keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- airteagal 101
- agus 35
- treoir 17
- maidir 14
- gcomhairle 12
- heorpa 11
- pharlaimint 11
- pointe 9
- chun 8
- conarthaí 7
- díolacháin 7
- tomhaltóir 6
- leis 6
- lena 6
- fomhír 6
- cearta 6
- faoi 5
- chéad 5
- nach 5
- digiteach 5
- feidhm 5
- ballstáit 5
- tomhaltóirí 5
- tríú 4
- easpa 4
- treoir 4
- //ce 4
- ní 4
- fhomhír 4
- dara 4
- díoltóir 4
- earraí 4
- páirtí 3
- áirithe 3
- nithe 3
- bealtaine 3
- seirbhísí 3
- digiteacha 3
- ábhair 3
- gnéithe 3
- thomhaltóirí 3
- faoin 3
- difear 3
- faisnéis 3
- dhéanfaidh 3
- uimh 3
- rialachán 3
- sholáthar 3
- náisiúnta 3
- haghaidh 3
Airteagal 3
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí díolacháin idir an tomhaltóir agus an díoltóir.
2. Measfar freisin gur conarthaí díolacháin iad conarthaí idir an tomhaltóir agus an díoltóir chun earraí atá le monarú nó le táirgeadh chun críche na Treorach seo.
3. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar. Beidh feidhm ag an Treoir seo, áfach, maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a ionchorprófar in earraí nó a dhéanfar a idirnascadh le hearraí de réir bhrí phointe (5)(b) d’Airteagal 2 agus a ndéanfar na hearraí sin a sholáthar dóibh faoi chonradh díolacháin, gan beann ar an soláthróidh an díoltóir nó tríú páirtí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin. I gcás ina mbeifear in amhras an ionann soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus an chuid den chonradh díolacháin, measfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith clúdaithe faoin gconradh díolacháin.
4. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) | aon mheán inláimhsithe a fheidhmeoidh go heisiach mar iompróir ábhair dhigitigh; nó |
(b) | nithe a dhíolfar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí. |
5. Féadfaidh na Ballstáit conarthaí maidir leis na nithe seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo:
(a) | díolachán earraí athláimhe a díoladh ag ceant poiblí; agus |
(b) | ainmhithe beo. |
Sa chás dá dtagraítear i bpointe (a), beidh faisnéis shoiléir agus chuimsitheach ar fáil go héasca do thomhaltóirí nach mbeidh feidhm ag na cearta a eascraíonn ón Treoir seo ina leith.
6. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát go rialóidh gnéithe ginearálta de dhlí na gconarthaí, amhail rialacha maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha sa mhéid is nach rialaítear iad leis an Treoir seo, ná don cheart chun damáistí.
7. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát ligean don tomhaltóir leigheas sonrach a roghnú más léir laistigh de thréimhse ghearr tar éis iad a sheachadadh, ar tréimhse í nach rachaidh thar 30 lá, go bhfuil easpa comhréireachta ann maidir leis na hearraí. Ina theanta sin, ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach bhfuil sonrach do chonarthaí tomhaltóirí lena ndéantar foráil do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna dlíthiúla áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh díolacháin i gcrích.
Airteagal 9
cearta tríú páirtí
Más rud é, mar gheall ar shrian a bheidh ann mar thoradh ar shárú ar aon cheart de chuid tríú páirtí, go háirithe cearta maoine intleachtúla, go gcuirfear cosc nó teorainn ar úsáid na n-earraí i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an tomhaltóir i dteideal na leigheasanna le haghaidh easpa comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 13, ach amháin má fhoráiltear leis an dlí náisiúnta do neamhniú nó cealú an chonartha díolacháin i gcásanna den sórt sin.
Airteagal 12
Oibleagáid fógra a thabhairt
Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach lena sonraítear nach mór don tomhaltóir, chun leas a bhaint as cearta an tomhaltóra, an díoltóir a chur ar an eolas faoin easpa comhréireachta faoi cheann tréimhse 2 mhí ar a laghad ón dáta ar thug an tomhaltóir an easpa comhréireacha sin faoi deara.
Airteagal 20
Faisnéis do thomhaltóirí
Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go bhfuil faisnéis faoi chearta tomhaltóirí faoin Treoir seo, agus na cearta sin faoi na modhanna chun iad a fhorfheidhmiú, ar fáil do thomhaltóirí.
Airteagal 27
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) IO C 264, 20.7.2016, lch. 57.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Aibreán 2019.
(3) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(4) Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).
(6) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar, (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).
(9) Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, Lch. 30).
IARSCRÍBHINN
TÁBLA COMHGHAOIL
Treoir 1999/44/EC | An Treoir seo |
Airteagal 1(1) | Airteagal 1 |
Airteagal 1(2)(a) | Airteagal 2, pointe (2) |
Airteagal 1(2)(b), an chéad fhleasc | Airteagal 3(4)(b) |
Airteagal 1(2)(b), an dara fleasc agus an tríú fleasc | Airteagal 2, pointe (5)(a) |
Airteagal 1(2)(c) | Airteagal 2, pointe (3) |
Airteagal 1(2)(d) | Airteagal 2, pointe (4) |
Airteagal 1(2)(e) | Airteagal 2, pointe (12) |
Airteagal 1(3) | Airteagal 2, pointe (15) agus Airteagal 3(5)(a) |
Airteagal 1(4) | Airteagal 3(2) |
Airteagal 2(1) | Airteagal 5 |
Airteagal 2(2)(a) | Airteagal 6, pointe (a) agus Airteagal 7(1) (b) |
Airteagal 2(2)(b) | Airteagal 6, pointe (b) |
Airteagal 2(2)(c) | Airteagal 7(1)(a) |
Airteagal 2(2)(d) | Airteagal 7(1)(d) |
Airteagal 2(3) | Airteagal 7(5) |
Airteagal 2(4) | Airteagal 7(2) |
Airteagal 2(5) | Airteagal 8 |
Airteagal 3(1) | Airteagal 10(1) |
Airteagal 3(2) | Airteagal 13(1) |
Airteagal 3(3), an chéad fhomhír | Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(1)(a) |
Airteagal 3(3), an dara fomhír | Airteagal 13(2) |
Airteagal 3(3), an triú fomhír | Airteagal 14(1)(b) agus (c) |
Airteagal 3(4) | Airteagal 2, pointe (14) |
Airteagal 3(5) | Airteagal 13(4) |
Airteagal 3(6) | Airteagal 13(5) |
Airteagal 4 | Airteagal 18 |
Airteagal 5(1) | Airteagal 10(1), (2), (3), (4) agus (5) |
Airteagal 5(2) | Airteagal 12 |
Airteagal 5(3) | Airteagal 11 |
Airteagal 6(1) | Airteagal 17(1) |
Airteagal 6(2) | Airteagal 17(2) |
Airteagal 6(3) | Airteagal 17(2) |
Airteagal 6(4) | Airteagal 17(4) |
Airteagal 6(5) | Airteagal 17(3) |
Airteagal 7(1), an chéad fhomhír | Airteagal 21(1) |
Airteagal 7(1), an dara fomhír | Airteagal 10(6) |
Airteagal 7(2) | — |
Airteagal 8(1) | Airteagal 3(6) agus (7) |
Airteagal 8(2) | Airteagal 4 |
Airteagal 9 | Airteagail 19 agus 20 |
Airteagal 10 | Airteagal 22 |
Airteagal 11(1), an chéad fhomhír | Airteagal 24(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 11(1), an dara fomhír | Airteagal 24(1), an triú fomhír |
Airteagal 11(2) | Airteagal 24(1), an ceathrú fomhír |
Airteagal 12 | Airteagal 25 |
Airteagal 13 | Airteagal 26 |
Airteagal 14 | Airteagal 27 |
whereas