search


keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0770 GA Art. 18 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 59

 

Airteagal 18

Teorainneacha ama agus modhanna aisíocaíochta ag an trádálaí

1.   Aon aisíocaíocht a bheidh ag dul don tomhaltóir de bhun Airteagal 14(4) agus (5) nó 16(1) mar gheall ar laghdú ar phraghas an chonartha nó mar gheall ar a fhoirceannadh, déanfar í gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 14 lá ón dáta ar a gcuirfear an tradálaí ar an eolas faoi chinneadh an tomhaltóra ceart an tomhaltóra chun laghdú praghais a agairt nó chun an conradh a fhoirceannadh.

2.   Ní dhéanfaidh an trádálaí an aisíocaíocht sin trí úsáid a bhaint as na modhanna íocaíochta céanna a d’úsáid an tomhaltóir chun íoc as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, ach amháincomhaontaíonn an tomhaltóir a mhalairt go sainráite agus ar choinníoll nach dtabhóidh an tomhaltóir aon táillí mar thoradh ar an aisíocaíocht sin.

3.   Ní dhéanfaidh an trádálaí aon táille a fhorchur ar an tomhaltóir i leith na haisíocaíochta.


whereas









keyboard_arrow_down