(4) Le Treoracha 98/6/CE (5), 2005/29/CE agus 2011/83/AE (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, áirítear ceanglais ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh na Treoracha sin.
Thairis sin, le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ceanglaítear ar na Ballstáit bearta forfheidhmithe a dhéanamh, lena n‐áirítear pionóis a fhorchur, ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus comhordaithe chun a chur faoi deara go scoirfear de sháruithe forleathana nó sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais nó go dtoirmiscfear sáruithe den sórt sin.
- = -
(11) Mar a leagtar síos in Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) 2017/2394, nuair a bhíonn pionóis á bhforchur, ba cheart aird chuí a thabhairt, de réir mar is iomchuí, ar nádúr, tromchúis agus ré an tsáraithe atá i gceist.
Ba cheart forchur na bpionós a bheith comhréireach agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n‐áirítear na coimircí nós imeachta is infheidhme agus prionsabail na Cairte.
Ar deireadh, ba cheart na pionóis a fhorchuirtear a bheith iomchuí do nádúr agus do dhíobháil iarbhír nó ionchasach fhoriomlán an tsáraithe i leith dhlíthe an Aontais a thugann cosaint do leasanna tomhaltóirí.
Tá an chumhacht chun pionóis a fhorchur le feidhmiú go díreach ag údaráis inniúla faoina n‐údarás féin, nó, i gcás inarb iomchuí, trí dhul ar iontaoibh údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile, nó trí threoir a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe, más infheidhme, nó trí iarratas a dhéanamh chuig cúirteanna atá inniúil chun an cinneadh is gá a dheonú, lena n‐áirítear, más iomchuí, trí achomharc a dhéanamh, mura n‐éireoidh leis an iarratas ar an gcinneadh a dheonú.
- = -
(14) Ba cheart rialacha maidir le pionóis a áireamh i dTreoir 93/13/CEE d’fhonn a héifeacht dhíspreagthach a neartú.
Táa ntsaoirse ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an nós imeachta riaracháin nó breithiúnach chun pionóis a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar an Treoir sin.
Go háirithe, d’fhéadfadh údaráis riaracháin nó cúirteanna náisiúnta pionóis a fhorchur agus cineál éagórach na dtéarmaí conarthacha á shuíomh acu, lena n‐áirítear ar bhonn imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh ag údarás riaracháin.
D’fhéadfadh údaráis riaracháin nó cúirteanna náisiúnta na pionóis a fhorchur freisin nuair a úsáideann an díoltóir nó an soláthraí téarmaí conarthacha a shainítear go sainráite mar théarmaí éagóracha i ngach imthoisc sa dlí náisiúnta, agus nuair a úsáideann an díoltóir nó an soláthraí téarmaí conarthacha a fuarthas éagórach trí chinneadh ceangailteach críochnaitheach.
D’fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil sé de cheart ag údaráis riaracháin freisin cineál éagórach na dtéarma conarthach a shuíomh.
D’fhéadfadh údaráis riaracháin nó cúirteanna náisiúnta pionós a fhorchur freisin tríd an gcinneadh céanna faoinar suíodh cineál éagórach na dtéarmaí conarthacha.
D’fhéadfadh na Ballstáit freisin na sásraí comhordúcháin iomchuí a leagan síos le haghaidh aon ghníomhaíochtaí ar leibhéal náisiúntamaidir le sásamh agus pionóis aonair.
- = -
(19) Baineann rangú leis an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do thairiscintí na dtrádálaithe nó don ábharthacht a thugtar do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n‐eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe seirbhísí feidhmiúlachta cuardaigh ar líne lena n‐áirítear mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as algartam lena mbaineann seicheamhú, rátáil nó sásraí athbhreithniúcháin, buaicphointí atá dírithe ar an tsúil nó uirlisí aireachtála eile, nó cónaisc díobh sin.
- = -
(20) Maidir leis sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú ionas go mbeidh sé soiléir gur cheart cleachtais a thoirmeasc ina soláthraíonn trádálaí faisnéis do thomhaltóir i bhfoirm torthaí cuardaigh mar fhreagairt ar chuardach ar líne an tomhaltóra, gan aon fhógraíocht íoctha nó aon íocaíocht shonrach as rangú níos airde táirgí a bhaint amach laistigh de na torthaí cuardaigh a nochtadh go soiléir.
Nuair a d’íoc trádálaí go díreach nó go hindíreach an soláthraí feidhmiúlachta ar líne as rangú níos airde táirge laistigh de na torthaí cuardaigh, ba cheart do sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas ina thaobh sin i bhfoirm atá beacht, inrochtana go héasca, agus intuigthe.
Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an íocaíocht indíreach go nglacfadh trádálaí le hoibleagáidí breise i leith sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne a bhfuil rangú níos airde mar thoradh sonrach uirthi.
D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san íocaíocht indíreach ná coimisiún méadaithe in aghaidh an idirbhirt chomh maith le scéimeanna cúitimh éagsúla a mbeadh rangú níos airde mar thoradh sonrach orthu. Íocaíochtaí ar sheirbhísí ginearálta, amhail táillí liostúcháin nó suibscríbhinní ballraíochta, a dhíríonn ar réimse leathan feidhmiúlachtaí arna dtairgeadh ag soláthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne don trádálaí, níor cheart iad a mheas a bheith ina íocaíocht go sonrach chun rangú níos airde táirgí a bhaint amach, ar choinníoll nach bhfuil na híocaíochtaí sin tiomnaithe do rangú níos airde a bhaint amach.
Féadfaidh cineálacha éagsúla trádálaithe ar líne feidhmiúlacht chuardaigh ar líne a sholáthar, lena n‐áirítear idirghabhálaithe, amhail margaí ar líne, innill chuardaigh agus suíomhanna gréasáin comparáideacha.
- = -
(21) Tá na ceanglais trédhearcachta i ndáil leis na príomhpharaiméadair maidir le rangú a chinneadh á rialú freisin le Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne.
Cuimsíonn na ceanglais trédhearcachta faoin Rialachán sin réimse leathan idirghabhálaithe ar líne, lena n‐áirítear margaí ar líne, ach ní bhíonn feidhm acu ach amháin idir trádálaithe agus idirghabhálaithe ar líne.
Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais thrédhearcachta chomhchosúla a thabhairt isteach i dTreoir 2005/29/CE lena áirithiú go mbeadh trédhearcacht leordhóthanach ann i leith na dtomhaltóirí, ach amháin i gcás soláthraithe inneall cuardaigh ar líne atá faoi cheangal cheana ag an Rialachán sin chun na príomhpharaiméadair a leagan amach, arb iad is suntasaí ina n‐aonar nó i dteannta a chéile agus rangú agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin á gcinneadh, trí thuairisc atá ar fáil go héasca agus go poiblí a sholáthar, arna dréachtú i bhfriotal soiléir agus sothuigthe faoi innill chuardaigh ar líne na soláthraithe sin.
- = -
(23) Ní dochar an ceanglas faisnéise maidir leis na príomhpharaiméadair maidir le rangú a chinneadh do Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).
Níor cheart a cheangal ar thrádálaithe feidhmiú mionsonraithe a gcuid sásraí rangaithe, lena n‐áirítear algartaim, a nochtadh.
Ba cheart do thrádálaithe tuairisc ghinearálta ar na príomhpharaiméadair maidir le rangú a chinneadh a sholáthar, a mhíníonn na príomhpharaiméadair réamhshocraithe arna n‐úsáid ag an trádálaí agus a dtábhacht choibhneasta i gcodarsnacht le paraiméadair eile, ní gá, áfach, an tuairisc sin a thíolacadh ar bhealach saincheaptha le haghaidh gach cuardaigh ar leith.
- = -
(25) Ba cheart margaí ar líne a shainmhíniú chun críocha Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE ar bhealach atá cosúil leis an sainmhíniú i Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus i dTreoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).
Mar sin féin, ba cheart an sainmhíniú ar “margadh ar line” a thabhairt cothrom le dáta agus a dhéanamh níos neodraí ó thaobh na teicneolaíochta de chun teicneolaíochtaí nua a chumhdach.
Is iomchuí, dá bhrí sin, seachas tagairt a dhéanamh do “suíomh gréasáin” go ndéanfaí tagairt do na bogearraí, lena n‐áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár arna oibriú ag an trádálaí nó thar a cheann, i gcomhréir leis an gcoincheap “comhéadan ar line” mar a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2017/2394 agus Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).
- = -
(31) Is minic a sholáthraítear ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha ar líne faoi chonarthaí ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí seachas praghas a íoc.
Tá feidhm ag Treoir 2011/83/AE cheana féin maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar (i.e. ábhar digiteach ar líne a sholáthar) gan beann ar cé acu a íocann an tomhaltóir praghas le hairgead nó a thugann sé sonraí pearsanta ina leith.
Mar sin féin, níl feidhm ag an Treoir sin ach amháin maidir le conarthaí seirbhíse, lena n‐áirítear conarthaí le haghaidh seirbhísí digiteacha, ina n‐íocann an tomhaltóir praghas nó ina ngeallann sé praghas a íoc.
Dá bharr sin, níl feidhm ag an Treoir sin maidir le conarthaí le haghaidh seirbhísí digiteacha ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí gan praghas a íoc.
Mar gheall ar na cosúlachtaí eatarthu agus ar a idirmhalartaithe atá seirbhísí digiteacha íoctha agus seirbhísí digiteacha a thugtar mar mhalairt ar shonraí pearsanta, ba cheart iad a bheith faoi réir na rialacha céanna faoin Treoir sin.
- = -
(37) Ceanglaítear le hAirteagal 7(3) agus le hAirteagal 8(8) de Threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe, i gcás conarthaí seacháitribh agus cianchonarthaí faoi seach, réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil le comhlíonadh a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag.
Foráiltear le pointe (a) d’Airteagal 14(4) den Treoir sin do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí an ceanglas sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach bhfuil ar an tomhaltóir íoc as na seirbhísí a soláthraíodh.
Dá bhrí sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann toiliú sainráite roimh ré an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás seirbhísí, lena n‐áirítear seirbhísí digiteacha, a sholáthraítear ar phraghas a íoc.
Mar sin, tá sé riachtanach Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a leasú chun nach mbeidh feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil ach amháin maidir le conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
- = -
(41) Ceanglaítear le pointe (h) d’Airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe faisnéis réamhchonarthach a thabhairt do thomhaltóirí faoin gceart tarraingt siar, lena n‐áirítear an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) a ghabhann leis an Treoir sin.
Foráiltear le hAirteagal 8(4) den Treoir sin do cheanglais faisnéise réamhchonarthaí níos simplí i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích trí mhodh cianchumarsáide lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a chur ar taispeáint, amhail ar an teileafón, trí chúntóirí siopadóireachta guthoibrithe nó trí SMS. Áirítear leis an bhfaisnéis réamhchonarthaích éigeantach a thabharfar ar an modh nó tríd an modh cianchumarsáide ar leith sin faisnéis maidir leis an gceart tarraingt siar dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 6(1).
Dá réir sin, áirítear léi freisin an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) a sholáthar.
Mar sin féin, ní féidir an fhoirm tarraingt siar a sholáthar i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích trí mhodhanna amhail ar an teileafón nó trí chúntóirí siopadóireachta guthoibrithe agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta go teicniúil an fhoirm a sholáthar ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir trí mhodhanna cianchumarsáide eile a chumhdaítear le hAirteagal 8(4).
Is iomchuí, mar sin, soláthar na foirme samplaí tarraingt siar a eisiamh ón bhfaisnéis nach mór do thrádálaithe a thabhairt in aon chás ar an modh nó tríd an modh cianchumarsáide ar leith a úsáidtear chun conradh a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 8(4).
- = -
(44) Sonraítear in Airteagal 14(4) de Threoir 2011/83/AE na coinníollacha, i gcás ina bhfeidhmeofar an ceart tarraingt siar, faoina mbeidh an tomhaltóir saor ón gcostas i leith seirbhísí a chomhlíonadh, fóntais phoiblí a sholáthar agus ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar.
I gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha sin, ní cheanglófar ar an tomhaltóir íoc as an tseirbhís, as na fóntais phoiblí ná as an ábhar digiteach a fuarthas sular feidhmíodh an ceart tarraingt siar.
Maidir le hábhar digiteach, ar na coinníollacha neamhcharnacha sin, eadhon faoi phointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4), tá an mhainneachtain daingniú a sholáthair maidir leis an gconradh arna thabhairt i gcrích, lena n‐áirítear deimhniú go bhfuarthas réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra le comhlíonadh an chonartha a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag agus gur admhaigh sé go gcaillfí an ceart tarraingt siar dá bharr sin.
Mar sin féin, ní áirítear an coinníoll sin ar na coinníollacha faoina gcaillfí an ceart tarraingt siar i bpointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 den Treoir sin, rud a chruthaíonn éiginnteacht maidir leis an bhféidearthacht atá ann do thomhaltóirí pointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4) a agairt nuair a chomhlíontar an dá choinníoll eile dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 14(4) agus, dá thoradh sin go gcailltear an ceart tarraingt siar i gcomhréir le pointe (m) den chéad mhír d’Airteagal 16.
Ba cheart, dá bhrí sin, an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4) a chur le pointe (m) den chéad mhír d’Airteagal 16 chun a chur ar a chumas don tomhaltóir an ceart tarraingt siar a fheidhmiú nuair nach gcomhlíontar an coinníoll sin agus dá réir sin na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 14(4) a éileamh.
- = -
(45) Féadfaidh trádálaithe praghas a dtairiscintí a phearsantú do thomhaltóirí sonracha nó do chatagóirí sonracha tomhaltóir bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe agus ar phróifíliú uathoibrithe iompraíochta tomhaltóirí, rud a ligfidh do thrádálaithe measúnú a dhéanamh ar chumhacht ceannaigh an tomhaltóra.
Dá bhrí sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas go soiléir nuair a dhéantar an praghas a chuirtear ina láthair a phearsantú ar bhonn cinnteoireacht uathoibrithe, sa chaoi is gur féidir leo a chur san áireamh na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus cinneadh ceannaigh á dhéanamh acu.
Dá thoradh sin, ba cheart ceanglas sonrach faisnéise a chur le Treoir 2011/83/AE chun an tomhaltóir a chur ar an eolas nuair a dhéantar an praghas a phearsantú bunaithe ar bhonn cinnteoireacht uathoibrithe.
Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas faisnéise seo maidir le teicnící amhail praghsáil “dhinimiciúil” nó “fíor-ama”, arb é atá i gceist leis na teicnící sin an praghas a athrú ar bhealach an-solúbtha agus sách tapa mar fhreagairt ar éilimh an mhargaidh nuair nach mbaineann na teicnící sin le pearsantú bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe.
Ní dochar an ceanglas faisnéise seo do Rialachán (AE) 2016/679, lena bhforáiltear, inter alia, do cheart an duine aonair gan a bheith faoi réir cinnteoireacht uathoibrithe aonair, lena n‐áirítear próifíliú.
- = -
(58) Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar fhaisnéis atá cothrom le dáta faoina cearta tomhaltóra agus faoi réiteach díospóide lasmuigh den chúirt, ba cheart an pointe iontrála ar líne atá le forbairt ag an gCoimisiún, a mhéid is féidir, a bheith soláimhsithe, freagrúil do ghléasanna móibíleacha, so-rochtana agus inúsáidte ag an uile dhuine, lena n‐áirítear daoine faoi mhíchumas (“dearadh do chách”).
- = -