(11) Mar a leagtar síos in Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) 2017/2394, nuair a bhíonn pionóis á bhforchur, ba cheart aird chuí a thabhairt, de réir mar is iomchuí, ar nádúr, tromchúis agus ré an tsáraithe atá i gceist.
Ba cheart forchur na bpionós a bheith comhréireach agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n‐áirítear na coimircí nós imeachta is infheidhme agus prionsabail na Cairte.
Ar deireadh, ba cheart na pionóis a fhorchuirtear a bheith iomchuí do nádúr agus do dhíobháil iarbhír nó ionchasach fhoriomlán an tsáraithe i leith dhlíthe an Aontais a thugann cosaint do leasanna tomhaltóirí.
Tá an chumhacht chun pionóis a fhorchur le feidhmiú go díreach ag údaráis inniúla faoina n‐údarás féin, nó, i gcás inarb iomchuí, trí dhul ar iontaoibh údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile, nó trí threoir a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe, más infheidhme, nó trí iarratas a dhéanamh chuig cúirteanna atá inniúil chun an cinneadh is gá a dheonú, lena n‐áirítear, más iomchuí, trí achomharc a dhéanamh, mura n‐éireoidh leis an iarratas ar an gcinneadh a dheonú.
- = -
(14) Ba cheart rialacha maidir le pionóis a áireamh i dTreoir 93/13/CEE d’fhonn a héifeacht dhíspreagthach a neartú.
Táa ntsaoirse ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an nós imeachta riaracháin nó breithiúnach chun pionóis a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar an Treoir sin.
Go háirithe, d’fhéadfadh údaráis riaracháin nó cúirteanna náisiúnta pionóis a fhorchur agus cineál éagórach na dtéarmaí conarthacha á shuíomh acu, lena n‐áirítear ar bhonn imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh ag údarás riaracháin.
D’fhéadfadh údaráis riaracháin nó cúirteanna náisiúnta na pionóis a fhorchur freisin nuair a úsáideann an díoltóir nó an soláthraí téarmaí conarthacha a shainítear go sainráite mar théarmaí éagóracha i ngach imthoisc sa dlí náisiúnta, agus nuair a úsáideann an díoltóir nó an soláthraí téarmaí conarthacha a fuarthas éagórach trí chinneadh ceangailteach críochnaitheach.
D’fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil sé de cheart ag údaráis riaracháin freisin cineál éagórach na dtéarma conarthach a shuíomh.
D’fhéadfadh údaráis riaracháin nó cúirteanna náisiúnta pionós a fhorchur freisin tríd an gcinneadh céanna faoinar suíodh cineál éagórach na dtéarmaí conarthacha.
D’fhéadfadh na Ballstáit freisin na sásraí comhordúcháin iomchuí a leagan síos le haghaidh aon ghníomhaíochtaí ar leibhéal náisiúntamaidir le sásamh agus pionóis aonair.
- = -
(27) Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cé acu is trádálaí nó neamhthrádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí do na soláthraithe sin.
I gcás ina ndéanann an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige a stádas mar neamhthrádálaí a dhearbhú, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ráiteas gearr a sholáthar á chur in iúl nach bhfuil feidhm ag na cearta tomhaltóirí a thagann ó dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí maidir leis an gconradh arna chur i gcrích.
Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin gcaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir tríú páirtithe a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint acu agus soláthraithe margaí ar líne.
Ba cheart an fhaisnéis a sholáthair ar bhealach soiléir agus sothuigthe agus ní leor í a sholáthair faoi na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha nó i ndoiciméid chonarthacha den chineál céanna.
Ba cheart na ceanglais faisnéise ar sholáthraithe margaí ar líne a bheith comhréireach.
Is gá do na ceanglais sin cothromaíocht a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus iomaíochas na soláthraithe margaí ar líne.
Níor cheart ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne cearta sonracha tomhaltóirí a liostú le linn dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina n‐infheidhmeacht.
Ní dochar an méid sin do na ceanglais maidir le faisnéis do thomhaltóirí dá bhforáiltear i dTreoir 2011/83/AE, agus go háirithe in Airteagal 6(1) den Treoir sin.
Maidir leis an bhfaisnéis a thabharfar faoin bhfreagracht as cearta tomhaltóirí a áirithiú, beidh sí de réir na socruithe conarthacha idir soláthraithe margaí ar líne agus na trádálaithe ábhartha tríú páirtí.
D’fhéadfadh soláthraí an mhargaidh ar líne a léiriú go bhfuil tríú páirtí mar an t‐aon duine amháin atá freagrach as cearta tomhaltóirí a áirithiú, nó d’fhéadfadh sé cur síos a dhéanamh ar a fhreagrachtaí sonracha féin i gcás ina nglacann sé freagracht as gnéithe áirithe den chonradh, mar shampla seachadadh nó feidhmiú an chirt tarraingt siar.
- = -
(32) Ba cheart comhsheasmhacht a áirithiú idir raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir 2011/83/AE agus Threoir (AE) 2019/770, rud a bhfuil feidhm aige maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar ar faoina mbun a thugann an tomhaltóir nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a thabhairt don trádálaí.
- = -
(33) Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme Threoir 2011/83/AE a leathnú chun go gcumhdófaí léi freisin conarthaí ar faoina mbun a sholáthraíonn trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé seirbhís dhigiteach a sholáthar dó, agus ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta nó ina ngeallann sé sonraí pearsanta a thabhairt.
Cosúil le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir sin i gcás ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó ina ngeallann an tomhaltóir sonraí pearsanta a thabhairt dó, ach amháin i gcás ina ndéanann an trádálaí na sonraí pearsanta a thug an tomhaltóir a phróiseáil go heisiach chun an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar agus i gcás nach ndéanann an trádálaí na sonraí sin a phróiseáil chun aon chríche eile ann.
Ba cheart Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) a chomhlíonadh agus aon sonraí pearsanta á bpróiseáil.
- = -
(34) Chun ailíniú iomlán le Treoir (AE) 2019/770 a áirithiú, i gcás nach soláthraítear ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha mar mhalairt ar phraghas, níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2011/83/AE ach oiread maidir le staideanna ina mbailíonn an trádálaí sonraí pearsanta chun críche ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh, a bhfuil an trádálaí faoina réir, agus chun na críche sin amháin.
Ar chásanna den sórt sin, is féidir a áireamh, mar shampla, cásanna ina gceanglófar an tomhaltóir a chlárú leis na dlíthe is infheidhme chun críocha slándála agus sainaithint a dhéanamh.
- = -
(44) Sonraítear in Airteagal 14(4) de Threoir 2011/83/AE na coinníollacha, i gcás ina bhfeidhmeofar an ceart tarraingt siar, faoina mbeidh an tomhaltóir saor ón gcostas i leith seirbhísí a chomhlíonadh, fóntais phoiblí a sholáthar agus ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar.
I gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha sin, ní cheanglófar ar an tomhaltóir íoc as an tseirbhís, as na fóntais phoiblí ná as an ábhar digiteach a fuarthas sular feidhmíodh an ceart tarraingt siar.
Maidir le hábhar digiteach, ar na coinníollacha neamhcharnacha sin, eadhon faoi phointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4), tá an mhainneachtain daingniú a sholáthair maidir leis an gconradh arna thabhairt i gcrích, lena n‐áirítear deimhniú go bhfuarthas réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra le comhlíonadh an chonartha a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag agus gur admhaigh sé go gcaillfí an ceart tarraingt siar dá bharr sin.
Mar sin féin, ní áirítear an coinníoll sin ar na coinníollacha faoina gcaillfí an ceart tarraingt siar i bpointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 den Treoir sin, rud a chruthaíonn éiginnteacht maidir leis an bhféidearthacht atá ann do thomhaltóirí pointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4) a agairt nuair a chomhlíontar an dá choinníoll eile dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 14(4) agus, dá thoradh sin go gcailltear an ceart tarraingt siar i gcomhréir le pointe (m) den chéad mhír d’Airteagal 16.
Ba cheart, dá bhrí sin, an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4) a chur le pointe (m) den chéad mhír d’Airteagal 16 chun a chur ar a chumas don tomhaltóir an ceart tarraingt siar a fheidhmiú nuair nach gcomhlíontar an coinníoll sin agus dá réir sin na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 14(4) a éileamh.
- = -
(58) Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar fhaisnéis atá cothrom le dáta faoina cearta tomhaltóra agus faoi réiteach díospóide lasmuigh den chúirt, ba cheart an pointe iontrála ar líne atá le forbairt ag an gCoimisiún, a mhéid is féidir, a bheith soláimhsithe, freagrúil do ghléasanna móibíleacha, so-rochtana agus inúsáidte ag an uile dhuine, lena n‐áirítear daoine faoi mhíchumas (“dearadh do chách”).
- = -