(9) Is féidir mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh freisin i ndáil le fíricí nó sonraí nach bhfuil iontu féin agus nach bhfuil á gcosaint ag cóipcheart, agus sna cásanna sin ní bheadh gá le haon údarú faoi dhlí an chóipchirt.
Is féidir cásanna de mhianadóireacht téacsanna agus sonraí a bheith ann freisin nach mbaineann gníomhaíochtaí atáirgthe leo nó cásanna ina dtagann na hatáirgí a dhéantar faoin eisceacht shainordaitheach maidir le gníomhaíochtaí atáirgthe sealadacha dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Threoir 2001/29/CE, ba cheart leanúint d'fheidhm a bheith aici maidir le teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí nach ngabhann cóipeanna a dhéanamh atá lasmuigh de raon feidhme na heisceachta sin léi.
- = -
(15) I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé go gcaithfeadh eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha, mar shampla, i gcás fíorú iardain torthaí taighde eolaíoch, cóipeanna a dhéantar faoin eisceacht a choinneáil chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí a chur i gcrích.
I gcásanna den sórt sin, ba cheart na cóipeanna a stóráil i dtimpeallacht shlán.
Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, ar an leibhéal náisiúnta agus i ndiaidh plé leis na geallsealbhóirí ábhartha, maidir le tuilleadh socruithe sonracha chun na cóipeanna a choinneáil, lena n-áirítear an cumas comhlachtaí iontaofa a cheapadh chun críche na cóipeanna sin a stóráil.
Ionas nach gcuirfear srian míchuí le cur i bhfeidhm na heisceachta, ba cheart socruithe den sórt sin a bheith comhréireach agus teoranta don mhéid is gá chun na cóipeanna a choinneáil ar bhealach sábháilte agus chun úsáidí neamhúdaraithe a chosc.
Maidir le húsáid chun críche taighde eolaíoch, seachas mianadóireacht téacsanna agus sonraí, amhail athbhreithniú eolaíoch ag piaraí agus taighde comhpháirteach, ba cheart di leanúint de bheith cumhdaithe, i gcás inarb infheidhme, leis an eisceacht nó leis an teorainn dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 5(3) de Threoir 2001/29/CE.
- = -
(18) Sa bhreis ar an tábhacht atá leo i gcomhthéacs taighde eolaíoch, baineann eintitis phríobháideacha agus eintitis phoiblí araon úsáid fhorleathan as teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí chun anailís a dhéanamh ar mhéideanna móra sonraí i réimsí éagsúla den saol agus ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear le haghaidh seirbhísí rialtais, cinntí casta gnó agus forbairt feidhmchlár nó teicneolaíochtaí nua.
Ba cheart do shealbhóirí cirt leanúint de bheith in ann úsáidí a gcuid saothar nó ábhar eile a cheadúnú, ar saothair agus ábhar eile iad a thagann lasmuigh de raon feidhme na heisceachta sainordaithí dá bhforáiltear sa Treoir seo i dtaobh mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíoch agus na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha atá ann cheana agus dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE.
Ag an am céanna, ba cheart aird a thabhairt ar an bhfíoras go bhféadfaí go mbeadh éiginnteacht dhlíthiúil ann d'úsáideoirí teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí i dtaobh an féidir atáirgí agus asbhaintí arna ndéanamh chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí a chur i gcrích ar shaothair nó ar ábhar eile arna rochtain go dleathach, go háirithe nuair nach gcomhlíonann na hatáirgí nó na hasbhaintí arna ndéanamh chun críocha an phróisis theicniúil coinníollacha uile na heisceachta atá ann cheana maidir le gníomhaíochtaí sealadacha atáirgthe dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Treoir 2001/29/CE.
Chun foráil a dhéanamh maidir le breis deimhneachta dlíthiúla i gcásanna den sórt sin agus chun nuálaíocht a spreagadh san earnáil phríobháideach freisin, ba cheart, leis an Treoir seo, foráil a dhéanamh maidir le heisceacht nó le teorainn i gcás atáirgí agus asbhaintí saothar nó ábhair eile, chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí, agus ba cheart cead a thabhairt na cóipeanna a choinneáil a fhad is gá chun críocha na mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
- = -
(27) Ba cheart a chur de cheangal ar na Ballstáit, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le heisceacht chun a cheadú d'institiúidí oidhreachta cultúrtha saothair agus ábhar eile atá ina mbailiúcháin go buan a atáirgeadh chun críocha caomhnaithe, mar shampla chun aghaidh a thabhairt ar dhífheidhmeacht teicneolaíochta nó ar dhíghrádú na dtacaíochtaí bunaidh nó chun saothair agus ábhar eile a árachú.
Le heisceacht den sórt sin, ba cheart a cheadú go ndéanfaí cóipeanna leis an uirlís chaomhnaithe iomchuí, modh caomhnaithe iomchuí nó teicneolaíocht chaomhnaithe iomchuí, in aon fhormáid nó méan, go ndéanfaí an líon cóipeanna is gá, agus go ndéanfar iad ag am ar bith i saol saothair nó ábhair eile agus a mhéid is gá chun críocha caomhnaithe.
Maidir le gníomhartha atáirgthe a dhéanann institiúidí oidhreachta cultúrtha chun críocha eile seachas saothair agus ábhar eile a chaomhnú ina mbailiúcháin bhuana, ba cheart dóibh fanacht faoi réir údarú ó na sealbhóirí cirt, mura rud é go gceadaítear iad sin le heisceachtaí nó le teorainneacha eile dá bhforáiltear i ndlí an Aontais.
- = -
(28) Ní gá go mbeidh na hacmhainní teicniúla nó an saineolas teicniúil ag institiúidí oidhreachta cultúrtha chun na gníomhartha is gá a dhéanamh chun a mbailiúcháin féin a chaomhnú, go háirithe sa timpeallacht dhigiteach, agus dá bhrí sin, d'fhéadfaidís dul ar iontaoibh cúnamh ó institiúidí cultúrtha eile agus ó thríú páirtithe eile chun na críche sin.
Faoin eisceacht chun críocha caomhnaithe dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart a cheadú d'institiúidí oidhreachta cultúrtha brath ar thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann agus faoina bhfreagracht, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe i mBallstáit eile, chun cóipeanna a dhéanamh.
- = -
(29) Chun críocha na Treorach seo, ba cheart saothair agus ábhar eile a mheas mar bheith i mbailiúchán institiúide oidhreachta cultúrtha go buan nuair a bheidh cóipeanna de na saothair nó ábhar eile sin ar úinéireacht ag an institiúid sin nó nuair a bheidh cóipeanna díobh ina seilbh aici go buan, mar shampla de thoradh aistriú úinéireachta nó comhaontú ceadúnais, oibleagáidí maidir le taiscí dlíthiúla nó socruithe maidir le buanchoimeád.
- = -
(40) Ba cheart go mbeadh an saor-rogha i gcónaí ag institiúidí oidhreachta cultúrtha agus ag eagraíochtaí comhbhainistíochta raon feidhme críochach an cheadúnais, lena n-áirítear an fhéidearthacht go gcumhdófaí leis gach Ballstát, an táille ceadúnais agus na húsáidí atá ceadaithe a chomhaontú.
Níor cheart úsáidí a chumhdaítear leis an gceadúnas sin a bheith chun críche brabús a dhéanamh, lena n-áirítear nuair a bhíonn cóipeanna á ndáileadh ag an institiúid oidhreachta cultúrtha, amhail, mar shampla, ábhar bolscaireachta faoi thaispeántas. San am céanna, toisc gur féidir le hinfheistíochtaí suntasacha a bheith ag gabháil le digitiú bhailiúcháin na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha, níor cheart go gcuirfeadh aon cheadúnais arna ndeonú faoin sásra dá bhforáiltear sa Treoir seo bac ar institiúidí oidhreachta cultúrtha costais an cheadúnais a chumhdach mar aon leis na costais chun na saothair agus ábhar eile faoin gceadúnas a dhigitiú agus a scaipeadh.
- = -