search


keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0771 GA cercato: 'déanfaidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
 

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “conradh díolacháin” aon chonradh ar faoina bhun a aistríonn an díoltóir úinéireacht earraí nó a gheallann sé úinéireacht earraí a aistriú do thomhaltóir, agus a íocann an tomhaltóir an praghas, nó a gheallann sé an praghas a íoc, i leith an aistrithe úinéireachta sin;

(2)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo, chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(3)

ciallaíonn “díoltóir” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nadúrtha nó an duine dlíthiúil sin, nó thar cheann an duine sin, chun críocha a bhfuil baint acu le trádáil an duine sin, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo;

(4)

ciallaíonn “táirgeoir” monaróir earraí, allmhaireoir earraí chuig an Aontas nó aon duine a airbheartaíonn gur táirgeoir é nó í trí a ainm nó a hainm, trádmharc, nó aon sainchomhartha eile a chur ar na hearraí;

(5)

ciallaíonn “earraí”:

(a)

aon ítimí sochorraithe inláimhsithe; measfar uisce, gás agus leictreachas mar earraí de réir bhrí na Treorach seo i gcás ina gcuirtear iad ar díol i méid teoranta nó i gcainníocht sheasta iad;

(b)

ítimí sochorraithe inláimhsithe lena n-ionchorpraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach nó a bhíonn idirnasctha leis nó léi sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar a bhfeidhmeanna a bheith á gcomhlíonadh ag na hearraí (“earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha”);

(6)

ciallaíonn “ábhar digiteach” sonraí a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach;

(7)

ciallaíonn “seirbhís dhigiteach”:

(a)

seirbhís lenar féidir leis an tomhaltóir sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó a rochtain i bhfoirm dhigiteach; nó

(b)

seirbhís lenar féidir sonraí a chomhroinnt nó aon idirghníomhaíocht eile a dhéanamh le sonraí i bhfoirm dhigiteach arna n-uaslódáil nó arna gcruthú ag an tomhaltóir nó ag úsáideoirí eile na seirbhíse sin;

(8)

ciallaíonn “comhoiriúnacht” cumas na n-earraí feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí lena ndéantar earraí den chineál céanna a úsáid de ghnáth, gan an gá a bheith leis na hearraí, na crua-earraí nó na bogearraí a thiontú;

(9)

ciallaíonn “feidhmiúlacht” cumas na n-earraí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ag féachaint dá n-aidhm;

(10)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” cumas na n-earraí feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil ó na cinn a úsáidtear de ghnáth le hearraí den chineál céanna;

(11)

ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim lenar féidir leis an tomhaltóir nó leis an díoltóir faisnéis a díríodh chuig an duine sin é féin nó í a stóráil ar bhealach inrochtana lena húsáid amach anseo go ceann tréimhse a bheidh leordhóthanach chun críocha na faisnéise sin agus ionas gur féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;

(12)

ciallaíonn “ráthaíocht tráchtála” aon ghealltanas a thugann an díoltóir nó táirgeoir (an ráthóir) don tomhaltóir, i dteannta oibleagáid dhlíthiúil an díoltóra i leith na ráthaíochta maidir le comhréireacht, go ndéanfaidh sé an praghas a íocadh a aisíoc nó go malartóidh, go ndeiseoidh nó go seirbhíseoidh sé earraí ar bhealach ar bith mura gcomhlíonann siad na sonraíochtaí nó aon cheanglais eile nach mbaineann le comhréireacht arna leagan amach i ráiteas na ráthaíochta nó san fhógraíocht ábhartha a bhí ar fáil tráth ar tugadh an conradh i gcrích nó roimhe sin;

(13)

ciallaíonn “marthanacht” cumas na n-earraí a bhfeidhmeanna riachtanacha agus a bhfeidhmíocht a chothabháil trí ghnáthúsáid;

(14)

ciallaíonn “saor in aisce” saor ó na costais riachtanacha a thabhaítear chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, go háirithe an costas postais, iompair, saothair nó ábhar;

(15)

ciallaíonn “ceant poiblí” modh díola ina dtairgeann an díoltóir earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí, atá i láthair nó a bhfuil an deis acu a bheith i láthair iad féin ag an gceant, trí nós imeachta trédhearcach iomaíoch tairisceana atá á reáchtáil ag ceantálaí agus ina gceanglaítear ar an tairgeoir a n-éiríonn leis na hearraí nó seirbhísí a cheannach.

Airteagal 5

Comhréireacht na n-earraí

déanfaidh an díoltóir earraí a sholáthar don tomhaltóir lena gcomhlíonfar ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6, 7 agus 8, i gcás inarb infheidhme, gan dochar d’Airteagal 9.

Airteagal 7

Ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta

1.   Sa bhreis ar a bheith i gcomhréireacht le haon cheanglas suibiachtúil comhréireachta a shonraítear sa chonradh, maidir leis na hearraí:

(a)

beidh siad oiriúnach do na críocha is gnách a mbainfí úsáid as earraí den chineál céanna ina leith, agus, i gcás inarb infheidhme, aon dlí an Aontais agus aon dlí náisiúnta atá ann cheana, aon chaighdeáin theicniúla atá ann cheana, nó, in éagmais na gcaighdeán teicniúil sin, aon chóid iompair tionscail is infheidhme a bhaineann le hearnálacha sonracha á gcur san áireamh;

(b)

i gcás inarb iomchuí, beidh an cháilíocht sna hearraí atá sa sampla nó sa tsamhail sin agus freagróidh siad don tuairisc ar an sampla nó ar an tsamhail sin, ar sampla nó samhail é nó í a chur an díoltóir ar fáil don tomhaltóir sular tugadh an conradh i gcrích;

(c)

i gcás inarb iomchuí, beidh siad á seachadadh i dteannta na ngabhálas sin, lena n-áirítear pacáistiú, treoracha suiteála nó treoracha eile, ar treoracha iad a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún lena bhfáil; agus

(d)

beidh an chainníocht agus na cáilíochtaí agus na gnéithe eile acu, lena n-áirítear maidir le marthanacht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus slándáil, a fhaightear de ghnáth i gcomhair earraí den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál na n-earraí agus i bhfianaise aon ráitis phoiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile thar ceann an díoltóra, nó ag daoine eile i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear an táirgeoir, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú.

2.   Ní bheidh an díoltóir faoi cheangal ag ráitis phoiblí, dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 má léiríonn an díoltóir an méid seo a leanas:

(a)

nach raibh an díoltóir ar an eolas faoin ráiteas a bhí i gceist ná nach bhféadfadh sé, le réasún, a bheith ar an eolas faoi;

(b)

tráth tugtha chun críche an chonartha, go ndearnadh an ráiteas poiblí a cheartú ar an tslí chéanna, nó ar shlí atá inchomparáide leis an tslí a ndearnadh é; nó

(c)

nach bhféadfadh tionchar a bheith ag an ráiteas ar an gcinneadh na hearraí a cheannach.

3.   I gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, déanfaidh an díoltóir a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi nuashonruithe, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, ar nuashonruithe iad is gá chun na hearraí den chineál sin a choinneáil i gcomhréireacht, ar feadh na tréimhse ama:

(a)

go bhféadfaidh an tomhaltóir a bheith ag súil léi le réasún, ag féachaint do chineál agus cuspóir na n-earraí agus na n-eilimintí digiteacha, agus imthosca agus cineál an chonartha á gcur san áireamh, i gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hoibríocht aonair soláthair i dtaca leis an ábhar digiteach agus an tseirbhís dhigiteach; nó

(b)

a léirítear in Airteagal 10(2) nó in Airteagal (5), de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh díolacháin do sholáthar leanúnach maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach thar thréimhse ama.

4.   I gcás ina mainneoidh an tomhaltóir nuashonraithe a soláthraíodh i gcomhréir le mír 3 a shuiteáil laistigh de thréimhse réasúnta ama, ní bheidh an díoltóir faoi dhliteanas maidir le haon easpa comhréireachta a thiocfaidh as easpa an nuashonraithe ábhartha agus as é sin amháin, ar choinníoll:

(a)

gur chuir an díoltóir an tomhaltóir ar an eolas faoi infhaighteacht an nuashonraithe agus na n-iarmhairtí a bhainfeadh le mainneachtain an tomhaltóra é a shuiteáil; agus

(b)

nárbh ann do mhainneachtain an tomhaltóra maidir leis an suiteáil nó maidir le suiteáil mhícheart an nuashonraithe ag an tomhaltóir mar thoradh ar easnaimh sna treoracha suiteála a soláthraíodh don tomhaltóir.

5.   Ní bheidh aon easpa comhréireachta ann de réir bhrí mhír 1 nó mhír 3 más rud é, tráth ar tugadh an conradh i gcrích, gur cuireadh an tomhaltóir ar an eolas go sonrach go raibh tréith ar leith de na hearraí ag imeacht ón gcuspóir maidir leis na ceanglais chomhréireachta a leagtar síos i mír 1 nó i mír 3 agus go raibh glactha go sainráite agus go leithleach leis an diallas sin ag an tomhaltóir agus an conradh díolacháin á thabhairt i gcrích.

Airteagal 9

Cearta tríú páirtí

Más rud é, mar gheall ar shrian a bheidh ann mar thoradh ar shárú ar aon cheart de chuid tríú páirtí, go háirithe cearta maoine intleachtúla, go gcuirfear cosc nó teorainn ar úsáid na n-earraí i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an tomhaltóir i dteideal na leigheasanna le haghaidh easpa comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 13, ach amháin má fhoráiltear leis an dlí náisiúnta do neamhniú nó cealú an chonartha díolacháin i gcásanna den sórt sin.

Airteagal 13

Leigheasanna ar easpa comhréireachta

1.   I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal na hearraí a bheith curtha chun comhréireachta, nó laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, féadfaidh an tomhaltóir rogha a dhéanamh idir deisiú agus athsholáthar ach amháin dá mbeadh an leigheas a roghnaíodh dodhéanta nó neamhdhleathach nó, i gcomparáid leis an leigheas eile, go gcuirfeadh sí costais ar an díoltóir a bheadh díréireach, agus na cúinsí go léir á gcur san áireamh, lena n-áirítear:

(a)

an luach a bheadh ar na hearraí mura mbeadh aon easpa comhréireachta ann;

(b)

tábhacht na heaspa comhréireachta; agus

(c)

an bhféadfaí an leigheas malartach a sholáthair gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.

3.   Féadfaidh an díoltóir diúltú na hearraí a thabhairt chun comhréireachta dá mbeadh deisiú agus athsholáthar dodhéanta nó dá gcuirfeadh sé sin costais dhíréireacha ar an díoltóir, agus na himthosca uile á gcur san áireamh lena n-áirítear iad a luaitear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2.

4.   Beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach a fháil ar an bpraghas i gcomhréir le hAirteagal 15 nó i dteideal an conradh díolacháin a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 16 sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní dhearna an díoltóir an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích nó, i gcás inarb infheidhme, an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus (3), nó dhiúltaigh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo;

(b)

is ann d’easpa comhréireachta in ainneoin iarracht an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta;

(c)

tá an easpa comhréireachta de chineál atá chomh tromchúiseach sin le bheith mar údar le laghdú a dhéanamh láithreach ar an bpraghas nó leis an gconradh díolacháin a fhoirceannadh; nó

(d)

tá sé dearbhaithe ag an díoltóir, nó tá sé soiléir ó na himthosca, nach ndéanfaidh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta laistigh de thréimhse ama réasúnach nó gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.

5.   Ní bheidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh mura bhfuil ach mioneaspa comhréireachta i gceist. Is ar an díoltóir a bheidh an dualgas cruthúnais maidir le cibé an mioneaspa comhréireachta atá i gceist.

6.   Beidh sé de cheart ag an tomhaltóir íocaíocht an phraghais nó cuid de a choinneáil siar go dtí go ndéanfaidh an díoltóir oibleagáidí an díoltóra a chomhlíonadh faoin Treoir seo. Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha agus na modúlachtaí a chinneadh inar féidir leis an tomhaltóir an cheart chun an íocaíocht a choinneáil siar a fheidhmiú.

7.   Féadfaidh na Ballstáit a rialú cé acu atá nó nach bhfuil tionchar ag rannchuidiú an tomhaltóra leis an easpa comhréireachta ar cheart an tomhaltóra chun leigheasanna agus méid an tionchair sin.

Airteagal 14

Na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar

1.   Déanfar deisithe nó athsholáthar a chur i gcrích:

(a)

saor in aisce;

(b)

laistigh de thréimhse réasúnach ama ón tráth a mbeidh an tomhaltóir curtha ar an eolas faoin easpa comhréireachta; agus

(c)

gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus cineál na n-earraí agus an chríoch ar chuici a bhí na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh.

2.   I gcás ina bhfuil an easpa comhréireachta le leigheas trí na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar, déanfaidh an tomhaltóir na hearraí a chur ar fáil don díoltóir. déanfaidh an díoltóir na hearraí arna n-athsholáthar a thabhairt ar ais ar chostas an díoltóra féin.

3.   I gcás ina gceanglaítear le deisiú go mbainfear earraí a bhí suiteáilte ar bhealach a bhí comhsheasmhach le cineál agus críoch na n-earraí, sular léir an easpa comhréireachta, nó i gcás ina bhfuil na hearraí sin le hathsholáthar, áireofar leis an oibleagáid na hearraí arna n-athsholáthar a thógáil ar ais go mbainfear na hearraí neamh-chomhréireacha agus go ndéanfar na hearraí athsholáthair nó na hearraí deisithe a shuiteáil, nó go seasfar na costais a bhaineann leis sin.

4.   Ní bheidh an tomhaltóir faoi dhliteanas íoc as aon ghnáthúsáid a bhaintear as na hearraí athsholáthraithe le linn na tréimhse roimh an athsholáthar.

Airteagal 16

Foirceannadh an chonartha díolacháin

1.   Feidhmeoidh an tomhaltóir an ceart an conradh díolacháin a fhoirceannadh trí bhíthin ráiteas chuig an díoltóir ina gcuirfear an cinneadh in iúl an conradh díolacháin a fhoirceannadh.

2.   I gcás nach mbaineann an easpa comhréireachta ach le cuid de na hearraí a seachadadh faoin gconradh agus go bhfuil foras le foirceannadh an chonartha de bhun Airteagal 13, ní fhéadfaidh an tomhaltóir an conradh díolacháin a fhoirceannadh ach i ndáil leis na hearraí sin, agus maidir le haon earraí eile a fuair an tomhaltóir in éineacht leis na hearraí neamh-chomhréireacha i gcás nach féidir a bheith ag súil leis go nglacfaidh an tomhaltóir leis na hearraí comhréireacha amháin a choinneáil.

3.   I gcás ina ndéanann an tomhaltóir an conradh díolacháin a fhoirceannadh ina iomláine nó, i gcomhréir le mír 2, i ndáil le cuid de na hearraí a seachadadh faoin gconradh:

(a)

tabharfaidh an tomhaltóir na hearraí ar ais don díoltóir, ar chostas an díoltóra; agus

(b)

déanfaidh an díoltóir, ar fháil na n-earraí nó na fianaise arna soláthar ag an tomhaltóir gur seoladh na hearraí ar ais, an praghas a íocadh as na hearraí a aisíoc leis an tomhaltóir.

Chun críocha na míre seo, féadfaidh na Ballstáit na modúlachtaí maidir le tabhairt ar ais agus aisíocaíocht na n-earraí a chinneadh.

Airteagal 20

Faisnéis do thomhaltóirí

déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go bhfuil faisnéis faoi chearta tomhaltóirí faoin Treoir seo, agus na cearta sin faoi na modhanna chun iad a fhorfheidhmiú, ar fáil do thomhaltóirí.

Airteagal 24

Trasuí

1.   Faoin 1 Iúil 2021 déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoin méid sin.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm maidir ón 1 Eanáir 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna le tagairt den chineál sin a dhéanamh.

déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

2.   Ní bheidh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir le conarthaí arna gcur i gcrích roimh 1 Eanáir 2022.

Airteagal 25

Athbhreithniú

déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 12 Meitheamh 2024, athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo, lena n-áirítear na forálacha maidir le leigheasanna agus dualgas cruthúnais — maidir le earraí athláimhe chomh maith le earraí a dhíoltar ag ceantanna poiblí — agus ráthaíocht tráchtála um marthanacht an táirgeora, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Leis an tuarascáil, déanfar measúnú go háirithe ar cibé acu a áirithítear nó nach áirithítear le cur chun feidhme na Treorach seo agus cur chun feidhme Threoir (AE) 2019/770 creat comhsheasmhach agus comhleanúnach le haghaidh dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh maidir le hábhar digiteach, seirbhísí digiteacha agus earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a sholáthar i gcomhréir leis na prionsabail lena rialaítear beartais an Aontais. Beidh tograí reachtacha, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil leis an tuarascáil.


whereas









keyboard_arrow_down