keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 2 Airteagal 11 Idirphlé na ngeallsealbhóirí
- 1 Airteagal 19 Oibleagáid trédhearcachta
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
TEIDEAL II
BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN
TEIDEAL III
BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR CHLEACHTAIS CHEADÚNAITHE AGUS ROCHTAIN NÍOS FAIRSINGE AR INNEACHAR A ÁIRITHIÚ
CAIBIDIL 1
Saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála
CAIBIDIL 2
Bearta chun comhcheadúnú a éascú
CAIBIDIL 3
Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh
CAIBIDIL 4
Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí
TEIDEAL IV
BEARTA CHUN MARGADH DEA-FHEIDHMITHE LE hAGHAIDH CÓIPCHIRT A BHAINT AMACH
CAIBIDIL 1
Cearta i bhfoilseacháin
CAIBIDIL 2
Úsáidí áirithe inneachair chosanta ag seirbhísí ar líne
CAIBIDIL 3
Luach saothair cothrom i gconarthaí saothraithe na n-údar agus na dtaibheoirí
TEIDEAL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 52
- maidir 27
- lch 18
- pharlaimint 16
- io l 16
- heorpa 16
- gcomhairle 16
- chun 12
- treoir 12
- airteagal 10
- //ce 8
- ballstáit 8
- áirithe 8
- lena 7
- treoir 7
- cearta 7
- faoi 6
- oibleagáid 6
- leis 6
- faisnéis 5
- bhfuil 5
- faisnéise 5
- gcás 5
- sonraí 5
- mír 5
- leagtar 5
- aibreán 5
- daoine 4
- infheidhme 4
- fómhair 4
- arna 4
- cóipcheart 4
- gaolmhara 4
- eile 4
- leictreonach 4
- dlí 4
- cosaint 4
- atá 4
- rialacha 4
- saothair 3
- meán 3
- taibhithe 3
- saothar 3
- nach 3
- io c 3
- fhaisnéis 3
- chontrapháirtí 3
- rialachán 3
- sórt 3
- fhoráil 3
Airteagal 11
Idirphlé na ngeallsealbhóirí
Rachaidh na Ballstáit i gcomhchomhairle le sealbhóirí cirt, le heagraíochtaí comhbhainistíochta agus le hinstitiúidí oidhreachta cultúrtha i ngach earnáil sula mbunófar ceanglais shonracha de bhun Airteagal 8(5), agus spreagfaidh siad idirphlé ar bhonn rialta idir eagraíochtaí ionadaíocha na n-úsáideoirí agus na sealbhóirí cirt, lena n-áirítear eagraíochtaí comhbhainistíochta, agus aon eagraíochtaí geallsealbhóra ábhartha eile, ar bhonn earnáilsonrach, chun ábharthacht agus inúsáidteacht na sásraí ceadúnaithe a leagtar amach in Airteagal 8(1) a chothú agus chun a áirithiú go bhfuil na coimircí do shealbhóirí cirt dá dtagraítear sa Chaibidil seo éifeachtach.
CAIBIDIL 2
Bearta chun comhcheadúnú a éascú
Airteagal 19
Oibleagáid trédhearcachta
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdair agus na taibheoirí ar bhonn rialta, ar a laghad uair sa bhliain, agus sainiúlachtaí gach earnála á gcur san áireamh, faisnéis chothrom le dáta, ábhartha agus chuimsitheach maidir le saothrú a saothar agus taibhithe ó na páirtithe sin dá bhfuil a gcearta curtha faoi cheadúnas nó aistrithe acu nó óna gcomharbaí i dteideal, go háirithe maidir le modhanna saothraithe, leis na hioncaim iomlána a ghintear agus leis an luach saothair a bheidh dlite.
2. Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina mbíonn na cearta dá dtagraítear i mír 1 curtha faoi cheadúnas ina dhiaidh sin go bhfaighidh údair agus taibhithe nó a n-ionadaithe, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis bhreise ó na focheadúnaithe i gcás nach bhfuil an fhaisnéis go léir a bheadh riachtanach chun críocha mhír 1 i seilbh an chéad chontrapháirtí chonarthaigh.
I gcás ina n-iarrtar faisnéis breise den sórt sin, déanfaidh céad chontrapháirtí conarthach na n-údar agus na dtaibheoirí faisnéis a sholáthar maidir le céannacht na bhfocheadúnaithe sin.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéantar aon iarraidh ar fhocheadúnaithe de bhun na chéad fhomhíre go díreach nó go hindíreach trí chontrapháirtí conarthach an údair nó an taibheora.
3. Beidh an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 comhréireach agus éifeachtach chun ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú i ngach earnáil. I gcásanna cuí-réasúnaithe ina dtiocfadh an t-ualach riaracháin mar thoradh ar an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 chun bheith díréireach i bhfianaise na n-ioncam a ghintear trí shaothrú an tsaothair nó an taibhithe, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil an oibleagáid teoranta do chineálacha agus leibhéal na faisnéise is féidir a bheith ag súil léi go réasúnach i gcásanna den sórt sin.
4. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid i mír 1 den Airteagal seo i gcás nach mbeidh an rannchuidiú ón údar nó ón taibheoir suntasach ag féachaint don saothar nó taibhiú foriomlán, ach amháin má léiríonn an t-údar nó an taibheoir go bhfuil an fhaisnéis seo ag teastáil uaidh nó uaithi chun a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 20(1) agus go n-iarrann sí nó sé an fhaisnéis chun na críche sin.
5. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás comhaontuithe atá faoi réir nó bunaithe ar chomhaontuithe cómhargála, go mbeadh rialacha trédhearcachta an chomhaontaithe cómhargála ábhartha infheidhme ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4.
6. Sa chás go mbíonn Airteagal 18 de Threoir 2014/26/AE infheidhme, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir le comhaontuithe arna dtabhairt chun críche ag eintitis arna sainiú in Airteagal 3(a) agus (b) den Treoir sin nó ag eintitis eile atá faoi réir na rialacha náisiúnta lena ndéantar an Treoir sin a chur chun feidhme.
Airteagal 32
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) IO C 125, 21.4.2017, lch. 27.
(2) IO C 207, 30.6.2017, lch. 80.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Aibreán 2019.
(4) Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dlí bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20-28).
(5) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir leis an trádáil leictreonach) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).
(6) Treoir 2001/29/CE ón Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).
(7) Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus leis an gceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla (IO L 376, 27.12.2006, lch. 28).
(8) Treoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dlí na gclár ríomhaireachta (IO L 111, 5.5.2009, lch. 16).
(9) Treoir 2012/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le húsáidí áirithe a cheadaítear i leith saothair dhílleachta (IO L 299, 27.10.2012, lch. 5).
(10) Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach na gceart i saothair cheoil d'úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 84, 20.3.2014, lch. 72).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 maidir le cúraimí a bhaineann le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla, lena n-áirítear ionadaithe thar ceann na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí a thionól mar Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla, a chur ar iontaoibh na hOifige um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 129, 16.5.2012, lch. 1).
(12) Treoir 93/83/CEE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1993 maidir le comhordú rialacha áirithe a bhaineann le cóipcheart agus cearta i dtaca le cóipcheart is infheidhme maidir le craoladh satailíte agus atarchur ar chábla (IO L 248, 6.10.1993, lch. 15).
(13) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(14) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).
(15) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(16) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(17) Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).
(18) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(19) Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 242, 20.9.2017, lch. 6).
(20) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
whereas