(12) Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear don dlí náisiúnta sa mhéid nach rialaítear na hábhair lena mbaineann leis an Treoir seo, amhail rialacha náisiúnta maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí nó dlíthiúlacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
Ina theannta sin, níor cheart don Treoir seo cineál dlíthiúil conarthaí le haghaidh soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a chinneadh, agus ba cheart go bhfágfaí an cheist an ionann na conarthaí sin agus seirbhís díolacháin, conradh cíosa nó sui generis, mar shampla, faoin dlí náisiúnta.
Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach mbaineann go sonrach le conarthaí tomhaltóirí agus nach ndéantar foráil leo do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna dlíthiúla áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh i gcrích, eadhon forálacha náisiúnta lena bhféadfaí rialacha sonracha maidir le dliteanas an trádálaí i leith fabhtanna folaithe a leagan síos.
Níor cheart ach oiread go ndéanfadh an Treoir seo difear do dhlíthe náisiúnta lena ndéantar foráil do leigheasanna neamhchonarthacha an tomhaltóra i gcás ina mbeidh neamhchomhréireacht ann i leith an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcoinne daoine ag céimeanna roimhe sin i bpróiseas na n-idirbheart, nó daoine eile a chomhlíonann oibleagáidí na ndaoine sin.
- = -
(17) Ba cheart go dtiocfadh daoine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu lena dtrádáil, lena ngnó, lena gceird ná lena ngairm faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar thomhaltóir.
Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit freisin, i gcás conarthaí a bhfuil dhá fheidhm acu ina gcuirtear an conradh i gcrích chun críocha atá go páirteach laistigh agus lasmuigh de thrádáil an duine agus i gcás go bhfuil an chríoch thrádála chomh teoranta sin nach í is mó atá i gceist i gcomhthéacs iomlán an tsoláthair, a bheith fós saor a chinneadh ar cheart an duine sin a mheas mar thomhaltóir freisin agus cad iad na coinníollacha faoinar cheart an duine sin a mheas amhlaidh.
- = -
(24) Is minic a dhéantar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar i gcás go soláthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí in ionad airgid. Úsáidtear na cineálacha éagsúla samhlacha gnó sin i sciar suntasach den mhargadh.
Ba cheart go n-áiritheofaí leis an Treoir seo go bhfuil tomhaltóirí i dteideal leigheasanna conarthacha, i gcomhthéacs na samhlacha gnó sin, agus é á aithint san am céanna gur ceart bunúsach is ea sonraí pearsanta a chosaint agus, dá bhrí sin, nach féidir sonraí pearsanta a mheas mar thráchtearra.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo, dá bhrí sin, maidir le conarthaí ar faoina mbun a sholáthraíonn trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé nó sí seirbhís dhigiteach a sholáthar dó nó di, agus a sholáthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta, nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar.
Féadfar na sonraí pearsanta a sholáthar don trádálaí tráth a gcuirfear an conradh i gcrích nó tráth níos déanaí, amhail nuair a thugann an tomhaltóir a thoiliú don trádálaí úsáid a bhaint as na sonraí pearsanta, a d’fhéadfadh an tomhaltóir a uaslódáil nó a chruthú trí úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís digiteach.
Déantar foráil le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint liosta uileghabhálach de na forais dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a sholáthraíonn tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar dó nó di.
Mar shampla, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo i gcás ina n-osclóidh an tomhaltóir cuntas meán sóisialta agus ina soláthróidh sé nó sí ainm agus seoladh ríomhphoist a úsáidtear chun críocha eile seachas chun an t-ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar, nó seachas chun ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh agus chun na gcríoch sin amháin.
Ba cheart feidhm a bheith aici chomh maith i gcás ina dtabharfaidh an tomhaltóir toiliú d’aon ábhar arb ionann é agus sonraí pearsanta, amhail grianghraif nó postálacha a uaslódálfaidh an tomhaltóir, lena bpróiseáil ag an trádálaí chun críocha margaíochta.
Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor, áfach, a chinneadh an bhfuil na ceanglais maidir le conradh a bhunú, é a bheith ann nó a bhailíochtú faoin dlí náisiúnta á gcomhlíonadh.
- = -
(55) Ba cheart an trádálaí a bheith faoi dhliteanas i leith an tomhaltóra i gcás easpa comhréireachta maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach, agus maidir le haon mhainneachtain an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar. Ós rud é gur féidir ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí trí cheann amháin nó níos mó de na gníomhartha aonair soláthair nó go leanúnach thar thréimhse ama, is iomchuí an tréimhse lena mbunófar comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a chinneadh i bhfianaise na gcineálacha éagsúla soláthair sin.
- = -
(79) Daoine nó eagraíochtaí a measfar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas dlisteanach acu maidir le cearta conarthacha tomhaltóirí agus cosaint sonraí a chosaint, ba cheart an ceart a thabhairt dóibh imeachtaí a thionscnamh, chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo i bhfeidhm, os comhair cúirte nó os comhair údarás riaracháin atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh i dtaobh gearán nó inniúil ar imeachtaí dlíthiúla iomchuí a thionscnamh.
- = -