search


keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0770 GA cercato: 'hairteagal' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index hairteagal:


whereas hairteagal:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 267

 

Airteagal 10

Cearta tríú páirtí

Más rud é, mar gheall ar shrian a bheidh ann mar thoradh ar shárú ar aon cheart de chuid tríú páirtí, go háirithe cearta maoine intleachtúla, go gcuirfear cosc nó teorainn ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcomhréir le hairteagal 7 agus le hairteagal 8, ní dhéanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an tomhaltóir i dteideal na leigheasanna le haghaidh easpa comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 14, ach amháin má fhoráiltear leis an dlí náisiúnta do neamhniú nó cealú an chonartha maidir le soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcásanna den sórt sin.

Airteagal 11

Dliteanas an trádálaí

1.   Beidh an trádálaí faoi dhliteanas i leith aon mhainneachtain an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hairteagal 5.

2.   I gcás ina bhforálfar i gconradh do ghníomh amháin soláthair nó do shraith gníomhartha aonair soláthair, beidh an trádálaí faoi dhliteanas i leith aon easpa comhréireachta faoi Airteagail 7, 8 agus 9, atá ann tráth an tsoláthair, gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 8(2).

Más rud é, faoin dlí náisiúnta, nach mbeidh an trádálaí faoi dhliteanas ach amháin i gcás gur léir aon easpa comhréireachta a bheith ann laistigh de thréimhse ama tar éis an tsoláthair, ní bheidh an tréimhse sin níos lú ná 2 bhliain tar éis an tsoláthair, gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 8(2).

Más rud é, faoin ndlí náisiúnta, go mbeidh na cearta a leagtar síos in Airteagal 14 faoi réir tréimhse teorann freisin nó nach mbeidh siad ach faoi réir tréimhse teorann, áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 14 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a bheidh ann ag an am a luaitear sa chéad fhomhír agus go mbeidh sí soiléir laistigh den tréimhse ama a luaitear sa dara fomhír.

3.   I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama, beidh an trádálaí faoi dhliteanas le haghaidh easpa comhréireachta a bheith ann faoi Airteagail 7, 8, agus 9, a tharlóidh nó ar léir gurb ann di, laistigh den tréimhse ama a mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheidh le soláthar faoin gconradh lena linn.

Más rud é, faoin dlí náisiúnta, go mbeidh na cearta a leagtar síos in Airteagal 14 faoi réir tréimhse teorann freisin nó nach mbeidh siad ach faoi réir tréimhse teorann, áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 14 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a tharloidh nó a bheidh soiléir i rith na tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 12

Dualgas cruthúnais

1.   Is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an ndearnadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hairteagal 5.

2.   I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i leith an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht tráth an tsoláthair maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann laistigh de thréimhse 1 bliana ón tráth ar soláthraíodh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.

3.   I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(3), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht le linn na tréimhse ina raibh an t_ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann le linn na tréimhse sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 i gcás ina léireoidh an trádálaí nach bhfuil timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra comhoiriúnach le ceanglais theicniúla an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha.

5.   Comhoibreoidh an tomhaltóir leis an tradálaí, a mhéid is féidir agus is gá, le réasún chun a fháil amach an amhlaidh gur ann d’easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an am a shonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme, mar gheall ar thimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra. Beidh an oibleagáid maidir le comhoibriú teoranta do na modhanna teicniúla a bheidh ar fáil agus is lú a chuirfeadh isteach ar an tomhaltóir. I gcás ina mainneoidh an tomhaltóir comhoibriú, agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha, is ar an tomhaltóir a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh arbh ann d’easpa comhréireachta an tráth a sonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme.

Airteagal 13

Leigheas ar mhainneachtain soláthair

1.   I gcás inar mhainnigh an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hairteagal 5, déanfaidh an tomhaltóir a iarraidh ar an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar. Má mhainníonn an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar gan moill mhíchuí, nó laistigh de thréimhse bhreise ama arna comhaontú go sainráite ag na páirtithe, beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh láithreach sna cásanna seo a leanas:

(a)

go mbeidh sé dearbhaithe ag an trádálaí, nó go mbeidh sé chomh soiléir céanna ó na himthosca, nach ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar;

(b)

go mbeidh comhaontú déanta idir an tomhaltóir agus an trádálaí, nó gur léir ó na himthosca maidir le tabhairt i gcrích an chonartha, go mbeidh tráth sonrach don soláthar buntábhachtach don tomhaltóir agus go mainneoidh an tomhaltóir agus an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar faoin tráth sin nó ag an tráth sin.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh faoi mhír 1 nó 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 15 go 18 dá réir sin.

Airteagal 19

An t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú

1.   I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar nó le bheith inrochtana don tomhaltóir thar thréimhse ama, féadfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú thar an méid is gá chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil i gcomhréir le hairteagal 7 agus le hairteagal 8, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go gceadaítear agus go soláthraítear cúis bhailí leis an gconradh, le modhnú den sórt sin;

(b)

go ndéanfar modhnú den sórt sin gan costas breise a chur ar an tomhaltóir;

(c)

go ndéanfar an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoin modhnú; agus

(d)

sna gcásanna dá dtagraítear i mír 2, go ndéanfar an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach réasúnta, roimh ré agus ar mheán marthanach maidir le gnéithe an mhodhnaithe agus an t-am a rinneadh é agus maidir leis an gceart an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 2 nó an fhéidearthacht an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil gan modhnú den sórt sin i gcomhréir le mír 4.

2.   Beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh má imríonn an modhnú tionchar diúltach ar an rochtain ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach ag an tomhaltóir nó ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an tomhaltóir, ach amháin nach bhfuil ach miontionchar diúltach i gceist leis an tionchar diúltach sin. Sa chás sin, beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh saor in aisce laistigh de 30 lá ón lá a fhaigheann an trádálaí an fhaisnéis nó ón tráth a ndearna an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú, cibé acu is déanaí.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 15 go 18 dá réir sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo más rud é go bhfuil an trádálaí tar éis a chur ar chumas an tomhaltóra, gan aon chostas breise, an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choimeád gan an modhnú, agus go bhfuil an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach fós i gcomhréireacht.

Airteagal 22

Cineál éigeantach

1.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Treoir seo, maidir le haon téarma conarthach lena ndéanfar cur i bhfeidhm na mbeart náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo a eisiamh, lena ndéanfar iad a mhaolú nó lena ndéanfar a n-éifeachtaí a athrú, chun dochair don tomhaltóir, sula ndéanfaidh an tomhaltóir aird an trádálaí a tharraingt ar an mainneachtain soláthair nó ar an easpa comhréireachta nó sula ndéanfaidh an tomhaltóir aird an trádálaí a tharraingt ar mhodhnú an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcomhréir le hairteagal 19, ní bheidh sé ina cheangal ar an tomhaltóir.

2.   Ní chuirfidh an Treoir seo cosc ar an trádálaí socruithe conarthacha a théann thar an gcosaint dá bhforáiltear sa Treoir seo a thairiscint don tomhaltóir.


whereas









keyboard_arrow_down