search


keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0770 GA cercato: 'fhoirceannadh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl




whereas fhoirceannadh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 489

 

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a sholáthróidh an trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé nó sí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar dó nó di, agus a íocfaidh an tomhaltóir an praghas, nó a gheallfaidh sé nó sí an praghas a íoc.

Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin i gcás ina soláthróidh an trádálaí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach don tomhaltóir nó ina ngeallfaidh sé nó sí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar don tomhaltóir, agus ina soláthróidh an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí nó a gheallfaidh sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar don trádálaí, ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an trádálaí na sonraí pearsanta a sholáthróidh an tomhaltóir a phróiseáil go heisiach chun críche an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir leis an Treoir seo nó chun críche cead a thabhairt don tradálaí ceanglais dlí a bhfuil sé nó sí faoina réir a chomhlíonadh, agus nach mbeidh na sonraí sin ag an trádálaí sin á bpróiseáil chun aon chríche eile.

2.   Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin i gcás ina ndéanfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fhorbairt i gcomhréir le sonraíochtaí an tomhaltóra.

3.   Cé is moite d’Airteagal 5 agus d’Airteagal 13, beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le haon mheán inláimhsithe a fheidhmeoidh go heisiach mar iompróir ábhair dhigitigh.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a ionchorprófar i n-earraí nó a dhéanfar a idirnascadh le hearraí de réir bhrí phointe (3) d’Airteagal 2 agus a ndéanfar na hearraí sin a sholáthar dóibh faoi chonradh díolacháin maidir leis na hearraí sin, gan beann ar an soláthróidh an díoltóir nó tríú páirtí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin. I gcás ina mbeifear in amhras an ionann soláthar ábhair dhigitigh ionchorpraithe nó idirnasctha nó seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus an chuid den chonradh díolacháin, measfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith clúdaithe faoin gconradh díolacháin.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

soláthar seirbhísí seachas seirbhísí digiteacha, gan beann ar an mbaineann an trádálaí úsáid as foirmeacha nó modhanna digiteacha chun aschur na seirbhíse a tháirgeadh nó chun é a sheachadadh nó a tharchur chuig an tomhaltóir;

(b)

seirbhísí cumarsáide leictreonacha mar a shainítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir 2018/1972, cé is moite de sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir mar a shainítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 den Treoir sin;

(c)

cúram sláinte mar a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2011/24/AE;

(d)

seirbhísí cearrbhachais, eadhon, seirbhisí lena mbaineann geall ag a bhfuil luach airgid a chur i gcluichí áidh, lena n-áirítear iad sin a bhfuil gné scile acu, amhail crannchuir, cluichí casino, cluichí pócair agus idirbhearta gealltóireachta, trí mhodhanna leictreonacha nó trí úsáid a bhaint as aon teicneolaíocht eile le haghaidh cumarsáid a éascú agus ar iarraidh aonair ó fhaighteoir seirbhíse den sórt sin;

(e)

seirbhísí airgeadais mar a shainítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Threoir 2002/65/CE;

(fa)

bogearraí a thairgfidh an trádálaí faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte, i gcás nach n-íocfaidh an tomhaltóir praghas agus go ndéanfaidh an trádálaí na sonraí pearsanta a chuir an tomhaltóir ar fáil a phróiseáil go heisiach chun críche slándáil, comhoiriúnacht nó idir-inoibritheacht na mbogearraí sonracha a fheabhsú;

(g)

ábhar digiteach a sholáthar i gcás ina gcuirfear an t-ábhar digiteach ar fáil don phobal i gcoitinne seachas trí tharchur comharthaí mar chuid de léiriú nó d’imeacht, amhail teilgean digiteach cineamatagrafaíochta;

(h)

ábhar digiteach arna sholáthar i gcomhréir le Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí sna Ballstáit.

6.   Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, i gcás ina gcuachfar i gconradh aonair idir an trádálaí céanna agus an tomhaltóir céanna gnéithe maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití agus gnéithe maidir le soláthar seirbhísí nó earraí eile, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach maidir leis an gnéithe den chonradh a bhaineann leis an ábhar digiteach nó leis an tseirbhís dhigiteach.

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 19 den Treoir seo i gcás ina bhfolóidh cuachadh, laistigh de bhrí Threoir (AE) 2018/1972, gnéithe de sheirbhís rochtana idirlín mar a shainítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe mar a shainítear le pointe (6) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972.

Gan dochar d’Airteagal 107(2) de Threoir (AE) 2018/1972, beidh na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gné amháin den chonradh cuachta a fhoirceannadh á rialú ag an dlí náisiúnta.

7.   Más ann d’aon fhoráil den Treoir seo atá i gcoimhlint le foráil de ghníomh eile de chuid an Aontais lena rialaítear earnáil nó ábhar sonrach, beidh tosaíocht ag foráil an ghnímh eile sin de chuid an Aontais ar an Treoir seo.

8.   Beidh feidhm ag dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta i ndáil le haon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca le conarthaí dá dtagraítear i mír 1.

Go háirithe, beidh an Treoir seo gan dochar d’fhorálacha Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir 2002/58/CE. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir forálacha na Treorach seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, is é an Rialachán maidir le cosaint sonraí pearsanta ag a mbeidh ceannas.

9.   Beidh an Treoir seo gan dochar do dhlíthe náisiúnta agus do dhlíthe an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n-áirítear Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

10.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát gnéithe ginearálta de dhlí na gconarthaí a rialáil, amhail rialacha maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha sa mhéid is nach rialaítear iad leis an Treoir seo, ná don cheart chun damáistí.

Airteagal 13

Leigheas ar mhainneachtain soláthair

1.   I gcás inar mhainnigh an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5, déanfaidh an tomhaltóir a iarraidh ar an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar. Má mhainníonn an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar gan moill mhíchuí, nó laistigh de thréimhse bhreise ama arna comhaontú go sainráite ag na páirtithe, beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh láithreach sna cásanna seo a leanas:

(a)

go mbeidh sé dearbhaithe ag an trádálaí, nó go mbeidh sé chomh soiléir céanna ó na himthosca, nach ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar;

(b)

go mbeidh comhaontú déanta idir an tomhaltóir agus an trádálaí, nó gur léir ó na himthosca maidir le tabhairt i gcrích an chonartha, go mbeidh tráth sonrach don soláthar buntábhachtach don tomhaltóir agus go mainneoidh an tomhaltóir agus an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar faoin tráth sin nó ag an tráth sin.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh faoi mhír 1 nó 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 15 go 18 dá réir sin.

Airteagal 14

Leigheasanna ar easpa comhréireachta leis an gconradh

1.   I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith curtha chun comhréireachta, laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Beidh an tomhaltóir i dteideal an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith tugtha chun comhréireachta, ach amháin dá mbeadh sé sin dodhéanta nó dá gcuirfeadh sé sin costais dhíréireacha ar an trádálaí, agus imthosca uile an cháis san á gcur áireamh, lena n-áirítear:

(a)

An luach a bheadh ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach mura mbeadh aon easpa comhréireachta ann; agus

(b)

tábhacht na heaspa comhréireachta.

3.   Déanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta de bhun mhír 2 laistigh d’achar réasúnta ón tráth a mbeidh an tomhaltóir curtha ar an eolas faoin easpa comhréireachta, saor in aisce agus gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus déanfar cineál an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus an cuspóir a raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ag teastáil ón tomhaltóir ina leith á gcur san áireamh.

4.   Beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach ar an bpraghas i gcomhréir le mír 5 i gcás ina soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mar mhalairt ar íocaíocht praghais, nó i leith fhoirceannadh an chonartha i gcomhréir le mír 6, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

tá an leigheas chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta dodhéanta nó díréireach i gcomhréir le mír 2;

(b)

níl an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach tugtha chun comhréireachta ag an tradálaí i gcomhréir le mír 3;

(c)

is ann d’easpa comhréireachta in ainneoin iarracht an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta;

(d)

tá an easpa comhréireachta de chineál atá chomh tromchúiseach sin le bheith mar údar le laghdú a dhéanamh láithreach ar phraghas an chonartha nó lena fhoirceannadh; nó

(e)

tá sé dearbhaithe ag an trádálaí, nó tá sé soiléir ó na himthosca, nach ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta laistigh d’achar réasúnta nó gan cur as go suntasach don tomhaltóir.

5.   Beidh an laghdú ar an bpraghas comhréireach leis an laghdú ar luach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a soláthraíodh don tomhaltóir i gcomparáid leis an luach a bheadh ag an ábhar digiteach nó ag an tseirbhís dhigiteach dá mbeadh sé i gcomhréir.

I gcás ina sonrófar sa chonradh go soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach thar thréimhse ama mar mhalairt ar phraghais a íoc, beidh feidhm ag an laghdú ar an bpraghas i leith na tréimhse ama nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht lena linn.

6.   I gcás inar soláthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mar mhalairt ar phraghas a íoc, ní bheidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh ach amháin mura bhfuil mioneaspa comhréireachta i gceist. Is ar an trádálaí a bheidh an dualgas a chruthú gur mioneaspa comhréireachta atá i gceist.

Airteagal 15

An ceart chun foirceannadh a fheidhmiú

Feidhmeoidh an tomhaltóir an ceart an conradh a fhoirceannadh trí bhíthin ráiteas chuig an trádálaí ina gcuirfear an cinneadh in iúl an conradh a fhoirceannadh.

Airteagal 16

Oibleagáidí an trádálaí i gcás ina ndéanfar conradh a fhoirceannadh

1.   I gcás ina ndéanfar an conradh a fhoirceannadh, déanfaidh an trádálaí na suimeanna go léir a íocadh faoin gconradh a aisíoc leis an tomhaltóir.

I gcásanna ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití mar mhalairt ar phraghas a íoc agus thar thréimhse ama, áfach, agus ina raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht ar feadh tréimhse ama sula ndearnadh an conradh a fhoirceannadh, ní aisíocfaidh an trádálaí leis an tomhaltóir ach an chuid chomhréireach den phraghas a íocadh agus a chomhfhreagraíonn don tréimhse ama nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht lena linn, agus aon chuid den phraghas a d’íoc an tomhaltóir roimh ré le haghaidh aon tréimhse eile den chonradh a bheadh fágtha murar foirceannadh an conradh.

2.   Maidir le sonraí pearsanta an tomhaltóra, comhlíonfaidh an trádálaí na hoibleagáidí is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2016/679.

3.   Staonfaidh an trádálaí ó úsáid a bhaint as aon ábhar seachas sonraí pearsanta, a rinne an tomhaltóir a chur ar fáil nó a chruthú, agus úsáid á baint aige nó aici as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí, ach amháin sa chás:

(a)

nach mbeadh aon fhóntas ag an ábhar sin lasmuigh de chomhthéacs an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí;

(b)

nach mbaineann sé ach le gníomhaíocht an tomhaltóra, agus úsáid á baint aige nó aici as an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí;

(c)

nach bhfuil sé comhiomlánaithe ag an tradálaí le sonraí eile agus nach féidir é a dhíchomhiomlánú, ach amháin trí iarrachtaí díréireacha a dhéanamh; nó

(d)

go bhfuil sé ginte i gcomhpháirt ag an tomhaltóir agus ag daoine eile, agus gur féidir le tomhaltóirí eile leanúint d’úsáid a bhaint as an ábhar.

4.   Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 3, maidir le haon ábhar nach sonraí pearsanta é agus a rinne an tomhaltóir a chruthú nó a chur ar fáil, agus úsáid á baint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí, déanfaidh an trádálaí, arna iarraidh sin ag an tomhaltóir, é a chur ar fáil dó nó di.

Beidh an tomhaltóir i dteideal an t-ábhar digiteach sin a aisghabháil saor in aisce, gan bac ón trádálaí, laistigh de thréimhse réasúnach ama agus ar fhormáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín.

5.   Féadfaidh an trádálaí cosc a chur ar an tomhaltóir aon úsáid bhreise a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, go háirithe trí rochtain ar an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bhaint den tomhaltóir nó trí chuntas úsáideora an tomhaltóra a dhíchumasú, gan dochar do mhír 4.

Airteagal 17

Oibleagáidí an tomhaltóra i gcás ina ndéanfar conradh a fhoirceannadh

1.   Tar éis fhoirceannadh an chonartha, staonfaidh an tomhaltóir ó úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach agus ón ábhar nó an tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.

2.   I gcás ina ndearnadh an t-ábhar digiteach a sholáthar ar mheán inláimhsithe, déanfaidh an tomhaltóir, arna iarraidh sin ag an tradálaí agus ar chostas an trádálaí, an meán inláimhsithe a thabhairt ar ais don tradálaí gan moill mhíchuí. Má chinneann an tradálaí a iarraidh go ndéanfaí an meán inláimhsithe a thabhairt ar ais, déanfar an iarraidh sin laistigh de 14 lá ón lá a gcuirfear an trádálaí ar an eolas faoi chinneadh an tomhaltóra an conradh a fhoirceannadh.

3.   Ní bheidh an tomhaltóir faoi dhliteanas maidir le híoc as aon úsáid a bhainfear as an t-ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach le linn na tréimhse sula ndeanfar an conradh a fhoirceannadh, ar conradh é nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht lena linn.

Airteagal 18

Teorainneacha ama agus modhanna aisíocaíochta ag an trádálaí

1.   Aon aisíocaíocht a bheidh ag dul don tomhaltóir de bhun Airteagal 14(4) agus (5) nó 16(1) mar gheall ar laghdú ar phraghas an chonartha nó mar gheall ar a fhoirceannadh, déanfar í gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 14 lá ón dáta ar a gcuirfear an tradálaí ar an eolas faoi chinneadh an tomhaltóra ceart an tomhaltóra chun laghdú praghais a agairt nó chun an conradh a fhoirceannadh.

2.   Ní dhéanfaidh an trádálaí an aisíocaíocht sin trí úsáid a bhaint as na modhanna íocaíochta céanna a d’úsáid an tomhaltóir chun íoc as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, ach amháin má comhaontaíonn an tomhaltóir a mhalairt go sainráite agus ar choinníoll nach dtabhóidh an tomhaltóir aon táillí mar thoradh ar an aisíocaíocht sin.

3.   Ní dhéanfaidh an trádálaí aon táille a fhorchur ar an tomhaltóir i leith na haisíocaíochta.

Airteagal 19

An t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú

1.   I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar nó le bheith inrochtana don tomhaltóir thar thréimhse ama, féadfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú thar an méid is gá chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go gceadaítear agus go soláthraítear cúis bhailí leis an gconradh, le modhnú den sórt sin;

(b)

go ndéanfar modhnú den sórt sin gan costas breise a chur ar an tomhaltóir;

(c)

go ndéanfar an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoin modhnú; agus

(d)

sna gcásanna dá dtagraítear i mír 2, go ndéanfar an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach réasúnta, roimh ré agus ar mheán marthanach maidir le gnéithe an mhodhnaithe agus an t-am a rinneadh é agus maidir leis an gceart an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 2 nó an fhéidearthacht an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil gan modhnú den sórt sin i gcomhréir le mír 4.

2.   Beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh má imríonn an modhnú tionchar diúltach ar an rochtain ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach ag an tomhaltóir nó ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an tomhaltóir, ach amháin nach bhfuil ach miontionchar diúltach i gceist leis an tionchar diúltach sin. Sa chás sin, beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh saor in aisce laistigh de 30 lá ón lá a fhaigheann an trádálaí an fhaisnéis nó ón tráth a ndearna an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú, cibé acu is déanaí.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 15 go 18 dá réir sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo más rud é go bhfuil an trádálaí tar éis a chur ar chumas an tomhaltóra, gan aon chostas breise, an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choimeád gan an modhnú, agus go bhfuil an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach fós i gcomhréireacht.


whereas









keyboard_arrow_down