(41) Aon fhaisnéis maidir le húsáid thodhchaíoch agus leanúnach na saothar nó ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ag institiúidí oidhreachta cultúrtha ar bhonn na Treorach seo agus na socruithe atá i bhfeidhm i gcomhair na sealbhóirí cirt uile eisiamh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gceadúnas nó na heisceachta ná na teorann maidir lena saothair nó ábhar eile, ba cheart í a phoibliú go leormhaith roimh agus le linn na húsáide faoi cheadúnas nó faoin eisceacht nó faoin teorainn, de réir mar is iomchuí.
Tá poibliú den sórt sin tábhachtach go háirithe nuair a tharlóidh úsáidí thar theorainneacha sa mhargadh inmheánach.
Mar sin, is iomchuí foráil a dhéanamh chun tairseach aonair ar líne atá inrochtana go poiblí a chruthú chun go gcuirfidh an tAontas d'fhonn an fhaisnéis sin ar fáil don phobal ar feadh tréimhse réasúnach ama sula dtarlóidh an úsáid.
Ba cheart go n-éascófaí leis an tairseach sin an fhéidearthacht do shealbhóirí eisiamh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gceadúnas nó na heisceachta nó na teorann maidir lena saothair nó ábhar eile.
Faoi Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), cuirtear cúraimí agus gníomhaíochtaí áirithe ar iontaoibh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, arna maoiniú trí úsáid a bhaint as a modhanna buiséadacha féin agus a bhfuil sé mar aidhm acu gníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta, na hearnála poiblí agus institiúidí an Aontais a éascú agus tacú leo sa chomhrac in aghaidh sárú ar chearta maoine intleachtúla, lena n-áirítear an sárú a chosc.
Is iomchuí mar sin dul ar iontaoibh na Oifige sin chun an tairseach Eorpach a bhunú agus a bhainistiú lena gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil.
- = -
(47) Tá sé tábhachtach nach gcuirtear na sásraí sin i bhfeidhm ach i limistéir úsáide atá sainithe go maith, i gcásanna inar gnách go mbíonn sé an-deacair agus neamhphraiticiúil údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt ar bhonn aonair sa mhéid agus nach dócha go dtarlódh an t-idirbheart ceadúnúcháin is gá, eadhon ceann a bhaineann le ceadúnas lena gcumhdaítear na sealbhóirí cirt go léir lena mbaineann, de bharr chineál na húsáide nó chineálacha na saothar lena mbaineann.
Ba cheart na sásraí sin a bheith bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach maidir leis an gcaoi a gcaitear le sealbhóirí cirt, lena n-áirítear sealbhóirí cirt nach comhaltaí den chomheagraíocht bainistíochta iad.
Go háirithe, maidir le sealbhóirí cirt lena mbaineann, i gcás nach náisiúnaigh ná cónaitheoirí iad de Bhallstát an úsáideora a bhfuil ceadúnas á lorg acu, nó i gcás nach bhfuil siad bunaithe ann, níor cheart an fíoras sin ann féin a bheith ina chúis lena mheas go bhfuil imréiteach na gceart chomh trom agus chomh neamhphraiticiúil sin agus go mbeadh údar maith leis na sásraí sin a úsáid.
Tá sé chomh tábhachtach céanna nach ndéanfaidh úsáid ceadúnaithe difear díobhálach do luach eacnamaíoch na gceart ábhartha ná sochair thráchtála shuntasacha a bhaint de shealbhóirí cirt.
- = -
(48) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil coimircí iomchuí i bhfeidhm chun leasanna dlisteanacha na sealbhóirí cirt nach bhfuil sainordú tugtha acu d'eagraíocht a thairgeann an ceadúnas agus go gcuirtear i bhfeidhm na coimircí sin ar mhodh neamh-idirdhealaitheach.
Go sonrach, chun údar a thabhairt le héifeacht leathnaithe na sásraí, ba cheart an eagraíocht, ar bhonn údaruithe ó shealbhóirí cirt, a bheith ionadaíoch a dóthain i dtaobh na gcineálacha saothar nó ábhair eile agus i dtaobh na gceart atá faoi réir an cheadúnais. Ba cheart do na Ballstáit na ceanglais a chinneadh chun go mbeidh na heagraíochtaí sin ionadaíoch a ndóthain, agus aird á tabhairt ar chatagóir na gceart arna mbainistiú ag an eagraíocht chomhbhainistíochta, ar chumas na heagraíochta na cearta a bhainistiú go héifeachtach, ar réimse na cruthaitheachta ina bhfuil sí ag feidhmiú agus ar cibé acu a chumhdaíonn nó nach gcumhdaíonn an eagraíocht líon suntasach sealbhóirí cirt de chuid an chineáil saothar nó ábhar eile ábhartha a bhfuil sainordú tugtha acu lena gceadaítear an cineál ábhartha úsáide a cheadúnú, agus i gcomhréir le Treoir 2014/26/AE.
Chun deimhneacht dhlíthiúil agus muinín sna sásraí a áirithiú, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cé air nó uirthi a mbeidh an fhreagracht dhlíthiúil maidir le húsáidí arna n-údarú leis an gcomhaontú ceadúnais a chinneadh.
Ba cheart cóir chomhionann a ráthú do gach sealbhóir cirt a ndéantar a saothair a shaothrú faoin gceadúnas, lena n-áirítear go háirithe maidir le rochtain ar fhaisnéis ar an gceadúnú agus ar dháileadh an luacha saothair.
Ba cheart na bearta poiblíochta a bheith éifeachtach le linn ré an cheadúnais gan ualaí riaracháin díréireacha a fhorchur ar úsáideoirí, ar eagraíochtaí comhbhainistíochta nó ar shealbhóirí cirt agus gan an gá le gach sealbhóir cirt a chur ar an eolas duine ar dhuine.
- = -
(49) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le cuspóir agus raon feidhme aon cheadúnais a dheonaítear mar thoradh ar na sásraí sin, chomh maith leis na húsáidí a d'fhéadfadh a bheith ann, gur cheart iad a bheith sainithe go cúramach i reachtaíocht nó, i gcás gur foráil ghinearálta í an reachtaíocht fholuiteach, sna cleachtais cheadúnaithe a chuirtear i bhfeidhm de thoradh na bhforálacha ginearálta sin, nó sna ceadúnais arna ndeonú.
Ba cheart freisin go mbeadh an cumas chun ceadúnas a oibriú faoi na sásraí sin teoranta do na heagraíochtaí comhbhainistíochta um chearta, ar eagraíochtaí iad atá faoi réir an dlí náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2014/26/AE chun feidhme.
- = -
(56) Chun críocha na Treorach seo, is gá an coincheap do phreasfhoilseacháin a shainmhíniú ar bhealach nach gcumhdófaí leis ach foilseacháin iriseoireachta amháin, arna bhfoilsiú i meáin ar bith, lena n-áirítear ar pháipéar, i gcomhthéacs gníomhaíochta eacnamaíche arb ionann í agus soláthar seirbhísí faoi dhlí an Aontais. I measc na bpreasfhoilseachán atá le cumhdach, bheadh, mar shampla, nuachtáin laethúla, irisí seachtainiúla nó míosúla ar ábhair ghinearálta nó shainspéise, lena n-áirítear irisí bunaithe ar shíntiúis, agus suíomhanna gréasáin nuachta.
Saothair liteartha den chuid is mó a bhíonn le fáil i bpreasfhoilseacháin, ach níos mó agus níos mó bíonn cineálacha eile saothar agus ábhair eile le fáil iontu, go háirithe grianghraif agus físeáin.
Níor cheart go gcumhdófaí foilseacháin thréimhsiúla a fhoilsítear chun críocha eolaíocha nó acadúla, amhail irisleabhair eolaíocha, leis an gcosaint a dheonaítear do phreasfhoilseacháin faoin Treoir seo. Níor cheart ach oiread go mbeadh feidhm ag an gcosaint sin maidir le suíomhanna gréasáin, amhail blaganna, a sholáthraíonn faisnéis mar chuid de ghníomhaíocht nach gcuirtear i gcrích faoi thionscnamh, faoi fhreagracht eagarthóireachta agus faoi rialú an tsoláthraí seirbhíse, amhail foilsitheoir nuachta.
- = -