(9) Leis an Treoir seo, ba cheart go ndéanfaí príomhrialacha áirithe nach bhfuil rialú déanta orthu go fóill ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta a chomhchuibhiú go hiomlán.
- = -
(10) Sa Treoir seo, ba cheart go ndéanfaí a raon feidhme a shainiú ar bhealach soiléir neamh-dhéchiallach agus go ndéanfaí rialacha soiléire substainteacha a sholáthar maidir leis an ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha a thagann faoina raon feidhme.
Ba cheart go mbeadh raon feidhme na Treorach seo agus a rialacha substainteacha neodrach ó thaobh na teicneolaíochta agus go mbeidís in ann an aimsir a sheasamh.
- = -
(11) Leis an Treoir seo, ba cheart go leagfaí síos rialacha comhchoiteanna maidir le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí idir trádálaithe agus tomhaltóirí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar.
Chun na críche sin, ba cheart go ndéanfaí an méid seo a leanas a chomhchuibhiú go hiomlán: rialacha maidir le comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití leis an gconradh, leigheasanna i gcás nach ann don chomhréireacht sin nó i gcás mainneachtain soláthair agus na modúlachtaí chun na leigheasanna sin a fheidhmiú, chomh maith le modhnú an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
Le rialacha atá comhchuibhithe go hiomlán i dtaca le gnéithe áirithe bunriachtanacha de dhlí na gconarthaí, d’fhéadfadh gnólachtaí, go háirithe FBManna, a gcuid táirgí a sholáthar ar bhealach níos éasca i mBallstáit eile.
Bhainfeadh tomhaltóirí tairbhe as ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus as na sochair leasa shóisialta trí rialacha a chomhchuibhiú go hiomlán.
Cuirtear bac ar na Ballstáit aon cheanglais fhoirmiúla nó shubstainteacha bhreise eile a sholáthar faoi raon feidhme na Treorach seo.
Mar shampla, níor cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha atá difriúil leis an méid a ndéantar foráil dó sa Treoir seo maidir le hualach an chruthúnais a aisiompú, nó d’oibleagáid a bheith ar an tomhaltóir fógra a thabhairt don trádálaí faoi easpa comhréireachta laistigh de thréimhse shonrach.
- = -
(21) Ba cheart go mbeadh feidhm ag Treoir (AE) 2019/771 maidir le conarthaí le haghaidh díolacháin earraí, lena n-áirítear earraí a bhfuil gnéithe digiteacha acu.
Ba cheart don choincheap “earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha” tagairt d’earraí lena n-ionchorpraítear nó a bhíonn idirnasctha le hábhar digiteach nó le seirbhís dhigiteach sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar a bhfeidhmeanna a bheith á gcomhlíonadh ag na hearraí; Ba cheart go dtiocfadh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a ionchorpraítear in earraí nó atá idirnasctha le hearraí ar an mbealach sin faoi raon na Treorach (AE) 2019/771 más rud é go ndéantar na hearraí a chur ar fáil dóibh faoi chonradh díolacháin a bhaineann leis na hearraí sin.
Cibé acu an cuid den chonradh díolacháin soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe nó idirnasctha nó nach ea, ba cheart go mbraithfeadh sé sin ar ábhar an chonartha seo.
Ba cheart a áireamh air sin, ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá ionchorpraithe nó idirnasctha a cheanglaítear a soláthar go sainráite sa chonradh.
Ba cheart a bheith san áireamh ann freisin na conarthaí díolacháin sin ar féidir a thuiscint ina leith go gcumhdaítear leo soláthar ábhair dhigitigh shonraigh nó seirbhíse digití sonraí, toisc gur gnáthearraí den chineál céanna iad agus go bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún leis an méid sin i bhfianaise chineál na n-earraí, agus aon ráiteas poiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile nó thar a gceann i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear ag an táirgeoir, á chur san áireamh.
Más rud é, mar shampla, go ndéanfaí teilifís chliste a fhógairt, agus á rá go n-áirítear léi fís-fheidhmchlár, bheadh an fhís-fheidhmchlár sin mar chuid den chonradh díolacháin.
Tá feidhm aige sin is cuma cé acu atá an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach réamhshuiteáilte san earra féin nó is gá é nó í a íoslódáil ina dhiaidh sin ar fheiste eile agus gan é ach a bheith idirnasctha leis an earra.
- = -
(26) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach a fhorbairt arna shaincheapadh in oiriúint do riachtanais shonracha an tomhaltóra lena n-áirítear bogearraí saincheaptha.
Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le comhaid leictreonacha a sholáthar is gá i gcomhthéacs earraí 3D a phriontáil, sa mhéid a thagann na comhaid sin faoin sainmhíniú ar ábhar digiteach nó ar sheirbhísí digiteacha de réir bhrí na Treorach seo.
Mar sin féin, leis an Treoir seo, níor cheart go ndéanfaí rialáil ar aon chearta ná oibleagáidí a bhaineann le hearraí a tháirgtear trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht phriontála 3D.
- = -
(40) Níor cheart leis an Treoir seo go ndéanfaí rialáil ar na hiarmhairtí do na conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo i gcás go ndéanfaidh an tomhaltóir an toiliú a tharraingt siar le haghaidh sonraí pearsanta an tomhaltóra a phróiseáil.
Ba cheart gur ábhar don dlí náisiúnta na hiarmhairtí sin fós.
- = -
(54) Is ábhar mór iad fabhtanna dlíthiúla maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha, atá faoi réir cearta maoine intleachtúla.
Maidir le srianta le húsáid an tomhaltóra i ndáil le hábhar digiteach nó le seirbhís dhigiteach i gcomhréir leis an Treoir seo, d’fhéadfadh na srianta sin a bheith ina sárú ar chearta tríú páirtí.
D’fhéadfadh an sárú sin bac a chur ar an tomhaltóir leas a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach nó cuid dá ghnéithe nó dá gnéithe, mar shampla, nuair nach féidir leis an tomhaltóir rochtain a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach ar chor ar bith nó i gcás nach féidir rochtain dhleathach a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach.
An chúis a d’fhéadfadh a bheith leis sin ná go gcuireann an trádálaí iachall ar an tríú páirtí go dlisteanach éirí as na cearta sin a shárú agus deireadh a chur leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach lena mbaineann a thairiscint nó nach féidir leis an tomhaltóir an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a úsáid gan an dlí a shárú.
I gcás ina mbeadh sárú ar chearta tríú páirtí a bhfuil srian arb é is toradh dó srian lena gcuirtear cosc nó teorainn le húsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcomhréir leis na ceanglais shuibiachtúla agus oibiachtúla le haghaidh comhréireachta, níor cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal na leigheasanna ar an easpa comhréireachta, ach amháin má fhoráiltear le dlíthe náisiúnta go ndéanfaí an conradh a neamhniú nó a chealú, i dtaca le baránta dlíthiúil in aghaidh díshealbhú a shárú mar shampla.
- = -
(65) I gcás nach féidir ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta ó thaobh dlí nó ó thaobh fíricí de nó i gcás ina ndiúltóidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta toisc go bhforchuirfí má dhéantar amhlaidh costais dhíréireacha ar an trádálaí, nó i gcás inar mhainnigh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta laistigh de thréimhse ama réasúnach, saor in aisce agus gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir dá thoradh sin, ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal laghdú ar an bpraghas a fháil nó an conradh a fhoirceannadh.
I gcásanna áirithe, tá údar maith ann gur cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal praghas laghdaithe a bheith acu nó an conradh a fhoirceannadh láithreach, mar shampla i gcás inar mhainnigh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta go rathúil roimhe sin nó i gcás nach bhféadfaí a bheith ag súil leis go leanfadh an tomhaltóir de mhuinín a bheith aige as cumas an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta mar gheall ar a thromchúisí atá an easpa comhréireachta.
Mar shampla, ba cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal a iarraidh go díreach an praghas a laghdú nó an conradh a fhoirceannadh i gcás ina soláthraítear bogearraí frithvíreas don tomhaltóir atá ionfhabhtaithe le víris agus a bheadh ina shampla d’easpa comhréireachta de chineál tromchúiseach.
Ba cheart go ndéanfaí amhlaidh i gcás ina mbeidh sé soiléir nach ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta laistigh de thréimhse réasúnta ama nó gan cur isteach go suntasach ar an tomhaltóir.
- = -
(67) I gcás ina soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mar mhalairt ar phraghas a íoc, níor cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh ach amháin mura bhfuil mioneaspa comhréireachta i gceist.
Mar sin féin, i gcás nach soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigitigh mar mhalairt ar phraghas a íoc ach gur ar bhonn na sonraí pearsanta arna soláthar ag an tomhaltóir, ba cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh freisin i gcásanna ina bhfuil mioneaspa comhréireachta i gceist, ós rud é nach bhfuil an leigheas ar laghdú sa phraghas ar fáil don tomhaltóir.
I gcásanna ina ndéanfaidh an tomhaltóir praghas a íoc agus sonraí pearsanta a sholáthar, ba cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal na leigheasanna go léir atá ar fáil i gcás easpa comhréireachta.
Go háirithe, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha eile go léir, ba cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal go gcuirfí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir, laghdú praghais a fháil i ndáil leis an airgead a íocadh as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, nó go ndéanfaí an conradh a fhoirceannadh.
- = -