search


keyboard_tab Clausole e vendite online Direttiva EU 2019/2161 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/2161 2011/83 2005/29 1998/6 1993/13

2019/2161 GA cercato: 'meitheamh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index meitheamh:


whereas meitheamh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 356

 

Airteagal 3

Leasuithe ar Threoir 2005/29/CE

Leasaítear Treoir 2005/29/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear mír 1 d’Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

ciallaíonn ‘táirge’ aon earra nó seirbhís, lena n‐áirítear maoin dhochorraithe, seirbhís dhigiteach agus ábhar digiteach, chomh maith le cearta agus oibleagáidí;”;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(m)

ciallaíonn ‘rangú’ an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do tháirgí, arna gcur i láthair, arna n‐eagrú nó arna gcur in iúl ag an trádálaí, beag beann ar na modhanna teicneolaíocha a úsáidtear don chur i láthair, don eagrúchán nó don chumarsáid sin;

(n)

ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís ina n-úsáidtear bogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár atá á oibriú ag trádálaí nó thar a cheann chun gur féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile;”;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:

“5.   Leis an Treoir seo, ní chuirtear aon chosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo. Beidh forálacha den sórt sin comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon fhorálacha náisiúnta a nglacfar ar bhonn mhír 5 agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil ar bhealach so-rochtana do thomhaltóirí agus do thrádálaithe ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.”;

(3)

in Airteagal 6(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(c)

earra a mhargú mar cheann atá comhionann le hearra a mhargaítear i mBallstáit eile, cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe an earra sin, mura rud é go bhfuil údar maith leis sin ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla.”;

(4)

leasaítear Airteagal 7 is mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

na socruithe le haghaidh íocaíocht a dhéanamh, seachadadh aguscomhlíonadh, i gcás ina n‐imíonn siad ó cheanglais díchill ghairmiúil;”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(f)

i gcás táirgí a thairgtear ar mhargaí ar líne, cé acu is trádálaí nó nach trádálaí é an tríú páirtí atá ag tairiscint na dtáirgí, ar bhonn an dearbhaithe atá tugtha ag an tríú páirtí sin do sholáthraí an mhargaidh ar líne.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4a.   Agus an fhéidearthacht á cur ar fáil do thomhaltóirí táirgí a thairgeann trádálaithe éagsúla nó tomhaltóirí a chuardach ar bhonn iarratas cuardaigh i bhfoirm eochairfhocail, natha nó ionchuir eile, gan beann ar an áit ina dtabharfar idirbhearta i gcrích ar deireadh, measfar gur ábhar í faisnéis ghinearálta a chuirtear ar fáil i gcuid ar leith den chomhéadan ar líne atá inrochtana go díreach agus go héasca ón leathanach ar a gcuirtear torthaí an chuardaigh i láthair, ar faisnéis í maidir leis na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú na dtáirgí arna gcur i láthair don tomhaltóir mar thoradh ar an iarratas cuardaigh agus maidir le tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin seachas paraiméadair eile. Níl feidhm ag an mír seo maidir le soláthraithe inneall cuardaigh ar líne mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

(*3)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne ((IO L 186, 11.7.2019, lch. 57.”;"

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“6.   I gcás ina dtugann trádálaí rochtain ar léirmheasanna a rinne tomhaltóirí ar tháirgí, measfar gur ábhar í an fhaisnéis faoi cé acu a áirithíonn nó nach n‐áirithíonn an trádálaí gur tomhaltóirí a d’úsáid an táirge nó a bhfuil an táirge ceannaithe acu i ndáiríre a rinne na léirmheasanna sin agus faoin gcaoi a n‐áirithíonn an trádálaí an méid sin.”;

(5)

cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas:

Airteagal 9

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 66.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019.

(3)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(4)  Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30).

(5)  Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(6)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(7)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(8)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(9)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(10)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1).

(14)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.).

(16)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(17)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).


whereas