search


keyboard_tab Clausole e vendite online Direttiva EU 2019/2161 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/2161 2011/83 2005/29 1998/6 1993/13

2019/2161 GA cercato: 'treoir' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
 

Airteagal 1

Leasú ar Threoir 93/13/CEE

I dtreoir 93/13/CEE, cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas:

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 98/6/CE

Leasaítear treoir 98/6/CE mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an t‐airteagal seo a leanas isteach:

Airteagal 3

Leasuithe ar Threoir 2005/29/CE

Leasaítear treoir 2005/29/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear mír 1 d’Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

ciallaíonn ‘táirge’ aon earra nó seirbhís, lena n‐áirítear maoin dhochorraithe, seirbhís dhigiteach agus ábhar digiteach, chomh maith le cearta agus oibleagáidí;”;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(m)

ciallaíonn ‘rangú’ an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do tháirgí, arna gcur i láthair, arna n‐eagrú nó arna gcur in iúl ag an trádálaí, beag beann ar na modhanna teicneolaíocha a úsáidtear don chur i láthair, don eagrúchán nó don chumarsáid sin;

(n)

ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís ina n-úsáidtear bogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár atá á oibriú ag trádálaí nó thar a cheann chun gur féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile;”;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:

“5.   Leis an treoir seo, ní chuirtear aon chosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo. Beidh forálacha den sórt sin comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon fhorálacha náisiúnta a nglacfar ar bhonn mhír 5 agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil ar bhealach so-rochtana do thomhaltóirí agus do thrádálaithe ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.”;

(3)

in Airteagal 6(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(c)

earra a mhargú mar cheann atá comhionann le hearra a mhargaítear i mBallstáit eile, cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe an earra sin, mura rud é go bhfuil údar maith leis sin ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla.”;

(4)

leasaítear Airteagal 7 is mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

na socruithe le haghaidh íocaíocht a dhéanamh, seachadadh aguscomhlíonadh, i gcás ina n‐imíonn siad ó cheanglais díchill ghairmiúil;”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(f)

i gcás táirgí a thairgtear ar mhargaí ar líne, cé acu is trádálaí nó nach trádálaí é an tríú páirtí atá ag tairiscint na dtáirgí, ar bhonn an dearbhaithe atá tugtha ag an tríú páirtí sin do sholáthraí an mhargaidh ar líne.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4a.   Agus an fhéidearthacht á cur ar fáil do thomhaltóirí táirgí a thairgeann trádálaithe éagsúla nó tomhaltóirí a chuardach ar bhonn iarratas cuardaigh i bhfoirm eochairfhocail, natha nó ionchuir eile, gan beann ar an áit ina dtabharfar idirbhearta i gcrích ar deireadh, measfar gur ábhar í faisnéis ghinearálta a chuirtear ar fáil i gcuid ar leith den chomhéadan ar líne atá inrochtana go díreach agus go héasca ón leathanach ar a gcuirtear torthaí an chuardaigh i láthair, ar faisnéis í maidir leis na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú na dtáirgí arna gcur i láthair don tomhaltóir mar thoradh ar an iarratas cuardaigh agus maidir le tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin seachas paraiméadair eile. Níl feidhm ag an mír seo maidir le soláthraithe inneall cuardaigh ar líne mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

(*3)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne ((IO L 186, 11.7.2019, lch. 57.”;"

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“6.   I gcás ina dtugann trádálaí rochtain ar léirmheasanna a rinne tomhaltóirí ar tháirgí, measfar gur ábhar í an fhaisnéis faoi cé acu a áirithíonn nó nach n‐áirithíonn an trádálaí gur tomhaltóirí a d’úsáid an táirge nó a bhfuil an táirge ceannaithe acu i ndáiríre a rinne na léirmheasanna sin agus faoin gcaoi a n‐áirithíonn an trádálaí an méid sin.”;

(5)

cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas:

“Airteagal 13

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:

(a)

cineál, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe;

(b)

aon ghníomhaíocht a rinne an trádálaí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe roimhe sin ag an trádálaí;

(d)

na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, más rud é go bhfuil na sonraí ábhartha ar fáil;

(e)

pionóis arna bhforchur ar an trádálaí i leith an tsáraithe chéanna sna Ballstáit eile i gcásanna trasteorann ina gcuirtear faisnéis faoi phionóis den sórt sin ar fáil tríd an sásra arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4);

(f)

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.

3.   I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2934, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar áireamh iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, a mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. Gan dochar don Rialachán sin, ceadaítear do féadfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna bunreachtúla náisiúnta, gan fíneálacha a fhorchur ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

sáruithe ar Airteagail 6, 7, 8, 9 agus ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoir seo; agus

(b)

trádálaí a bheith ag baint úsáid leanúnach as cleachtas tráchtála a bhfuair an t‐údarás nó an chúirt inniúil náisiúnta ina leith a bheith ina chleachtas éagórach i gcás nach bhfuil an cleachtas trádála sin ina shárú dá dtagraítear i bpointe (a).

4.   I gcásanna ina mbeidh fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 3, ach nach bhfuil faisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le EUR 2 mhilliún ar a laghad.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 29 Samhain 2021 maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.

(*4)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12. 2017, lch. 1).”;"

(7)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“11a.

Torthaí cuardaigh a thabhairt mar fhreagra ar chuardach ar líne an tomhaltóra agus gan a thabhairt le fios go soiléir más ann d’fhógraí íoctha nó más ann d’íocaíocht chun rangú níos airde a bhaint amach do na táirgí sna torthaí cuardaigh.”;

(b)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“23a.

Ticéid imeachtaí a athdhíol le tomhaltóirí má fuair an trádálaí iad trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid chun dul timpeall ar aon teorainn a forchuirtear an líon ticéad is féidir le duine a cheannach nó dul timpeall ar aon rialacha eile is infheidhme maidir le ticéid a cheannach.

23b.

A lua gur tomhaltóirí a d’úsáid nó a cheannaigh táirge i ndáiríre a d’fhág léirmheasanna ar tháirge gan aon bhearta réasúnta ná comhréireacha a dhéanamh chun a sheiceáil gur ó na tomhaltóirí sin a tháinig na léirmheasanna.

23c.

A áitiú ar dhuine dlítheanach nó ar dhuine nádúrtha, nó é a choimisiúnú, léirmheasanna bréagacha nó ráitis tacaíochta bhréagacha ó thomhaltóirí a chur isteach, nó bréagléiriú a thabhairt ar léirmheasanna tomhaltóirí nó ar ráitis tacaíochta ar na meáin shóisialta, ar mhaithe le táirgí a chur chun cinn.”.

Airteagal 4

Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE

Leasaítear treoir 2011/83/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“(3)

ciallaíonn ‘earraí’ earraí mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Threoir 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

(*5)  treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun earraí a dhíol, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus treoir 2009/22/CE, agus lena n‐aisghairtear treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).”;"

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(4a)

ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6)

(*6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’;"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (5) agus (6):

“(5)

ciallaíonn ‘conradh díolacháin’ aon chonradh faoina ndéanann an trádálaí úinéireacht earraí a aistriú chuig an tomhaltóir, nó faoina ngeallann sé an méid sin a dhéanamh, lena n‐áirítear aon chonradh a bhfuil idir earraí agus seirbhísí mar ábhar aige;

(6)

ciallaíonn ‘conradh seirbhíse’ aon chonradh seachas conradh díolacháin faoina soláthraíonn an trádálaí seirbhís, nó faoina ngeallann sé seirbhís den chineál sin a sholáthar dó, lena n‐áirítear seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir;”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11:

“(11)

ciallaíonn ‘ábhar digiteach’ ábhar digiteach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7);

(*7)  treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).”;"

(e)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(16)

ciallaíonn ‘seirbhís dhigiteach’ seirbhís dhigiteach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770;

(17)

ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís a úsáideann bogearraí, lena n‐áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár atá á oibriú ag trádálaí nó thar a cheann lenar féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile;

(18)

ciallaíonn ‘soláthraí margaidh ar líne’ aon trádálaí a sholáthraíonn margadh ar líne do thomhaltóirí;

(19)

ciallaíonn ‘comhoiriúnacht’ comhoiriúnacht mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770;

(20)

ciallaíonn ‘feidhmiúlacht’ feidhmiúlacht mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770;

(21)

ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ idir-inoibritheacht mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770.”;

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh feidhm ag an treoir seo, faoi na coinníollacha agus a mhéid a leagtar amach i bhforálacha na Treorach, maidir le haon chonradh a thugtar i gcrích idir trádálaí agus tomhaltóir i gcás ina n‐íocann an tomhaltóir an praghas atá air nó ina ngeallann sé an praghas a íoc. Beidh feidhm aici maidir le conarthaí le haghaidh soláthar uisce, gáis, leictreachais nó téamh ceantair, lena n‐áirítear conarthaí soláthraithe poiblí, a mhéid a sholáthraítear na tráchtearraí sin ar bhonn conarthach.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.   Beidh feidhm ag an treoir seo i gcás ina soláthraíonn an trádálaí ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe, nó seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir, nó ina ngeallann sé é nó í a sholáthar don tomhaltóir, agus go dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó go ngeallann sé iad a thabhairt don trádálaí, ach amháin sa chás inarb é an trádálaí amháin a phróiseálfaidh na sonraí pearsanta arna dtabhairt ag an tomhaltóir chun críchean t‐ábhar digiteach, ar ábhar digiteach é nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe nó ar sheirbhís dhigiteach i gcomhréir leis an treoir seo, a sholáthar, nó chun go mbeidh an trádálaí in ann ceanglais dhlíthiúla a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh, agus nach bpróiseálfaidh an trádálaí na sonraí sin ar aon chúis eile.”;

(c)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

“(k)

le haghaidh seirbhísí iompair, cé is moite d’Airteagal 8(2) agus Airteagail 19, 21 agus 22;”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(n)

le haghaidh aon earraí a dhíoltar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí.”;

(3)

in Airteagal 5, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

sa bhreis ar mheabhrúchán gur ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, mar aon le seirbhísí iardhíola agus ráthaíochtaí tráchtála, agus na coinníollacha a ghabhann leo, i gcás inarb infheidhme;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) agus (h):

“(g)

i gcás inarb infheidhme, feidhmiúlacht, lena n‐áirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha;

(h)

nuair is infheidhme, aon comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht a ghabhann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, le hábhar digiteach agus le seirbhísí digiteacha a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go raibh an trádálaí ar an eolas fúthu.”;

(4)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

an seoladh geografach ag a bhfuil an trádálaí bunaithe, mar aon le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí; sa bhreis air sin, i gcás ina soláthraíonn an trádálaí modhanna eile cumarsáide ar líne lena ráthaítear gur féidir leis an tomhaltóir aon chomhfhreagras i scríbhinn, lena n‐áirítear dáta agus am an chomhfhreagrais sin, a bhíonn aige leis an trádálaí a choinneáil ar mheán marthanach, beidh mionsonraí na modhanna eile sin tugtha san fhaisnéis; fágfaidh na modhanna cumarsáide uile sin arna soláthar ag an trádálaí go mbeidh an tomhaltóir in ann teagmháil a dhéanamh leis an trádálaí go tapa agus cumarsáid a dhéanamh leis go héifeachtúil; nuair is infheidhme, déanfaidh an trádálaí freisin seoladh geografach agus aitheantas an trádálaí a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann a thabhairt.”;

(ii)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(ea)

i gcás inarb infheidhme, go ndearnadh an praghas a phearsantú bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe;”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

“(l)

meabhrúchán gur ann do ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha;”;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (r) agus (s):

“(r)

i gcás inarb infheidhme, feidhmiúlacht, lena n‐áirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha;

(s)

i gcás inarb infheidhme, aon chomhoiriúnachtagus idir-inoibritheacht ábhartha a ghabhann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, le hábhar digiteach agus le seirbhísí digiteacha a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go raibh an trádálaí ar an eolas fúthu.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (h), (i) agus (j) de mhír 1 den Airteagal seo a sholáthar trí na treoracha samplacha tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(A). Beidh na ceanglais faisnéise a leagtar síos i bpointí (h), (i) agus (j) de mhír 1 den Airteagal seo comhlíonta ag an trádálaí i gcás inar thug an trádálaí na treoracha sin don tomhaltóir agus iad líonta isteach i gceart aige. Na tagairtí don tréimhse tarraingt siar 14 lá sna treoracha samplacha tarraingt siar a leagtar síos in Iarscríbhinn I(A), cuirfear tagairtí do thréimhse tarraingt siar 30 lá ina n‐ionad i gcásanna inar ghlac Ballstáit rialacha i gcomhréir le hAirteagal 9(1a).”;

(5)

cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas:

Airteagal 6

Tuairisciú ag an gCoimisiún agus athbhreithniú

Faoin 28 Bealtaine 2024, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm na Treorach seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar go háirithe sa tuarascáil sin measúnú ar fhorálacha na Treorach seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

imeachtaí arna n‐eagrú in áiteanna seachas áitreabh an trádálaí; agus

(b)

cásanna ina margaítear earraí mar earraí atá comhionann cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe, lena n‐áirítear faoinar cheart na cásanna sin a bheith faoi réir ceanglais níos déine, lena n‐áirítear an toirmeasc in Iarscríbhinn I a ghabhann le treoir 2005/29/CE agus faoinar gá forálacha níos mionsonraithe maidir le faisnéis faoi dhifreáil earraí.

Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin nuair is gá.

Airteagal 7

Trasuí

1.   Faoin 28 Samhain 2021, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta is gá chun an treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 28 Bealtaine 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs príomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 9

Seolaithe

Dírítear an treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 66.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019.

(3)  treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear treoir 84/450/CEE ón gComhairle, treoir 97/7/CE, treoir 98/27/CE agus treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(4)  treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30).

(5)  treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(6)  treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(7)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(8)  treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(9)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(10)  treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1).

(12)  treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1).

(14)  treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(15)  treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.).

(16)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(17)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).


whereas