Airteagal 4
Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE
Leasaítear Treoir 2011/83/AE mar a leanas:
(1) | in Airteagal 2, leasaítear an chéad mhír mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3: “(3) | ciallaíonn ‘earraí’ earraí mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Threoir 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5); | (*5) Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun earraí a dhíol, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n‐aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).”;" | (b) | cuirtear isteach an pointe seo a leanas: ‘(4a) | ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) | (*6) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’;" | (c) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (5) agus (6): “(5) | ciallaíonn ‘conradh díolacháin’ aon chonradh faoina ndéanann an trádálaí úinéireacht earraí a aistriú chuig an tomhaltóir, nó faoina ngeallann sé an méid sin a dhéanamh, lena n‐áirítear aon chonradh a bhfuil idir earraí agus seirbhísí mar ábhar aige; | (6) | ciallaíonn ‘conradh seirbhíse’ aon chonradh seachas conradh díolacháin faoina soláthraíonn an trádálaí seirbhís, nó faoina ngeallann sé seirbhís den chineál sin a sholáthar dó, lena n‐áirítear seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir;”; | | (d) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11: “(11) | ciallaíonn ‘ábhar digiteach’ ábhar digiteach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7); | (*7) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).”;" | (e) | cuirtear na pointí seo a leanas isteach: “(16) | ciallaíonn ‘seirbhís dhigiteach’ seirbhís dhigiteach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (17) | ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís a úsáideann bogearraí, lena n‐áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár atá á oibriú ag trádálaí nó thar a cheann lenar féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile; | (18) | ciallaíonn ‘soláthraí margaidh ar líne’ aon trádálaí a sholáthraíonn margadh ar líne do thomhaltóirí; | (19) | ciallaíonn ‘comhoiriúnacht’ comhoiriúnacht mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (20) | ciallaíonn ‘feidhmiúlacht’ feidhmiúlacht mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (21) | ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ idir-inoibritheacht mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770.”; | | |
(2) | leasaítear Airteagal 3 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Beidh feidhm ag an Treoir seo, faoi na coinníollacha agus a mhéid a leagtar amach i bhforálacha na Treorach, maidir le haon chonradh a thugtar i gcrích idir trádálaí agus tomhaltóir i gcás ina n‐íocann an tomhaltóir an praghas atá air nó ina ngeallann sé an praghas a íoc. Beidh feidhm aici maidir le conarthaí le haghaidh soláthar uisce, gáis, leictreachais nó téamh ceantair, lena n‐áirítear conarthaí soláthraithe poiblí, a mhéid a sholáthraítear na tráchtearraí sin ar bhonn conarthach.”; | (b) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “1a. Beidh feidhm ag an Treoir seo i gcás ina soláthraíonn an trádálaí ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe, nó seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir, nó ina ngeallann sé é nó í a sholáthar don tomhaltóir, agus go dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó go ngeallann sé iad a thabhairt don trádálaí, ach amháin sa chás inarb é an trádálaí amháin a phróiseálfaidh na sonraí pearsanta arna dtabhairt ag an tomhaltóir chun críchean t‐ábhar digiteach, ar ábhar digiteach é nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe nó ar sheirbhís dhigiteach i gcomhréir leis an Treoir seo, a sholáthar, nó chun go mbeidh an trádálaí in ann ceanglais dhlíthiúla a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh, agus nach bpróiseálfaidh an trádálaí na sonraí sin ar aon chúis eile.”; | (c) | leasaítear mír 3 mar a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k): “(k) | le haghaidh seirbhísí iompair, cé is moite d’Airteagal 8(2) agus Airteagail 19, 21 agus 22;”; | | (ii) | cuirtear an pointe seo a leanas isteach: “(n) | le haghaidh aon earraí a dhíoltar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí.”; | | | |
(3) | in Airteagal 5, leasaítear mír 1 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e): “(e) | sa bhreis ar mheabhrúchán gur ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, mar aon le seirbhísí iardhíola agus ráthaíochtaí tráchtála, agus na coinníollacha a ghabhann leo, i gcás inarb infheidhme;”; | | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) agus (h): “(g) | i gcás inarb infheidhme, feidhmiúlacht, lena n‐áirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha; | (h) | nuair is infheidhme, aon comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht a ghabhann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, le hábhar digiteach agus le seirbhísí digiteacha a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go raibh an trádálaí ar an eolas fúthu.”; | | |
(4) | leasaítear Airteagal 6 mar a leanas: (a) | leasaítear mír 1 mar a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c): “(c) | an seoladh geografach ag a bhfuil an trádálaí bunaithe, mar aon le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí; sa bhreis air sin, i gcás ina soláthraíonn an trádálaí modhanna eile cumarsáide ar líne lena ráthaítear gur féidir leis an tomhaltóir aon chomhfhreagras i scríbhinn, lena n‐áirítear dáta agus am an chomhfhreagrais sin, a bhíonn aige leis an trádálaí a choinneáil ar mheán marthanach, beidh mionsonraí na modhanna eile sin tugtha san fhaisnéis; fágfaidh na modhanna cumarsáide uile sin arna soláthar ag an trádálaí go mbeidh an tomhaltóir in ann teagmháil a dhéanamh leis an trádálaí go tapa agus cumarsáid a dhéanamh leis go héifeachtúil; nuair is infheidhme, déanfaidh an trádálaí freisin seoladh geografach agus aitheantas an trádálaí a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann a thabhairt.”; | | (ii) | cuirtear isteach an pointe seo a leanas: “(ea) | i gcás inarb infheidhme, go ndearnadh an praghas a phearsantú bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe;”; | | (iii) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l): “(l) | meabhrúchán gur ann do ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha;”; | | (iv) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (r) agus (s): “(r) | i gcás inarb infheidhme, feidhmiúlacht, lena n‐áirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha; | (s) | i gcás inarb infheidhme, aon chomhoiriúnachtagus idir-inoibritheacht ábhartha a ghabhann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, le hábhar digiteach agus le seirbhísí digiteacha a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go raibh an trádálaí ar an eolas fúthu.”; | | | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (h), (i) agus (j) de mhír 1 den Airteagal seo a sholáthar trí na treoracha samplacha tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(A). Beidh na ceanglais faisnéise a leagtar síos i bpointí (h), (i) agus (j) de mhír 1 den Airteagal seo comhlíonta ag an trádálaí i gcás inar thug an trádálaí na treoracha sin don tomhaltóir agus iad líonta isteach i gceart aige. Na tagairtí don tréimhse tarraingt siar 14 lá sna treoracha samplacha tarraingt siar a leagtar síos in Iarscríbhinn I(A), cuirfear tagairtí do thréimhse tarraingt siar 30 lá ina n‐ionad i gcásanna inar ghlac Ballstáit rialacha i gcomhréir le hAirteagal 9(1a).”; | |
(5) | cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas: Airteagal 5 Faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh pointe iontrála ar líne ar fáil do shaoránaigh a dteastaíonn faisnéis uathu faoina gcearta tomhaltóirí, nó faoi shochar um réiteach ar dhíospóidí lasmuigh den chúirt, pointe a chuirfear ar fáil tríd an tairseach aonair dhigiteach arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), lena bhféadfaidh siad: (a) | faisnéis atá cothrom le dáta faoina gcearta tomhaltóirí faoi dhlí an Aontais a rochtain ar bhealach soiléir, intuigthe agus so-rochtana; agus | (b) | gearán a chur isteach tríd an gclár réitigh díospóidí ar líne arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 agus chuig an lárionad de chuid Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí atá inniúil, ag brath ar na páirtithe lena mbaineann. |
whereas
(25) Ba cheart margaí ar líne a shainmhíniú chun críocha Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE ar bhealach atá cosúil leis an sainmhíniú i Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus i dTreoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Mar sin féin, ba cheart an sainmhíniú ar “margadh ar line” a thabhairt cothrom le dáta agus a dhéanamh níos neodraí ó thaobh na teicneolaíochta de chun teicneolaíochtaí nua a chumhdach. Is iomchuí, dá bhrí sin, seachas tagairt a dhéanamh do “suíomh gréasáin” go ndéanfaí tagairt do na bogearraí, lena n‐áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár arna oibriú ag an trádálaí nó thar a cheann, i gcomhréir leis an gcoincheap “comhéadan ar line” mar a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2017/2394 agus Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).
- = -
(58) Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar fhaisnéis atá cothrom le dáta faoina cearta tomhaltóra agus faoi réiteach díospóide lasmuigh den chúirt, ba cheart an pointe iontrála ar líne atá le forbairt ag an gCoimisiún, a mhéid is féidir, a bheith soláimhsithe, freagrúil do ghléasanna móibíleacha, so-rochtana agus inúsáidte ag an uile dhuine, lena n‐áirítear daoine faoi mhíchumas (“dearadh do chách”).
- = -
|