(1) Níl acmhainneacht fáis na ríomhthráchtála san Aontas saothraithe go hiomlán go fóill.
Leis an Straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach don Eoraip, téitear i ngleic ar bhealach iomlánaíoch leis na mórbhacainní ar fhorbairt ar ríomhthráchtáil trasteorann san Aontas chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin.
Is féidir rannchuidiú le dlús a chur le geilleagar digiteach an Aontais agus cur leis an bhfás foriomlán a spreagadh trí rochtain níos fearr ar ábhar digiteach agus ar sheirbhísí digiteacha a áirithiú do chustaiméirí agus trína éascú do ghnólachtaí ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar.
- = -
(7) Le rialacha comhchuibhithe do thomhaltóirí i ngach Ballstát i dtaca le dlí na gconarthaí, d’fhéadfadh gnólachtaí, go háirithe FMBanna, ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar ar fud an Aontais ar bhealach níos éasca.
Leis na rialacha sin, sholáthrófaí do ghnólachtaí timpeallacht a bheidh cobhsaí ó thaobh dhlí na gconarthaí agus ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha á soláthar sna Ballstáit eile.
Leis na rialacha sin, chuirfí cosc freisin ar ilroinnt dlí a d’eascródh as reachtaíocht náisiúnta nua lena rialófaí go sonrach ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha.
- = -
(11) Leis an Treoir seo, ba cheart go leagfaí síos rialacha comhchoiteanna maidir le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí idir trádálaithe agus tomhaltóirí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar.
Chun na críche sin, ba cheart go ndéanfaí an méid seo a leanas a chomhchuibhiú go hiomlán: rialacha maidir le comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití leis an gconradh, leigheasanna i gcás nach ann don chomhréireacht sin nó i gcás mainneachtain soláthair agus na modúlachtaí chun na leigheasanna sin a fheidhmiú, chomh maith le modhnú an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
Le rialacha atá comhchuibhithe go hiomlán i dtaca le gnéithe áirithe bunriachtanacha de dhlí na gconarthaí, d’fhéadfadh gnólachtaí, go háirithe FBManna, a gcuid táirgí a sholáthar ar bhealach níos éasca i mBallstáit eile.
Bhainfeadh tomhaltóirí tairbhe as ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus as na sochair leasa shóisialta trí rialacha a chomhchuibhiú go hiomlán.
Cuirtear bac ar na Ballstáit aon cheanglais fhoirmiúla nó shubstainteacha bhreise eile a sholáthar faoi raon feidhme na Treorach seo.
Mar shampla, níor cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha atá difriúil leis an méid a ndéantar foráil dó sa Treoir seo maidir le hualach an chruthúnais a aisiompú, nó d’oibleagáid a bheith ar an tomhaltóir fógra a thabhairt don trádálaí faoi easpa comhréireachta laistigh de thréimhse shonrach.
- = -
(24) Is minic a dhéantar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar i gcás go soláthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí in ionad airgid. Úsáidtear na cineálacha éagsúla samhlacha gnó sin i sciar suntasach den mhargadh.
Ba cheart go n-áiritheofaí leis an Treoir seo go bhfuil tomhaltóirí i dteideal leigheasanna conarthacha, i gcomhthéacs na samhlacha gnó sin, agus é á aithint san am céanna gur ceart bunúsach is ea sonraí pearsanta a chosaint agus, dá bhrí sin, nach féidir sonraí pearsanta a mheas mar thráchtearra.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo, dá bhrí sin, maidir le conarthaí ar faoina mbun a sholáthraíonn trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé nó sí seirbhís dhigiteach a sholáthar dó nó di, agus a sholáthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta, nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar.
Féadfar na sonraí pearsanta a sholáthar don trádálaí tráth a gcuirfear an conradh i gcrích nó tráth níos déanaí, amhail nuair a thugann an tomhaltóir a thoiliú don trádálaí úsáid a bhaint as na sonraí pearsanta, a d’fhéadfadh an tomhaltóir a uaslódáil nó a chruthú trí úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís digiteach.
Déantar foráil le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint liosta uileghabhálach de na forais dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a sholáthraíonn tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar dó nó di.
Mar shampla, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo i gcás ina n-osclóidh an tomhaltóir cuntas meán sóisialta agus ina soláthróidh sé nó sí ainm agus seoladh ríomhphoist a úsáidtear chun críocha eile seachas chun an t-ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar, nó seachas chun ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh agus chun na gcríoch sin amháin.
Ba cheart feidhm a bheith aici chomh maith i gcás ina dtabharfaidh an tomhaltóir toiliú d’aon ábhar arb ionann é agus sonraí pearsanta, amhail grianghraif nó postálacha a uaslódálfaidh an tomhaltóir, lena bpróiseáil ag an trádálaí chun críocha margaíochta.
Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor, áfach, a chinneadh an bhfuil na ceanglais maidir le conradh a bhunú, é a bheith ann nó a bhailíochtú faoin dlí náisiúnta á gcomhlíonadh.
- = -
(28) Tá an margadh do sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, ar seirbhísí iad nach nascann le hacmhainní uimhrithe a shanntar go poiblí, ag forbairt go mear.
Le blianta beaga anuas, tá níos mó tomhaltóirí ag baint úsáid as na seirbhísí sin a bhuí le teacht chun cinn seirbhísí digiteacha nua lenar féidir cumarsáid idirphearsanta a dhéanamh trí mhéan an idirlín, amhail seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe agus seirbhísí teachtaireachtaí ar líne.
Ar na cúiseanna sin, is gá cosaint éifeachtach do thomhaltóirí a sholáthar maidir leis na seirbhísí sin.
Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir.
- = -
(51) Cuirtear roinnt mhaith cineálacha ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha ar fáil go leanúnach thar tréimhse ama, amhail rochtain ar néalsheirbhísí.
Is gá a áirithiú, dá bhrí sin, go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir ar feadh shaolré an chonartha.
Ba cheart déileáil le bristí gearrthéarmacha ar sholáthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití mar chásanna ina bhfuil easpa comhréireachta ann i gcás ina mbíonn na bristí sin níos tromchúisí ná diomaibhseach nó ina dtarlaíonn siad arís is arís eile.
Thairis sin, i bhfianaise an fheabhais a chuirtear ar an ábhar digiteach agus ar na seirbhísí digiteacha go minic, go háirithe trí nuashonruithe a dhéanamh, ba cheart gurb é an leagan is deireanaí atá ar fáil tráth a dtugtar an conradh i gcrích, an leagan den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach a sholáthraítear don tomhaltóir, mura bhfuil a mhalairt comhaontaithe ag na páirtithe.
- = -
(55) Ba cheart an trádálaí a bheith faoi dhliteanas i leith an tomhaltóra i gcás easpa comhréireachta maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach, agus maidir le haon mhainneachtain an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar. Ós rud é gur féidir ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí trí cheann amháin nó níos mó de na gníomhartha aonair soláthair nó go leanúnach thar thréimhse ama, is iomchuí an tréimhse lena mbunófar comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a chinneadh i bhfianaise na gcineálacha éagsúla soláthair sin.
- = -
(59) Mar thoradh ar chineál sonrach agus ar ardchastacht an ábhair dhigitigh agus seirbhísí digiteach, chomh maith le heolas níos fearr agus rochtain níos fearr an trádálaí ar shaineolas, faisnéis theicniúil agus cúnamh ardteicneolaíochta, is dócha gur fearr a bheidh an trádálaí ná an tomhaltóir ar an eolas faoin gcúis nach soláthraítear an t-ábhar digiteach ná an tseirbhís dhigiteach nó nach bhfuil sé nó sí i gcomhréir.
Is dócha gur fearr a bheidh an trádálaí in ann a mheas cé acu an i ngeall nó nach i ngeall ar neamhréireacht idir an timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra agus na ceanglais theicniúla maidir leis an ábhar digiteach nó leis an tseirbhís dhigiteach atá an mhainneachtain soláthair nó an easpa comhréireachta.
Dá bhrí sin, i gcás díospóide, cé gur faoin tomhaltóir atá sé fianaise a thabhairt nach bhfuil an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir, níor cheart go mbeadh sé ar an tomhaltóir a chruthú gurbh ann don easpa comhréireachta tráth soláthair an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach nó, i gcás soláthar leanúnach, le linn thréimhse an chonartha.
- = -
(64) I bhfianaise éagsúlacht na n-ábhar digiteach agus na seirbhísí digiteacha, ní hiomchuí sprioc-amanna socraithe a leagan síos chun cearta a fheidhmiú ná chun oibleagáidí a bhaineann leis an ábhar digiteach sin nó leis na seirbhísí digiteacha a chomhlíonadh.
Ní léireodh na spriocdhátaí sin an éagsúlacht sin agus d’fhéadfadh siad a bheith róghearr nó rófhada, ag brath ar an gcás.
Dá bhrí sin, tá sé níos iomchuí a cheangal go dtabharfar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha chun comhréireachta laistigh de thréimhse réasúnach ama.
Níor cheart go gcuirfeadh an ceanglas sin cosc ar na páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse shonrach chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta.
Ba cheart an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta saor in aisce.
Go háirithe, níor cheart don tomhaltóir aon chostais a thabhú a bhaineann le forbairt a dhéanamh ar nuashonrú le haghaidh an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
- = -
(84) I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (18), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite.
I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.
- = -