(11) Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht dhlíthiúil a bhaineann le mianadóireacht téacsanna agus sonraí trí fhoráil a dhéanamh maidir le heisceacht shainordaitheach d'ollscoileanna agus d'eagraíochtaí taighde eile, chomh maith le hinstitiúidí oidhreachta cultúrtha, ar an gceart eisiach atáirgthe agus ar an gceart chun asbhaint ó bhunachar sonraí a chosc.
I gcomhréir le beartas taighde an Aontais atá ann cheana, a spreagann ollscoileanna agus institiúidí taighde comhoibriú leis an earnáil phríobháideach, ba cheart d'eagraíochtaí taighde tairbhiú d'eisceacht den sórt sin nuair atá a ngníomhaíochtaí taighde ar bun faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí.
Cé gur cheart d'eagraíochtaí taighde agus d'institiúidí oidhreachta cultúrtha leanúint de bheith ina dtairbhithe den eisceacht sin, ba cheart dóibh a bheith in ann freisin brath ar a gcomhpháirtithe príobháideacha chun an mhianadóireacht téacsanna agus sonraí a cur i gcrích, lena n-áirítear trína n-uirlisí teicneolaíochta a úsáid.
- = -
(13) Ba cheart a thuiscint le hinstitiúidí oidhreachta cultúrtha go gcumhdaíonn siad leabharlanna agus músaeim atá inrochtana don phobal, gan beann ar an gcineál saothar nó ábhair eile atá ina mbailiúcháin bhuana, chomh maith le cartlanna nó institiúidí oidhreachta scannánaíochta nó institiúidí oidhreachta fuaime.
Ba cheart a thuiscint leo go gcuimsíonn siad freisin, inter alia, leabharlanna náisiúnta agus cartlanna náisiúnta, agus, a mhéid a bhaineann lena gceartlanna agus lena leabharlanna atá inrochtana don phobal, forais oideachais, eagraíochtaí taighde agus eagraíochtaí craolacháin san earnáil phoiblí.
- = -
(25) Tá institiúidí oidhreachta cultúrtha ag gabháil do chaomhnú a mbailiúchán do na glúnta amach romhainn.
D'fhéadfaí a cheangal le gníomh caomhnaithe saothair nó ábhair eile i mbailiúchán institiúide oidhreachta cultúrtha go ndéanfar saothar nó ábhar eile a atáirgeadh agus dá bharr sin údarú na sealbhóirí cirt ábhartha a bheith ag teastáil freisin.
Le teicneolaíochtaí digiteacha, tairgtear bealaí nua dúinn chun an oidhreacht atá sna bailiúcháin sin a chaomhnú ach cruthaítear dúshláin nua leo freisin.
I bhfianaise na ndúshlán nua sin, is gá an creat dlí atá ann cheana a oiriúnú trí fhoráil a dhéanamh d'eisceacht shainordaitheach ar an gceart atáirgthe chun go mbeidh na hinstitiúidí sin in ann gníomhartha caomhnaithe den sórt sin a dhéanamh.
- = -
(26) Toisc gurb ann do chineálacha éagsúla cur chuige maidir le gníomhartha atáirgthe ar mhaithe le caomhnú ag institiúidí oidhreachta cultúrtha sna Ballstáit treampán ar chomhar trasteorann, ar chomhroinnt modhanna caomhnaithe agus ar bhunú líonraí caomhnaithe trasteorann sa mhargadh inmheánach ag na hinstitiúidí sin, as a leanann úsáid neamhéifeachtach acmhainní.
Is féidir tionchar diúltach a bheith ag an méid sin ar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha.
- = -
(37) Agus éagsúlacht na saothar agus ábhair eile i mbailiúcháin na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha á breithniú, tá sé tábhachtach go mbeidh na sásraí ceadúnúcháin agus an eisceacht nó an teorainn dá bhforáiltear leis an Treoir seo ar fáil agus gur féidir iad a úsáid i gcleachtas i gcomhair cineálacha éagsúla saothar agus ábhar eile, lena n-áirítear grianghraif, bogearraí, fónagraim, saothair chlosamhairc agus saothair ealaíne uathúla, gan beann ar iad riamh a bheith ar fáil ar bhonn tráchtála.
Féadfar a áireamh ar shaothair nach raibh riamh ar fáil ar bhonn tráchtála póstaeir, bileoga, irisí as na trinsí nó saothair chlosamhairc amaitéaracha, ach chomh maith leis sin saothair nó ábhar eile neamhfhoilsithe, gan dochar d'aon srianta dlíthiúla eile is infheidhme, amhail rialacha náisiúnta maidir le cearta morálta.
I gcás ina bhfuil saothar ar fáil in aon cheann dá leaganacha éagsúla, amhail eagráin iardain de shaothair liteartha agus leaganacha malartacha de shaothair cineamatagrafacha, nó in aon cheann dá léirithe éagsúla, amhail formáidí digiteacha agus clóite den saothar céanna, níor cheart a mheas nach bhfuil an saothar nó ábhar eile sin ar fáil ar bhonn tráchtála.
Os a choinne sin, níor cheart go gcuirfeadh infhaighteacht cóirithe ar bhonn tráchtala, lena n-áirítear leaganacha teanga eile nó cóirithe closamhairc ar shaothar liteartha, cosc ar measúnú a dhéanamh gur saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála i dteanga ar leith é saothar nó ábhar eile.
Chun léiriú a thabhairt ar shainiúlachtaí cineálacha éagsúla saothar agus ábhair eile maidir le modhanna foilsitheoireachta agus dáileacháin agus chun inúsáidteacht na sásraí sin a éascú, tharlódh go gcaithfí nósanna imeachta sonraithe a bhunú chun na sásraí ceadúnúcháin sin a chur i bhfeidhm go praiticiúil, amhail tréimhse ama nach mór a bheith caite ó cuireadh an saothar ar fáil ar bhonn tráchtála den chéad uair.
Is iomchuí go rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le sealbhóirí cirt, le hinstitiúidí oidhreachta cultúrtha agus le heagraíochtaí comhbhainistíochta agus agus riachtanais agus nósanna imeachta den sórt sin á mbunú acu.
- = -