(19) Baineann rangú leis an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do thairiscintí na dtrádálaithe nó don ábharthacht a thugtar do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n‐eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe seirbhísí feidhmiúlachta cuardaigh ar líne lena n‐áirítear mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as algartam lena mbaineann seicheamhú, rátáil nó sásraí athbhreithniúcháin, buaicphointí atá dírithe ar an tsúil nó uirlisí aireachtála eile, nó cónaisc díobh sin.
- = -
(21) Tá na ceanglais trédhearcachta i ndáil leis na príomhpharaiméadair maidir le rangú a chinneadh á rialú freisin le Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne.
Cuimsíonn na ceanglais trédhearcachta faoin Rialachán sin réimse leathan idirghabhálaithe ar líne, lena n‐áirítear margaí ar líne, ach ní bhíonn feidhm acu ach amháin idir trádálaithe agus idirghabhálaithe ar líne.
Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais thrédhearcachta chomhchosúla a thabhairt isteach i dTreoir 2005/29/CE lena áirithiú go mbeadh trédhearcacht leordhóthanach ann i leith na dtomhaltóirí, ach amháin i gcás soláthraithe inneall cuardaigh ar líne atá faoi cheangal cheana ag an Rialachán sin chun na príomhpharaiméadair a leagan amach, arb iad is suntasaí ina n‐aonar nó i dteannta a chéile agus rangú agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin á gcinneadh, trí thuairisc atá ar fáil go héasca agus go poiblí a sholáthar, arna dréachtú i bhfriotal soiléir agus sothuigthe faoi innill chuardaigh ar líne na soláthraithe sin.
- = -
(22) Trádálaithe a chumasaíonn tomhaltóirí le hearraí agus seirbhísí a chuardach, amhail taisteal, cóiríocht agus gníomhaíochtaí áineasa, arna dtairiscint ag trádálaithe éagsúla nó ag tomhaltóirí, ba cheart dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na príomhpharaiméadair réamhshocraithe lena gcinntear rangú tairiscintí a thíolactar don tomhaltóir de thoradh an chuardaigh agus a dtábhacht choibhneasta i gcodarsnacht le paraiméadair eile.
Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith gonta agus ar fáil go héasca, go feiceálach agus go díreach.
Ciallaíonn paraiméadair lena gcinntear an rangú aon chritéir ghinearálta, próisis, comharthaí sonracha a chorpraítear in algartaim nó aon sásraí coigeartaithe nó íslithe a úsáidtear i ndáil leis an rangú.
- = -
(27) Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cé acu is trádálaí nó neamhthrádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí do na soláthraithe sin.
I gcás ina ndéanann an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige a stádas mar neamhthrádálaí a dhearbhú, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ráiteas gearr a sholáthar á chur in iúl nach bhfuil feidhm ag na cearta tomhaltóirí a thagann ó dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí maidir leis an gconradh arna chur i gcrích.
Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin gcaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir tríú páirtithe a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint acu agus soláthraithe margaí ar líne.
Ba cheart an fhaisnéis a sholáthair ar bhealach soiléir agus sothuigthe agus ní leor í a sholáthair faoi na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha nó i ndoiciméid chonarthacha den chineál céanna.
Ba cheart na ceanglais faisnéise ar sholáthraithe margaí ar líne a bheith comhréireach.
Is gá do na ceanglais sin cothromaíocht a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus iomaíochas na soláthraithe margaí ar líne.
Níor cheart ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne cearta sonracha tomhaltóirí a liostú le linn dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina n‐infheidhmeacht.
Ní dochar an méid sin do na ceanglais maidir le faisnéis do thomhaltóirí dá bhforáiltear i dTreoir 2011/83/AE, agus go háirithe in Airteagal 6(1) den Treoir sin.
Maidir leis an bhfaisnéis a thabharfar faoin bhfreagracht as cearta tomhaltóirí a áirithiú, beidh sí de réir na socruithe conarthacha idir soláthraithe margaí ar líne agus na trádálaithe ábhartha tríú páirtí.
D’fhéadfadh soláthraí an mhargaidh ar líne a léiriú go bhfuil tríú páirtí mar an t‐aon duine amháin atá freagrach as cearta tomhaltóirí a áirithiú, nó d’fhéadfadh sé cur síos a dhéanamh ar a fhreagrachtaí sonracha féin i gcás ina nglacann sé freagracht as gnéithe áirithe den chonradh, mar shampla seachadadh nó feidhmiú an chirt tarraingt siar.
- = -
(30) Ba cheart na sainmhínithe ar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteach i dTreoir 2011/83/AE a ailíniú leo sin atá i dTreoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).
Maidir le hábhar digiteach arna chumhdach i dTreoir (AE) 2019/770 cumhdaíonn sé gníomh aonair soláthair, sraith gníomhartha aonair soláthair, nó soláthar leanúnach thar thréimhse ama.
Níor cheart go mbeadh gá le soláthar fadtéarmach mar gheall ar ghné an tsoláthair leanúnaigh.
Ba cheart cásanna amhail sruthú gréasáin ar ghearrthóga físe a mheas mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, gan beann ar ré iarbhír an chomhaid closamhairc.
Dá bhrí sin, d’fheadfadh sé a bheith deacair idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha áirithe d’ábhar digiteach agus de sheirbhísí digiteacha, toisc go mbaineann an dá rud le soláthar leanúnach ón trádálaí thar ré an chonartha.
Samplaí de sheirbhísí digiteacha is ea seirbhísí comhroinnte físe agus fuaime agus óstáil comhad, próiseáil focal nó cluichí a thairgtear sa néal, néalstóráil, post gréasáin, na meáin shóisialta agus néal-fheidhmchláir.
Mar gheall ar rannpháirtíocht leanúnach an tsoláthraí seirbhíse, tá údar le cur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar a thugtar i dTreoir 2011/83/AE agus a thugann an deis, go praiticiúil, don tomhaltóir triail a bhaint as an tseirbhís agus a chinneadh, le linn na tréimhse 14 lá ó thabhairt i gcrích an chonartha, cé acu a choinneoidh nó nach gcoinneoidh sé an tseirbhís.
Is saintréith de roinnt mhaith conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach nach ndéantar a sholáthar ar mheán inláimhsithe is ea gur gníomh aonair soláthair don tomhaltóir de phíosa sonrach nó píosaí sonracha ábhair dhigitigh é, amhail ceol sonrach nó comhaid físe shonracha.
Fanann conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach nach ndéantar a sholáthar ar mheán inláimhsithe de bheith faoi réir na heisceachta ón gceart tarraingt siar a leagtar amach i bpointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE, ina bhforáiltear go gcailleann an tomhaltóir an ceart tarraingt siar nuair a chuirtear tú le comhlíonadh an chonartha, amhail an t‐ábhar a íoslódáil nó a shruthú, faoi réir réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra an comhlíonadh a thosú le linn na tréimhse tarraingt siar agus admháil á rá go bhfuil a cheart tarraingt siar caillte aige dá réir.
I gcás in a bhfuil amhras maidir le cé acu is conradh seirbhíse nó conradh le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe é, ba cheart na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar i leith seirbhísí a chur i bhfeidhm.
- = -
(31) Is minic a sholáthraítear ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha ar líne faoi chonarthaí ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí seachas praghas a íoc.
Tá feidhm ag Treoir 2011/83/AE cheana féin maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar (i.e. ábhar digiteach ar líne a sholáthar) gan beann ar cé acu a íocann an tomhaltóir praghas le hairgead nó a thugann sé sonraí pearsanta ina leith.
Mar sin féin, níl feidhm ag an Treoir sin ach amháin maidir le conarthaí seirbhíse, lena n‐áirítear conarthaí le haghaidh seirbhísí digiteacha, ina n‐íocann an tomhaltóir praghas nó ina ngeallann sé praghas a íoc.
Dá bharr sin, níl feidhm ag an Treoir sin maidir le conarthaí le haghaidh seirbhísí digiteacha ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí gan praghas a íoc.
Mar gheall ar na cosúlachtaí eatarthu agus ar a idirmhalartaithe atá seirbhísí digiteacha íoctha agus seirbhísí digiteacha a thugtar mar mhalairt ar shonraí pearsanta, ba cheart iad a bheith faoi réir na rialacha céanna faoin Treoir sin.
- = -
(32) Ba cheart comhsheasmhacht a áirithiú idir raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir 2011/83/AE agus Threoir (AE) 2019/770, rud a bhfuil feidhm aige maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar ar faoina mbun a thugann an tomhaltóir nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a thabhairt don trádálaí.
- = -
(34) Chun ailíniú iomlán le Treoir (AE) 2019/770 a áirithiú, i gcás nach soláthraítear ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha mar mhalairt ar phraghas, níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2011/83/AE ach oiread maidir le staideanna ina mbailíonn an trádálaí sonraí pearsanta chun críche ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh, a bhfuil an trádálaí faoina réir, agus chun na críche sin amháin.
Ar chásanna den sórt sin, is féidir a áireamh, mar shampla, cásanna ina gceanglófar an tomhaltóir a chlárú leis na dlíthe is infheidhme chun críocha slándála agus sainaithint a dhéanamh.
- = -
(36) Ba cheart an coincheap “feidhmiúlacht” a thuiscint mar thagairt don bhealach inar féidir úsáid a bhaint as ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach.
Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag neamhláithreacht nó láithreacht aon srianta teicniúla amhail cosaint trí Bhainistiú na gCeart Digiteach nó códú réigiúnach ar an bhféidearthacht go gcomhlíonfadh an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach na feidhmeanna uile atá leis nó léi ag féachaint don aidhm atá leis nó léi.
Leis an gcoincheap “idir-inoibritheacht”, déantar cur síos i dtaobh an féidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil leis na cinn a úsáidtear de ghnáth le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha den chineál céanna a oibriú agus i dtaobh a mhéid is féidir leis nó léi feidhmiú.
D’áireofaí leis an bhfeidhmiú rathúil, mar shampla, cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití faisnéis a mhalartú leis na bogearraí nó na crua-earraí eile sin agus an fhaisnéis mhalartaithe a úsáid.
Déantar an coincheap “comhoiriúnacht” a shainmhíniú i dTreoir (AE) 2019/770.
- = -
(37) Ceanglaítear le hAirteagal 7(3) agus le hAirteagal 8(8) de Threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe, i gcás conarthaí seacháitribh agus cianchonarthaí faoi seach, réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil le comhlíonadh a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag.
Foráiltear le pointe (a) d’Airteagal 14(4) den Treoir sin do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí an ceanglas sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach bhfuil ar an tomhaltóir íoc as na seirbhísí a soláthraíodh.
Dá bhrí sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann toiliú sainráite roimh ré an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás seirbhísí, lena n‐áirítear seirbhísí digiteacha, a sholáthraítear ar phraghas a íoc.
Mar sin, tá sé riachtanach Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a leasú chun nach mbeidh feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil ach amháin maidir le conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
- = -
(44) Sonraítear in Airteagal 14(4) de Threoir 2011/83/AE na coinníollacha, i gcás ina bhfeidhmeofar an ceart tarraingt siar, faoina mbeidh an tomhaltóir saor ón gcostas i leith seirbhísí a chomhlíonadh, fóntais phoiblí a sholáthar agus ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar.
I gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha sin, ní cheanglófar ar an tomhaltóir íoc as an tseirbhís, as na fóntais phoiblí ná as an ábhar digiteach a fuarthas sular feidhmíodh an ceart tarraingt siar.
Maidir le hábhar digiteach, ar na coinníollacha neamhcharnacha sin, eadhon faoi phointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4), tá an mhainneachtain daingniú a sholáthair maidir leis an gconradh arna thabhairt i gcrích, lena n‐áirítear deimhniú go bhfuarthas réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra le comhlíonadh an chonartha a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag agus gur admhaigh sé go gcaillfí an ceart tarraingt siar dá bharr sin.
Mar sin féin, ní áirítear an coinníoll sin ar na coinníollacha faoina gcaillfí an ceart tarraingt siar i bpointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 den Treoir sin, rud a chruthaíonn éiginnteacht maidir leis an bhféidearthacht atá ann do thomhaltóirí pointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4) a agairt nuair a chomhlíontar an dá choinníoll eile dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 14(4) agus, dá thoradh sin go gcailltear an ceart tarraingt siar i gcomhréir le pointe (m) den chéad mhír d’Airteagal 16.
Ba cheart, dá bhrí sin, an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4) a chur le pointe (m) den chéad mhír d’Airteagal 16 chun a chur ar a chumas don tomhaltóir an ceart tarraingt siar a fheidhmiú nuair nach gcomhlíontar an coinníoll sin agus dá réir sin na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 14(4) a éileamh.
- = -
(54) Cé gur bealach díolacháin dlisteanach seanbhunaithe é díolachán seacháitribh, amhail díolachán in áitreabh gnó an trádálaí agus ciandíol, is féidir cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach go háirithe i gcomhthéacs cuairteanna ar theach tomhaltóra nó turais dá dtagraítear i bpointe (8) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE, tomhaltóirí a chur faoi bhrú earraí nó seirbhísí a cheannach nach gceannódh siad murach sin nó earraí nó seirbhísí a cheannach ar phraghsanna iomarcacha, lena mbaineann íocaíocht láithreach go minic.
Is minic a dhírítear cleachtais den sórt sin ar thomhaltóirí scothaosta nó ar thomhaltóirí leochaileacha eile.
Measann Ballstáit áirithe gur cleachtais neamh-inmhianaithe iad sin agus gur gá srian a chur le cineálacha agus gnéithe áirithe díolacháin seacháitribh de réir bhrí Threoir 2011/83/AE, amhail táirge a mhargú nó a dhíol ar bhealach ionsaitheach agus míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh ar theach tomhaltóra nó turas.
I gcás ina nglactar srianta den sórt sin ar fhorais seachas cosaint tomhaltóirí amhail leas an phobail nó ar son meas a thabhairt ar shaol príobháideach tomhaltóirí a chosnaítear le hAirteagal 7 den Chairt, tá siad lasmuigh de raon feidhme Threoir 2005/29/CE.
- = -