(2) Na treoracha arna nglacadh i réimse an chóipchirt agus na gceart gaolmhar, rannchuidíonn siad le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, déanann siad foráil maidir le ardleibhéal cosanta do shealbhóirí cirt, éascaíonn siad imréiteach na gceart, agus cruthaíonn siad creat inar féidir saothair agus ábhar cosanta eile a shaothrú.
Cuireann an creat dlí comhchuibhithe sin le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh, agus spreagann sé nuálaíocht, cruthaíocht, infheistiú agus táirgeadh inneachair nua, sa timpeallacht dhigiteach freisin, chun ilroinnt sa mhargadh inmheánach a sheachaint.
Chomh maith leis sin, cuireann an chosaint a chuirtear ar fáil leis an gcreat dlí sin le cuspóir an Aontais éagsúlacht chultúrtha a urramú agus a chur chun cinn, agus ag an am céanna comhoidhreacht chultúrtha na hEorpa a thabhairt chun suntais. Le hAirteagal 167(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear ar an Aontas aird a thabhairt ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht.
- = -
(50) I bhfianaise na dtraidisiún agus na n-eispéaras éagsúil i ndáil le sásraí comhcheadúnú leathnaithe ar fud na mBallstát agus i bhfianaise a n-infheidhmeachta maidir le sealbhóirí cirt gan beann ar a náisiúntacht ná ar a mBallstát cónaithe, tá sé tábhachtach trédhearcacht agus idirphlé ar leibhéal an Aontais a áirithiú i dtaca le feidhmiú praiticiúil na sásraí sin, lena n-áirítear maidir le héifeachtacht na gcoimircí i dtaca le sealbhóirí cirt, inúsáidteacht sásraí den sórt sin, a n-éifeacht ar shealbhóirí cirt nach comhaltaí iad de chomheagraíocht bainistíochtanó ar shealbhóirí cirt ar náisiúnaigh iad de Bhallstát eile nó a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile, an tionchar ar sholáthar trasteorann seirbhísí, lena n-áirítear an gá a d'fhéadfadh a bheith ann rialacha a leagan síos chun éifeacht trasteorann a thabhairt do na scéimeanna sin laistigh den mhargadh inmheánach.
Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún faisnéis a bhaineann le húsáid na sásraí sin faoin Treoir seo a fhoilsiú go rialta.
Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit sin a bhfuil sásraí den sórt sin tugtha isteach acu an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus maidir lena cur i bhfeidhm sa chleachtas, lena n-áirítear na raonta feidhme agus na cineálacha ceadúnaithe arna dtabhairt isteach ar bhonn forálacha ginearálta, scála an cheadúnúcháin agus na heagraíochtaí comhbhainistíochta lena mbaineann.
Ba cheart an fhaisnéis sin a phlé leis na Ballstáit sa choiste teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 12(3) de Threoir 2001/29/CE.
Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú maidir le húsáid na sásraí sin san Aontas agus a dtionchar ar cheadúnú agus ar shealbhóirí cirt, maidir le scaipeadh inneachair chultúrtha agus maidir le soláthar seirbhísí trasteorann i réimse na comhbhainistíochta ar chóipcheart agus cearta gaolmhara, agus iomaíocht.
- = -
(53) Ar dhul in éag do thréimhse cosanta saothair, tagann an saothar sin isteach san fhearann poiblí agus téann na cearta arna soláthar don saothar sin faoi dlí cóipchirt an Aontais in éag.
I réimse na n-amharc-ealaíon, rannchuidíonn scaipeadh atáirgí dílse de shaothair san fhearann poiblí le rochtain ar an gcultúr agus le cur chun cinn an chultúir, agus rochtain ar oidhreacht chultúrtha.
Sa timpeallacht dhigiteach, tá cosaint na n-atáirgí sin trí chóipcheart nó cearta gaolmhara ar neamhréir le dul in éag chosaint chóipchirt na saothar.
Sa bhreis air sin, de bharr difríochtaí idir na dlíthe cóipchirt náisiúnta lena rialaítear cosaint na n-atáirgí sin, tá éiginnteacht dhlíthiúil ann agus imrítear tionchar ar scaipeadh trasteorann saothar amharc-ealaíon san fhearann poiblí.
Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú nár cheart atáirgí áirithe saothar amharc-ealaíon sa fhearann poiblí a chosaint le cóipcheart nó le cearta gaolmhara.
Leis sin, níor cheart go gcoiscfí ar institiúidí oidhreachta cultúrtha atáirgí a dhíol, amhail cártaí poist.
- = -
(60) Is minic a fheidhmíonn foilsitheoirí, lena n-áirítear foilsitheoirí preasfhoilseachán, leabhar nó foilseachán eolaíoch agus foilseachán ceoil, ar bhonn aistriú chearta an údair trí bhíthin comhaontuithe conarthacha nó forálacha reachtúla.
Sa chomhthéacs sin, déanann foilsitheoirí infheistíocht d'fhonn na saothair atá ina bhfoilseacháin a shaothrú agus d'fhéadfadh sé i roinnt cásanna go mbainfí ioncam díobh i gcás go n-úsáidfí na saothair sin faoi eisceachtaí nó faoi theorainneacha amhail na cinn le haghaidh cóipeáil phríobháideach agus reipreagrafaíochta, lena n-áirítear na scéimeanna náisiúnta comhfhreagracha atá ann cheana le haghaidh reipreagrafaíocht sna Ballstáit, nó faoi scéimeanna iasachta poiblí.
Roinntear an cúiteamh in úsáidí faoi na heisceachtaí sin idir údair agus foilsitheoirí i roinnt Ballstát.
Chun an staid sin a chur san áireamh agus chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do gach páirtí lena mbaineann, ceadaíonn an Treoir seo do na Ballstáit a bhfuil scéimeanna maidir le cúiteamh a chomhroinnt idir údair agus foilsitheoirí i bhfeidhm cheana acu na scéimeanna sin a choinneáil.
Tá tábhacht faoi leith ag baint leis sin i gcás na mBallstát sin a raibh na sásraí sin le haghaidh cúiteamh a chomhroinnt acu roimh an 12 Samhain 2015.
I mBallstáit eile, áfach, ní dhéantar cúiteamh a chomhroinnt agus is leis na húdair amháin é, i gcomhréir le beartais chultúrtha náisiúnta.
Cé gur cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ar bhealach neamh-idirdhealaitheach maidir leis na Ballstáit uile, ba cheart na traidisiúin sa réimse sin a urramú leis agus níor cheart a chur d'oibleagáid ar na Ballstáit sin nach bhfuil na scéimeanna sin um chomhroinnt cúitimh i bhfeidhm iontu faoi láthair iad a thabhairt isteach.
Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do shocruithe sa Bhallstát atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo maidir le luach saothair i gcomhthéacs iasachtú poiblí.
- = -
(61) Le roinnt blianta anuas, tá feidhmiú an mhargaidh ábhair ar líne éirithe níos casta.
Tá borradh tagtha faoi sheirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne lena soláthraítear rochtain ar mhéid mór inneachair atá faoi chosaint chóipchirt arna uaslódáil ag a n-úsáideoirí agus tá siad éirithe chun bheith ina bpríomhfhoinsí rochtana ar inneachar ar líne.
Ciallaíonn seirbhísí ar líne rochtain níos leithne ar shaothair chultúrtha agus chruthaitheacha a sholáthar agus deiseanna iontacha a thabhairt do thionscail chultúrtha agus chruthaitheacha chun samhlacha nua gnó a fhorbairt.
Cé go gceadaíonn siad éagsúlacht agus éascaíocht maidir le rochtain ar inneachar, áfach, gineann siad dúshláin freisin nuair a uaslódáiltear inneachar faoi chosaint chóipchirt gan údarú roimh ré a fháil ó shealbhóirí cirt.
Tá éiginnteacht dhlíthiúil ann i dtaobh an é go ndéanann soláthraithe na seirbhísí sin gníomhartha atá ábhartha do cóipcheart agus an gá dóibh údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt le haghaidh an inneachair atá uaslódáilte ag a n-úsáideoirí nach bhfuil na cearta ábhartha i seilbh acu san inneachar uaslódáilte, gan dochar do chur i bhfeidhm na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais. Leis an éiginnteacht sin, déantar difear d'fhéidearthachtaí na sealbhóirí cirt chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an úsáidfear a saothair agus ábhar eile agus cé na coinníollacha faoina n-úsáidfear iad, agus chomh maith leis sin an mbeidh siad ábalta luach saothair iomchuí a fháil ina leith.
Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, forbairt an mhargaidh ceadúnúcháin idir sealbhóirí cirt agus soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne a chothú.
Ba cheart na comhaontuithe ceadúnúcháin sin a bheith cothrom agus cóimheá réasúnta a choinneáil don dá pháirtí.
Ba cheart go bhfaigheadh na sealbhóirí cirt luach saothair iomchuí as úsáid a saothar nó ábhair eile.
Toisc nach ndéantar difear do shaoirse chonarthach leis na forálacha sin, áfach, níor cheart oibleagáid a chur ar na sealbhóirí cirt údarú a thabhairt ná comhaontuithe ceadúnúcháin a thabhairt i gcrích.
- = -