search


keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0790 GA Art. 22 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 143

 

Airteagal 22

Ceart cúlghairme

1.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcás údartaibheoir a bhfuil a chuid nó a cuid cearta i saotharábhar cosanta eile curtha faoi cheadúnasaistrithe aige ar bhonn eisiach, go bhféadfaidh an t-údartaibheoir an ceadúnas nó an t-aistriú ar chearta a chúlghairm ina iomláine nó go páirteach má tá easpa saothraithe ann i ndáil leis an obair nó leis an ábhar cosanta eile.

2.   Féadfar forálacha sonracha don sásra cúlghairmebhforáiltear i mír 1, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

sonraíochtaí na n-earnálacha éagsúla agus na cineálacha éagsúla saothar agus taibhithe; agus

(b)

i gcás ina bhfuil rannchuidiú ó níos mó ná údartaibheoir amháin i saotharábhar eile, tábhacht choibhneasta na rannchuidithe aonair agus leasanna dlisteanacha na n-údar agus taibheoirí uile a ndéanfar difear dóibh ar scór chur i bhfeidm an tsásra cúlghairme ag údartaibheoir aonair.

Féadfaidh na Ballstáit saothairábhar eile a eisiamh ó chur i bhfeidhm an tsásra chúlghairme más rud é gur gnách do shaothair den sórt sin nó ábhar eile rannchuidithe ó roinnt údartaibheoirí a bheith iontu.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach féidir an sásra cúlghairme a chur i bhfeidhm ach amháin laistigh de chreat ama sonrach i gcás ina bhfuil an srianadh sin cuí-réasúnaithe ar scór shonraíochtaí na hearnála nó ar scór an chineáil saothair nó ábhair eile i dtrácht.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh údair nó taibheoirí an rogha a dhéanamh eisiachas an chonartha a fhoirceannadh seachas an ceadúnas a chúlghairm nó na cearta a aistriú.

3.   Forálfaidh na Ballstáit nach bhféadfar an chúlghairmbhforáiltear i mír 1 a fheidhmiú ach amháin i ndiaidh tréimhse réasúnach ama tar éis an ceadúnasaistriú na gceart a bheith tugtha i gcrích. Tabharfaidh an t-údar nó an taibheoir fógra don duine chuig a bhfuil na cearta curtha faoi cheadúnasaistrithe, agus socróidh sé sprioc-am iomchuí a mbeidh saothrú na gceart faoi cheadúnasaistrithe le tarlú roimhe. I ndiaidh don sprioc-am sin a dhul in éag, féadfaidh an t-údar nó an taibheoir an rogha a dhéanamh eisiachas an chonartha a fhoirceannadh seachas an ceadúnasaistriú na gceart a chúlghairm.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 más ann d'easpa shaothrú na gceart go príomha mar gheall ar imthosca ar féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeadh an t-údar nó an taibheoir in ann iad a leigheas.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh aon fhoráil chonarthach a mhaolaíonn ón sásra cúlghairmebhforáiltear i mír 1 infhorfheidhmithe ach amháin má tá sí bunaithe ar chomhaontú cómhargála.


whereas









keyboard_arrow_down