search


keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0770 GA Art. 11 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 88

 

Airteagal 11

Dliteanas an trádálaí

1.   Beidh an trádálaí faoi dhliteanas i leith aon mhainneachtain an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5.

2.   I gcás ina bhforálfar i gconradh do ghníomh amháin soláthair nó do shraith gníomhartha aonair soláthair, beidh an trádálaí faoi dhliteanas i leith aon easpa comhréireachta faoi Airteagail 7, 8 agus 9, atá ann tráth an tsoláthair, gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 8(2).

Más rud é, faoin dlí náisiúnta, nach mbeidh an trádálaí faoi dhliteanas ach amháin i gcás gur léir aon easpa comhréireachta a bheith ann laistigh de thréimhse ama tar éis an tsoláthair, ní bheidh an tréimhse sin níos lú ná 2 bhliain tar éis an tsoláthair, gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 8(2).

Más rud é, faoin ndlí náisiúnta, go mbeidh na cearta a leagtar síos in Airteagal 14 faoi réir tréimhse teorann freisinnach mbeidh siad ach faoi réir tréimhse teorann, áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 14 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a bheidh ann ag an am a luaitear sa chéad fhomhír agus go mbeidhsoiléir laistigh den tréimhse ama a luaitear sa dara fomhír.

3.   I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama, beidh an trádálaí faoi dhliteanas le haghaidh easpa comhréireachta a bheith ann faoi Airteagail 7, 8, agus 9, a tharlóidh nó ar léir gurb ann di, laistigh den tréimhse ama a mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheidh le soláthar faoin gconradh lena linn.

Más rud é, faoin dlí náisiúnta, go mbeidh na cearta a leagtar síos in Airteagal 14 faoi réir tréimhse teorann freisinnach mbeidh siad ach faoi réir tréimhse teorann, áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 14 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a tharloidh nó a bheidh soiléir i rith na tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír.


whereas









keyboard_arrow_down