(5) Tá margadh i gcomhair earraí atá ag méadú tar éis eascairt as forbairt theicneolaíoch, arb earraí iad a ionchorpraíonn ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha nó atá idirnasctha leo sin.
Mar thoradh ar líon méadaitheach na ngléasanna sin agus an glacadh leo atá ag fás i measc tomhaltóirí, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go bhfuil ardleibhéal cosanta ar fáil do thomhaltóirí agus chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú a mhéid a bhaineann leis na rialacha is infheidhme maidir le conarthaí i ndáil le díolacháin na dtáirgí den chineál sin.
Chuideodh deimhneacht dlí le hiontaoibh na dtomhaltóirí agus na díoltóirí a threisiú.
- = -
(8) Cé go mbíonn leibhéal ard cosanta á theachtadh ag tomhaltóirí tráth a mbíonn siad ag ceannach ón gcoigríoch, mar thoradh ar chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 593/2008, bíonn tionchar diúltach ag an ilroinnt dlí freisin ar an leibhéal muiníne a bhíonn ag tomhaltóirí as idirbhearta trasteorann.
Cé go gcuireann roinnt tosca leis an drochiontaoibh sin, tá éiginnteacht maidir le príomhchearta conarthacha ar cheann de mhórchúiseanna imní na dtomhaltóirí.
Bíonn an éiginnteacht sin ann gan beann ar na tomhaltóirí a bheith á gcosaint, nó gan a bheith, le rialacha éigeantacha dhlí na gconarthaí i dtaca le tomhaltóirí ina mBallstát féin sa chás ina ndíríonn díoltóirí a gcuid gníomhaíochtaí trasteorann orthu, agus bíonn sí ann gan beann ar chonarthaí trasteorann a bheith á dtabhairt i gcrích, nó gan a bheith, ag tomhaltóirí le díoltóirí gan gníomhaíochtaí tráchtála a bheith á bhfeidhmiú ag an díoltóir sin i mBallstát an tomhaltóra.
- = -
(9) Cé gurb ionann díolacháin earraí ar líne agus tromlach mór na ndíolachán trasteorann san Aontas, déanann difríochtaí idir dlíthe náisiúnta conarthaí an difear céanna do mhiondíoltóirí a úsáideann bealaí ciandíolacháin agus a dhéanann siad do mhiondíoltóirí a dhíolann aghaidh ar aghaidh agus cuireann na difríochtaí sin cosc ar na miondíoltóirí méadú thar teorainneacha.
Ba cheart go gcumhdófaí leis an Treoir seo na bealaí ciandíolacháin uile, chun go dtabharfaí cothroime iomaíochta do na gnólachtaí uile a dhíolann earraí le tomhaltóirí.
Trí rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos a bhainfeadh leis na bealaí ciandíolacháin uile, ba cheart go seachnófaí leis an Treoir seo aon éagsúlacht a chruthódh ualaí díréireacha do líon méadaitheach miondíoltóirí uile-bhealaigh san Aontas.
Maidir leis an ngá le rialacha comhleanúnacha i leith díolachán agus ráthaíochtaí do na bealaí díolacháin uile, dearbhaíodh é sa tSeiceáil Oiriúnachta ón gCoimisiún ar dhlí tomhaltóirí agus margaíochta an Aontais a foilsíodh an 29 Bealtaine 2017, ar cumhdaíodh Treoir 1999/44/CE inti freisin.
- = -
(23) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a aistríonn an díoltóir úinéireacht earraí chuig an tomhaltóir, nó a gheallann díoltóir amhlaidh.
D’fhéadfadh soláthraithe ardán a mheas a bheith ina díoltóirí faoin Treoir seo má bhíonn siad ag gníomhú chun críocha a bhaineann lena ngnó féin agus mar pháirtí conarthach díreach an tomhaltóra le haghaidh díolachán earraí.
Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor cur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo a leathnú le go gcumhdófaí soláthraithe ardán nach gcomhlíonann na ceanglais le go measfar iad a bheith ina dtrádálaí faoin Treoir seo.
- = -
(28) Ós rud é go bhfuil forbairt sheasta ag teacht ar an ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha atá ionchorpraithe in earraí, nó idirnasctha leo, féadfaidh díoltóirí a chomhaontú le tomhaltóirí go soláthróidh siad nuashonruithe do na hearraí sin.
Is féidir nuashonruithe, mar a chomhaontaítear iad sa chonradh díolacháin, eilimint an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ag na hearraí a fheabhsú agus a threisiú, a bhfeidhmiúlachtaí a leathnú, iad a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla, iad a chosaint in aghaidh bagairtí slándála nua nó freastal ar chríocha eile.
Ba cheart, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh chomh maith ar chomhréireacht na n-earraí ag a bhfuil ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo, i dtaobh an ndéantar gné an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ag na hearraí sin a nuashonrú i gcomhréir leis an gconradh díolacháin.
Ba cheart mainneachtain soláthair maidir le nuashonruithe a comhaontaíodh sa chonradh a mheas mar easpa comhréireachta na n-earraí.
Thairis sin, ba cheart nuashonruithe lochtacha nó neamhiomlána a mheas freisin mar easpa comhréireachta na n-earraí, toisc go bhfágfadh sin nach bhfeidhmítear na nuashonraithe sin ar an mbealach a sonraítear sa chonradh díolacháin.
- = -
(33) Faoin Treoir seo, ba cheart oibleagáid a bheith ar an díoltóir earraí a sheachadadh don tomhaltóir atá i gcomhréir tráth an tseachadta.
D’fhéadfadh díoltóirí úsáid a bhaint as comhpháirteanna spártha chun go gcomhlíonfaidh siad a n-oibleagáid i dtaca le hearraí a dheisiú i gcás easpa comhréireachta a bhí ann tráth an tseachadta.
Cé nár cheart leis an Treoir seo go dtabharfaí oibleagáid isteach ar dhíoltóirí chun infhaighteacht páirteanna spártha le linn tréimhse ama a áirithiú mar cheanglas oibiachtúil maidir le comhréireacht, níor cheart go ndéanfadh sin difear d’fhorálacha eile i ndlíthe náisiúnta a chuireann oibleagáid ar an díoltóir, ar an táirgeoir nó ar dhaoine eile ar naisc iad de chuid shlabhra na n-idirbheart a áirithiú go bhfuil comhpháirteanna spártha ar fáil nó tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir leis an infhaighteacht sin.
- = -