(5) Ní bhíonn muinín ag tomhaltóirí i gcónaí agus iad ag ceannach trasna teorannacha agus go háirithe nuair a dhéantar an méid sin ar líne.
Ceann de na cúiseanna is mó le heaspa muiníne na dtomhaltóirí is ea éiginnteacht faoi na cearta conarthacha is tábhachtaí atá acu agus easpa creata chonarthaigh shoiléir a bheith ann le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha.
Bíonn fadhbanna ag roinnt mhaith tomhaltóirí maidir le cáilíocht an ábhar dhigitigh nó na seirbhísí digiteacha nó le rochtain ar an ábhar digiteach nó ar na seirbhísí digiteacha sin.
Mar shampla, faigheann siad ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá mícheart nó lochtach, nó ní bhíonn siad ábalta rochtain a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach i dtrácht.
Mar thoradh air sin, bíonn tomhaltóirí thíos le díobháil airgeadais agus díobháil neamhairgeadais.
- = -
(8) Ba cheart do thomhaltóirí leas a bhaint as cearta comhchuibhithe chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar a chuireann leibhéal ard cosanta ar fáil.
Ba cheart go mbeadh cearta éigeantacha soiléire acu nuair a gheobhaidh siad ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha ó aon áit san Aontas.
Na cearta sin a bheith acu, ba cheart go méadódh sé an mhuinín atá acu ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a fháil.
Ba cheart freisin go rannchuideodh sé leis an díobháil a dhéantar do chustaiméirí faoi láthair a laghdú, toisc go mbeadh sraith shoiléir de chearta ann a chuirfidh ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhíonn acu maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha.
- = -
(12) Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear don dlí náisiúnta sa mhéid nach rialaítear na hábhair lena mbaineann leis an Treoir seo, amhail rialacha náisiúnta maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí nó dlíthiúlacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
Ina theannta sin, níor cheart don Treoir seo cineál dlíthiúil conarthaí le haghaidh soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a chinneadh, agus ba cheart go bhfágfaí an cheist an ionann na conarthaí sin agus seirbhís díolacháin, conradh cíosa nó sui generis, mar shampla, faoin dlí náisiúnta.
Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach mbaineann go sonrach le conarthaí tomhaltóirí agus nach ndéantar foráil leo do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna dlíthiúla áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh i gcrích, eadhon forálacha náisiúnta lena bhféadfaí rialacha sonracha maidir le dliteanas an trádálaí i leith fabhtanna folaithe a leagan síos.
Níor cheart ach oiread go ndéanfadh an Treoir seo difear do dhlíthe náisiúnta lena ndéantar foráil do leigheasanna neamhchonarthacha an tomhaltóra i gcás ina mbeidh neamhchomhréireacht ann i leith an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcoinne daoine ag céimeanna roimhe sin i bpróiseas na n-idirbheart, nó daoine eile a chomhlíonann oibleagáidí na ndaoine sin.
- = -
(18) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a sholáthraíonn an trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann seirbhís dhigiteach a sholáthar dó nó di.
Is féidir soláthraithe ardán a mheas a bheith ina dtrádálaithe faoin Treoir seo má bhíonn siad ag gníomhú chun críocha a bhaineann lena ngnó féin agus mar pháirtí conarthach díreach an tomhaltóra le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar.
Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor cur i bhfeidhm na Treorach seo a leathnú le go gcumhdófaí soláthraithe ardán nach gcomhlíonann na ceanglais le go measfar iad a bheith ina dtrádálaí faoin Treoir seo.
- = -
(35) Tá an cleachtas tráchtála maidir le tairiscintí ar ábhar digiteach nó ar sheirbhísí digiteacha a chuachadh le hearraí nó le seirbhísí eile a sholáthar faoi réir Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) maidir le cleachtais tráchtála éagóracha den chineál gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach.
Ní chuirtear toirmeasc ar an gcuachadh sin faoi Threoir 2005/29/CE.
Déantar toirmeasc air sin, áfach, i gcás ina meastar é sin a bheith éagórach, tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh de bhun na gcritéar a leagtar síos sa Treoir sin.
Ceadaítear le dlíthe an Aontais maidir le hiomaíocht aghaidh a thabhairt ar chleachtais ‘glac le gach táirge’ agus le cleachtais chuachta, nuair a dhéanann siad difear don phróiseas iomaíoch agus nuair a dhéanann siad díobháil do thomhaltóirí.
- = -
(51) Cuirtear roinnt mhaith cineálacha ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha ar fáil go leanúnach thar tréimhse ama, amhail rochtain ar néalsheirbhísí.
Is gá a áirithiú, dá bhrí sin, go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir ar feadh shaolré an chonartha.
Ba cheart déileáil le bristí gearrthéarmacha ar sholáthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití mar chásanna ina bhfuil easpa comhréireachta ann i gcás ina mbíonn na bristí sin níos tromchúisí ná diomaibhseach nó ina dtarlaíonn siad arís is arís eile.
Thairis sin, i bhfianaise an fheabhais a chuirtear ar an ábhar digiteach agus ar na seirbhísí digiteacha go minic, go háirithe trí nuashonruithe a dhéanamh, ba cheart gurb é an leagan is deireanaí atá ar fáil tráth a dtugtar an conradh i gcrích, an leagan den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach a sholáthraítear don tomhaltóir, mura bhfuil a mhalairt comhaontaithe ag na páirtithe.
- = -
(52) Ní mór an t-ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha a chomhtháthú i gceart i dtimpeallacht crua-earraí agus bogearraí an tomhaltóra chun go n-oibreoidh sé i gceart.
Maidir le heaspa comhréireachta na n-ábhar digiteach nó na seirbhíse digití, a eascraíonn as comhtháthú mícheart, ba cheart é sin a mheas mar easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití í féin, i gcás ina ndearna an trádálaí é nó í a chomhtháthú nó faoina rialú, nó ina ndearna an tomhaltóir é nó í a chomhtháthú tar éis threoracha an trádálaí maidir le comhtháthú agus gur i ngeall ar easnaimh sna treoracha suiteála riachtanacha, amhail neamhiomláine nó easpa soiléireachta i ndáil leis na treoracha comhtháthaithe a bheadh mar thoradh air sin go mbeadh siad deacair le húsáid ag an gnáth-thomhaltóir.
- = -
(56) Is féidir ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí trí aon ghníomh soláthair amháin, i gcás go ndéanann tomhaltóirí ríomhleabhar a íoslódáil agus go ndéanann siad í a stóráil ar a ngléas pearsanta.
Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh sraith de ghníomhartha aonair den sórt sin a bheith sa soláthar, mar shampla i gcás ina bhfaigheann tomhaltóirí nasc chun ríomhleabhar nua a íoslódáil gach seachtain.
Is é an ghné shainiúil den chatagóir ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití sin ná go bhféadfaidh tomhaltóirí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a rochtain agus a úsáid ar feadh tréimhse éiginnte.
Sna cásanna sin, ba cheart comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a mheasúnú tráth an tsoláthair, agus, dá bhrí sin, níor cheart an trádálaí a chur faoi dhliteanas ach i leith aon easpa comhréireachta arb ann dó tráth a dtarlaíonn an gníomh soláthair aonair nó gach gníomh aonair soláthair.
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart go mbeadh trádálaithe agus tomhaltóirí in ann brath ar thréimhse chomhchuibhithe íosta ar lena linn ba cheart an trádálaí a chur faoi dhliteanas i leith easpa comhréireachta.
Maidir le conarthaí ina ndéantar foráil do ghníomh soláthair amháin nó do shraith gníomhartha soláthair i ndáil le hábhar digiteach nó i ndáil le seirbhís dhigiteach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an trádálaí faoi dhliteanas go ceann 2 bhliain ar a laghad ó thráth a soláthair más rud é, faoina ndlí náisiúnta faoi seach, nach mbeidh an trádálaí faoi dhliteanas ach amháin i leith aon easpa comhréireachta a thagann chun solais laistigh de thréimhse ama tar éis an tsoláthair.
- = -
(64) I bhfianaise éagsúlacht na n-ábhar digiteach agus na seirbhísí digiteacha, ní hiomchuí sprioc-amanna socraithe a leagan síos chun cearta a fheidhmiú ná chun oibleagáidí a bhaineann leis an ábhar digiteach sin nó leis na seirbhísí digiteacha a chomhlíonadh.
Ní léireodh na spriocdhátaí sin an éagsúlacht sin agus d’fhéadfadh siad a bheith róghearr nó rófhada, ag brath ar an gcás.
Dá bhrí sin, tá sé níos iomchuí a cheangal go dtabharfar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha chun comhréireachta laistigh de thréimhse réasúnach ama.
Níor cheart go gcuirfeadh an ceanglas sin cosc ar na páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse shonrach chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta.
Ba cheart an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta saor in aisce.
Go háirithe, níor cheart don tomhaltóir aon chostais a thabhú a bhaineann le forbairt a dhéanamh ar nuashonrú le haghaidh an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
- = -
(74) Leis an Treoir seo, ba cheart aghaidh a thabhairt ar mhodhnuithe, amhail nuashonruithe agus uasghráduithe, arna ndéanamh ag trádálaithe ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach a sholáthraítear nó lena dtugtar rochtain don tomhaltóir thar thréimhse ama.
I bhfianaise gné shíorathraitheach na n-ábhar digiteach agus na seirbhísí digiteacha, d’fhéadfadh go mbeadh gá le nuashonruithe, uasghráduithe nó modhnuithe dá samhail, nó d’fhéadfadh sé a bheith ina bhuntáiste don tomhaltóir.
Maidir le roinnt modhnuithe, mar shampla iad atá liostaithe mar mhodhnuithe sa chonradh, féadfaidh siad a bheith mar chuid den ghealltanas conarthach.
Féadfaidh modhnuithe eile a bheith ag teastáil chun na ceanglais oibiachtúla a chomhlíonadh maidir le comhréireacht na n-ábhar digiteach nó na seirbhíse digití mar a leagtar amach sa Treoir seo.
Maidir le modhnuithe eile, áfach, a d’imeodh ó na ceanglais oibiachtúla maidir le comhréireacht agus a bhféadfaí a bheith ag súil leo tráth a dtabharfar an conradh i gcrích, bheadh comhaontú sainráite an tomhaltóra de dhíth agus an conradh á thabhairt i gcrích acu.
- = -
(75) De bhreis ar na modhnuithe arb é is aidhm dóibh comhréireacht a choinneáil ar bun, ba cheart cead a bheith ag an trádálaí, faoi choinníollacha áirithe, gnéithe den ábhar digiteach nó de na seirbhísí digiteacha a mhodhnú ar choinníoll go bhfuil cúis bhailí leis an modhnú sin tugtha sa chonradh.
Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na cúiseanna bailí sin cásanna ina bhfuil gá leis an modhnú chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a chur in oiriúint do thimpeallacht theicniúil nua nó do líon méadaithe úsáideoirí nó ar chúiseanna tábhachtacha oibríochtúla eile.
Is minic a théann na modhnuithe sin chun tairbhe an tomhaltóra toisc go gcuireann siad feabhas ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach.
Dá réir sin, ba cheart go mbeadh páirtithe sa chonradh in ann clásail a chur sa chonradh lena gceadófaí don trádálaí modhnuithe a ghabháil de láimh.
Chun cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna tomhaltóirí agus gnó, ba cheart go mbeadh an deis ag an trádálaí an conradh a fhoirceannadh mar aon le ceart don tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i gcás go mbeidh tionchar diúltach nach beag ag na modhnuithe sin ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
A mhéid a bheidh tionchar diúltach ag na modhnuithe sin ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an tomhaltóir, ba cheart é sin a fhionnadh go hoibiachtúil ag féachaint do chineál agus cuspóir an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus do cháilíocht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus gnéithe tábhachtacha eile ar gnáthghnéithe d’ábhar digiteach nó de sheirbhís dhigiteach den chineál céanna iad.
Mar sin féin, maidir leis na rialacha dá bhforáiltear sa Treoir seo a bhaineann le nuashonruithe, uasghráduithe nó modhnuithe comhchosúla, níor cheart go mbeadh baint acu le cásanna ina ndéanfaidh na páirtithe conradh nua a thabhairt i gcrích chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar, mar shampla de dhroim leagan nua den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach a dháileadh.
- = -