

comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais neamhbhrabúsacha atá gníomhach i réimse chosaint chearta agus shaoirsí na n-ábhar sonraí mar a shainítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679.

Airteagal 24

Trasuí

1.   faoin 1 Iúil 2021 déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoin méid sin.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna le tagairt den chineál sin a dhéanamh.

Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

2.   Beidh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir le soláthar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2022 cé is moite d’Airteagail 19 agus 20 nach mbeidh feidhm acu ach amháin maidir le conarthaí a dhéanfar ón dáta sin i leith.

Airteagal 25

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 12 Meitheamh 2024 athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar scrúdú sa tuarascáil, inter alia, ar an gcás i dtaobh chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme maidir le conarthaí i ndáil le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar seachas an méid a chumhdaítear leis an Treoir seo, lena n-áirítear iad a sholáthar in aghaidh fógrán.


whereas









keyboard_arrow_down