(31) Ba cheart sásraí dlíthiúla a bheith i bhfeidhm i ngach Ballstát lena gceadófar d'eagraíochtaí comhbhainistíochta atá ábhartha agus a dhéanann ionadaíocht leordhóthanach thar ceann institiúidí oidhreachta cultúrtha ceadúnais a eisiúint le haghaidh úsáidí áirithe saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, ar sásraí iad a mbeadh feidhm acu freisin maidir le cearta sealbhóirí cirt nach bhfuil sainordú tugtha acu d'eagraíocht chomhbhainistíochta a dhéanann ionadaíocht ina leith sin.
Ba cheart go bhféadfaí, de bhun na Treorach seo, gach Ballstát de chuid an Aontais a chumhdach leis na ceadúnais sin.
- = -
(32) Maidir le creat dlíthiúil oiriúnaithe is infheidhme maidir le comhcheadúnú, ní fhéadfaidh sé réiteach a sholáthar i gcomhair na gcásanna ar fad ina mbíonn deacrachtaí ag institiúidí oidhreachta cultúrtha ó thaobh údaruithe uile na sealbhóirí cirt is gá a fháil le haghaidh úsáid saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála.
D'fhéadfadh go mbeadh sé sin i gceist, mar shampla, nuair nach ann do chleachtas comhbhainistíochta ceart i gcás cineál áirithe saothar nó ábhar eile nó nuair nach bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta ábhartha ionadaíoch a dóthain do chatagóir na sealbhóirí cirt agus na gceart lena mbaineann.
I gcásanna áirithe den sórt sin, ba cheart go mbeadh institiúidí oidhreachta cultúrtha in ann saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá ina mbailiúchán ar líne ar bhonn buan a chur ar fáil ar líne i gcríocha uile an Aontais faoi eisceacht chomhchuibhithe nó faoi theorainn chomhchuibhithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara.
Tá sé tábhachtach nach dtarlóidh úsáidí faoin eisceacht sin nó faoin teorainn sin ach amháin i gcás go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe, go háirithe maidir le réitigh cheadúnúcháin a bheith ar fáil.
Níor cheart an easpa comhaontaithe maidir le coinníollacha an cheadúnais a léiriú mar easpa infhaighteachta réiteach ceadúnúcháin.
- = -
(33) Ba cheart solúbthacht a bheith ag na Ballstáit, laistigh den chreat dá bhforáiltear sa Treoir seo, chun rogha a dhéanamh ar chineál sonrach an tsásra ceadúnúcháin a chuirfidh siad ar bun, amhail comhcheadúnú leathnaithe nó toimhdí ionadaíochta, ar mhaithe le húsáid saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ag institiúidí oidhreachta cultúrtha, i gcomhréir lena dtraidisiúin, a gcleachtais nó a gcúinsí dlíthiúla.
Ba cheart freisin go mbeadh solúbthacht ag na Ballstáit maidir leis na ceanglais a chinneadh chun go mbeadh eagraíochtaí comhbhainistíochta ionadaíoch a ndóthain, fad is atá sé sin bunaithe ar líon suntasach de shealbhóirí cirt a bhfuil baint acu leis an gcineál saothar nó ábhair eile agus a bhfuil sainordú tugtha acu maidir leis an gcineál ábhartha úsáide a cheadúnú.
Ba cheart go mbeadh an saor-rogha ag na Ballstáit rialacha sonracha a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le cásanna ina bhfuil níos mó ná eagraíocht chomhbhainistíochta amháin ionadaíoch do na saothair nó ábhar eile is ábhartha, lena gceanglaítear, mar shampla, comhcheadúnais nó comhaontú idir na heagraíochtaí ábhartha a thabhairt i gcrích.
- = -
(34) Chun críche na sásraí ceadúnaithe sin, tá córas comhbhainistíochta dian agus dea-fheidhmithe tábhachtach.
Foráiltear do chóras den chineál sin le Treoir 2014/26/AE agus tá ar áireamh sa chóras sin go háirithe, rialacha dea-rialachais, trédhearcacht agus tuairisciú, chomh maith le dáileadh agus íocaíocht rialta dhícheallach agus chruinn na méideanna atá dlite do shealbhóirí cirt aonair.
- = -
(37) Agus éagsúlacht na saothar agus ábhair eile i mbailiúcháin na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha á breithniú, tá sé tábhachtach go mbeidh na sásraí ceadúnúcháin agus an eisceacht nó an teorainn dá bhforáiltear leis an Treoir seo ar fáil agus gur féidir iad a úsáid i gcleachtas i gcomhair cineálacha éagsúla saothar agus ábhar eile, lena n-áirítear grianghraif, bogearraí, fónagraim, saothair chlosamhairc agus saothair ealaíne uathúla, gan beann ar iad riamh a bheith ar fáil ar bhonn tráchtála.
Féadfar a áireamh ar shaothair nach raibh riamh ar fáil ar bhonn tráchtála póstaeir, bileoga, irisí as na trinsí nó saothair chlosamhairc amaitéaracha, ach chomh maith leis sin saothair nó ábhar eile neamhfhoilsithe, gan dochar d'aon srianta dlíthiúla eile is infheidhme, amhail rialacha náisiúnta maidir le cearta morálta.
I gcás ina bhfuil saothar ar fáil in aon cheann dá leaganacha éagsúla, amhail eagráin iardain de shaothair liteartha agus leaganacha malartacha de shaothair cineamatagrafacha, nó in aon cheann dá léirithe éagsúla, amhail formáidí digiteacha agus clóite den saothar céanna, níor cheart a mheas nach bhfuil an saothar nó ábhar eile sin ar fáil ar bhonn tráchtála.
Os a choinne sin, níor cheart go gcuirfeadh infhaighteacht cóirithe ar bhonn tráchtala, lena n-áirítear leaganacha teanga eile nó cóirithe closamhairc ar shaothar liteartha, cosc ar measúnú a dhéanamh gur saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála i dteanga ar leith é saothar nó ábhar eile.
Chun léiriú a thabhairt ar shainiúlachtaí cineálacha éagsúla saothar agus ábhair eile maidir le modhanna foilsitheoireachta agus dáileacháin agus chun inúsáidteacht na sásraí sin a éascú, tharlódh go gcaithfí nósanna imeachta sonraithe a bhunú chun na sásraí ceadúnúcháin sin a chur i bhfeidhm go praiticiúil, amhail tréimhse ama nach mór a bheith caite ó cuireadh an saothar ar fáil ar bhonn tráchtála den chéad uair.
Is iomchuí go rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le sealbhóirí cirt, le hinstitiúidí oidhreachta cultúrtha agus le heagraíochtaí comhbhainistíochta agus agus riachtanais agus nósanna imeachta den sórt sin á mbunú acu.
- = -
(40) Ba cheart go mbeadh an saor-rogha i gcónaí ag institiúidí oidhreachta cultúrtha agus ag eagraíochtaí comhbhainistíochta raon feidhme críochach an cheadúnais, lena n-áirítear an fhéidearthacht go gcumhdófaí leis gach Ballstát, an táille ceadúnais agus na húsáidí atá ceadaithe a chomhaontú.
Níor cheart úsáidí a chumhdaítear leis an gceadúnas sin a bheith chun críche brabús a dhéanamh, lena n-áirítear nuair a bhíonn cóipeanna á ndáileadh ag an institiúid oidhreachta cultúrtha, amhail, mar shampla, ábhar bolscaireachta faoi thaispeántas. San am céanna, toisc gur féidir le hinfheistíochtaí suntasacha a bheith ag gabháil le digitiú bhailiúcháin na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha, níor cheart go gcuirfeadh aon cheadúnais arna ndeonú faoin sásra dá bhforáiltear sa Treoir seo bac ar institiúidí oidhreachta cultúrtha costais an cheadúnais a chumhdach mar aon leis na costais chun na saothair agus ábhar eile faoin gceadúnas a dhigitiú agus a scaipeadh.
- = -
(42) Chun a áirithiú go bhfuil na sásraí ceadúnúcháin a bhunaítear leis an Treoir seo i gcomhair saothair nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ábhartha agus go bhfeidhmíonn siad i gceart, go bhfuil cosaint leormhaith ann do shealbhóirí cirt, go ndéantar na ceadúnais a phoibliú go cuí agus go n-áirithítear soiléire dhlíthiúil i ndáil le hionadaíocht na n-eagraíochtaí comhbhainistíochta agus le haicmiú na saothar, ba cheart do na Ballstáit idirphlé earnáilsonrach idir geallsealbhóirí a chothú.
- = -
(43) Maidir leis na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo chun comhcheadúnú na gceart maidir le saothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá go buan i mbailiúcháin institiúidí oidhreachta cultúrtha a éascú, ba cheart na bearta sin a bheith gan dochar d'úsáid saothar nó ábhair eile faoi eisceachtaí nó faoi theorainneacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó faoi cheadúnais eile a bhfuil éifeacht leathnaithe ag gabháil leo, i gcás nach bhfuil ceadúnú den sórt sin bunaithe ar stádas na saothar nó ábhair eile arna gcumhdach mar shaothair nó mar ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála.
Ba cheart na bearta sin a bheith gan dochar freisin do shásraí náisiúnta le haghaidh úsáid saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála agus atá bunaithe ar cheadúnais idir eagraíochtaí comhbhainistíochta agus úsáideoirí seachas institiúidí oidhreachta cultúrtha.
- = -
(44) Le sásraí comhcheadúnaithe a bhfuil éifeacht leathnaithe ag gabháil leo, ceadaítear d'eagraíocht chomhbhainistíochta ceadúnais a thairiscint mar chomhlacht comhcheadúnúcháin thar ceann sealbhóirí cirt, gan beann ar cibé an bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht déanamh amhlaidh.
Cleachtas seanbhunaithe i méid áirithe Ballstát is ea córais a bhfuil na sásraí sin ina ndúshraith orthu, amhail comhcheadúnú leathnaithe, sainorduithe dlíthiúla nó toimhdí ionadaíochta agus féadfar iad a úsáid i réimsí éagsúla.
Má tá creat cóipchirt feidhmiúil a oibríonn do na páirtithe go léir chun bheith ann, caithfear sásraí comhréireacha dlíthiúla a bheith ar fáil le haghaidh saothair nó ábhair eile a cheadúnú.
Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh na Ballstáit in ann brath ar réitigh, lena gceadaítear d'eagraíochtaí comhbhainistíochta ceadúnais a thairiscint lena gcumhdófaí méideanna móra saothar nó ábhar eile a d'fhéadfadh a bheith ann le haghaidh cineálacha áirithe úsáide, agus an t-ioncam a eascraíonn as na ceadúnais sin a dháileadh ar shealbhóirí cirt, i gcomhréir le Treoir 2014/26/AE.
- = -
(45) I bhfianaise chineál roinnt úsáidí, mar aon leis an méid mór saothar a bhíonn i gceist de ghnáth, bíonn costas idirbheartaíochta imréiteach na gceart aonair le gach sealbhóir cirt lena mbaineann ró-ard.
Dá thoradh sin, ní dócha, gan sásraí comhcheadúnaithe éifeachtacha, ní dócha go dtarlódh na hidirbhearta uile sna réimsí sin ar gá leo chun go bhféadfaí úsáid a bhaint as na saothair nó ábhar eile sin.
Le comhcheadúnú leathnaithe ag eagraíochtaí comhbhainistíochta agus sásraí comhchosúla, d'fhéadfadh sé a bheith indéanta comhaontuithe a thabhairt i gcrích sna limistéir sin i gcás nach soláthraítear, le comhcheadúnú bunaithe ar údarú ó shealbhóirí cirt, réiteach uileghabhálach lena gcumhdaítear gach saothar agus ábhar eile atá le húsáid.
Comhlánaíonn na sásraí sin comhbhainistíocht na gceart atá bunaithe ar údarú aonair ó shealbhóirí cirt, trí dheimhneacht dhlíthiúil iomlán a thabhairt d'úsáideoirí i gcásanna áirithe.
San am céanna, tugann siad deis do shealbhóirí cirt tairbhiú d'úsáid dhlisteanach a gcuid saothar.
- = -
(46) I bhfianaise a thábhachtaí atá an cumas réitigh sholúbtha ceadúnaithe a thairiscint sa ré dhigiteach, agus i bhfianaise úsáid mhéadaithe na scéimeanna sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le sásraí ceadúnúcháin lena gceadaítear d'eagraíochtaí comhbhainistíochta ceadúnais a thabhairt i gcrích, ar bhonn deonach, gan beann ar cibé an bhfuil údarú tugtha ag gach sealbhóir cirt don eagraíocht déanamh amhlaidh.
Ba cheart go mbeadh sé ar chumas na mBallstát scéimeanna den sórt sin a chothabháil agus a thabhairt isteach i gcomhréir lena dtraidisiúin, a gcleachtais nó a n-imthosca náisiúnta, faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus lánurraim á tabhairt do dhlí an Aontais agus d'oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Ní bheadh éifeacht ag na scéimeanna sin ach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt i ndlí an Aontais. Ba cheart solúbthacht a bheith ag na Ballstáit maidir le roghnú chineál sonrach an tsásra lena gceadaítear ceadúnais do shaothair nó ábhar eile a leathnú chuig cearta sealbhóirí cirt nach bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht a dhéanann an comhaontú a thabhairt i gcrích, ar choinníoll go bhfuil an sásra sin i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le comhbhainistíocht ar chearta dá bhforáiltear i dTreoir 2014/26/AE.
Go háirithe, ba cheart a áirithiú leis na scéimeanna sin freisin go mbeidh feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2014/26/AE maidir le sealbhóirí cirt nach bhfuil ina gcomhaltaí den eagraíocht a dhéanann an comhaontú a thabhairt i gcrích.
Féadfar comhcheadúnú leathnaithe, sainordú dlíthiúil agus toimhdí ionadaíochta a áireamh sna sásraí sin.
Níor cheart go ndéanfadh forálacha na Treorach seo maidir le comhcheadúnú difear do na féidearthachtaí atá ag na Ballstáit cheana comhbhainistíocht éigeantach ceart nó sásraí comhcheadúnúcháin eile a bhfuil éifeacht leathnaithe ag gabháil leo a chur i bhfeidhm, amhail í sin atá san áireamh in Airteagal 3 de Threoir 93/83/CEE ón gComhairle (12).
- = -
(48) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil coimircí iomchuí i bhfeidhm chun leasanna dlisteanacha na sealbhóirí cirt nach bhfuil sainordú tugtha acu d'eagraíocht a thairgeann an ceadúnas agus go gcuirtear i bhfeidhm na coimircí sin ar mhodh neamh-idirdhealaitheach.
Go sonrach, chun údar a thabhairt le héifeacht leathnaithe na sásraí, ba cheart an eagraíocht, ar bhonn údaruithe ó shealbhóirí cirt, a bheith ionadaíoch a dóthain i dtaobh na gcineálacha saothar nó ábhair eile agus i dtaobh na gceart atá faoi réir an cheadúnais. Ba cheart do na Ballstáit na ceanglais a chinneadh chun go mbeidh na heagraíochtaí sin ionadaíoch a ndóthain, agus aird á tabhairt ar chatagóir na gceart arna mbainistiú ag an eagraíocht chomhbhainistíochta, ar chumas na heagraíochta na cearta a bhainistiú go héifeachtach, ar réimse na cruthaitheachta ina bhfuil sí ag feidhmiú agus ar cibé acu a chumhdaíonn nó nach gcumhdaíonn an eagraíocht líon suntasach sealbhóirí cirt de chuid an chineáil saothar nó ábhar eile ábhartha a bhfuil sainordú tugtha acu lena gceadaítear an cineál ábhartha úsáide a cheadúnú, agus i gcomhréir le Treoir 2014/26/AE.
Chun deimhneacht dhlíthiúil agus muinín sna sásraí a áirithiú, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cé air nó uirthi a mbeidh an fhreagracht dhlíthiúil maidir le húsáidí arna n-údarú leis an gcomhaontú ceadúnais a chinneadh.
Ba cheart cóir chomhionann a ráthú do gach sealbhóir cirt a ndéantar a saothair a shaothrú faoin gceadúnas, lena n-áirítear go háirithe maidir le rochtain ar fhaisnéis ar an gceadúnú agus ar dháileadh an luacha saothair.
Ba cheart na bearta poiblíochta a bheith éifeachtach le linn ré an cheadúnais gan ualaí riaracháin díréireacha a fhorchur ar úsáideoirí, ar eagraíochtaí comhbhainistíochta nó ar shealbhóirí cirt agus gan an gá le gach sealbhóir cirt a chur ar an eolas duine ar dhuine.
- = -
(49) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le cuspóir agus raon feidhme aon cheadúnais a dheonaítear mar thoradh ar na sásraí sin, chomh maith leis na húsáidí a d'fhéadfadh a bheith ann, gur cheart iad a bheith sainithe go cúramach i reachtaíocht nó, i gcás gur foráil ghinearálta í an reachtaíocht fholuiteach, sna cleachtais cheadúnaithe a chuirtear i bhfeidhm de thoradh na bhforálacha ginearálta sin, nó sna ceadúnais arna ndeonú.
Ba cheart freisin go mbeadh an cumas chun ceadúnas a oibriú faoi na sásraí sin teoranta do na heagraíochtaí comhbhainistíochta um chearta, ar eagraíochtaí iad atá faoi réir an dlí náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2014/26/AE chun feidhme.
- = -
(50) I bhfianaise na dtraidisiún agus na n-eispéaras éagsúil i ndáil le sásraí comhcheadúnú leathnaithe ar fud na mBallstát agus i bhfianaise a n-infheidhmeachta maidir le sealbhóirí cirt gan beann ar a náisiúntacht ná ar a mBallstát cónaithe, tá sé tábhachtach trédhearcacht agus idirphlé ar leibhéal an Aontais a áirithiú i dtaca le feidhmiú praiticiúil na sásraí sin, lena n-áirítear maidir le héifeachtacht na gcoimircí i dtaca le sealbhóirí cirt, inúsáidteacht sásraí den sórt sin, a n-éifeacht ar shealbhóirí cirt nach comhaltaí iad de chomheagraíocht bainistíochtanó ar shealbhóirí cirt ar náisiúnaigh iad de Bhallstát eile nó a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile, an tionchar ar sholáthar trasteorann seirbhísí, lena n-áirítear an gá a d'fhéadfadh a bheith ann rialacha a leagan síos chun éifeacht trasteorann a thabhairt do na scéimeanna sin laistigh den mhargadh inmheánach.
Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún faisnéis a bhaineann le húsáid na sásraí sin faoin Treoir seo a fhoilsiú go rialta.
Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit sin a bhfuil sásraí den sórt sin tugtha isteach acu an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus maidir lena cur i bhfeidhm sa chleachtas, lena n-áirítear na raonta feidhme agus na cineálacha ceadúnaithe arna dtabhairt isteach ar bhonn forálacha ginearálta, scála an cheadúnúcháin agus na heagraíochtaí comhbhainistíochta lena mbaineann.
Ba cheart an fhaisnéis sin a phlé leis na Ballstáit sa choiste teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 12(3) de Threoir 2001/29/CE.
Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú maidir le húsáid na sásraí sin san Aontas agus a dtionchar ar cheadúnú agus ar shealbhóirí cirt, maidir le scaipeadh inneachair chultúrtha agus maidir le soláthar seirbhísí trasteorann i réimse na comhbhainistíochta ar chóipcheart agus cearta gaolmhara, agus iomaíocht.
- = -
(77) Agus an oibleagáid trédhearcachta dá bhforáiltear sa Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit sainiúlachtaí na n-earnálacha éagsúla a chur san áireamh, amhail na sainiúlachtaí a bhaineann le hearnáil an cheoil, an earnáil closamhairc agus an earnáil foilsitheoireachta agus ba cheart do na geallsealbhóirí ábhartha uile a bheith rannpháirteach nuair a bhíonn ceanglais earnáilsonracha á gcinneadh.
I gcás inarb ábhartha, ba cheart a shuntasaí atá rannchuidiú na n-údar agus na dtaibheoirí sa saothar iomlán nó sa taibhiú iomlán a bhreithniú freisin.
Ba cheart cómhargáil a bhreithniú mar rogha chun teacht ar chomhaontú idir na geallsealbhóirí ábhartha maidir le trédhearcacht, Ba cheart leis na comhaontuithe sin go ndéanfaí an t-ardleibhéal céanna trédhearcachta agus atá mar na híoscheanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo a áirithiú d'údair agus do thaibheoirí.
Chun gur féidir na cleachtais tuairiscithe atá ann cheana féin a chur in oiriúint don oibleagáid trédhearcachta, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse.
Níor cheart gur gá an oibleagáid trédhearcachta a chur i bhfeidhm i ndáil le comhaontuithe a dhéanamh idir sealbhóirí cirt agus eagraíochtaí comhbhainistíochta, eintitis bhainistíochta neamhspleácha nó eintitis eile atá faoi réir rialacha náisiúnta lena ndéantar Treoir 2014/26/AE a chur chun feidhme mar go bhfuil na heagraíochtaí nó eintitis sin faoi réir oibleagáidí trédhearcachta cheana féin faoi Airteagal 18 de Threoir 2014/26/AE.
Tá feidhm ag Airteagal 18 de Threoir 204/26/AE maidir le heagraíochtaí a dhéanann bainistiú ar chóipcheart nó ar chearta gaolmhara thar ceann shealbhóir cirt amháin nó níos mó ar mhaithe le tairbhe chomhchoiteann na sealbhóirí cirt sin.
Ba cheart, áfach, i gcás comhaontuithe arna gcaibidliú go haonair agus a thugtar i gcrích idir sealbhóir cirt agus a gcontrapháirtithe conarthacha siúd a bhíonn ag gníomhú chun a leasa féin, go mbeidís faoi réir na hoibleagáide trédhearcachta dá bhforáiltear sa Treoir seo.
- = -