(20) Maidir leis sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú ionas go mbeidh sé soiléir gur cheart cleachtais a thoirmeasc ina soláthraíonn trádálaí faisnéis do thomhaltóir i bhfoirm torthaí cuardaigh mar fhreagairt ar chuardach ar líne an tomhaltóra, gan aon fhógraíocht íoctha nó aon íocaíocht shonrach as rangú níos airde táirgí a bhaint amach laistigh de na torthaí cuardaigh a nochtadh go soiléir.
Nuair a d’íoc trádálaí go díreach nó go hindíreach an soláthraí feidhmiúlachta ar líne as rangú níos airde táirge laistigh de na torthaí cuardaigh, ba cheart do sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas ina thaobh sin i bhfoirm atá beacht, inrochtana go héasca, agus intuigthe.
Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an íocaíocht indíreach go nglacfadh trádálaí le hoibleagáidí breise i leith sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne a bhfuil rangú níos airde mar thoradh sonrach uirthi.
D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san íocaíocht indíreach ná coimisiún méadaithe in aghaidh an idirbhirt chomh maith le scéimeanna cúitimh éagsúla a mbeadh rangú níos airde mar thoradh sonrach orthu. Íocaíochtaí ar sheirbhísí ginearálta, amhail táillí liostúcháin nó suibscríbhinní ballraíochta, a dhíríonn ar réimse leathan feidhmiúlachtaí arna dtairgeadh ag soláthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne don trádálaí, níor cheart iad a mheas a bheith ina íocaíocht go sonrach chun rangú níos airde táirgí a bhaint amach, ar choinníoll nach bhfuil na híocaíochtaí sin tiomnaithe do rangú níos airde a bhaint amach.
Féadfaidh cineálacha éagsúla trádálaithe ar líne feidhmiúlacht chuardaigh ar líne a sholáthar, lena n‐áirítear idirghabhálaithe, amhail margaí ar líne, innill chuardaigh agus suíomhanna gréasáin comparáideacha.
- = -
(25) Ba cheart margaí ar líne a shainmhíniú chun críocha Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE ar bhealach atá cosúil leis an sainmhíniú i Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus i dTreoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).
Mar sin féin, ba cheart an sainmhíniú ar “margadh ar line” a thabhairt cothrom le dáta agus a dhéanamh níos neodraí ó thaobh na teicneolaíochta de chun teicneolaíochtaí nua a chumhdach.
Is iomchuí, dá bhrí sin, seachas tagairt a dhéanamh do “suíomh gréasáin” go ndéanfaí tagairt do na bogearraí, lena n‐áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár arna oibriú ag an trádálaí nó thar a cheann, i gcomhréir leis an gcoincheap “comhéadan ar line” mar a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2017/2394 agus Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).
- = -
(30) Ba cheart na sainmhínithe ar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteach i dTreoir 2011/83/AE a ailíniú leo sin atá i dTreoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).
Maidir le hábhar digiteach arna chumhdach i dTreoir (AE) 2019/770 cumhdaíonn sé gníomh aonair soláthair, sraith gníomhartha aonair soláthair, nó soláthar leanúnach thar thréimhse ama.
Níor cheart go mbeadh gá le soláthar fadtéarmach mar gheall ar ghné an tsoláthair leanúnaigh.
Ba cheart cásanna amhail sruthú gréasáin ar ghearrthóga físe a mheas mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, gan beann ar ré iarbhír an chomhaid closamhairc.
Dá bhrí sin, d’fheadfadh sé a bheith deacair idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha áirithe d’ábhar digiteach agus de sheirbhísí digiteacha, toisc go mbaineann an dá rud le soláthar leanúnach ón trádálaí thar ré an chonartha.
Samplaí de sheirbhísí digiteacha is ea seirbhísí comhroinnte físe agus fuaime agus óstáil comhad, próiseáil focal nó cluichí a thairgtear sa néal, néalstóráil, post gréasáin, na meáin shóisialta agus néal-fheidhmchláir.
Mar gheall ar rannpháirtíocht leanúnach an tsoláthraí seirbhíse, tá údar le cur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar a thugtar i dTreoir 2011/83/AE agus a thugann an deis, go praiticiúil, don tomhaltóir triail a bhaint as an tseirbhís agus a chinneadh, le linn na tréimhse 14 lá ó thabhairt i gcrích an chonartha, cé acu a choinneoidh nó nach gcoinneoidh sé an tseirbhís.
Is saintréith de roinnt mhaith conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach nach ndéantar a sholáthar ar mheán inláimhsithe is ea gur gníomh aonair soláthair don tomhaltóir de phíosa sonrach nó píosaí sonracha ábhair dhigitigh é, amhail ceol sonrach nó comhaid físe shonracha.
Fanann conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach nach ndéantar a sholáthar ar mheán inláimhsithe de bheith faoi réir na heisceachta ón gceart tarraingt siar a leagtar amach i bpointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE, ina bhforáiltear go gcailleann an tomhaltóir an ceart tarraingt siar nuair a chuirtear tú le comhlíonadh an chonartha, amhail an t‐ábhar a íoslódáil nó a shruthú, faoi réir réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra an comhlíonadh a thosú le linn na tréimhse tarraingt siar agus admháil á rá go bhfuil a cheart tarraingt siar caillte aige dá réir.
I gcás in a bhfuil amhras maidir le cé acu is conradh seirbhíse nó conradh le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe é, ba cheart na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar i leith seirbhísí a chur i bhfeidhm.
- = -
(39) Leagtar amach in Airteagal 7(4) de Threoir 2005/29/CE ceanglais faisnéise le haghaidh cuireadh chun táirge a cheannach ar phraghas sonrach.
Tá feidhm ag na ceanglais faisnéise sin ag an gcéim fógraíochta cheana féin agus forchuirtear le Treoir 2011/83/AE na ceanglais faisnéise chéanna agus ceanglais faisnéise eile níos mionsonraithe ag an gcéim réamhchonarthach ina dhiaidh sin (i.e.
díreach sula ndéanann an tomhaltóir conradh).
Dá bharr sin, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí ar thrádálaithe an fhaisnéis chéanna a thabhairt ag an gcéim fógraíochta (e.g.
i bhfógra ar líne ar shuíomh gréasáin) agus ag an gcéim réamhchonarthach (e.g.
ar leathanaigh a siopaí gréasáin ar líne).
- = -