(13) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24: Airteagal 6 Tuairisciú ag an gCoimisiún agus athbhreithniú Faoin 28 Bealtaine 2024, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm na Treorach seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar go háirithe sa tuarascáil sin measúnú ar fhorálacha na Treorach seo maidir leis an méid seo a leanas: (a) | imeachtaí arna n‐eagrú in áiteanna seachas áitreabh an trádálaí; agus | (b) | cásanna ina margaítear earraí mar earraí atá comhionann cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe, lena n‐áirítear faoinar cheart na cásanna sin a bheith faoi réir ceanglais níos déine, lena n‐áirítear an toirmeasc in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE agus faoinar gá forálacha níos mionsonraithe maidir le faisnéis faoi dhifreáil earraí. | Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin nuair is gá.
Airteagal 3 Leasuithe ar Threoir 2005/29/CE Leasaítear Treoir 2005/29/CE mar a leanas: (1) | leasaítear mír 1 d’Airteagal 2 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c): “(c) | ciallaíonn ‘táirge’ aon earra nó seirbhís, lena n‐áirítear maoin dhochorraithe, seirbhís dhigiteach agus ábhar digiteach, chomh maith le cearta agus oibleagáidí;”; | | (b) | cuirtear na pointí seo a leanas isteach: “(m) | ciallaíonn ‘rangú’ an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do tháirgí, arna gcur i láthair, arna n‐eagrú nó arna gcur in iúl ag an trádálaí, beag beann ar na modhanna teicneolaíocha a úsáidtear don chur i láthair, don eagrúchán nó don chumarsáid sin; | (n) | ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís ina n-úsáidtear bogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár atá á oibriú ag trádálaí nó thar a cheann chun gur féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile;”; | | | (2) | in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6: “5. Leis an Treoir seo, ní chuirtear aon chosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo. Beidh forálacha den sórt sin comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí. 6. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon fhorálacha náisiúnta a nglacfar ar bhonn mhír 5 agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil ar bhealach so-rochtana do thomhaltóirí agus do thrádálaithe ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.”; | (3) | in Airteagal 6(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach: “(c) | earra a mhargú mar cheann atá comhionann le hearra a mhargaítear i mBallstáit eile, cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe an earra sin, mura rud é go bhfuil údar maith leis sin ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla.”; | | (4) | leasaítear Airteagal 7 is mar a leanas: (a) | leasaítear mír 4 mar a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d): “(d) | na socruithe le haghaidh íocaíocht a dhéanamh, seachadadh aguscomhlíonadh, i gcás ina n‐imíonn siad ó cheanglais díchill ghairmiúil;”; | | (ii) | cuirtear an pointe seo a leanas isteach: “(f) | i gcás táirgí a thairgtear ar mhargaí ar líne, cé acu is trádálaí nó nach trádálaí é an tríú páirtí atá ag tairiscint na dtáirgí, ar bhonn an dearbhaithe atá tugtha ag an tríú páirtí sin do sholáthraí an mhargaidh ar líne.”; | | | (b) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “4a. Agus an fhéidearthacht á cur ar fáil do thomhaltóirí táirgí a thairgeann trádálaithe éagsúla nó tomhaltóirí a chuardach ar bhonn iarratas cuardaigh i bhfoirm eochairfhocail, natha nó ionchuir eile, gan beann ar an áit ina dtabharfar idirbhearta i gcrích ar deireadh, measfar gur ábhar í faisnéis ghinearálta a chuirtear ar fáil i gcuid ar leith den chomhéadan ar líne atá inrochtana go díreach agus go héasca ón leathanach ar a gcuirtear torthaí an chuardaigh i láthair, ar faisnéis í maidir leis na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú na dtáirgí arna gcur i láthair don tomhaltóir mar thoradh ar an iarratas cuardaigh agus maidir le tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin seachas paraiméadair eile. Níl feidhm ag an mír seo maidir le soláthraithe inneall cuardaigh ar líne mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3). (*3) Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne ((IO L 186, 11.7.2019, lch. 57.”;" | (c) | cuirtear an mhír seo a leanas isteach: “6. I gcás ina dtugann trádálaí rochtain ar léirmheasanna a rinne tomhaltóirí ar tháirgí, measfar gur ábhar í an fhaisnéis faoi cé acu a áirithíonn nó nach n‐áirithíonn an trádálaí gur tomhaltóirí a d’úsáid an táirge nó a bhfuil an táirge ceannaithe acu i ndáiríre a rinne na léirmheasanna sin agus faoin gcaoi a n‐áirithíonn an trádálaí an méid sin.”; | | (5) | cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas: “Airteagal 13 Pionóis 1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí: (a) | cineál, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe; | (b) | aon ghníomhaíocht a rinne an trádálaí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas; | (c) | aon sáruithe roimhe sin ag an trádálaí; | (d) | na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, más rud é go bhfuil na sonraí ábhartha ar fáil; | (e) | pionóis arna bhforchur ar an trádálaí i leith an tsáraithe chéanna sna Ballstáit eile i gcásanna trasteorann ina gcuirtear faisnéis faoi phionóis den sórt sin ar fáil tríd an sásra arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4); | (f) | aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis. | 3. I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2934, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar áireamh iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, a mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. Gan dochar don Rialachán sin, ceadaítear do féadfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna bunreachtúla náisiúnta, gan fíneálacha a fhorchur ach sna cásanna seo a leanas: (a) | sáruithe ar Airteagail 6, 7, 8, 9 agus ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo; agus | (b) | trádálaí a bheith ag baint úsáid leanúnach as cleachtas tráchtála a bhfuair an t‐údarás nó an chúirt inniúil náisiúnta ina leith a bheith ina chleachtas éagórach i gcás nach bhfuil an cleachtas trádála sin ina shárú dá dtagraítear i bpointe (a). | 4. I gcásanna ina mbeidh fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 3, ach nach bhfuil faisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le EUR 2 mhilliún ar a laghad. 5. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 29 Samhain 2021 maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh. (*4) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12. 2017, lch. 1).”;" | (7) | leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas: (a) | cuirtear isteach an pointe seo a leanas: “11a. | Torthaí cuardaigh a thabhairt mar fhreagra ar chuardach ar líne an tomhaltóra agus gan a thabhairt le fios go soiléir más ann d’fhógraí íoctha nó más ann d’íocaíocht chun rangú níos airde a bhaint amach do na táirgí sna torthaí cuardaigh.”; | | (b) | cuirtear isteach na pointí seo a leanas: “23a. | Ticéid imeachtaí a athdhíol le tomhaltóirí má fuair an trádálaí iad trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid chun dul timpeall ar aon teorainn a forchuirtear an líon ticéad is féidir le duine a cheannach nó dul timpeall ar aon rialacha eile is infheidhme maidir le ticéid a cheannach. | 23b. | A lua gur tomhaltóirí a d’úsáid nó a cheannaigh táirge i ndáiríre a d’fhág léirmheasanna ar tháirge gan aon bhearta réasúnta ná comhréireacha a dhéanamh chun a sheiceáil gur ó na tomhaltóirí sin a tháinig na léirmheasanna. | 23c. | A áitiú ar dhuine dlítheanach nó ar dhuine nádúrtha, nó é a choimisiúnú, léirmheasanna bréagacha nó ráitis tacaíochta bhréagacha ó thomhaltóirí a chur isteach, nó bréagléiriú a thabhairt ar léirmheasanna tomhaltóirí nó ar ráitis tacaíochta ar na meáin shóisialta, ar mhaithe le táirgí a chur chun cinn.”. | | | Airteagal 4 Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE Leasaítear Treoir 2011/83/AE mar a leanas: (1) | in Airteagal 2, leasaítear an chéad mhír mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3: “(3) | ciallaíonn ‘earraí’ earraí mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Threoir 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5); | (*5) Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun earraí a dhíol, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n‐aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).”;" | (b) | cuirtear isteach an pointe seo a leanas: ‘(4a) | ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) | (*6) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’;" | (c) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (5) agus (6): “(5) | ciallaíonn ‘conradh díolacháin’ aon chonradh faoina ndéanann an trádálaí úinéireacht earraí a aistriú chuig an tomhaltóir, nó faoina ngeallann sé an méid sin a dhéanamh, lena n‐áirítear aon chonradh a bhfuil idir earraí agus seirbhísí mar ábhar aige; | (6) | ciallaíonn ‘conradh seirbhíse’ aon chonradh seachas conradh díolacháin faoina soláthraíonn an trádálaí seirbhís, nó faoina ngeallann sé seirbhís den chineál sin a sholáthar dó, lena n‐áirítear seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir;”; | | (d) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11: “(11) | ciallaíonn ‘ábhar digiteach’ ábhar digiteach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7); | (*7) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).”;" | (e) | cuirtear na pointí seo a leanas isteach: “(16) | ciallaíonn ‘seirbhís dhigiteach’ seirbhís dhigiteach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (17) | ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís a úsáideann bogearraí, lena n‐áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár atá á oibriú ag trádálaí nó thar a cheann lenar féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile; | (18) | ciallaíonn ‘soláthraí margaidh ar líne’ aon trádálaí a sholáthraíonn margadh ar líne do thomhaltóirí; | (19) | ciallaíonn ‘comhoiriúnacht’ comhoiriúnacht mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (20) | ciallaíonn ‘feidhmiúlacht’ feidhmiúlacht mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (21) | ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ idir-inoibritheacht mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770.”; | | | (2) | leasaítear Airteagal 3 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Beidh feidhm ag an Treoir seo, faoi na coinníollacha agus a mhéid a leagtar amach i bhforálacha na Treorach, maidir le haon chonradh a thugtar i gcrích idir trádálaí agus tomhaltóir i gcás ina n‐íocann an tomhaltóir an praghas atá air nó ina ngeallann sé an praghas a íoc. Beidh feidhm aici maidir le conarthaí le haghaidh soláthar uisce, gáis, leictreachais nó téamh ceantair, lena n‐áirítear conarthaí soláthraithe poiblí, a mhéid a sholáthraítear na tráchtearraí sin ar bhonn conarthach.”; | (b) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “1a. Beidh feidhm ag an Treoir seo i gcás ina soláthraíonn an trádálaí ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe, nó seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir, nó ina ngeallann sé é nó í a sholáthar don tomhaltóir, agus go dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó go ngeallann sé iad a thabhairt don trádálaí, ach amháin sa chás inarb é an trádálaí amháin a phróiseálfaidh na sonraí pearsanta arna dtabhairt ag an tomhaltóir chun críchean t‐ábhar digiteach, ar ábhar digiteach é nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe nó ar sheirbhís dhigiteach i gcomhréir leis an Treoir seo, a sholáthar, nó chun go mbeidh an trádálaí in ann ceanglais dhlíthiúla a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh, agus nach bpróiseálfaidh an trádálaí na sonraí sin ar aon chúis eile.”; | (c) | leasaítear mír 3 mar a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k): “(k) | le haghaidh seirbhísí iompair, cé is moite d’Airteagal 8(2) agus Airteagail 19, 21 agus 22;”; | | (ii) | cuirtear an pointe seo a leanas isteach: “(n) | le haghaidh aon earraí a dhíoltar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí.”; | | | | (3) | in Airteagal 5, leasaítear mír 1 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e): “(e) | sa bhreis ar mheabhrúchán gur ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, mar aon le seirbhísí iardhíola agus ráthaíochtaí tráchtála, agus na coinníollacha a ghabhann leo, i gcás inarb infheidhme;”; | | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) agus (h): “(g) | i gcás inarb infheidhme, feidhmiúlacht, lena n‐áirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha; | (h) | nuair is infheidhme, aon comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht a ghabhann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, le hábhar digiteach agus le seirbhísí digiteacha a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go raibh an trádálaí ar an eolas fúthu.”; | | | (4) | leasaítear Airteagal 6 mar a leanas: (a) | leasaítear mír 1 mar a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c): “(c) | an seoladh geografach ag a bhfuil an trádálaí bunaithe, mar aon le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí; sa bhreis air sin, i gcás ina soláthraíonn an trádálaí modhanna eile cumarsáide ar líne lena ráthaítear gur féidir leis an tomhaltóir aon chomhfhreagras i scríbhinn, lena n‐áirítear dáta agus am an chomhfhreagrais sin, a bhíonn aige leis an trádálaí a choinneáil ar mheán marthanach, beidh mionsonraí na modhanna eile sin tugtha san fhaisnéis; fágfaidh na modhanna cumarsáide uile sin arna soláthar ag an trádálaí go mbeidh an tomhaltóir in ann teagmháil a dhéanamh leis an trádálaí go tapa agus cumarsáid a dhéanamh leis go héifeachtúil; nuair is infheidhme, déanfaidh an trádálaí freisin seoladh geografach agus aitheantas an trádálaí a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann a thabhairt.”; | | (ii) | cuirtear isteach an pointe seo a leanas: “(ea) | i gcás inarb infheidhme, go ndearnadh an praghas a phearsantú bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe;”; | | (iii) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l): “(l) | meabhrúchán gur ann do ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha;”; | | (iv) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (r) agus (s): “(r) | i gcás inarb infheidhme, feidhmiúlacht, lena n‐áirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha; | (s) | i gcás inarb infheidhme, aon chomhoiriúnachtagus idir-inoibritheacht ábhartha a ghabhann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, le hábhar digiteach agus le seirbhísí digiteacha a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go raibh an trádálaí ar an eolas fúthu.”; | | | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (h), (i) agus (j) de mhír 1 den Airteagal seo a sholáthar trí na treoracha samplacha tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(A). Beidh na ceanglais faisnéise a leagtar síos i bpointí (h), (i) agus (j) de mhír 1 den Airteagal seo comhlíonta ag an trádálaí i gcás inar thug an trádálaí na treoracha sin don tomhaltóir agus iad líonta isteach i gceart aige. Na tagairtí don tréimhse tarraingt siar 14 lá sna treoracha samplacha tarraingt siar a leagtar síos in Iarscríbhinn I(A), cuirfear tagairtí do thréimhse tarraingt siar 30 lá ina n‐ionad i gcásanna inar ghlac Ballstáit rialacha i gcomhréir le hAirteagal 9(1a).”; | | (5) | cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas: “Airteagal 6a Ceanglais bhreise shonracha faisnéise le haghaidh conarthaí a thugtar i gcrích i margaí ar líne 1. Sula gcuirfear tomhaltóir faoi cheangal ag cianchonradh, nó ag aon tairiscint chomhfhreagrach, i margadh ar líne, tabharfaidh soláthraí an mhargaidh ar líne, gan dochar do Threoir 2005/29/CE, an fhaisnéis seo a leanas don tomhaltóir ar bhealach soiléir agus oiriúnach agus atá iomchuí don mhodh cianchumarsáide: (a) | faisnéis ghinearálta, ar ní í a chuirtear ar fáil i roinn ar leith den chomhéadan ar líne ar féidir é a rochtain go díreach agus go héasca ón leathanach ar a gcuirtear na tairiscintí i láthair, maidir leis na príomhpharaiméadair lena socraítear rangú na dtairiscintí, mar a shainmhínítear i bpointe (m) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2005/29/CE, a chuirtear i láthair an tomhaltóra mar thoradh ar an gcuardach agus tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin i gcodarsnacht le paraiméadair eile; | (b) | cé acu is trádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí sin do sholáthraí an mhargaidh ar líne; | (c) | i gcás nach trádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige, nach mbeidh feidhm maidir leis an gconradh ag na cearta tomhaltóirí a eascraíonn as dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí; | (d) | i gcás inarb infheidhme, an chaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige agus soláthraí an mhargaidh ar líne, agus nach dochar faisnéis den sórt sin d’aon fhreagracht atá ar sholáthraí an mhargaidh ar líne nó ar an trádálaí tríú páirtí maidir leis an gconradh faoi dhlí eile de chuid an Aontais nó faoi dhlí eile náisiúnta. | 2. Gan dochar do Threoir 2000/31/CE, ní chuirtear leis an Airteagal seo aon chosc ar na Ballstáit ceanglais bhreise faisnéise a fhorchur le haghaidh soláthraithe margaí ar líne. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.”; | (6) | in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. I gcás ina bhfuil comhlíonadh seirbhísí, nó soláthar uisce, gáis nó leictreachais, i gcás nach gcuirtear ar díol ina dtoirt theoranta nó ina gcainníocht shocraithe, nó téamh ceantair á iarraidh ag tomhaltóir agus ina bhfuil an méid sin le tosú le linn na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), agus ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ceanglóidh an trádálaí go ndéanfaidh an tomhaltóir iarraidh shainráite den sórt sin ar mheán marthanach agus iarrfaidh sé ar an tomhaltóir a admháil a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí, nach mbeidh an ceart tarraingt siar ag an tomhaltóir a thuilleadh.”; | (7) | leasaítear Airteagal 8 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Má thugtar an conradh i gcrích trí mhodh cianchumarsáide lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a chur ar taispeáint, tabharfaidh an trádálaí, ar an modh áirithe, nó tríd an modh áirithe, sula dtabharfar an conradh sin i gcrích, ar a laghad an fhaisnéis réamhchonarthach maidir le príomh-shaintréithe na n‐earraí nó na seirbhísí, aitheantas an trádálaí, an praghas iomlán, an ceart tarraingt siar, ré an chonartha agus, más ré neamhchinntithe atá sa chonradh, na coinníollacha maidir leis an gconradh a fhoirceannadh, dá dtagraítear faoi seach i bpointí (a), (b), (e), (h) agus (o) d’Airteagal 6(1), seachas an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) dá dtagraítear i bpointe (h). Maidir leis an bhfaisnéis eile dá dtagraítear in Airteagal 6(1), lena n‐áirítear an fhoirm shamplach tarraingt siar, tabharfaidh an trádálaí don tomhaltóir í ar bhealach iomchuí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.”; | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8: “8. I gcás ina bhfuil comhlíonadh seirbhísí, nó soláthar uisce, gáis nó leictreachais nach gcuirtear ar díol ina dtoirt theoranta nó ina gcainníocht shocraithe, nó téamh ceantair á iarraidh ag tomhaltóir agus ina bhfuil an méid sin le tosú le linn na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), agus i gcás ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ceanglóidh an trádálaí go ndéanfaidh an tomhaltóir iarraidh shainráite ina leith, agus go n‐iarrfaidh sé ar an tomhaltóir freisin a admháil, a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí, nach mbeidh an ceart tarraingt siar ag an tomhaltóir a thuilleadh.”; | | (8) | leasaítear Airteagal 9 mar a leanas: (a) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “1a. Féadfaidh na Ballstáit rialacha a ghlacadh ar i gcomhréir leo a dhéanfar an tréimhse tarraingt siar 14 lá dá dtagraítear i mír 1 a fhadú go 30 lá maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.”; | (b) | i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití: “2. Gan dochar d’Airteagal 10, rachaidh an tréimhse tarraingt siar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in éag tar éis 14 lá nó, i gcásanna ina bhfuil rialacha glactha ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo tar éis 30 lá, amhail ón:”: | | (9) | in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Má tá an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tugtha ag an trádálaí don tomhaltóir laistigh de 12 mhí ón lá dá dtagraítear in Airteagal 9(2), rachaidh an tréimhse tarraingt siar in éag 14 lá nó, i gcásanna ina bhfuil rialacha glactha ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(1a), 30 lá tar éis an lá ar a bhfaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis sin.”; | (10) | in Airteagal 13, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “4. Maidir le sonraí pearsanta an tomhaltóra, comhlíonfaidh an trádálaí na hoibleagáidí is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2016/679. 5. Staonfaidh an trádálaí ó úsáid a bhaint as aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a sholáthair nó a chruthaigh an tomhaltóir le linn dó an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí a úsáid, ach amháin i gcás ábhar: (a) | nach bhfuil aon fhóntas aige lasmuigh de chomhthéacs an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí; | (b) | nach mbaineann ach le gníomhaíocht an tomhaltóra, agus úsáid á baint aige as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí; | (c) | nach bhfuil comhiomlánaithe ag an tradálaí le sonraí eile agus nach féidir é a imdhealú, ach amháin trí iarrachtaí díréireacha a dhéanamh; nó | (d) | a ghin an tomhaltóir agus daoine eile i gcomhpháirt, agus ar féidir le tomhaltóirí eile leanúint d’úsáid a bhaint as an ábhar. | 6. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 5, cuirfidh an trádálaí ar fáil don tomhaltóir, ar iarratas an tomhaltóra, aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a sholáthair nó a chruthaigh an tomhaltóir le linn dó an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí a úsáid. 7. Beidh an tomhaltóir i dteideal an t‐ábhar digiteach sin a aisghabháil saor in aisce, gan bac ón trádálaí, laistigh de thréimhse réasúnach ama agus ar fhormáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín. 8. I gcás tarraingt siar ón gconradh, féadfaidh an trádálaí cosc a chur ar an tomhaltóir aon úsáid bhreise a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, go háirithe trí rochtain ar an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bhaint den tomhaltóir nó trí chuntas úsáideora an tomhaltóra a dhíchumasú, gan dochar do mhír 6.”; | (11) | leasaítear Airteagal 14 mar a leanas: (a) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “2a. I gcás tarraingt siar ón gconradh, staonfaidh an tomhaltóir ó úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach agus ón ábhar nó ón tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.”; | (b) | i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(i): “(i) | níl réamhthoiliú sainráite tugtha ag an tomhaltóir chun tús a chur leis an gcomhlíonadh roimh dheireadh na tréimhse 14 lá nó 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 9;”; | | | (12) | leasaítear Airteagal 16 mar a leanas: (a) | leasaítear an chéad mhír mar seo a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a): “(a) | conarthaí seirbhíse tar éis an tseirbhís a chomhlíonadh go hiomlán ach, i gcás ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ach amháin sa chás gur tosaíodh an comhlíonadh le réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra, agus tar éis dó a admháil go gcaillfidh sé a cheart tarraingt siar a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí;”; | | (ii) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m): “(m) | conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar má tosaíodh an comhlíonadh agus, má chuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, i gcás: (i) | inar thug an tomhaltóir réamhthoiliú sainráite tús a chur leis an gcomhlíonadh le linn na tréimhse tarraingt siar; | (ii) | inar admhaigh an tomhaltóir go gcaillfidh sé a cheart tarraingt siar dá bharr sin; agus | (iii) | inar sholáthair an trádálaí deimhniú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) nó le hAirteagal 8(7).”; | | | | (c) | cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “Féadfaidh na Ballstáit maolú a dhéanamh ar na heisceachtaí ón gceart tarraingt siar a leagtar amach i bpointí (a), (b), (c) agus (e) den chéad mhír maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí. I gcás conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh agus i gcás ina ndearna an tomhaltóir cuairt ón trádálaí a iarraidh go sonrach chun críche deisiúcháin a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcaillfidh an tomhaltóir an ceart tarraingt siar tar éis don tseirbhís a bheith comhlíonta go hiomlán, ar choinníoll gur tosaíodh an comhlíonadh le réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra,”; | | (13) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24: Airteagal 5 Faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh pointe iontrála ar líne ar fáil do shaoránaigh a dteastaíonn faisnéis uathu faoina gcearta tomhaltóirí, nó faoi shochar um réiteach ar dhíospóidí lasmuigh den chúirt, pointe a chuirfear ar fáil tríd an tairseach aonair dhigiteach arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), lena bhféadfaidh siad: (a) | faisnéis atá cothrom le dáta faoina gcearta tomhaltóirí faoi dhlí an Aontais a rochtain ar bhealach soiléir, intuigthe agus so-rochtana; agus | (b) | gearán a chur isteach tríd an gclár réitigh díospóidí ar líne arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 agus chuig an lárionad de chuid Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí atá inniúil, ag brath ar na páirtithe lena mbaineann. | Airteagal 9 Seolaithe Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit. Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019. Thar ceann Pharlaimint na hEorpa An tUachtarán D. M. SASSOLI Thar ceann na Comhairle An tUachtarán T. TUPPURAINEN (1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 66. (2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019. (3) Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22). (4) Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30). (5) Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27). (6) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64). (7) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1). (8) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29). (9) Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57). (10) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1). (11) Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1). (12) Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1). (13) Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1). (14) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1). (15) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.). (16) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1). (17) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14. (18) Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
whereas
(18) Nuair a thugann soláthraithe feidhmiúlachta cuardaigh ar líne rangú níos airde nó suíomh feiceálach do thairiscintí tráchtála mar chuid de thorthaí cuardaigh ar líne, bíonn tionchar suntasach aige sin ar thomhaltóirí.
- = -
(19) Baineann rangú leis an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do thairiscintí na dtrádálaithe nó don ábharthacht a thugtar do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n‐eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe seirbhísí feidhmiúlachta cuardaigh ar líne lena n‐áirítear mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as algartam lena mbaineann seicheamhú, rátáil nó sásraí athbhreithniúcháin, buaicphointí atá dírithe ar an tsúil nó uirlisí aireachtála eile, nó cónaisc díobh sin.
- = -
(20) Maidir leis sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú ionas go mbeidh sé soiléir gur cheart cleachtais a thoirmeasc ina soláthraíonn trádálaí faisnéis do thomhaltóir i bhfoirm torthaí cuardaigh mar fhreagairt ar chuardach ar líne an tomhaltóra, gan aon fhógraíocht íoctha nó aon íocaíocht shonrach as rangú níos airde táirgí a bhaint amach laistigh de na torthaí cuardaigh a nochtadh go soiléir. Nuair a d’íoc trádálaí go díreach nó go hindíreach an soláthraí feidhmiúlachta ar líne as rangú níos airde táirge laistigh de na torthaí cuardaigh, ba cheart do sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas ina thaobh sin i bhfoirm atá beacht, inrochtana go héasca, agus intuigthe. Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an íocaíocht indíreach go nglacfadh trádálaí le hoibleagáidí breise i leith sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne a bhfuil rangú níos airde mar thoradh sonrach uirthi. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san íocaíocht indíreach ná coimisiún méadaithe in aghaidh an idirbhirt chomh maith le scéimeanna cúitimh éagsúla a mbeadh rangú níos airde mar thoradh sonrach orthu. Íocaíochtaí ar sheirbhísí ginearálta, amhail táillí liostúcháin nó suibscríbhinní ballraíochta, a dhíríonn ar réimse leathan feidhmiúlachtaí arna dtairgeadh ag soláthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne don trádálaí, níor cheart iad a mheas a bheith ina íocaíocht go sonrach chun rangú níos airde táirgí a bhaint amach, ar choinníoll nach bhfuil na híocaíochtaí sin tiomnaithe do rangú níos airde a bhaint amach. Féadfaidh cineálacha éagsúla trádálaithe ar líne feidhmiúlacht chuardaigh ar líne a sholáthar, lena n‐áirítear idirghabhálaithe, amhail margaí ar líne, innill chuardaigh agus suíomhanna gréasáin comparáideacha.
- = -
(21) Tá na ceanglais trédhearcachta i ndáil leis na príomhpharaiméadair maidir le rangú a chinneadh á rialú freisin le Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne. Cuimsíonn na ceanglais trédhearcachta faoin Rialachán sin réimse leathan idirghabhálaithe ar líne, lena n‐áirítear margaí ar líne, ach ní bhíonn feidhm acu ach amháin idir trádálaithe agus idirghabhálaithe ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais thrédhearcachta chomhchosúla a thabhairt isteach i dTreoir 2005/29/CE lena áirithiú go mbeadh trédhearcacht leordhóthanach ann i leith na dtomhaltóirí, ach amháin i gcás soláthraithe inneall cuardaigh ar líne atá faoi cheangal cheana ag an Rialachán sin chun na príomhpharaiméadair a leagan amach, arb iad is suntasaí ina n‐aonar nó i dteannta a chéile agus rangú agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin á gcinneadh, trí thuairisc atá ar fáil go héasca agus go poiblí a sholáthar, arna dréachtú i bhfriotal soiléir agus sothuigthe faoi innill chuardaigh ar líne na soláthraithe sin.
- = -
(24) I gcás ina dtairgtear táirgí do thomhaltóirí i margaí ar líne, bíonn ról ag soláthraí an mhargaidh ar líne agus ag an soláthraí tríú páirtí araon i soláthar na faisnéise réamhchonarthaí a cheanglaítear le Treoir 2011/83/AE. Mar sin, bíonn seans ann nach mbeidh tuiscint shoiléir ag na tomhaltóirí a úsáideann an margadh ar líne ar cé na comhpháirtithe conarthacha lena mbaineann agus ar an difear a dhéanann sé sin dá gcearta agus dá n‐oibleagáidí.
- = -
(25) Ba cheart margaí ar líne a shainmhíniú chun críocha Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE ar bhealach atá cosúil leis an sainmhíniú i Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus i dTreoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Mar sin féin, ba cheart an sainmhíniú ar “margadh ar line” a thabhairt cothrom le dáta agus a dhéanamh níos neodraí ó thaobh na teicneolaíochta de chun teicneolaíochtaí nua a chumhdach. Is iomchuí, dá bhrí sin, seachas tagairt a dhéanamh do “suíomh gréasáin” go ndéanfaí tagairt do na bogearraí, lena n‐áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár arna oibriú ag an trádálaí nó thar a cheann, i gcomhréir leis an gcoincheap “comhéadan ar line” mar a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2017/2394 agus Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).
- = -
(26) Ba cheart ceanglais shonracha faisnéise le haghaidh margaí ar líne a leagan síos i dTreoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE chun tomhaltóirí a úsáideann margaí ar líne a chur ar an eolas faoi na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú na dtairiscintí, agus cé acu a dhéanann siad conradh le trádálaí nó le neamhthrádálaí, amhail tomhaltóir eile.
- = -
(27) Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cé acu is trádálaí nó neamhthrádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí do na soláthraithe sin. I gcás ina ndéanann an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige a stádas mar neamhthrádálaí a dhearbhú, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ráiteas gearr a sholáthar á chur in iúl nach bhfuil feidhm ag na cearta tomhaltóirí a thagann ó dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí maidir leis an gconradh arna chur i gcrích. Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin gcaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir tríú páirtithe a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint acu agus soláthraithe margaí ar líne. Ba cheart an fhaisnéis a sholáthair ar bhealach soiléir agus sothuigthe agus ní leor í a sholáthair faoi na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha nó i ndoiciméid chonarthacha den chineál céanna. Ba cheart na ceanglais faisnéise ar sholáthraithe margaí ar líne a bheith comhréireach. Is gá do na ceanglais sin cothromaíocht a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus iomaíochas na soláthraithe margaí ar líne. Níor cheart ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne cearta sonracha tomhaltóirí a liostú le linn dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina n‐infheidhmeacht. Ní dochar an méid sin do na ceanglais maidir le faisnéis do thomhaltóirí dá bhforáiltear i dTreoir 2011/83/AE, agus go háirithe in Airteagal 6(1) den Treoir sin. Maidir leis an bhfaisnéis a thabharfar faoin bhfreagracht as cearta tomhaltóirí a áirithiú, beidh sí de réir na socruithe conarthacha idir soláthraithe margaí ar líne agus na trádálaithe ábhartha tríú páirtí. D’fhéadfadh soláthraí an mhargaidh ar líne a léiriú go bhfuil tríú páirtí mar an t‐aon duine amháin atá freagrach as cearta tomhaltóirí a áirithiú, nó d’fhéadfadh sé cur síos a dhéanamh ar a fhreagrachtaí sonracha féin i gcás ina nglacann sé freagracht as gnéithe áirithe den chonradh, mar shampla seachadadh nó feidhmiú an chirt tarraingt siar.
- = -
(28) I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), níor cheart ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne an stádas dlíthiúil atá ag soláthraithe tríú páirtí a fhíorú. Ina ionad sin, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ceangal a chur ar sholáthraithe tríú páirtí táirgí sa mhargadh ar líne an stádas atá acu mar thrádálaithe nó mar sholáthraithe nach trádálaithe iad a chur in iúl chun críocha an dlí maidir le tomhaltóirí agus an fhaisnéis sin a thabhairt don soláthraí margadh ar líne.
- = -
(29) Agus na forbairtí meara teicneolaíochta maidir le margaí ar líne á gcur san áireamh, mar aon leis an ngá atá le hardleibhéal cosanta tomhaltóirí a ghnóthú hardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú, ba cheart é a bheith ar chumas na mBallstát bearta sonracha breise a ghlacadh nó a choimeád ar bun chun na críche sin. Ba cheart na forálacha sin a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus níor cheart gur dhochar iad do Threoir 2000/31/CE.
- = -
(31) Is minic a sholáthraítear ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha ar líne faoi chonarthaí ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí seachas praghas a íoc. Tá feidhm ag Treoir 2011/83/AE cheana féin maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar (i.e. ábhar digiteach ar líne a sholáthar) gan beann ar cé acu a íocann an tomhaltóir praghas le hairgead nó a thugann sé sonraí pearsanta ina leith. Mar sin féin, níl feidhm ag an Treoir sin ach amháin maidir le conarthaí seirbhíse, lena n‐áirítear conarthaí le haghaidh seirbhísí digiteacha, ina n‐íocann an tomhaltóir praghas nó ina ngeallann sé praghas a íoc. Dá bharr sin, níl feidhm ag an Treoir sin maidir le conarthaí le haghaidh seirbhísí digiteacha ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí gan praghas a íoc. Mar gheall ar na cosúlachtaí eatarthu agus ar a idirmhalartaithe atá seirbhísí digiteacha íoctha agus seirbhísí digiteacha a thugtar mar mhalairt ar shonraí pearsanta, ba cheart iad a bheith faoi réir na rialacha céanna faoin Treoir sin.
- = -
(39) Leagtar amach in Airteagal 7(4) de Threoir 2005/29/CE ceanglais faisnéise le haghaidh cuireadh chun táirge a cheannach ar phraghas sonrach. Tá feidhm ag na ceanglais faisnéise sin ag an gcéim fógraíochta cheana féin agus forchuirtear le Treoir 2011/83/AE na ceanglais faisnéise chéanna agus ceanglais faisnéise eile níos mionsonraithe ag an gcéim réamhchonarthach ina dhiaidh sin (i.e. díreach sula ndéanann an tomhaltóir conradh). Dá bharr sin, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí ar thrádálaithe an fhaisnéis chéanna a thabhairt ag an gcéim fógraíochta (e.g. i bhfógra ar líne ar shuíomh gréasáin) agus ag an gcéim réamhchonarthach (e.g. ar leathanaigh a siopaí gréasáin ar líne).
- = -
(58) Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar fhaisnéis atá cothrom le dáta faoina cearta tomhaltóra agus faoi réiteach díospóide lasmuigh den chúirt, ba cheart an pointe iontrála ar líne atá le forbairt ag an gCoimisiún, a mhéid is féidir, a bheith soláimhsithe, freagrúil do ghléasanna móibíleacha, so-rochtana agus inúsáidte ag an uile dhuine, lena n‐áirítear daoine faoi mhíchumas (“dearadh do chách”).
- = -
| |