search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: 'mballstát' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index mballstát:

    CAIBIDIL I
    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    CAIBIDIL II
    GEATÓIRÍ

    CAIBIDIL III
    CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

    CAIBIDIL IV
    IMSCRÚDÚ MARGAIDH

    CAIBIDIL V
    CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas mballstát:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 493

 

Airteagal 14

An oibleagáid eolas a thabhairt faoi chomhchruinnithe

1.   Cuirfidh an geatóir an Coimisiún ar an eolas faoi chomhchruinniú ar bith atá beartaithe de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, i gcás ina soláthraíonn na heintitis atá ag cumasc nó sprioc an chomhchruinnithe croísheirbhísí ardáin nó aon seirbhísí eile san earnáil dhigiteach nó ina gcumasaíonn siad sonraí a bhailiú, gan beann ar é a bheith infhógartha don Choimisiún faoin Rialachán sin nó d’údarás iomaíochta náisiúnta inniúil faoi rialacha náisiúnta cumaisc.

Tabharfaidh geatóir eolas don Choimisiún maidir le comhchruinniú den sórt sin sula gcuirfear chun feidhme é agus i ndiaidh an comhaontú a chur i gcrích, i ndiaidh an tairiscint phoiblí a fhógairt, nó i ndiaidh leas urlámhais a fháil.

2.   San fhaisnéis a thabharfaidh an geatóir de bhun mhír 1, beidh ar a laghad tuairisc ar na gnóthais a mbaineann an comhchruinniú leo, a láimhdeachais bhliantúla Aontais agus dhomhanda, a réimsí gníomhaíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach leis an gcomhchruinniú, luach idirbhirt an chomhaontaithe nó meastachán orthu, achoimre ar an gcomhchruinniú, lena n-áirítear cineál agus réasúnaíocht an chomhchruinnithe, agus liosta de na Ballstáit a mbaineann an comhchruinniú leo.

Tabharfar tuairisc freisin san fhaisnéis arna cur ar fáil ag an ngeatóir, i gcás aon chroísheirbhísí ardáin ábhartha, ar a láimhdeachais bhliantúla Aontais, ar líon a n-úsáideoirí gnó gníomhacha bliantúla agus ar líon a n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla, faoi seach.

3.   Más rud é, i ndiaidh aon chomhchruinniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go sroicheann croísheirbhísí ardáin sa bhreis na tairseacha in Airteagal 3(2), pointe (b), ar bhonn aonair, cuirfidh an geatóir lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi sin laistigh de 2 mhí ó chur chun feidhme an chomhchruinnithe agus soláthróidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) don Choimisiún.

4.   Cuirfidh an Coimisiún údaráis inniúla na mballstát ar an eolas faoi aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 agus foilseoidh sé go bliantúil liosta de na fálacha ar chuir na geatóirí ar an eolas iad fúthu de bhun na míre sin.

Cuirfidh an Coimisiún leas dlisteanach gnóthas a rúin ghnó a chosaint san áireamh.

5.   Féadfaidh údaráis inniúla na mballstát an fhaisnéis a fhaightear faoi mhír 1 den Airteagal seo a úsáid chun a iarraidh ar an gCoimisiún an comhchruinniú a scrúdú de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

Airteagal 21

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, a cheangal ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas gach faisnéis is gá a sholáthar. Féadfaidh an Coimisiún freisin, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, rochtain a cheangal ar aon sonraí nó algartaim de chuid gnóthas agus ar fhaisnéis maidir le tástáil, chomh maith le mínithe orthu a iarraidh.

2.   Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á cur chuig gnóthas nó chuig comhlachas gnóthas, déanfaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata a lua, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di, chomh maith leis na fíneálachadá bhforáiltear in Airteagal 30 is infheidhme as ucht faisnéis atá neamhiomlán, mícheart nó míthreorach a sholáthar.

3.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas faisnéis a sholáthar le cinneadh, luafaidh sé cuspóir agus bunús dlí na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais rochtain ar aon sonraí, algartaim agus faisnéis maidir le tástáil a sholáthar, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, agus socróidh sé an teorainn ama nach mór í a sholáthar laistigh di. Léireoidh sé freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 30 agus léireoidh sé nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 31. Léireoidh sé a thuilleadh an ceart go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú ar an gcinneadh.

4.   Déanfaidh na gnóthais nó na comhlachais ghnóthas nó a gcuid ionadaithe an fhaisnéis a iarraidh a sholáthar thar ceann an ghnóthais nó an chomhlachais ghnóthas lena mbaineann. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh údaráis inniúla na mballstát don Choimisiún an fhaisnéis go léir is gá atá ina seilbh chun na dualgais a shanntar dó leis an Rialachán seo a chur i gcrích.

Airteagal 26

Faireachán ar oibleagáidí agus ar bhearta

1.   Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 agus na gcinntí a glacadh de bhun Airteagail 8, 18, 24, 25 agus 29. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin go háirithe oibleagáid a fhorchur ar an ngeatóir gach doiciméad a choinneáil a mheastar a bheith ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí agus na gcinntí sin agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí agus na gcinntí sin.

2.   Is féidir go n-áireofar leis na gníomhaíochtaí de bhun mhír 1 saineolaithe agus iniúchóirí neamhspleácha seachtracha, chomh maith le hoifigigh ó údaráis náisiúnta inniúla na mballstát a cheapadh, chun cabhrú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na hoibleagáidí agus ar na bearta agus chun saineolas nó eolas ar leith a sholáthar don Choimisiún.

Airteagal 34

An ceart chun éisteacht a fháil agus rochtain a fháil ar an gcomhad

1.   Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagal 8, Airteagal 9(1), Airteagal 10(1), Airteagail 17, 18, 24, 25, 29 agus 30 agus Airteagal 31(2), tabharfaidh an Coimisiún deis don gheatóir nó don ghnóthas nó don chomhlachas gnóthas lena mbaineann éisteacht a fháil maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na réamhchinntí ón gCoimisiún, lena n-áirítear ábhar ar bith a ndearna an Coimisiún agóid ina aghaidh; agus

(b)

bearta a d’fhéadfadh sé a bheith i gceist ag an gCoimisiún a dhéanamh i bhfianaise na réamhchinntí de bhun phointe (a) den mhír seo.

2.   Féadfaidh geatóirí, gnóthais agus comhlachais ghnóthas lena mbaineann a gcuid tuairimí maidir leis na réamhchinntí ón gCoimisiún a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún sna réamhchinntí uaidh nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 14 lá.

3.   Bunóidh an Coimisiún na cinntí uaidh ar réamhchinntí, lena n-áirítear aon ní a ndearna an Coimisiún agóid ina choinne, a raibh geatóirí, gnóthais nó comhlachais ghnóthas lena mbaineann ábalta tuairimí a thabhairt ina leith.

4.   Déanfar cearta cosanta an gheatóra, an ghnóthais nó an chomhlachais gnóthas lena mbaineann a urramú go hiomlán in aon imeachtaí. Beidh an geatóir, an gnóthas nó an comhlachas gnóthas lena mbaineann i dteideal rochtain a fháil ar chomhad an Choimisiúin faoi théarmaí nochta, faoi réir leas dlisteanach gnóthas maidir lena rúin ghnó a chosaint. I gcás easaontais idir na páirtithe, féadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh lena leagtar amach na téarmaí nochta sin. Ní áireofar leis an gceart chun rochtain a fháil ar chomhad an Choimisiúin faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin nó de chuid údaráis inniúla na mballstát. Go sonrach, ní áireofar leis an gceart rochtana comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis inniúla na mballstát. Ní chuirfidh rud ar bith sa mhír seo cosc ar an gCoimisiún faisnéis atá riachtanach chun sárú a chruthú a nochtadh agus a úsáid.

Airteagal 36

Rúndacht ghairmiúil

1.   Úsáidfear an fhaisnéis arna bailiú de bhun an Rialacháin seo chun críocha an Rialacháin seo.

2.   Úsáidfear an fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 14 chun críocha an Rialacháin seo, Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 agus rialacha náisiúnta cumaisc.

3.   Úsáidfear an fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 15 chun críocha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2016/679.

4.   Gan dochar don mhalartú faisnéise agus d’úsáid faisnéise a soláthraíodh chun í a úsáid de bhun Airteagail 38, 39, 41 agus 43, ní nochtfaidh an Coimisiún, údaráis inniúla na mballstát, a gcuid oifigeach, searbhóntaí agus daoine eile atá ag obair faoi mhaoirseacht na n-údarás sin agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh de bhun Airteagal 26(2), faisnéis a fuair siad nó a mhalartaigh siad de bhun an Rialacháin seo agus atá den chineál atá á cumhdach ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

Airteagal 38

Comhar agus comhordú le húdaráis náisiúnta inniúla a fhorfheidhmíonn rialacha iomaíochta

1.   Comhoibreoidh an Coimisiún agus údaráis náisiúnta inniúla na mballstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) le chéile agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoina ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoi seach tríd an nGréasán Eorpach Iomaíochta (ECN). Beidh sé de chumhacht acu aon fhaisnéis maidir le hábhar fíorais nó dlí, lena n-áirítear faisnéis rúnda, a chur ar fáil dá chéile. I gcás nach comhalta den Ghréasán Eorpach Iomaíochta é an t-údarás inniúil, déanfaidh an Coimisiún na socruithe is gá chun comhar a dhéanamh agus faisnéis a mhalartú maidir le cásanna a bhaineann le forfheidhmiú an Rialacháin seo agus le forfheidhmiú na gcásanna sin dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ag na húdaráis sin. Féadfaidh an Coimisiún na socruithe sin a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 46(1), pointe (l).

2.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta inniúil de chuid na mballstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) imscrúdú a sheoladh maidir le geatóirí bunaithe ar dhlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn faoin gcéad bheart imscrúdaitheach foirmiúil sula gcuirtear tús leis an mbeart sin nó díreach i ndiaidh tús a chur leis. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta inniúla na mballstát eile a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

3.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta inniúil de chuid na mballstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) oibleagáidí a fhorchur ar gheatóirí bunaithe ar dhlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), cuirfidh sé an dréachtbheart in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 lá sula nglacfar é agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis an mbeart. I gcás bearta idirlinne, cuirfidh údarás náisiúnta inniúil na mballstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) na dréachtbhearta atá beartaithe in iúl don Choimisiún a luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí díreach tar éis ghlacadh na mbeart sin. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta inniúla na mballstát eile a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

4.   Ní bheidh feidhm ag na sásraí faisnéise dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 maidir le cinntí atá beartaithe de bhun rialacha náisiúnta cumaisc.

5.   Ní dhéanfar faisnéis a mhalartófar de bhun mhíreanna 1 go 3 den Airteagal seo a mhalartú ná a úsáid ach amháin chun comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an Rialacháin seo agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

6.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar údaráis náisiúnta inniúla na mballstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) tacú le haon cheann dá imscrúduithe margaidh de bhun an Rialacháin seo.

7.   Féadfaidh údarás náisiúnta inniúil de chuid na mballstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), ar a thionscnamh féin, imscrúdú a dhéanamh maidir le cás neamhchomhlíonadh Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo a d’fhéadfadh a bheith ar a chríoch, i gcás ina bhfuil an inniúlacht agus cumhachtaí imscrúdaitheacha aige chun é a dhéanamh faoin dlí náisiúnta. Sula ndéanfaidh sé an chéad bheart imscrúdaitheach foirmiúil, cuirfidh an t-údarás sin an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn.

Le tionscnamh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20, bainfear d’údaráis náisiúnta inniúla na mballstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) an fhéidearthacht imscrúdú den sórt sin a dhéanamh nó deireadh a chur leis i gcás ina bhfuil sé ar bun cheana féin. Tuairisceoidh na húdaráis sin don Choimisiún maidir le cinntí an imscrúdaithe sin chun tacú leis an gCoimisiún ina ról mar fhorfheidhmitheoir aonair an Rialacháin seo.

Airteagal 53

Athbhreithniú

1.   Faoin 13 Aibreán 2026, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

2.   Measúnófar leis na meastóireachtaí ar baineadh amach nó nár baineadh amach aidhmeanna an Rialacháin seo, is iad sin margaí inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú, agus measúnófar leo freisin tionchar an Rialacháin seo ar úsáideoirí gnó, FBManna go háirithe, agus ar úsáideoirí deiridh. Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht féachaint an bhféadfar raon feidhme Airteagal 7 a leathnú chuig seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne.

3.   Deimhneofar sna meastóireachtaí an bhfuil sé de cheangal rialacha a mhodhnú, lena n-áirítear maidir leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 agus a bhforfheidhmiú, chun a áirithiú go mbeidh margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom. I ndiaidh na meastóireachtaí, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith san áireamh leo.

4.   Soláthróidh údaráis inniúla na mballstát aon fhaisnéis ábhartha atá acu agus a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón gCoimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.


whereas









keyboard_arrow_down