search


keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0771 GA cercato: 'n-earraí' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl




whereas n-earraí:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 608

 

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

Is é is cuspóir don Treoir seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh ach, ag an am céanna, foráil a dhéanamh maidir le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí trí rialacha comhchoiteanna a leagan síos i ndáil le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích idir díoltóirí agus tomhaltóirí, go háirithe rialacha maidir le comhréireacht na n-earraí leis an gconradh, leigheasanna i gcás easpa comhréireachta den chineál sin, na modúlachtaí le haghaidh fheidhmiú na leigheasanna sin, agus ráthaíochtaí tráchtála.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “conradh díolacháin” aon chonradh ar faoina bhun a aistríonn an díoltóir úinéireacht earraí nó a gheallann sé úinéireacht earraí a aistriú do thomhaltóir, agus a íocann an tomhaltóir an praghas, nó a gheallann sé an praghas a íoc, i leith an aistrithe úinéireachta sin;

(2)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo, chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(3)

ciallaíonn “díoltóir” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nadúrtha nó an duine dlíthiúil sin, nó thar cheann an duine sin, chun críocha a bhfuil baint acu le trádáil an duine sin, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo;

(4)

ciallaíonn “táirgeoir” monaróir earraí, allmhaireoir earraí chuig an Aontas nó aon duine a airbheartaíonn gur táirgeoir é nó í trí a ainm nó a hainm, trádmharc, nó aon sainchomhartha eile a chur ar na hearraí;

(5)

ciallaíonn “earraí”:

(a)

aon ítimí sochorraithe inláimhsithe; measfar uisce, gás agus leictreachas mar earraí de réir bhrí na Treorach seo i gcás ina gcuirtear iad ar díol i méid teoranta nó i gcainníocht sheasta iad;

(b)

ítimí sochorraithe inláimhsithe lena n-ionchorpraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach nó a bhíonn idirnasctha leis nó léi sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar a bhfeidhmeanna a bheith á gcomhlíonadh ag na hearraí (“earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha”);

(6)

ciallaíonn “ábhar digiteach” sonraí a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach;

(7)

ciallaíonn “seirbhís dhigiteach”:

(a)

seirbhís lenar féidir leis an tomhaltóir sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó a rochtain i bhfoirm dhigiteach; nó

(b)

seirbhís lenar féidir sonraí a chomhroinnt nó aon idirghníomhaíocht eile a dhéanamh le sonraí i bhfoirm dhigiteach arna n-uaslódáil nó arna gcruthú ag an tomhaltóir nó ag úsáideoirí eile na seirbhíse sin;

(8)

ciallaíonn “comhoiriúnacht” cumas na n-earraí feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí lena ndéantar earraí den chineál céanna a úsáid de ghnáth, gan an gá a bheith leis na hearraí, na crua-earraí nó na bogearraí a thiontú;

(9)

ciallaíonn “feidhmiúlacht” cumas na n-earraí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ag féachaint dá n-aidhm;

(10)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” cumas na n-earraí feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil ó na cinn a úsáidtear de ghnáth le hearraí den chineál céanna;

(11)

ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim lenar féidir leis an tomhaltóir nó leis an díoltóir faisnéis a díríodh chuig an duine sin é féin nó í a stóráil ar bhealach inrochtana lena húsáid amach anseo go ceann tréimhse a bheidh leordhóthanach chun críocha na faisnéise sin agus ionas gur féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;

(12)

ciallaíonn “ráthaíocht tráchtála” aon ghealltanas a thugann an díoltóir nó táirgeoir (an ráthóir) don tomhaltóir, i dteannta oibleagáid dhlíthiúil an díoltóra i leith na ráthaíochta maidir le comhréireacht, go ndéanfaidh sé an praghas a íocadh a aisíoc nó go malartóidh, go ndeiseoidh nó go seirbhíseoidh sé earraí ar bhealach ar bith mura gcomhlíonann siad na sonraíochtaí nó aon cheanglais eile nach mbaineann le comhréireacht arna leagan amach i ráiteas na ráthaíochta nó san fhógraíocht ábhartha a bhí ar fáil tráth ar tugadh an conradh i gcrích nó roimhe sin;

(13)

ciallaíonn “marthanacht” cumas na n-earraí a bhfeidhmeanna riachtanacha agus a bhfeidhmíocht a chothabháil trí ghnáthúsáid;

(14)

ciallaíonn “saor in aisce” saor ó na costais riachtanacha a thabhaítear chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, go háirithe an costas postais, iompair, saothair nó ábhar;

(15)

ciallaíonn “ceant poiblí” modh díola ina dtairgeann an díoltóir earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí, atá i láthair nó a bhfuil an deis acu a bheith i láthair iad féin ag an gceant, trí nós imeachta trédhearcach iomaíoch tairisceana atá á reáchtáil ag ceantálaí agus ina gceanglaítear ar an tairgeoir a n-éiríonn leis na hearraí nó seirbhísí a cheannach.

Airteagal 5

Comhréireacht na n-earraí

Déanfaidh an díoltóir earraí a sholáthar don tomhaltóir lena gcomhlíonfar ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6, 7 agus 8, i gcás inarb infheidhme, gan dochar d’Airteagal 9.

Airteagal 7

Ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta

1.   Sa bhreis ar a bheith i gcomhréireacht le haon cheanglas suibiachtúil comhréireachta a shonraítear sa chonradh, maidir leis na hearraí:

(a)

beidh siad oiriúnach do na críocha is gnách a mbainfí úsáid as earraí den chineál céanna ina leith, agus, i gcás inarb infheidhme, aon dlí an Aontais agus aon dlí náisiúnta atá ann cheana, aon chaighdeáin theicniúla atá ann cheana, nó, in éagmais na gcaighdeán teicniúil sin, aon chóid iompair tionscail is infheidhme a bhaineann le hearnálacha sonracha á gcur san áireamh;

(b)

i gcás inarb iomchuí, beidh an cháilíocht sna hearraí atá sa sampla nó sa tsamhail sin agus freagróidh siad don tuairisc ar an sampla nó ar an tsamhail sin, ar sampla nó samhail é nó í a chur an díoltóir ar fáil don tomhaltóir sular tugadh an conradh i gcrích;

(c)

i gcás inarb iomchuí, beidh siad á seachadadh i dteannta na ngabhálas sin, lena n-áirítear pacáistiú, treoracha suiteála nó treoracha eile, ar treoracha iad a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún lena bhfáil; agus

(d)

beidh an chainníocht agus na cáilíochtaí agus na gnéithe eile acu, lena n-áirítear maidir le marthanacht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus slándáil, a fhaightear de ghnáth i gcomhair earraí den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál na n-earraí agus i bhfianaise aon ráitis phoiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile thar ceann an díoltóra, nó ag daoine eile i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear an táirgeoir, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú.

2.   Ní bheidh an díoltóir faoi cheangal ag ráitis phoiblí, dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 má léiríonn an díoltóir an méid seo a leanas:

(a)

nach raibh an díoltóir ar an eolas faoin ráiteas a bhí i gceist ná nach bhféadfadh sé, le réasún, a bheith ar an eolas faoi;

(b)

tráth tugtha chun críche an chonartha, go ndearnadh an ráiteas poiblí a cheartú ar an tslí chéanna, nó ar shlí atá inchomparáide leis an tslí a ndearnadh é; nó

(c)

nach bhféadfadh tionchar a bheith ag an ráiteas ar an gcinneadh na hearraí a cheannach.

3.   I gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, déanfaidh an díoltóir a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi nuashonruithe, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, ar nuashonruithe iad is gá chun na hearraí den chineál sin a choinneáil i gcomhréireacht, ar feadh na tréimhse ama:

(a)

go bhféadfaidh an tomhaltóir a bheith ag súil léi le réasún, ag féachaint do chineál agus cuspóir na n-earraí agus na n-eilimintí digiteacha, agus imthosca agus cineál an chonartha á gcur san áireamh, i gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hoibríocht aonair soláthair i dtaca leis an ábhar digiteach agus an tseirbhís dhigiteach; nó

(b)

a léirítear in Airteagal 10(2) nó in Airteagal (5), de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh díolacháin do sholáthar leanúnach maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach thar thréimhse ama.

4.   I gcás ina mainneoidh an tomhaltóir nuashonraithe a soláthraíodh i gcomhréir le mír 3 a shuiteáil laistigh de thréimhse réasúnta ama, ní bheidh an díoltóir faoi dhliteanas maidir le haon easpa comhréireachta a thiocfaidh as easpa an nuashonraithe ábhartha agus as é sin amháin, ar choinníoll:

(a)

gur chuir an díoltóir an tomhaltóir ar an eolas faoi infhaighteacht an nuashonraithe agus na n-iarmhairtí a bhainfeadh le mainneachtain an tomhaltóra é a shuiteáil; agus

(b)

nárbh ann do mhainneachtain an tomhaltóra maidir leis an suiteáil nó maidir le suiteáil mhícheart an nuashonraithe ag an tomhaltóir mar thoradh ar easnaimh sna treoracha suiteála a soláthraíodh don tomhaltóir.

5.   Ní bheidh aon easpa comhréireachta ann de réir bhrí mhír 1 nó mhír 3 más rud é, tráth ar tugadh an conradh i gcrích, gur cuireadh an tomhaltóir ar an eolas go sonrach go raibh tréith ar leith de na hearraí ag imeacht ón gcuspóir maidir leis na ceanglais chomhréireachta a leagtar síos i mír 1 nó i mír 3 agus go raibh glactha go sainráite agus go leithleach leis an diallas sin ag an tomhaltóir agus an conradh díolacháin á thabhairt i gcrích.

Airteagal 8

Suiteáil mhícheart na n-earraí

Measfar gur easpa comhréireachta na n-earraí í aon easpa comhréireachta a eascróidh as an tsuiteáil mhícheart sin, más rud é:

(a)

go bhfuil an tsuiteáil mar chuid den chonradh díolacháin agus go ndearna an díoltóir í nó go ndearnadh é faoi fhreagracht an díoltóra; nó

(b)

go raibh an tsuiteáil, a bhí ceaptha le bheith déanta ag an tomhaltóir, déanta ag an tomhaltóir agus go raibh an tsuiteáil mhícheart mar thoradh ar easnaimh sna treoracha suiteála a sholáthair an díoltóir nó, i gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a sholáthair an díoltóir nó a sholáthair soláthraí an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.

Airteagal 9

Cearta tríú páirtí

Más rud é, mar gheall ar shrian a bheidh ann mar thoradh ar shárú ar aon cheart de chuid tríú páirtí, go háirithe cearta maoine intleachtúla, go gcuirfear cosc nó teorainn ar úsáid na n-earraí i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an tomhaltóir i dteideal na leigheasanna le haghaidh easpa comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 13, ach amháin má fhoráiltear leis an dlí náisiúnta do neamhniú nó cealú an chonartha díolacháin i gcásanna den sórt sin.

Airteagal 10

Dliteanas an díoltóra

1.   Beidh an díoltóir faoi dhliteanas ag an tomhaltóir le haghaidh aon easpa comhréireachta a bheith ann tráth ar seachadadh na hearraí agus ar léir gur ann di laistigh de 2 bhliain ón tráth sin. Gan dochar d’Airteagal 7(3), beidh feidhm ag an mír seo maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

2.   I gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar go leanúnach thar thréimhse ama, beidh an díoltóir faoi dhliteanas le haghaidh easpa comhréireachta a bheith ann maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharlóidh nó ar léir gur ann di laistigh de 2 bhliain ón tráth ar seachadadh na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama níos mó ná 2 bhliain, beidh an díoltóir faoi dhliteanas le haghaidh easpa comhréireachta a bheith ann maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharlóidh nó ar léir gur ann di, laistigh den tréimhse ama a mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheidh le soláthar faoin gconradh díolacháin lena linn.

3.   Féadfaidh na Ballstáit na tréimhsí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a choinneáil nó tréimhsí ama níos faide a thabhairt isteach.

4.   Más rud é, faoin dlí náisiúnta, go mbeidh na leigheasanna dá bhforáiltear in Airteagal 13 faoi réir tréimhse teorann, áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 13 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a bheidh ann agus a mbeidh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus go mbeidh sí soiléir laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear sna míreanna sin.

5.   D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit tréimhse teorann a choinneáil nó a thabhairt isteach ach amháin le haghaidh na leigheasanna dá bhforáiltear in Airteagal 13. Áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 13 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a bheidh ann agus a mbeidh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith de bhun mhíreana 1 agus 2 den Airteagal seo agus go mbeidh sí soiléir le linn an tréimhse ama a luaitear sna míreanna sin.

6.   Is féidir leis na Ballstáit foráil a dhéanamh, i gcás earraí athláimhe, gur féidir leis an díoltóir agus an tomhaltóir teacht ar théarmaí conarthacha nó ar chomhaontuithe le tréimhse dhliteanais nó tréimhse theorann níos giorra ná na tréimhsí dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus mír 5, ar choinníoll nach mbeidh na tréimhsí sin níos gaire ná aon bhliain amháin.

Airteagal 11

Dualgas cruthúnais

1.   Aon easpa comhréireachta a thagann chun solais laistigh de 2 bhliain ón tráth ar seachadadh na hearraí, toimhdeofar go raibh sí ann an tráth ar seachadadh na hearraí, mura dtagann an toimhde sin salach ar chineál na n-earraí nó ar an gcineál easpa comhréireachta. Beidh feidhm ag an mír seo maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

2.   Seachas an tréimhse 1 bhliana a leagtar síos i mír 1, féadfaidh na Ballstáit tréimhse 2 bhliain a choinneáil nó a thabhairt isteach ón tráth ar seachadadh na hearraí.

3.   I gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar go leanúnach thar thréimhse ama, is ar an díoltóir a bheidh an dualgas cruthúnais maidir le cibé acu a bhí nó nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear in Airteagal 10(2) ar easpa comhréireachta í a thagann chun solais laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear san Airteagal sin.

Airteagal 14

Na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar

1.   Déanfar deisithe nó athsholáthar a chur i gcrích:

(a)

saor in aisce;

(b)

laistigh de thréimhse réasúnach ama ón tráth a mbeidh an tomhaltóir curtha ar an eolas faoin easpa comhréireachta; agus

(c)

gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus cineál na n-earraí agus an chríoch ar chuici a bhí na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh.

2.   I gcás ina bhfuil an easpa comhréireachta le leigheas trí na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar, déanfaidh an tomhaltóir na hearraí a chur ar fáil don díoltóir. Déanfaidh an díoltóir na hearraí arna n-athsholáthar a thabhairt ar ais ar chostas an díoltóra féin.

3.   I gcás ina gceanglaítear le deisiú go mbainfear earraí a bhí suiteáilte ar bhealach a bhí comhsheasmhach le cineál agus críoch na n-earraí, sular léir an easpa comhréireachta, nó i gcás ina bhfuil na hearraí sin le hathsholáthar, áireofar leis an oibleagáid na hearraí arna n-athsholáthar a thógáil ar ais go mbainfear na hearraí neamh-chomhréireacha agus go ndéanfar na hearraí athsholáthair nó na hearraí deisithe a shuiteáil, nó go seasfar na costais a bhaineann leis sin.

4.   Ní bheidh an tomhaltóir faoi dhliteanas íoc as aon ghnáthúsáid a bhaintear as na hearraí athsholáthraithe le linn na tréimhse roimh an athsholáthar.

Airteagal 15

Laghdú praghais

Beidh an laghdú ar an bpraghas comhréireach leis an laghdú ar luach na n-earraí a fuair an tomhaltóir i gcomparáid le luach a bheadh sna hearraí dá mbeadh siad i gcomhréireacht.

Airteagal 16

Foirceannadh an chonartha díolacháin

1.   Feidhmeoidh an tomhaltóir an ceart an conradh díolacháin a fhoirceannadh trí bhíthin ráiteas chuig an díoltóir ina gcuirfear an cinneadh in iúl an conradh díolacháin a fhoirceannadh.

2.   I gcás nach mbaineann an easpa comhréireachta ach le cuid de na hearraí a seachadadh faoin gconradh agus go bhfuil foras le foirceannadh an chonartha de bhun Airteagal 13, ní fhéadfaidh an tomhaltóir an conradh díolacháin a fhoirceannadh ach i ndáil leis na hearraí sin, agus maidir le haon earraí eile a fuair an tomhaltóir in éineacht leis na hearraí neamh-chomhréireacha i gcás nach féidir a bheith ag súil leis go nglacfaidh an tomhaltóir leis na hearraí comhréireacha amháin a choinneáil.

3.   I gcás ina ndéanann an tomhaltóir an conradh díolacháin a fhoirceannadh ina iomláine nó, i gcomhréir le mír 2, i ndáil le cuid de na hearraí a seachadadh faoin gconradh:

(a)

tabharfaidh an tomhaltóir na hearraí ar ais don díoltóir, ar chostas an díoltóra; agus

(b)

déanfaidh an díoltóir, ar fháil na n-earraí nó na fianaise arna soláthar ag an tomhaltóir gur seoladh na hearraí ar ais, an praghas a íocadh as na hearraí a aisíoc leis an tomhaltóir.

Chun críocha na míre seo, féadfaidh na Ballstáit na modúlachtaí maidir le tabhairt ar ais agus aisíocaíocht na n-earraí a chinneadh.

Airteagal 17

Ráthaíochtaí tráchtála

1.   Beidh aon ráthaíocht tráchtála ina ceangal ar an ráthóir faoi na coinníollacha a leagtar síos sa ráiteas um ráthaíocht trachtála agus fógraíocht ghaolmhar tráth ar tugadh an conradh i gcrích nó roimhe sin. Faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus gan dochar d’aon fhorálacha is infheidhme de chuid dhlí an Aontais nó de dhlí náisiúnta, i gcás ina dtáirgeann táirgeoir ráthaíocht tráchtála um marthanacht don tomhaltóir le haghaidh earraí áirithe ar feadh tréimhse áirithe ama, beidh an táirgeoir faoi dhliteanais go díreach ag an tomhaltóir, le linn na tréimhse ar fad den ráthaíocht tráchtála um marthanacht maidir le hearraí a dheisiú agus a athsholáthar i gcomhréir le hAirteagal 14. Féadfaidh an táirgeoir coinníollacha níos fabhraí a thairiscint don tomhaltóir sa ráiteas ráthaíochta tráchtála um marthanacht.

Má tá buntáiste níos lú le baint ag an tomhaltóir as an ráiteas ráthaíochta tráchtála, ná mar atá le baint as na coinníollacha a leagtar síos san fhógraíocht ghaolmhar, beidh an ráthaíocht tráchtála ina ceangal faoi na coinníollacha a leagtar síos san fhógraíocht a bhaineann leis an ráthaíocht tráchtála, mura ndearnadh an ráiteas a cheartú ar an tslí chéanna nó ar shlí atá inchomparáide leis an tslí a ndearnadh é, sular dtabharfar an conradh chun críche.

2.   Cuirfear an ráiteas ráthaíochta tráchtála ar fáil don tomhaltóir ar mheán marthanach ar a dhéanaí tráth a seachadtar na hearraí. Sloinnfear an ráiteas ráthaíochta tráchtála i dteanga shoiléir shothuigthe. Beidh an méid seo a leanas san áireamh leis:

(a)

ráiteas soiléir go mbeidh an tomhaltóir i dteideal de réir an dlí na leigheasanna ón díoltóir i gcás easpa comhréireachta maidir leis na hearraí agus nach mbeidh tionchar ag na leigheasanna sin ar an ráthaíocht tráchtála;

(b)

ainm agus seoladh an ráthóra;

(c)

an nós imeacht atá le leanúint ag an tomhaltóir chun cur chun feidhme na ráthaíochta tráchtála a fháil;

(d)

ainmniú na n-earraí a bhfuil feidhm ag an ráthaíocht tráchtála ina leith; agus

(e)

téarmaí na ráthaíochta tráchtála.

3.   Ní dhéanfaidh neamh-chomhlíonadh mhír 2 difear do chineál ceangailteach na ráthaíochta tráchtála don ráthóir.

4.   Féadfaidh Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le gnéithe eile a bhaineann le ráthaíochtaí trachtála nach rialaítear leis an Airteagal seo lena n-áirítear rialacha maidir leis an teanga nó na teangacha ina gcuirfear an ráiteas ráthaíochta tráchtála ar fáil don tomhaltóir.


whereas









keyboard_arrow_down