(30) Ba cheart na sainmhínithe ar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteach i dTreoir 2011/83/AE a ailíniú leo sin atá i dTreoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).
Maidir le hábhar digiteach arna chumhdach i dTreoir (AE) 2019/770 cumhdaíonn sé gníomh aonair soláthair, sraith gníomhartha aonair soláthair, nó soláthar leanúnach thar thréimhse ama.
Níor cheart go mbeadh gá le soláthar fadtéarmach mar gheall ar ghné an tsoláthair leanúnaigh.
Ba cheart cásanna amhail sruthú gréasáin ar ghearrthóga físe a mheas mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, gan beann ar ré iarbhír an chomhaid closamhairc.
Dá bhrí sin, d’fheadfadh sé a bheith deacair idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha áirithe d’ábhar digiteach agus de sheirbhísí digiteacha, toisc go mbaineann an dá rud le soláthar leanúnach ón trádálaí thar ré an chonartha.
Samplaí de sheirbhísí digiteacha is ea seirbhísí comhroinnte físe agus fuaime agus óstáil comhad, próiseáil focal nó cluichí a thairgtear sa néal, néalstóráil, post gréasáin, na meáin shóisialta agus néal-fheidhmchláir.
Mar gheall ar rannpháirtíocht leanúnach an tsoláthraí seirbhíse, tá údar le cur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar a thugtar i dTreoir 2011/83/AE agus a thugann an deis, go praiticiúil, don tomhaltóir triail a bhaint as an tseirbhís agus a chinneadh, le linn na tréimhse 14 lá ó thabhairt i gcrích an chonartha, cé acu a choinneoidh nó nach gcoinneoidh sé an tseirbhís.
Is saintréith de roinnt mhaith conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach nach ndéantar a sholáthar ar mheán inláimhsithe is ea gur gníomh aonair soláthair don tomhaltóir de phíosa sonrach nó píosaí sonracha ábhair dhigitigh é, amhail ceol sonrach nó comhaid físe shonracha.
Fanann conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach nach ndéantar a sholáthar ar mheán inláimhsithe de bheith faoi réir na heisceachta ón gceart tarraingt siar a leagtar amach i bpointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE, ina bhforáiltear go gcailleann an tomhaltóir an ceart tarraingt siar nuair a chuirtear tú le comhlíonadh an chonartha, amhail an t‐ábhar a íoslódáil nó a shruthú, faoi réir réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra an comhlíonadh a thosú le linn na tréimhse tarraingt siar agus admháil á rá go bhfuil a cheart tarraingt siar caillte aige dá réir.
I gcás in a bhfuil amhras maidir le cé acu is conradh seirbhíse nó conradh le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe é, ba cheart na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar i leith seirbhísí a chur i bhfeidhm.
- = -
(37) Ceanglaítear le hAirteagal 7(3) agus le hAirteagal 8(8) de Threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe, i gcás conarthaí seacháitribh agus cianchonarthaí faoi seach, réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil le comhlíonadh a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag.
Foráiltear le pointe (a) d’Airteagal 14(4) den Treoir sin do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí an ceanglas sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach bhfuil ar an tomhaltóir íoc as na seirbhísí a soláthraíodh.
Dá bhrí sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann toiliú sainráite roimh ré an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás seirbhísí, lena n‐áirítear seirbhísí digiteacha, a sholáthraítear ar phraghas a íoc.
Mar sin, tá sé riachtanach Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a leasú chun nach mbeidh feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil ach amháin maidir le conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
- = -
(38) Foráiltear le pointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE maidir le díolúine ón gceart tarraingt siar maidir le hábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe i gcás inar thug an tomhaltóir réamhthoiliú sainráite leis an gcomhlíonadh a thosú sula rachaidh an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag agus inar admhaigh sé go gcaillfeadh sé a cheart tarraingt siar dá bharr sin.
Foráiltear le pointe (b) d’Airteagal 14(4) den Treoir sin do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí an ceanglas sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach gceanglófar ar an tomhaltóir íoc as an ábhar digiteach a úsáideadh.
Dá réir sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás ábhar digiteach a sholáthraítear ar phraghas a íoc.
Mar sin, tá sé riachtanach pointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 a leasú chun nach mbeidh feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil ach amháin maidir le conarthaí lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
- = -
(42) Foráiltear le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE maidir le heisceacht ón gceart tarraingt siar i leith conarthaí seirbhíse a comhlíonadh go hiomlán i gcás inar tosaíodh an comhlíonadh tar éis réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil agus tar éis dó a admháil go gcaillfeadh sé an ceart tarraingt siar a luaithe a bheadh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí.
Os a choinne sin, le hAirteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) den Treoir sin, ina bpléitear le hoibleagáidí an trádálaí i gcás inar tosaíodh comhlíonadh an chonartha sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag, ní cheanglaítear ar thrádálaithe ach réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil, gan aon admháil go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh críochnaithe.
Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na forálacha sin, is gá oibleagáid a chur le hAirteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a thabharfaidh ar an trádálaí freisin admháil a fháil ón tomhaltóir go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh críochnaithe, má chuirtear, leis an gconradh sin, oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
Sa bhreis air sin, ba cheart foclaíocht phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 a leasú d’fhonn a chur san áireamh na hathruithe ar Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a fhágann feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil maidir le conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh agus maidir leosan amháin.
Mar sin féin, ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit gan an ceanglas a chur i bhfeidhm maidir le hadmháil a fháil ón tomhaltóir go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh i leith conarthaí seirbhíse críochnaithe i gcás ina n‐iarrann an tomhaltóir go sonrach cuairt a thabhairt ar an trádálaí chun críche deisiúcháin a dhéanamh.
Déantar foráil i bpointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 16 den Treoir sin maidir le heisceacht ón gceart tarraingt siar i leith conarthaí i dtaca le soláthar earraí atá déanta de réir shonraíochtaí an tomhaltóra nó ar léir gur cuireadh in oiriúint iad don tomhaltóir.
Leis an eisceacht sin, cumhdaítear, mar shampla, monarú agus suiteáil troscáin shaincheaptha ag baile an tomhaltóra nuair a sholáthraítear é faoi chonradh díolacháin amháin.
- = -
(43) Maidir leis an eisceacht ón gceart tarraingt siar dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE, ba cheart a mheas go bhfuil feidhm aici freisin maidir le conarthaí do sheachadtaí aonair d’fhuinneamh neamh-líonra, toisc go bhfuil a phraghas ag brath ar luaineachtaí sna margaí tráchtearraí nó sna margaí fuinnimh nach féidir leis an trádálaí a rialú agus a d’fhéadfadh tarlú le linn na tréimhse tarraingt siar.
- = -
(44) Sonraítear in Airteagal 14(4) de Threoir 2011/83/AE na coinníollacha, i gcás ina bhfeidhmeofar an ceart tarraingt siar, faoina mbeidh an tomhaltóir saor ón gcostas i leith seirbhísí a chomhlíonadh, fóntais phoiblí a sholáthar agus ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar.
I gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha sin, ní cheanglófar ar an tomhaltóir íoc as an tseirbhís, as na fóntais phoiblí ná as an ábhar digiteach a fuarthas sular feidhmíodh an ceart tarraingt siar.
Maidir le hábhar digiteach, ar na coinníollacha neamhcharnacha sin, eadhon faoi phointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4), tá an mhainneachtain daingniú a sholáthair maidir leis an gconradh arna thabhairt i gcrích, lena n‐áirítear deimhniú go bhfuarthas réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra le comhlíonadh an chonartha a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag agus gur admhaigh sé go gcaillfí an ceart tarraingt siar dá bharr sin.
Mar sin féin, ní áirítear an coinníoll sin ar na coinníollacha faoina gcaillfí an ceart tarraingt siar i bpointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 den Treoir sin, rud a chruthaíonn éiginnteacht maidir leis an bhféidearthacht atá ann do thomhaltóirí pointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4) a agairt nuair a chomhlíontar an dá choinníoll eile dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 14(4) agus, dá thoradh sin go gcailltear an ceart tarraingt siar i gcomhréir le pointe (m) den chéad mhír d’Airteagal 16.
Ba cheart, dá bhrí sin, an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4) a chur le pointe (m) den chéad mhír d’Airteagal 16 chun a chur ar a chumas don tomhaltóir an ceart tarraingt siar a fheidhmiú nuair nach gcomhlíontar an coinníoll sin agus dá réir sin na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 14(4) a éileamh.
- = -
(55) I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus chun forfheidhmiú a éascú, ba cheart a shoiléiriú nach dochar Treoir 2005/29/CE do shaoirse na mBallstát forálacha náisiúnta a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint tuilleadh ar chleachtais tráchtála éagóracha i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh a thabharfadh trádálaí ar a dtithe chun táirgí a thairiscint nó a dhíol nó i gcomhthéacs turais a d’eagródh trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo, i gcás ina bhfuil údar maith le forálacha den sórt sin ar fhorais cosanta tomhaltóirí.
Ba cheart aon fhorálacha den sórt sin a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus níor cheart dóibh, mar sin, na bealaí díolacháin sin iontu féin a thoirmeasc.
I dtaca le forálacha náisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit, d’fhéadfaidís, mar shampla, am an lae a shainiú nuair nach gceadaítear cuairteanna a dhéanamh ar thithe tomhaltóirí gan iarraidh shainráite a fháil uathu nó toirmeasc a chur ar na cuairteanna sin nuair atá sé curtha in iúl go soiléir ag an tomhaltóir nach bhfuil na cuairteanna sin inghlactha nó an nós imeachta íocaíochta a fhorordú.
Thairis sin, d’fhéadfaí tuilleadh rialacha cosantacha maidir leis na réimsí arna gcomhchuibhiú le Treoir 2011/83/AE a leagan síos sna forálacha sin.
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/83/AE a leasú chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh chun tréimhse níos faide a chur ar fáil don cheart tarraingt siar agus chun maolú a dhéanamh ar eisceachtaí sonracha ón gceart tarraingt siar.
Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon fhorálacha náisiúnta a ghlacfar ina leith sin ionas gur féidir leis an gCoimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil do gach páirtí leasmhar agus faireachán a dhéanamh ar chineál comhréireach agus dlíthiúlacht na mbeart sin.
- = -