(24) Is minic a dhéantar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar i gcás go soláthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí in ionad airgid. Úsáidtear na cineálacha éagsúla samhlacha gnó sin i sciar suntasach den mhargadh.
Ba cheart go n-áiritheofaí leis an Treoir seo go bhfuil tomhaltóirí i dteideal leigheasanna conarthacha, i gcomhthéacs na samhlacha gnó sin, agus é á aithint san am céanna gur ceart bunúsach is ea sonraí pearsanta a chosaint agus, dá bhrí sin, nach féidir sonraí pearsanta a mheas mar thráchtearra.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo, dá bhrí sin, maidir le conarthaí ar faoina mbun a sholáthraíonn trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé nó sí seirbhís dhigiteach a sholáthar dó nó di, agus a sholáthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta, nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar.
Féadfar na sonraí pearsanta a sholáthar don trádálaí tráth a gcuirfear an conradh i gcrích nó tráth níos déanaí, amhail nuair a thugann an tomhaltóir a thoiliú don trádálaí úsáid a bhaint as na sonraí pearsanta, a d’fhéadfadh an tomhaltóir a uaslódáil nó a chruthú trí úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís digiteach.
Déantar foráil le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint liosta uileghabhálach de na forais dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a sholáthraíonn tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar dó nó di.
Mar shampla, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo i gcás ina n-osclóidh an tomhaltóir cuntas meán sóisialta agus ina soláthróidh sé nó sí ainm agus seoladh ríomhphoist a úsáidtear chun críocha eile seachas chun an t-ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar, nó seachas chun ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh agus chun na gcríoch sin amháin.
Ba cheart feidhm a bheith aici chomh maith i gcás ina dtabharfaidh an tomhaltóir toiliú d’aon ábhar arb ionann é agus sonraí pearsanta, amhail grianghraif nó postálacha a uaslódálfaidh an tomhaltóir, lena bpróiseáil ag an trádálaí chun críocha margaíochta.
Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor, áfach, a chinneadh an bhfuil na ceanglais maidir le conradh a bhunú, é a bheith ann nó a bhailíochtú faoin dlí náisiúnta á gcomhlíonadh.
- = -
(27) Os rud é gur cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí arb é is cuspóir dóibh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar don tomhaltóir, níor cheart go mbeadh feidhm aici i gcás inarb é príomhábhar an chonartha seirbhísí gairmiúla a sholáthar amhail seirbhísí aistriúcháin, seirbhísí ailtireachta, seirbhísí dlí nó seirbhísí eile comhairle gairmiúla, ar seirbhísí iad ar minic gurb é an trádálaí féin a dhéanann iad, gan beann ar an úsáideann an trádálaí na modhanna digiteacha chun aschur na seirbhíse a tháirgeadh nó chun í a sheachadadh nó í a tharchur chuig an tomhaltóir.
Ar an gcaoi chéanna, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le seirbhísí poiblí, amhail seirbhísí slándála sóisialta ná cláir phoiblí i gcás nach n-úsáidtear na modhanna digiteacha ach chun críche an tseirbhís a tharchur chuig an tomhaltóir nó a chur in iúl don tomhaltóir.
Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach oiread maidir le hionstraimí barántúla agus gníomhartha eile nótaireachta, gan beann ar cibé acu a dhéantar iad, a thaifeadtar iad, a atáirgtear iad nó a tharchuirtear iad trí mhodhanna digiteacha.
- = -
(57) D’fhéadfaí ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí ar mhodh leanúnach thar thréimhse ama chomh maith.
Féadfar a bheith san áireamh sa soláthar leanúnach cásanna ina gcuireann an trádálaí seirbhís dhigiteach ar fáil do thomhaltóirí ar feadh tréimhse socraithe nó tréimhse éiginnte, amhail conradh néalstórála 2 bhliain nó ballraíocht gan téarma in ardán meán sóisialta.
Is é an ghné shainiúil den chatagóir sin ná go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ar fáil do thomhaltóirí nó inrochtana acu do thréimhse sheasta an chonartha, nó fad atá an conradh éiginnte i bhfeidhm.
Dá bhrí sin, tá údar maith ann nár cheart an trádálaí i gcásanna den sórt sin a bheith faoi dhliteanas ach i leith easpa comhréireachta a thagann chun solais agus le linn na tréimhse sin amháin.
Níor cheart gur ghá soláthar fadtéarmach mar gheall ar ghné an tsoláthair leanúnaigh.
Ba cheart cásanna amhail sruthú gréasáin gearrthóige físe a mheas mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, gan beann ar fhad iarbhír an chomhaid closamhairc.
Maidir le cásanna ina gcuirfear gnéithe sonracha den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach ar fáil go tréimhsiúil nó roinnt uaireanta le linn ré sheasta an chonartha nó fad is a bheidh conradh éiginnte i bhfeidhm, ba cheart iad a mheas chomh maith mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, nuair a shonraítear sa chonradh, mar shampla, gur féidir cóip de bhogearraí frithvíreas a úsáid ar feadh bliana agus go nuashonrófar go huathoibríoch é ar an gcéad lá de gach mí den tréimhse sin, nó go n-eiseoidh an trádálaí nuashonruithe nuair a bheidh gnéithe nua de chluiche digiteach ar fáil, agus go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ar fáil nó inrochtana do thomhaltóirí amháin do thréimhse seasta an chonartha nó fad a bheidh an conradh éiginnte i bhfeidhm.
- = -