search


keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0770 GA cercato: 'gcrích' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
 

Airteagal 5

An t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar

1.   Déanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar don tomhaltóir. Mura mbeidh a mhalairt aontaithe ag na páirtithe, soláthróidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach gan moill mhíchuí tar éis don chonradh a bheith tugtha i gcrích.

2.   Beidh an oibleagáid chun soláthair comhlíonta ag an trádálaí sna cásanna seo a leanas:

(a)

go gcuirfear an t-ábhar digiteach nó aon bhealach atá oiriúnach chun an t-ábhar digiteach a rochtain nó a íoslódáil ar fáil nó go dtabharfar rochtain air don tomhaltóir nó do shaoráid fhisiciúil nó fhíorúil arna roghnú ag an tomhaltóir chun na críche sin;

(b)

go gcuirfear an tseirbhís dhigiteach ar fáil don tomhaltóir nó do shaoráid fhisiciúil nó fhíorúil arna roghnú ag an tomhaltóir chun na críche sin.

Airteagal 7

Ceanglais shuibiachtúla le haghaidh comhréireachta

Chun bheidh i gcomhréir leis an gconradh, maidir leis an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach, go háirithe, i gcás inarb infheidhme:

(a)

Beidh sé nó sí i gcomhréir leis an tuairisc, an chainníocht agus an cháilíocht, agus beidh an fheidhmiúlacht, an chomhoiriúnacht, an idir-inoibritheacht agus na gnéithe eile acu, mar a cheanglaítear leis an gconradh;

(b)

beidh sé nó sí oiriúnach d’aon fheidhm shonrach a theastaíonn ón tomhaltóir ina leith agus a chuir an tomhaltóir in iúl don trádálaí ar a dhéanaí tráth ar tugadh an conradh i gcrích agus a bhfuil glactha leis ag an trádálaí i ndáil leis sin;

(c)

soláthrófar é nó í mar aon leis na comhghabhálais uile, treoracha, lena n-áirítear maidir le suiteáil, agus cúnamh custaiméara de réir mar a cheanglaítear sa chonradh; agus

(d)

tabharfar cothrom le dáta é nó í mar a shonraítear sa chonradh.

Airteagal 8

Ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta

1.   Sa bhreis ar a bheith i gcomhréireacht le haon cheanglas suibiachtúil comhréireachta, maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach:

(a)

beidh sé nó sí oiriúnach do na críocha is gnáth a mbainfí úsáid as ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach den chineál céanna ina leith, agus, i gcás inarb infheidhme, dlíthe de chuid an Aontais nó aon dlíthe náisiúnta, aon chaighdeáin theicniúla atá ann cheana, nó, in éagmais na gcaighdeán teicniúil sin, aon chóid iompair tionscail is infheidhme a bhaineann le hearnálacha sonracha á gcur san áireamh;

(b)

beidh an chainníocht agus na tréithe agus na gnéithe feidhmíochta aige nó aici, lena n-áirítear maidir le feidhmiúlacht, comhoiriúnacht, inrochtaineacht, leanúnachas agus slándáil, ar gnách iad in ábhar digiteach nó i seirbhísí digiteacha den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus aon ráitis phoiblí arna ndéanamh ag an trádálaí nó ag daoine eile thar ceann an trádálaí, nó ag daoine eile i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú, á gcur san áireamh ach amháin i gcás inar féidir leis an trádálaí a léiriú:

(i)

nach raibh an trádálaí ar an eolas faoin ráiteas i dtrácht ná nach bhféadfadh sé nó sí, le réasún, a bheith ar an eolas faoi;

(ii)

tráth tugtha chun críche an chonartha, go ndearnadh an ráiteas poiblí a cheartú ar an tslí chéanna nó ar shlí atá inchomparáide leis an tslí a ndearnadh é; nó

(iii)

nach bhféadfadh tionchar a bheith ag an ráiteas poiblí ar an gcinneadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fháil;

(c)

déanfar é nó í a sholáthar in éineacht le haon chomhghabhálais agus treoracha a bhféadfaidh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún lena bhfáil; agus

(d)

comhlíonfaidh sé nó sí aon leagan trialach den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach nó aon réamhamharc air nó uirthi, a chuirfidh an trádálaí ar fáil roimh thabhairt i gcrích an chonartha.

2.   Déanfaidh an tradálaí a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi nuashonruithe, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, agus go ndéanfar iad a sholáthar dó nó di, ar nuashonruithe iad is gá chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil i gcomhréireacht:

(a)

i gcaitheamh na tréimhse lena linn a mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar faoin gconradh, i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama; nó

(b)

le linn na tréimhse ama a bhféadfaidh an tomhaltóir a bheith ag súil léi le réasún, ag féachaint do shórt agus cuspóir an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, agus imthosca agus cineál an chonartha á gcur san áireamh, i gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le gníomh aonair soláthair nó sraith gníomhartha soláthair aonair.

3.   I gcás nach ndéanfaidh an tomhaltóir nuashonraithe a sholáthair an trádálaí i gcomhréir le mír 2 a shuiteáil laistigh de thréimhse réasúnta ama, ní bheidh an trádálaí faoi dhliteanas maidir le haon easpa comhréireachta a thiocfaidh as easpa an nuashonraithe ábhartha agus as é sin amháin, ar choinníoll:

(a)

gur chuir an trádálaí an tomhaltóir ar an eolas faoi infhaighteacht an nuashonraithe agus na n-iarmhairtí a bhainfeadh le mainneachtain ag an tomhaltóra é a shuiteáil; agus

(b)

nárbh ann do mhainneachtain suiteáil nó do shuiteáil mhícheart an nuashonraithe ag an tomhaltóir mar thoradh ar easnaimh sna treoracha suiteála a chuir an trádálaí ar fáil.

4.   I gcás ina bhforálfar sa chonradh do sholáthar leanúnach ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití thar thréimhse ama, beidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht ar fud ré na tréimhse sin.

5.   Ní bheidh aon easpa comhréireachta ann de réir bhrí mhír 1 nó mhír 2 más rud é, tráth ar tugadh an conradh i gcrích, gur cuireadh an tomhaltóir ar an eolas go sonrach gur imigh tréith ar leith den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach ó na ceanglais oibiachtúla chomhréireachta a leagtar sios i mír 1 nó 2 agus go raibh glactha go sainráite agus go leithleach leis an diallas sin ag an tomhaltóir agus an conradh á thabhairt i gcrích.

6.   Mura rud é go bhfuil a mhalairt comhaontaithe ag na páirtithe, déanfar ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar sa leagan is déanaí a bheidh ar fáil tráth a dtabharfar an conradh i gcrích.

Airteagal 12

Dualgas cruthúnais

1.   Is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an ndearnadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5.

2.   I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i leith an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht tráth an tsoláthair maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann laistigh de thréimhse 1 bliana ón tráth ar soláthraíodh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.

3.   I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(3), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht le linn na tréimhse ina raibh an t_ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann le linn na tréimhse sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 i gcás ina léireoidh an trádálaí nach bhfuil timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra comhoiriúnach le ceanglais theicniúla an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha.

5.   Comhoibreoidh an tomhaltóir leis an tradálaí, a mhéid is féidir agus is gá, le réasún chun a fháil amach an amhlaidh gur ann d’easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an am a shonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme, mar gheall ar thimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra. Beidh an oibleagáid maidir le comhoibriú teoranta do na modhanna teicniúla a bheidh ar fáil agus is lú a chuirfeadh isteach ar an tomhaltóir. I gcás ina mainneoidh an tomhaltóir comhoibriú, agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha, is ar an tomhaltóir a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh arbh ann d’easpa comhréireachta an tráth a sonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme.

Airteagal 13

Leigheas ar mhainneachtain soláthair

1.   I gcás inar mhainnigh an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5, déanfaidh an tomhaltóir a iarraidh ar an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar. Má mhainníonn an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar gan moill mhíchuí, nó laistigh de thréimhse bhreise ama arna comhaontú go sainráite ag na páirtithe, beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh láithreach sna cásanna seo a leanas:

(a)

go mbeidh sé dearbhaithe ag an trádálaí, nó go mbeidh sé chomh soiléir céanna ó na himthosca, nach ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar;

(b)

go mbeidh comhaontú déanta idir an tomhaltóir agus an trádálaí, nó gur léir ó na himthosca maidir le tabhairt i gcrích an chonartha, go mbeidh tráth sonrach don soláthar buntábhachtach don tomhaltóir agus go mainneoidh an tomhaltóir agus an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar faoin tráth sin nó ag an tráth sin.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh faoi mhír 1 nó 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 15 go 18 dá réir sin.


whereas









keyboard_arrow_down