keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- tomhaltóir 20
- digiteach 15
- tseirbhís 14
- dhigiteach 13
- trádálaí 13
- t-ábhar 13
- agus 10
- fhoirceannadh 9
- sholáthar 8
- conradh 8
- chun 7
- airteagal 6
- tradálaí 6
- mbeidh 5
- arna 4
- ní 4
- gcás 4
- faoi 4
- gcuirfear 4
- tomhaltóra 4
- iarraidh 4
- moill 4
- mhíchuí 4
- úsáid 3
- bheidh 3
- aisíocaíocht 3
- i 3
- nach 3
- fáil 3
- chonartha 3
- tráth 3
- beidh 3
- laistigh 3
- ábhar 3
- inláimhsithe 3
- páirtithe 3
- dteideal 2
- dhéanfaidh 2
- laghdú 2
- sainráite 2
- gheall 2
- comhaontú 2
- thabhairt 2
- feidhm 2
- modhanna 2
- céanna 2
- meán 2
- maidir 2
- linn 2
- chinneadh 2
Airteagal 5
An t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar
1. Déanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar don tomhaltóir. Mura mbeidh a mhalairt aontaithe ag na páirtithe, soláthróidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach gan moill mhíchuí tar éis don chonradh a bheith tugtha i gcrích.
2. Beidh an oibleagáid chun soláthair comhlíonta ag an trádálaí sna cásanna seo a leanas:
(a) | go gcuirfear an t-ábhar digiteach nó aon bhealach atá oiriúnach chun an t-ábhar digiteach a rochtain nó a íoslódáil ar fáil nó go dtabharfar rochtain air don tomhaltóir nó do shaoráid fhisiciúil nó fhíorúil arna roghnú ag an tomhaltóir chun na críche sin; |
(b) | go gcuirfear an tseirbhís dhigiteach ar fáil don tomhaltóir nó do shaoráid fhisiciúil nó fhíorúil arna roghnú ag an tomhaltóir chun na críche sin. |
Airteagal 13
Leigheas ar mhainneachtain soláthair
1. I gcás inar mhainnigh an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5, déanfaidh an tomhaltóir a iarraidh ar an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar. Má mhainníonn an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar gan moill mhíchuí, nó laistigh de thréimhse bhreise ama arna comhaontú go sainráite ag na páirtithe, beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh láithreach sna cásanna seo a leanas:
(a) | go mbeidh sé dearbhaithe ag an trádálaí, nó go mbeidh sé chomh soiléir céanna ó na himthosca, nach ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar; |
(b) | go mbeidh comhaontú déanta idir an tomhaltóir agus an trádálaí, nó gur léir ó na himthosca maidir le tabhairt i gcrích an chonartha, go mbeidh tráth sonrach don soláthar buntábhachtach don tomhaltóir agus go mainneoidh an tomhaltóir agus an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar faoin tráth sin nó ag an tráth sin. |
3. I gcás ina ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh faoi mhír 1 nó 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 15 go 18 dá réir sin.
Airteagal 17
Oibleagáidí an tomhaltóra i gcás ina ndéanfar conradh a fhoirceannadh
1. Tar éis fhoirceannadh an chonartha, staonfaidh an tomhaltóir ó úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach agus ón ábhar nó an tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.
2. I gcás ina ndearnadh an t-ábhar digiteach a sholáthar ar mheán inláimhsithe, déanfaidh an tomhaltóir, arna iarraidh sin ag an tradálaí agus ar chostas an trádálaí, an meán inláimhsithe a thabhairt ar ais don tradálaí gan moill mhíchuí. Má chinneann an tradálaí a iarraidh go ndéanfaí an meán inláimhsithe a thabhairt ar ais, déanfar an iarraidh sin laistigh de 14 lá ón lá a gcuirfear an trádálaí ar an eolas faoi chinneadh an tomhaltóra an conradh a fhoirceannadh.
3. Ní bheidh an tomhaltóir faoi dhliteanas maidir le híoc as aon úsáid a bhainfear as an t-ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach le linn na tréimhse sula ndeanfar an conradh a fhoirceannadh, ar conradh é nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht lena linn.
Airteagal 18
Teorainneacha ama agus modhanna aisíocaíochta ag an trádálaí
1. Aon aisíocaíocht a bheidh ag dul don tomhaltóir de bhun Airteagal 14(4) agus (5) nó 16(1) mar gheall ar laghdú ar phraghas an chonartha nó mar gheall ar a fhoirceannadh, déanfar í gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 14 lá ón dáta ar a gcuirfear an tradálaí ar an eolas faoi chinneadh an tomhaltóra ceart an tomhaltóra chun laghdú praghais a agairt nó chun an conradh a fhoirceannadh.
2. Ní dhéanfaidh an trádálaí an aisíocaíocht sin trí úsáid a bhaint as na modhanna íocaíochta céanna a d’úsáid an tomhaltóir chun íoc as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, ach amháin má comhaontaíonn an tomhaltóir a mhalairt go sainráite agus ar choinníoll nach dtabhóidh an tomhaltóir aon táillí mar thoradh ar an aisíocaíocht sin.
3. Ní dhéanfaidh an trádálaí aon táille a fhorchur ar an tomhaltóir i leith na haisíocaíochta.
whereas