(31) I bprionsabal, i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha má sholáthraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach, atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo, trí ghníomh aonair soláthair, níor cheart dliteanas a bheith ar an díoltóir ach amháin as easpa comhréireachta atá ann tráth an tseachadta.
Ba cheart, áfach, go leanfadh an oibleagáid i dtaca le nuashonruithe a sholáthar an treocht go mbíonn timpeallacht dhigiteach aon earra den sórt sin ag athrú de shíor.
Dá bhrí sin, is uirlis riachtanach iad nuashonruithe chun a áirithiú go mbeidh na hearraí in ann feidhmiú ar an mbealach céanna lenar fheidhmigh siad tráth an tseachadta.
Anuas air sin, i gcodarsnacht le hearraí traidisiúnta, níl earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha go hiomlán ar leithligh ó réimse an díoltóra, mar tá an díoltóir, nó tríú duine a sholáthraíonn an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach faoin gconradh díolacháin, in ann nuashonrú a dhéanamh ar na hearraí go cianda, go hiondúil ar an idirlíon.
Dá bhrí sin, má sholáthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach trí oibríocht aonair soláthair, ba cheart go mbeadh dliteanas ar an díoltóir nuashonruithe a sholáthar, ar na nuashonruithe iad atá riachtanach chun na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a choinneáil i gcomhréir le linn tréimhse ama a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach léi, fiú má bhí na hearraí i gcomhréir tráth an tseachadta.
Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an tréimhse ama ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach léi bunaithe ar shaghas agus ar chríoch na n-earraí agus na n-eilimintí digiteacha agus cúinsí agus cineál an chonartha dhíolacháin á gcur san áireamh.
Bheadh tomhaltóir ag súil de ghnáth le nuashonruithe a fháil ar feadh tréimhse chomh fada ar a laghad leis an tréimhse ar lena linn a bheidh dliteanas ar an díoltóir as easpa comhréireachta, agus i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an tréimhse a mbeadh an tomhaltóir ag súil go réasúnach léi a leathnú thar an tréimhse sin, de réir mar a bheadh i gceist, go háirithe i dtaca le nuashonruithe slándála.
I gcásanna eile, mar shampla, maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a bhfuil teorainn ama ag gabháil lena gcríoch, ba ghnách gur cheart oibleagáid an díoltóra nuashonruithe a sholáthar go dtí an t-am sin.
- = -
(35) Ba cheart don chomhréireacht fabhtanna san ábhar mar aon le fabhtanna dlíthiúla a chumhdach.
D’fhéadfadh srianta a tharlaíonn de dheasca sárú a bheith á dhéanamh cearta tríú páirtí, go háirithe cearta maoine intleachtúla, cosc nó teorainn a chur le húsáid na n-earraí i gcomhréir leis an gconradh.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú sna cásanna sin go mbeidh an tomhaltóir i dteideal na leigheasanna ar easpa comhréireachta de réir mar a leagtar amach iad sa Treoir seo, mura bhforáiltear sa dlí náisiúnta do neamhniú an chonartha nó cealú an chonartha mar thoradh ar a shárú i gcásanna mar sin.
- = -
(45) Ar feadh tréimhse bliana, nó ar feadh tréimhse 2 bhliain, má roghnaíonn na Ballstáit tréimhse 2 bhliain a chur i bhfeidhm, níor cheart go mbeadh ar an tomhaltóir a chruthú ach amháin nach bhfuil an t-earra i gcomhréir, gan an gá a bheith ann freisin a chruthú gurbh ann don easpa comhréireachta an tráth ábhartha chun comhréireacht a shuí.
Chun éileamh an tomhaltóra a bhréagnú, bheadh ar an díoltóir a chruthú nárbh ann don easpa comhréireachta an tráth sin.
Thairis sin, i gcásanna áirithe d’fhéadfadh an toimhde gurbh ann don easpa comhréireachta an tráth ábhartha chun comhréireacht a shuí a bheith neamh-chomhoiriúnach le cineál na n-earraí nó le cineál na heaspa comhréireachta.
D’fhéadfadh an chéad cheann díobh sin a bheith i gceist le hearraí a théann ó mhaith mar thoradh ar a gcineál, amhail táirgí somheata, mar shampla bláthanna, nó earraí nach bhfuil beartaithe ach i gcomhair úsáid amháin.
Sampla den dara ceann díobh a bheadh ann ná easpa comhréireachta nach dtiocfadh ann ach mar thoradh ar ghníomhaíocht a rinne an tomhaltóir nó gníomhaíocht fhollasach sheachtrach a tharla tar éis sheachadadh na n-earraí chuig an tomhaltóir.
Maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcás ina ndéantar foráil do sholáthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, níor cheart go mbeadh ar an tomhaltóir a chruthú nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir le linn na tréimhse ama lena mbaineann chun comhréireacht a shuí.
Chun éileamh an tomhaltóra a bhréagnú, bheadh ar an díoltóir a chruthú go raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir le linn na tréimhse sin.
- = -
(52) I gcásanna áirithe d’fhéadfaí údar cuí a bheith ann gur cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal praghas laghdaithe a bheith acu nó an conradh a fhoirceannadh láithreach.
I gcás ina bhfuil gníomhaíocht déanta ag an díoltóir chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta ach go dtagann easpa comhréireachta chun cinn ina dhiaidh sin, ba cheart a fhionnadh go hoibiachtúil cibé acu ba cheart nó nár cheart don tomhaltóir glacadh le hiarrachtaí breise ag an díoltóir maidir leis na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, agus imthosca uile an cháis á gcur san áireamh amhail cineál agus luach na n-earraí, chomh maith le nádúr agus suntasacht na heaspa comhréireachta.
Go háirithe, le haghaidh earraí costasacha agus casta d’fhéadfaí údar cuí a bheith ann a lamháil don díoltóir a iarracht eile a dhéanamh an easpa comhréireachta a leigheas.
Ba cheart a chur san áireamh freisin an amhlaidh gur féidir a bheith ag súil leis go leanfadh an tomhaltóir de mhuinín a bheith aige as cumas an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta nó nach féidir, mar shampla toisc go dtagann an fhadhb chéanna chun cinn faoi dhó.
Ar an gcaoi chéanna, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an easpa comhréireachta a bheith de chineál tromchúiseach sa chaoi nach féidir leis an tomhaltóir muinín a bheith aige as cumas an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta.
D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh nuair a bhíonn tionchar tromchúiseach ag an easpa comhréireachta ar chumas an tomhaltóra gnáthúsáid a bhaint as na hearraí agus nuair nach féidir a bheith ag súil leis go leanfadh an tomhaltóir de mhuinín a bheith aige go leigheasfaí an fhadhb trí na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar.
- = -
(58) Ionas go mbeidh an ceart chun conradh a fhoirceannadh éifeachtach do thomhaltóirí, i gcásanna ina bhfaigheann an tomhaltóir go leor earraí agus nach bhfuil tionchar ag an easpa comhréireachta ach amháin ar chuid de na hearraí arna seachadadh faoin chonradh, ba cheart go mbeadh an ceart ag an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh maidir leis na hearraí eile arna bhfáil le chéile leis na hearraí neamh-chomhréireacha, fiú má tá na hearraí sin i gcomhréir, mura féidir a bheith ag súil le réasún go nglacfadh an tomhaltóir le bheith in ann na hearraí comhréireacha amháin a choimeád.
- = -
(61) Is gné riachtanach de chonarthaí díolacháin é an prionsabal a bhaineann le dliteanas an díoltóra i leith damáistí.
Dá bhrí sin, ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal cúiteamh a éileamh as díobháil mar thoradh ar shárú a rinne an díoltóir ar fhorálacha na Treorach seo, lena n-áirítear le haghaidh damáistí a bhain don tomhaltóir de thoradh easpa comhréireachta.
Leis an gcúiteamh sin, ba cheart go mbeadh imthosca an tomhaltóra mar an gcéanna, a oiread agus is féidir, amhail is dá mbeadh na hearraí i gcomhréireacht. Ós rud é go n-áirithítear an ceart sin i leith damáistí i ngach Ballstát cheana, ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do rialacha náisiúnta maidir le cúiteamh tomhaltóirí as díobháil a rinneadh de thoradh sárú ar na rialacha sin.
Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit freisin teidlíocht an tomhaltóra chun cúitimh a rialáil i gcásanna inar cruthaíodh aon mhíchaoithiúlacht leis an deisiú nó leis an athsholáthar nó má bhí moill air.
- = -
(69) I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (10), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite.
I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a thraschur.
- = -