search


keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0770 GA cercato: 'cuirfidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl




whereas cuirfidh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 96

 

Airteagal 24

Trasuí

1.   Faoin 1 Iúil 2021 déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú. cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoin méid sin.

cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna le tagairt den chineál sin a dhéanamh.

Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

2.   Beidh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir le soláthar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2022 cé is moite d’Airteagail 19 agus 20 nach mbeidh feidhm acu ach amháin maidir le conarthaí a dhéanfar ón dáta sin i leith.

Airteagal 25

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 12 Meitheamh 2024 athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar scrúdú sa tuarascáil, inter alia, ar an gcás i dtaobh chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme maidir le conarthaí i ndáil le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar seachas an méid a chumhdaítear leis an Treoir seo, lena n-áirítear iad a sholáthar in aghaidh fógrán.


whereas









keyboard_arrow_down