(7) Le rialacha comhchuibhithe do thomhaltóirí i ngach Ballstát i dtaca le dlí na gconarthaí, d’fhéadfadh gnólachtaí, go háirithe FMBanna, ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar ar fud an Aontais ar bhealach níos éasca.
Leis na rialacha sin, sholáthrófaí do ghnólachtaí timpeallacht a bheidh cobhsaí ó thaobh dhlí na gconarthaí agus ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha á soláthar sna Ballstáit eile.
Leis na rialacha sin, chuirfí cosc freisin ar ilroinnt dlí a d’eascródh as reachtaíocht náisiúnta nua lena rialófaí go sonrach ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha.
- = -
(8) Ba cheart do thomhaltóirí leas a bhaint as cearta comhchuibhithe chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar a chuireann leibhéal ard cosanta ar fáil.
Ba cheart go mbeadh cearta éigeantacha soiléire acu nuair a gheobhaidh siad ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha ó aon áit san Aontas.
Na cearta sin a bheith acu, ba cheart go méadódh sé an mhuinín atá acu ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a fháil.
Ba cheart freisin go rannchuideodh sé leis an díobháil a dhéantar do chustaiméirí faoi láthair a laghdú, toisc go mbeadh sraith shoiléir de chearta ann a chuirfidh ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhíonn acu maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha.
- = -
(15) Ba cheart freisin go mbeadh sé na Ballstáit fós saor, mar shampla, rialáil a dhéanamh ar chearta páirtithe comhlíonadh a gcuid oibleagáidí nó cuid díobh a choinneáil siar go dtí go ndéanfaidh an páirtí eile a oibleagáidí a chomhlíonadh.
Mar shampla, ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit rialáil a dhéanamh i dtaobh an bhfuil tomhaltóir, i gcásanna easpa comhréireachta, le bheith i dteideal íocaíocht an phraghais nó cuid de a choinneáil siar go dtí go ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta, nó i dtaobh an bhfuil an trádálaí le bheith i dteideal aon aisíocaíocht atá dlite don tomhaltóir ar an gconradh a fhoirceannadh go dtí go mbeidh an oibleagáid dá bhforáiltear sa Treoir seo an meán inláimhsithe a thabhairt ar ais don trádálaí á comhlíonadh ag an tomhaltóir.
- = -
(16) Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag an Ballstáit freisin cur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo a leathnú le go gcumhdófaí conarthaí a eisítear ó raon feidhme na Treorach, nó na conarthaí sin a rialáil ar shlí eile.
Mar shampla, ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor an chosaint a thugtar do thomhaltóirí leis an Treoir seo a leathnú le go gcuimseofaí daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha nach tomhaltóirí iad de réir bhrí na Treorach seo, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, gnólachtaí nuathionscanta nó FBManna.
- = -
(17) Ba cheart go dtiocfadh daoine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu lena dtrádáil, lena ngnó, lena gceird ná lena ngairm faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar thomhaltóir.
Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit freisin, i gcás conarthaí a bhfuil dhá fheidhm acu ina gcuirtear an conradh i gcrích chun críocha atá go páirteach laistigh agus lasmuigh de thrádáil an duine agus i gcás go bhfuil an chríoch thrádála chomh teoranta sin nach í is mó atá i gceist i gcomhthéacs iomlán an tsoláthair, a bheith fós saor a chinneadh ar cheart an duine sin a mheas mar thomhaltóir freisin agus cad iad na coinníollacha faoinar cheart an duine sin a mheas amhlaidh.
- = -
(20) Ba cheart go gcuirfeadh an Treoir seo agus Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena chéile.
Cé go leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar, leagtar síos leis an Treoir (AE) 2019/771 ceanglais áirithe maidir le conarthaí le haghaidh díolacháin earraí.
Dá réir sin, chun ionchais na tomhaltóirí a chomhlíonadh agus chun creat dlíthiúil soiléir agus simplí le haghaidh trádálaithe an ábhair dhigitigh a áirithiú, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le hábhar digiteach arna soláthar ar mheán inláimhsithe, amhail DVDanna, CDanna, méaróga cuimhne agus cártaí cuimhne, chomh maith leis an meán inláimhsithe féin, ar choinníoll go bhfónann an meán inláimhsithe go heisiach mar iompróir an ábhair dhigitigh.
Mar sin féin, ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir leis na hoibleagáidí a bhaineann le seachadadh earraí agus na leigheasanna i gcás mainneachtain soláthair in ionad fhorálacha na Treorach seo maidir le hoibleagáid soláthair an trádálaí agus maidir le leigheasanna an tomhaltóra i gcás mainneachtain soláthair.
Ina theannta sin, ba cheart go leanfadh forálacha Threoir 2011/83/AE, maidir leis an gceart tarraingt siar agus cineál an chonartha faoina ndéantar na hearraí sin a sholáthar, mar shampla, d’fheidhm a bheith acu freisin maidir leis na meáin inláimhsithe sin agus leis an ábhar digiteach arna sholáthar iontu.
Tá an Treoir seo gan dochar don cheart dáileacháin is infheidhme i leith na n-earraí sin faoi dhlí an chóipchirt.
- = -
(21) Ba cheart go mbeadh feidhm ag Treoir (AE) 2019/771 maidir le conarthaí le haghaidh díolacháin earraí, lena n-áirítear earraí a bhfuil gnéithe digiteacha acu.
Ba cheart don choincheap “earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha” tagairt d’earraí lena n-ionchorpraítear nó a bhíonn idirnasctha le hábhar digiteach nó le seirbhís dhigiteach sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar a bhfeidhmeanna a bheith á gcomhlíonadh ag na hearraí; Ba cheart go dtiocfadh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a ionchorpraítear in earraí nó atá idirnasctha le hearraí ar an mbealach sin faoi raon na Treorach (AE) 2019/771 más rud é go ndéantar na hearraí a chur ar fáil dóibh faoi chonradh díolacháin a bhaineann leis na hearraí sin.
Cibé acu an cuid den chonradh díolacháin soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe nó idirnasctha nó nach ea, ba cheart go mbraithfeadh sé sin ar ábhar an chonartha seo.
Ba cheart a áireamh air sin, ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá ionchorpraithe nó idirnasctha a cheanglaítear a soláthar go sainráite sa chonradh.
Ba cheart a bheith san áireamh ann freisin na conarthaí díolacháin sin ar féidir a thuiscint ina leith go gcumhdaítear leo soláthar ábhair dhigitigh shonraigh nó seirbhíse digití sonraí, toisc gur gnáthearraí den chineál céanna iad agus go bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún leis an méid sin i bhfianaise chineál na n-earraí, agus aon ráiteas poiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile nó thar a gceann i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear ag an táirgeoir, á chur san áireamh.
Más rud é, mar shampla, go ndéanfaí teilifís chliste a fhógairt, agus á rá go n-áirítear léi fís-fheidhmchlár, bheadh an fhís-fheidhmchlár sin mar chuid den chonradh díolacháin.
Tá feidhm aige sin is cuma cé acu atá an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach réamhshuiteáilte san earra féin nó is gá é nó í a íoslódáil ina dhiaidh sin ar fheiste eile agus gan é ach a bheith idirnasctha leis an earra.
- = -
(23) Úsáideann tomhaltóirí léirithe digiteacha ar luach amhail dearbháin leictreonacha nó ríomhchúpóin chun íoc as earraí éagsúla nó as seirbhísí sa mhargadh aonair digiteach.
Tá léirithe digiteacha den sórt sin ag éirí tábhachtach maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha, agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a mheas mar mhodh íocaíochta de réir bhrí na Treorach seo.
Ba cheart a thuiscint go n-áirítear i léirithe digiteacha ar luach freisin airgeadraí fíorúla, sa mhéid a aithnítear iad faoin dlí náisiúnta.
D’fhéadfadh difreáil, ag brath ar na modhanna íocaíochta, a bheith ina cúis le hidirdhealú agus dreasacht nach bhfuil údar leis nó léi a chur ar fáil do ghnólachtaí bogadh i dtreo ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar in aghaidh léirithe digiteacha ar luach.
Mar sin féin, toisc nach bhfuil aon fheidhm eile ag gabháil le léirithe digiteacha ar luach ach amháin chun críche freastal mar mhodh íocaíochta, níor cheart iad a mheas mar ábhar digiteach nó mar sheirbhís dhigiteach de réir bhrí na Treorach seo.
- = -
(26) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach a fhorbairt arna shaincheapadh in oiriúint do riachtanais shonracha an tomhaltóra lena n-áirítear bogearraí saincheaptha.
Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le comhaid leictreonacha a sholáthar is gá i gcomhthéacs earraí 3D a phriontáil, sa mhéid a thagann na comhaid sin faoin sainmhíniú ar ábhar digiteach nó ar sheirbhísí digiteacha de réir bhrí na Treorach seo.
Mar sin féin, leis an Treoir seo, níor cheart go ndéanfaí rialáil ar aon chearta ná oibleagáidí a bhaineann le hearraí a tháirgtear trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht phriontála 3D.
- = -
(28) Tá an margadh do sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, ar seirbhísí iad nach nascann le hacmhainní uimhrithe a shanntar go poiblí, ag forbairt go mear.
Le blianta beaga anuas, tá níos mó tomhaltóirí ag baint úsáid as na seirbhísí sin a bhuí le teacht chun cinn seirbhísí digiteacha nua lenar féidir cumarsáid idirphearsanta a dhéanamh trí mhéan an idirlín, amhail seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe agus seirbhísí teachtaireachtaí ar líne.
Ar na cúiseanna sin, is gá cosaint éifeachtach do thomhaltóirí a sholáthar maidir leis na seirbhísí sin.
Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir.
- = -
(29) Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le cúram sláinte a shainmhínítear i dTreoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).
Ba cheart feidhm a bheith ag eisiamh “cúram sláinte” freisin ó raon feidhme na Treorach seo maidir le haon ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach arb ionann é nó í agus feiste leighis, mar a shainmhínítear i dTreoir 93/42/CEE (6) nó 90/385/CEE (7) ón gComhairle nó le Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), i gcás ina n-ordaíonn nó ina soláthraíonn gairmí sláinte feiste leighis mar a shainmhínítear i dTreoir 2011/24/AE.
Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le haon ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach arb ionann é nó í agus feiste leighis, amhail feidhmchláir sláinte, ar féidir leis an tomhaltóir iad a fháil gan gairmí sláintiúil iad a ordú nó a sholáthar.
- = -
(30) Is iomaí riail maidir le cosaint tomhaltóirí atá i ndlí an Aontais a bhaineann le seirbhísí airgeadais.
Le seirbhísí airgeadais mar a shainítear sa dlí is infheidhme san earnáil sin, go háirithe i dTreoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle (9), cumhdaítear freisin ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a bhaineann le seirbhísí airgeadais, nó lena dtugtar rochtain ar sheirbhísí airgeadais, agus, dá bhrí sin, cumhdaítear iad trí chosaint ó dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais.
Ba cheart conarthaí a bhaineann le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha arb ionann iad agus seirbhís airgeadais a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo.
- = -
(36) Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do dhlí eile an Aontais lena rialaítear earnáil nó ábhar ar leith amhail teileachumarsáid, ríomhthráchtáil agus cosaint tomhaltóirí.
Ba cheart go mbeadh sé gan dochar freisin do dhlíthe an Aontais agus do dhlíthe náisiúnta maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n-áirítear inaistritheacht seirbhísí ábhair ar líne.
- = -
(38) Níor cheart na coinníollacha maidir le próiseáil dhleathach sonraí a rialáil leis an Treoir seo toisc go ndéantar an cheist sin a rialáil, go háirithe le Rialachán (AE) 2016/679.
Mar thoradh air sin, níl aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i ndáil le conradh a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo dleathach ach amháin má tá sí i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2016/679 a bhaineann leis na forais dhlíthiúla i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil.
Beidh feidhm ag forálacha sonracha Rialachán (AE) 2016/679 lena n-áirítear na cinn maidir leis na coinníollacha chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu a thugtar nó nach dtugtar toiliú faoi shaoirse nuair a bhunaítear próiseáil sonraí pearsanta ar thoiliú, go háirithe de bhun phointe (a) d’Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679.
Níor cheart go rialófaí leis an Treoir seo bailíocht an toilithe a thugtar.
Tá cearta cuimsitheacha maidir le léirscriosadh sonraí agus iniomparthacht sonraí i Rialachán (AE) 2016/679 freisin.
Ba cheart an Treoir seo gan a bheith dochar do na cearta sin, a mbeidh feidhm acu maidir le haon sonraí pearsanta a sholáthróidh an tomhaltóir don trádálaí nó le haon sonraí a bhaileoidh an trádálaí i ndáil le haon chonradh a thitfidh faoi raon feidhme na Treorach seo, agus tráth a ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir leis an Treoir seo.
- = -
(42) Leis an ábhar digiteach nó don tseirbhís dhigiteach, ba cheart na ceanglais a comhaontaíodh idir an trádálaí agus an tomhaltóir sa chonradh a chomhlíonadh.
Ba cheart go gcomhlíonfaí leis, go háirithe, an cur síos, an chainníocht (líon na gcomhad ceoil ar féidir rochtain a fháil orthu mar shampla), an cháilíocht (an taifeach mar shampla), teanga agus an leagan a comhaontaíodh sa chonradh.
Ba cheart go n-áiritheofaí leis freisin an tslándáil, an fheidhmiúlacht, an chomhoiriúnacht, an idir-inoibritheacht agus gnéithe eile, mar a cheanglaítear leis an gconradh.
Ba cheart go n-áireofaí ar cheanglais an chonartha na cinn sin atá ann mar thoradh ar an bhfaisnéis réamhchonarthach atá ina dlúthchuid den chonradh i gcomhréir le Treoir 2011/83/AE.
D’fhéadfaí na ceanglais sin a leagan amach freisin i gcomhaontú leibhéal seirbhíse, i gcás, faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ina mbeidh comhaontú den sórt sin ina chuid den chaidreamh conarthach idir an tomhaltóir agus an trádálaí faoin dlí náisiúnta is infheidhme.
- = -
(45) Chun bheith i gcomhréir agus chun a áirithiú nach ndéantar a gcearta a bhaint de thomhaltóirí, i gcásanna ina socraítear leis an gconradh caighdeáin an-íseal, ní hamháin gur cheart don ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach na ceanglais shuibiachtúla maidir le comhréireacht a chomhlíonadh, ach ba cheart dó na ceanglais oibiachtúla maidir le comhréireacht a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh chomh maith.
Ba cheart an chomhréireacht a mheasúnú inter alia i bhfianaise an chuspóra dá n-úsáidtear an t-ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha de ghnáth a mheas.
Ba cheart freisin go mbeadh na cáilíochtaí agus na gnéithe feidhmíochta aige ar gnách iad a bheith ann d’ábhar digiteach nó i seirbhísí digiteacha den chineál ceánna ar féidir tomhaltóirí a bheith ag súil le réasún, i bhfianaise chineál an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, agus aon ráitis phoiblí maidir le saintréithe an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna ndéanamh ag an trádálaí nó ag an táirgeoir nó ar son an trádálaí nó ar son daoine eile i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart á gcur san áireamh.
- = -
(48) Ba cheart feidhm iomlán a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 nó ag aon dlí eile um chosaint sonraí de chuid an Aontais maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i dtaca le haon chonradh a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.
Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh an Treoir seo gan dochar do na cearta, na hoibleagáidí agus na leigheasanna neamhchonarthacha dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2016/679.
Maidir le fíorais as a dtiocfaidh easpa comhlíonta maidir le ceanglais dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear croíphrionsabail amhail ceanglais maidir le híoslaghdú sonraí, cosaint sonraí trí dhearadh agus cosaint sonraí mar réamhshocrú, féadfar, ag brath ar imthosca an cháis, a mheas freisin gurb ionann iad agus easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití le ceanglais shuibiachtúla nó oibiachtúla chomhréireachta dá bhforáiltear sa Treoir seo.
Is sampla amháin a d’fhéadfadh a bheith ann ná cásanna ina ndéanfaidh trádálaí oibleagáid sa chonradh a ghlacadh go sainráite, nó inar féidir an conradh a léirthuiscint ar an mbealach sin, ar catagóir í a bhaineann freisin le hoibleagáidí an trádálaí faoi Rialachán (AE) 2016/679.
Sa chás sin, is féidir gealltanas conarthach den sórt sin a bheith mar chuid de na ceanglais chomhréireachta shuibiachtúla.
Is é an dara shampla de chásanna a d’fhéadfadh a bheith ann ná cásanna inar féidir le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 a fhágáil ag an am céanna, go mbeadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mí-oiriúnach don fheidhm ar beartaíodh é nó í ina leith agus, dá bhrí sin, gurb ionann é agus easpa comhréireachta leis an gceanglas oibiachtúil le haghaidh comhréireachta lena gceanglaítear go mbeadh an t-ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach oiriúnach do na feidhmeanna céanna a mbainfí úsáid de ghnáth as ábhar digiteach nó seirbhís lena n-aghaidh.
- = -
(67) I gcás ina soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mar mhalairt ar phraghas a íoc, níor cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh ach amháin mura bhfuil mioneaspa comhréireachta i gceist.
Mar sin féin, i gcás nach soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigitigh mar mhalairt ar phraghas a íoc ach gur ar bhonn na sonraí pearsanta arna soláthar ag an tomhaltóir, ba cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh freisin i gcásanna ina bhfuil mioneaspa comhréireachta i gceist, ós rud é nach bhfuil an leigheas ar laghdú sa phraghas ar fáil don tomhaltóir.
I gcásanna ina ndéanfaidh an tomhaltóir praghas a íoc agus sonraí pearsanta a sholáthar, ba cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal na leigheasanna go léir atá ar fáil i gcás easpa comhréireachta.
Go háirithe, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha eile go léir, ba cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal go gcuirfí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir, laghdú praghais a fháil i ndáil leis an airgead a íocadh as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, nó go ndéanfaí an conradh a fhoirceannadh.
- = -
(69) I gcás ina gcuirfidh tomhaltóir sonraí pearsanta ar fáil don trádálaí, ba cheart don trádálaí na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh.
Ba cheart na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh freisin i gcásanna ina n-íocfaidh an tomhaltóir praghas agus ina soláthróidh sé sonraí pearsanta.
Nuair a dhéantar an conradh a fhoirceannadh, ba cheart don trádálaí staonadh ó aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a rinne an tomhaltóir a sholáthar nó a chruthú agus úsáid á baint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach arna soláthar ag an trádálaí.
D’fhéadfadh íomhánna digiteacha, físeáin agus closchomhaid agus ábhar a cruthaíodh ar ghléasanna móibíleacha a bheith san áireamh leis an ábhar sin.
Mar sin féin, ba cheart don trádálaí a bheith i dteideal leanúint leis an ábhar arna sholáthar nó arna chruthú ag an tomhaltóir a úsáid sna cásanna nach bhfuil fóntas ar bith ag an ábhar sin lasmuigh de chomhthéacs na n-ábhar digiteach nó na seirbhíse digití arna soláthar ag an trádálaí, go mbaineann an t-ábhar sin le gníomhaíocht an tomhaltóra, go ndearnadh é a chomhiomlánú le sonraí eile an trádálaí agus nach féidir é a dhí-chomhiomlánú nó nach féidir é a dhí-chomhiomlánú ach le hiarrachtaí díréireacha amháin, nó go ndearna an tomhaltóir agus daoine eile é a ghiniúint i gcomhpháirt, agus go mbeidh tomhaltóirí eile in ann leanúint d’úsáid a bhaint as.
- = -
(71) Ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal an t-ábhar a aisghabháil laistigh de thréimhse réasúnach ama, gan bhac ón trádálaí, i bhformáid meaisín-inléite a úsáidtear go minic agus saor in aisce, cé is moite de chostais arna nginiúint ag timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra féin, mar shampla costais cheangail líonra toisc nach bhfuil na costais sin nasctha go sonrach le haisghabháil an ábhair.
Mar sin féin, níor cheart go mbeadh feidhm ag oibleagáid an trádálaí maidir leis an ábhar sin a chur ar fáil i gcás nach mbeidh feidhm ag an ábhar ach amháin i gcomhthéacs úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, nó i gcás nach bhfuil baint aige le gníomhaíocht an tomhaltóra ach amháin nuair a bhíonn ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach á úsáid aige, nó i gcás ina ndearnadh an trádálaí é a chomhiomlánú le sonraí eile, agus nach féidir an t-ábhar sin a dhíchomhiomlánú nó nach féidir é a dhí-chomhiomlánú ach le hiarrachtaí díréireacha amháin.
Sna cásanna sin níl úsáid shuntasach phraiticiúil ná leas don tomhaltóir ag baint leis an ábhar, agus leasanna an trádálaí á gcur san áireamh freisin ag an am céanna.
Thairis sin, maidir le hoibleagáid an trádálaí a chur ar fáil don tomhaltóir, ar fhoirceannadh an chonartha, aon ábhar nach sonraí pearsanta é agus atá soláthraithe nó cruthaithe ag an tomhaltóir, ba cheart í a bheith gan dochar do cheart an trádálaí gan ábhar áirithe a nochtadh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.
- = -
(86) Ós rud é, maidir le cuspóirí na Treorach seo, eadhon rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí dhul i ngleic ar bhealach comhsheasmhach le bacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití agus, ag an am céanna, cosc a chur ar ilroinnt dlí, nach féidir leis na Ballstáit iad a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr cúiseanna maidir le comhleanúnachas foriomlán na ndlíthe náisiúnta a áirithiú lena n-éascófaí freisin gníomhaíochtaí comhordaithe forfheidhmithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
- = -