(2) Foráiltear le hAirteagal 26(1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go nglacfaidh an tAontas bearta a mbeidh sé mar aidhm leo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhunú nó a áirithiú, ar ann dó limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina ndéanfar saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a áirithiú.
Foráiltear le hAirteagal 169(1) agus le pointe (a) d’Airteagal 169(2) CFAE go rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí trí bhíthin bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 114 CFAE i gcomhthéacs chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh.
Is é is aidhm leis an Treoir seo an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach agus iomaíocht fiontar a chur chun cinn, agus urraim do phrionsabal na coimhdeachta á háirithiú.
- = -
(9) Cé gurb ionann díolacháin earraí ar líne agus tromlach mór na ndíolachán trasteorann san Aontas, déanann difríochtaí idir dlíthe náisiúnta conarthaí an difear céanna do mhiondíoltóirí a úsáideann bealaí ciandíolacháin agus a dhéanann siad do mhiondíoltóirí a dhíolann aghaidh ar aghaidh agus cuireann na difríochtaí sin cosc ar na miondíoltóirí méadú thar teorainneacha.
Ba cheart go gcumhdófaí leis an Treoir seo na bealaí ciandíolacháin uile, chun go dtabharfaí cothroime iomaíochta do na gnólachtaí uile a dhíolann earraí le tomhaltóirí.
Trí rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos a bhainfeadh leis na bealaí ciandíolacháin uile, ba cheart go seachnófaí leis an Treoir seo aon éagsúlacht a chruthódh ualaí díréireacha do líon méadaitheach miondíoltóirí uile-bhealaigh san Aontas.
Maidir leis an ngá le rialacha comhleanúnacha i leith díolachán agus ráthaíochtaí do na bealaí díolacháin uile, dearbhaíodh é sa tSeiceáil Oiriúnachta ón gCoimisiún ar dhlí tomhaltóirí agus margaíochta an Aontais a foilsíodh an 29 Bealtaine 2017, ar cumhdaíodh Treoir 1999/44/CE inti freisin.
- = -
(31) I bprionsabal, i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha má sholáthraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach, atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo, trí ghníomh aonair soláthair, níor cheart dliteanas a bheith ar an díoltóir ach amháin as easpa comhréireachta atá ann tráth an tseachadta.
Ba cheart, áfach, go leanfadh an oibleagáid i dtaca le nuashonruithe a sholáthar an treocht go mbíonn timpeallacht dhigiteach aon earra den sórt sin ag athrú de shíor.
Dá bhrí sin, is uirlis riachtanach iad nuashonruithe chun a áirithiú go mbeidh na hearraí in ann feidhmiú ar an mbealach céanna lenar fheidhmigh siad tráth an tseachadta.
Anuas air sin, i gcodarsnacht le hearraí traidisiúnta, níl earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha go hiomlán ar leithligh ó réimse an díoltóra, mar tá an díoltóir, nó tríú duine a sholáthraíonn an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach faoin gconradh díolacháin, in ann nuashonrú a dhéanamh ar na hearraí go cianda, go hiondúil ar an idirlíon.
Dá bhrí sin, má sholáthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach trí oibríocht aonair soláthair, ba cheart go mbeadh dliteanas ar an díoltóir nuashonruithe a sholáthar, ar na nuashonruithe iad atá riachtanach chun na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a choinneáil i gcomhréir le linn tréimhse ama a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach léi, fiú má bhí na hearraí i gcomhréir tráth an tseachadta.
Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an tréimhse ama ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach léi bunaithe ar shaghas agus ar chríoch na n-earraí agus na n-eilimintí digiteacha agus cúinsí agus cineál an chonartha dhíolacháin á gcur san áireamh.
Bheadh tomhaltóir ag súil de ghnáth le nuashonruithe a fháil ar feadh tréimhse chomh fada ar a laghad leis an tréimhse ar lena linn a bheidh dliteanas ar an díoltóir as easpa comhréireachta, agus i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an tréimhse a mbeadh an tomhaltóir ag súil go réasúnach léi a leathnú thar an tréimhse sin, de réir mar a bheadh i gceist, go háirithe i dtaca le nuashonruithe slándála.
I gcásanna eile, mar shampla, maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a bhfuil teorainn ama ag gabháil lena gcríoch, ba ghnách gur cheart oibleagáid an díoltóra nuashonruithe a sholáthar go dtí an t-am sin.
- = -
(35) Ba cheart don chomhréireacht fabhtanna san ábhar mar aon le fabhtanna dlíthiúla a chumhdach.
D’fhéadfadh srianta a tharlaíonn de dheasca sárú a bheith á dhéanamh cearta tríú páirtí, go háirithe cearta maoine intleachtúla, cosc nó teorainn a chur le húsáid na n-earraí i gcomhréir leis an gconradh.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú sna cásanna sin go mbeidh an tomhaltóir i dteideal na leigheasanna ar easpa comhréireachta de réir mar a leagtar amach iad sa Treoir seo, mura bhforáiltear sa dlí náisiúnta do neamhniú an chonartha nó cealú an chonartha mar thoradh ar a shárú i gcásanna mar sin.
- = -