search


keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0790 GA cercato: 'mhargadh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index mhargadh:

    TEIDEAL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    TEIDEAL II
    BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN
  • 2 Airteagal 5 Saothair agus ábhar eile a úsáid i ngníomhaíochtaí teagaisc digiteacha agus trasteorann

  • TEIDEAL III
    BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR CHLEACHTAIS CHEADÚNAITHE AGUS ROCHTAIN NÍOS FAIRSINGE AR INNEACHAR A ÁIRITHIÚ

    CAIBIDIL 1
    Saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála

    CAIBIDIL 2
    Bearta chun comhcheadúnú a éascú

    CAIBIDIL 3
    Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh

    CAIBIDIL 4
    Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí

    TEIDEAL IV
    BEARTA CHUN MARGADH DEA-FHEIDHMITHE LE hAGHAIDH CÓIPCHIRT A BHAINT AMACH

    CAIBIDIL 1
    Cearta i bhfoilseacháin

    CAIBIDIL 2
    Úsáidí áirithe inneachair chosanta ag seirbhísí ar líne

    CAIBIDIL 3
    Luach saothair cothrom i gconarthaí saothraithe na n-údar agus na dtaibheoirí

    TEIDEAL V
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas mhargadh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 362

 

Airteagal 5

Saothair agus ábhar eile a úsáid i ngníomhaíochtaí teagaisc digiteacha agus trasteorann

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a), (b), (d) agus (e) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2001/29/CE, in Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo chun go bhféadfar saothair agus ábhar eile a úsáid go digiteach chun iad a léiriú le haghaidh teagaisc agus chuige sin amháin, a mhéid a bheidh call leis mar gheall ar an gcríoch neamhthráchtála atá le baint amach, ar choinníoll i dtaobh na húsáide sin:

(a)

go dtarlaíonn sí faoi fhreagracht forais oideachais, nó ina áitreabh nó ag ionaid eile, nó trí thimpeallacht leictreonach shlán nach bhfuil rochtain air ach ag daltaí nó mic léinn an fhorais oideachais agus foireann teagaisc an fhorais oideachais; agus

(b)

go mbíonn ag gabháil léi tásc i dtaobh na foinse, lena n-áirítear ainm an údair, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh.

2.   D'ainneoin Airteagal 7(1), féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an eisceacht nó ag an teorainn a ghlactar de bhun mhír 1 nó nach mbeidh feidhm aici a mhéid a bhaineann le húsáidí nó cineálacha sonracha saothar nó ábhair eile, amhail ábhar atá beartaithe go príomha don mhargadh oideachais nó bileoga ceoil, sa mhéid is go mbeidh fáil éasca sa mhargadh ar cheadúnais oiriúnacha lena n-údaraítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a chlúdaíonn riachtanais agus sonraíochtaí na bhforais oideachais.

Na Ballstáit a chinneann leas a bhaint as an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil na ceadúnais lena n-údaraítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo infhaighte agus infheicthe ar bhealach iomchuí le haghaidh forais oideachais.

3.   Úsáid saothar agus ábhair eile chun críche léirithe le haghaidh teagaisc, agus chuige sin amháin, trí thimpeallachtaí leictreonacha slána a dhéantar i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta, arna nglacadh de bhun an Airteagail seo, measfar nach mbeidh sí ar siúl ach amháin sa Bhallstát ina bhfuil an foras oideachais bunaithe.

4.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cúiteamh cothrom do shealbhóirí cirt as úsáid a saothar nó a n-ábhair eile de bhun mhír 1.

Airteagal 24

Leasuithe ar Threoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE

1.   Leasaítear Treoir 96/9/CE mar a leanas:

(a)

In Airteagal 6(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

i gcás úsáid chun críche léirithe le haghaidh teagaisc nó taighde eolaíochta agus chuige sin amháin, ar choinníoll go léireofar an fhoinse agus a mhéid a bhfuil údar leis an úsáid sin de bharr na críche neamhthráchtála atá le baint amach, gan dochar do na heisceachtaí ná do na teorainneacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(*1)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).”"

(b)

In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

i gcás asbhaint chun críche léirithe le haghaidh teagaisc nó taighde eolaíochta, ar choinníoll go léireofar an fhoinse agus a mhéid atá údar leis an úsáid sin de bharr na críche neamhthráchtála atá le baint amach, gan dochar do na heisceachtaí ná do na teorainneacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/790;”.

2.   Leasaítear Treoir 2001/29/CE mar a leanas:

(a)

In Airteagal 5(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

i leith gníomhartha sonracha atáirgthe arna ndéanamh ag leabharlanna, ag forais oideachais nó ag músaeim atá inrochtana don phobal, nó ag cartlanna, nach le haghaidh buntáiste eacnamaíoch nó tráchtála díreach nó indíreach iad, gan dochar do na heisceachtaí agus na teorainneacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);”

(*2)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).”"

(b)

In Airteagal 5(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

úsáid chun críche léirithe le haghaidh teagaisc nó taighde eolaíochta agus chuige sin amháin, ar choinníoll go léireofar an fhoinse, lena n-áirítear ainm an údair, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh, agus a mhéid atá údar leis an úsáid sin de bharr na críche neamhthráchtála atá le baint amach, gan dochar do na heisceachtaí agus na teorainneacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/790;”.

(c)

In Airteagal 12(4), cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(e)

tionchar thrasuí Threoir (AE) 2019/790 ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a scrúdú, agus aird a tharraingt ar aon deacrachtaí trasuite;

(f)

malartú faisnéise a éascú ar fhorbairtí ábhartha sa reachtaíocht agus sa chásdlí mar aon le cur i bhfeidhm praiticiúil na mbeart arna ndéanamh ag na Ballstáit chun Treoir (AE) 2019/790 a chur chun feidhme;

(g)

plé a dhéanamh ar aon cheisteanna eile a eascróidh as Treoir (AE) 2019/790 a chur i bhfeidhm;”.

Airteagal 32

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 125, 21.4.2017, lch. 27.

(2)  IO C 207, 30.6.2017, lch. 80.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Aibreán 2019.

(4)  Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dlí bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20-28).

(5)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir leis an trádáil leictreonach) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(6)  Treoir 2001/29/CE ón Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(7)  Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus leis an gceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla (IO L 376, 27.12.2006, lch. 28).

(8)  Treoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dlí na gclár ríomhaireachta (IO L 111, 5.5.2009, lch. 16).

(9)  Treoir 2012/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le húsáidí áirithe a cheadaítear i leith saothair dhílleachta (IO L 299, 27.10.2012, lch. 5).

(10)  Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach na gceart i saothair cheoil d'úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 84, 20.3.2014, lch. 72).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 maidir le cúraimí a bhaineann le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla, lena n-áirítear ionadaithe thar ceann na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí a thionól mar Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla, a chur ar iontaoibh na hOifige um Chomhchuibhiú sa mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 129, 16.5.2012, lch. 1).

(12)  Treoir 93/83/CEE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1993 maidir le comhordú rialacha áirithe a bhaineann le cóipcheart agus cearta i dtaca le cóipcheart is infheidhme maidir le craoladh satailíte agus atarchur ar chábla (IO L 248, 6.10.1993, lch. 15).

(13)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(14)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(15)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(16)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(18)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(19)  Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 242, 20.9.2017, lch. 6).

(20)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).


whereas









keyboard_arrow_down