(5) | cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas: Airteagal 4 Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE Leasaítear Treoir 2011/83/AE mar a leanas: (1) | in Airteagal 2, leasaítear an chéad mhír mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3: “(3) | ciallaíonn ‘earraí’ earraí mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Threoir 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5); | (*5) Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun earraí a dhíol, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n‐aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).”;" | (b) | cuirtear isteach an pointe seo a leanas: ‘(4a) | ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) | (*6) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’;" | (c) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (5) agus (6): “(5) | ciallaíonn ‘conradh díolacháin’ aon chonradh faoina ndéanann an trádálaí úinéireacht earraí a aistriú chuig an tomhaltóir, nó faoina ngeallann sé an méid sin a dhéanamh, lena n‐áirítear aon chonradh a bhfuil idir earraí agus seirbhísí mar ábhar aige; | (6) | ciallaíonn ‘conradh seirbhíse’ aon chonradh seachas conradh díolacháin faoina soláthraíonn an trádálaí seirbhís, nó faoina ngeallann sé seirbhís den chineál sin a sholáthar dó, lena n‐áirítear seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir;”; | | (d) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11: “(11) | ciallaíonn ‘ábhar digiteach’ ábhar digiteach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7); | (*7) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).”;" | (e) | cuirtear na pointí seo a leanas isteach: “(16) | ciallaíonn ‘seirbhís dhigiteach’ seirbhís dhigiteach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (17) | ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís a úsáideann bogearraí, lena n‐áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár atá á oibriú ag trádálaí nó thar a cheann lenar féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile; | (18) | ciallaíonn ‘soláthraí margaidh ar líne’ aon trádálaí a sholáthraíonn margadh ar líne do thomhaltóirí; | (19) | ciallaíonn ‘comhoiriúnacht’ comhoiriúnacht mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (20) | ciallaíonn ‘feidhmiúlacht’ feidhmiúlacht mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (21) | ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ idir-inoibritheacht mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770.”; | | | (2) | leasaítear Airteagal 3 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Beidh feidhm ag an Treoir seo, faoi na coinníollacha agus a mhéid a leagtar amach i bhforálacha na Treorach, maidir le haon chonradh a thugtar i gcrích idir trádálaí agus tomhaltóir i gcás ina n‐íocann an tomhaltóir an praghas atá air nó ina ngeallann sé an praghas a íoc. Beidh feidhm aici maidir le conarthaí le haghaidh soláthar uisce, gáis, leictreachais nó téamh ceantair, lena n‐áirítear conarthaí soláthraithe poiblí, a mhéid a sholáthraítear na tráchtearraí sin ar bhonn conarthach.”; | (b) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “1a. Beidh feidhm ag an Treoir seo i gcás ina soláthraíonn an trádálaí ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe, nó seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir, nó ina ngeallann sé é nó í a sholáthar don tomhaltóir, agus go dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó go ngeallann sé iad a thabhairt don trádálaí, ach amháin sa chás inarb é an trádálaí amháin a phróiseálfaidh na sonraí pearsanta arna dtabhairt ag an tomhaltóir chun críchean t‐ábhar digiteach, ar ábhar digiteach é nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe nó ar sheirbhís dhigiteach i gcomhréir leis an Treoir seo, a sholáthar, nó chun go mbeidh an trádálaí in ann ceanglais dhlíthiúla a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh, agus nach bpróiseálfaidh an trádálaí na sonraí sin ar aon chúis eile.”; | (c) | leasaítear mír 3 mar a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k): “(k) | le haghaidh seirbhísí iompair, cé is moite d’Airteagal 8(2) agus Airteagail 19, 21 agus 22;”; | | (ii) | cuirtear an pointe seo a leanas isteach: “(n) | le haghaidh aon earraí a dhíoltar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí.”; | | | | (3) | in Airteagal 5, leasaítear mír 1 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e): “(e) | sa bhreis ar mheabhrúchán gur ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, mar aon le seirbhísí iardhíola agus ráthaíochtaí tráchtála, agus na coinníollacha a ghabhann leo, i gcás inarb infheidhme;”; | | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) agus (h): “(g) | i gcás inarb infheidhme, feidhmiúlacht, lena n‐áirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha; | (h) | nuair is infheidhme, aon comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht a ghabhann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, le hábhar digiteach agus le seirbhísí digiteacha a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go raibh an trádálaí ar an eolas fúthu.”; | | | (4) | leasaítear Airteagal 6 mar a leanas: (a) | leasaítear mír 1 mar a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c): “(c) | an seoladh geografach ag a bhfuil an trádálaí bunaithe, mar aon le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí; sa bhreis air sin, i gcás ina soláthraíonn an trádálaí modhanna eile cumarsáide ar líne lena ráthaítear gur féidir leis an tomhaltóir aon chomhfhreagras i scríbhinn, lena n‐áirítear dáta agus am an chomhfhreagrais sin, a bhíonn aige leis an trádálaí a choinneáil ar mheán marthanach, beidh mionsonraí na modhanna eile sin tugtha san fhaisnéis; fágfaidh na modhanna cumarsáide uile sin arna soláthar ag an trádálaí go mbeidh an tomhaltóir in ann teagmháil a dhéanamh leis an trádálaí go tapa agus cumarsáid a dhéanamh leis go héifeachtúil; nuair is infheidhme, déanfaidh an trádálaí freisin seoladh geografach agus aitheantas an trádálaí a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann a thabhairt.”; | | (ii) | cuirtear isteach an pointe seo a leanas: “(ea) | i gcás inarb infheidhme, go ndearnadh an praghas a phearsantú bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe;”; | | (iii) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l): “(l) | meabhrúchán gur ann do ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha;”; | | (iv) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (r) agus (s): “(r) | i gcás inarb infheidhme, feidhmiúlacht, lena n‐áirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha; | (s) | i gcás inarb infheidhme, aon chomhoiriúnachtagus idir-inoibritheacht ábhartha a ghabhann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, le hábhar digiteach agus le seirbhísí digiteacha a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go raibh an trádálaí ar an eolas fúthu.”; | | | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (h), (i) agus (j) de mhír 1 den Airteagal seo a sholáthar trí na treoracha samplacha tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(A). Beidh na ceanglais faisnéise a leagtar síos i bpointí (h), (i) agus (j) de mhír 1 den Airteagal seo comhlíonta ag an trádálaí i gcás inar thug an trádálaí na treoracha sin don tomhaltóir agus iad líonta isteach i gceart aige. Na tagairtí don tréimhse tarraingt siar 14 lá sna treoracha samplacha tarraingt siar a leagtar síos in Iarscríbhinn I(A), cuirfear tagairtí do thréimhse tarraingt siar 30 lá ina n‐ionad i gcásanna inar ghlac Ballstáit rialacha i gcomhréir le hAirteagal 9(1a).”; | | (5) | cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas: “Airteagal 6a Ceanglais bhreise shonracha faisnéise le haghaidh conarthaí a thugtar i gcrích i margaí ar líne 1. Sula gcuirfear tomhaltóir faoi cheangal ag cianchonradh, nó ag aon tairiscint chomhfhreagrach, i margadh ar líne, tabharfaidh soláthraí an mhargaidh ar líne, gan dochar do Threoir 2005/29/CE, an fhaisnéis seo a leanas don tomhaltóir ar bhealach soiléir agus oiriúnach agus atá iomchuí don mhodh cianchumarsáide: (a) | faisnéis ghinearálta, ar ní í a chuirtear ar fáil i roinn ar leith den chomhéadan ar líne ar féidir é a rochtain go díreach agus go héasca ón leathanach ar a gcuirtear na tairiscintí i láthair, maidir leis na príomhpharaiméadair lena socraítear rangú na dtairiscintí, mar a shainmhínítear i bpointe (m) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2005/29/CE, a chuirtear i láthair an tomhaltóra mar thoradh ar an gcuardach agus tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin i gcodarsnacht le paraiméadair eile; | (b) | cé acu is trádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí sin do sholáthraí an mhargaidh ar líne; | (c) | i gcás nach trádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige, nach mbeidh feidhm maidir leis an gconradh ag na cearta tomhaltóirí a eascraíonn as dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí; | (d) | i gcás inarb infheidhme, an chaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige agus soláthraí an mhargaidh ar líne, agus nach dochar faisnéis den sórt sin d’aon fhreagracht atá ar sholáthraí an mhargaidh ar líne nó ar an trádálaí tríú páirtí maidir leis an gconradh faoi dhlí eile de chuid an Aontais nó faoi dhlí eile náisiúnta. | 2. Gan dochar do Threoir 2000/31/CE, ní chuirtear leis an Airteagal seo aon chosc ar na Ballstáit ceanglais bhreise faisnéise a fhorchur le haghaidh soláthraithe margaí ar líne. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.”; | (6) | in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. I gcás ina bhfuil comhlíonadh seirbhísí, nó soláthar uisce, gáis nó leictreachais, i gcás nach gcuirtear ar díol ina dtoirt theoranta nó ina gcainníocht shocraithe, nó téamh ceantair á iarraidh ag tomhaltóir agus ina bhfuil an méid sin le tosú le linn na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), agus ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ceanglóidh an trádálaí go ndéanfaidh an tomhaltóir iarraidh shainráite den sórt sin ar mheán marthanach agus iarrfaidh sé ar an tomhaltóir a admháil a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí, nach mbeidh an ceart tarraingt siar ag an tomhaltóir a thuilleadh.”; | (7) | leasaítear Airteagal 8 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Má thugtar an conradh i gcrích trí mhodh cianchumarsáide lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a chur ar taispeáint, tabharfaidh an trádálaí, ar an modh áirithe, nó tríd an modh áirithe, sula dtabharfar an conradh sin i gcrích, ar a laghad an fhaisnéis réamhchonarthach maidir le príomh-shaintréithe na n‐earraí nó na seirbhísí, aitheantas an trádálaí, an praghas iomlán, an ceart tarraingt siar, ré an chonartha agus, más ré neamhchinntithe atá sa chonradh, na coinníollacha maidir leis an gconradh a fhoirceannadh, dá dtagraítear faoi seach i bpointí (a), (b), (e), (h) agus (o) d’Airteagal 6(1), seachas an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) dá dtagraítear i bpointe (h). Maidir leis an bhfaisnéis eile dá dtagraítear in Airteagal 6(1), lena n‐áirítear an fhoirm shamplach tarraingt siar, tabharfaidh an trádálaí don tomhaltóir í ar bhealach iomchuí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.”; | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8: “8. I gcás ina bhfuil comhlíonadh seirbhísí, nó soláthar uisce, gáis nó leictreachais nach gcuirtear ar díol ina dtoirt theoranta nó ina gcainníocht shocraithe, nó téamh ceantair á iarraidh ag tomhaltóir agus ina bhfuil an méid sin le tosú le linn na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), agus i gcás ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ceanglóidh an trádálaí go ndéanfaidh an tomhaltóir iarraidh shainráite ina leith, agus go n‐iarrfaidh sé ar an tomhaltóir freisin a admháil, a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí, nach mbeidh an ceart tarraingt siar ag an tomhaltóir a thuilleadh.”; | | (8) | leasaítear Airteagal 9 mar a leanas: (a) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “1a. Féadfaidh na Ballstáit rialacha a ghlacadh ar i gcomhréir leo a dhéanfar an tréimhse tarraingt siar 14 lá dá dtagraítear i mír 1 a fhadú go 30 lá maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.”; | (b) | i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití: “2. Gan dochar d’Airteagal 10, rachaidh an tréimhse tarraingt siar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in éag tar éis 14 lá nó, i gcásanna ina bhfuil rialacha glactha ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo tar éis 30 lá, amhail ón:”: | | (9) | in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Má tá an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tugtha ag an trádálaí don tomhaltóir laistigh de 12 mhí ón lá dá dtagraítear in Airteagal 9(2), rachaidh an tréimhse tarraingt siar in éag 14 lá nó, i gcásanna ina bhfuil rialacha glactha ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(1a), 30 lá tar éis an lá ar a bhfaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis sin.”; | (10) | in Airteagal 13, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “4. Maidir le sonraí pearsanta an tomhaltóra, comhlíonfaidh an trádálaí na hoibleagáidí is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2016/679. 5. Staonfaidh an trádálaí ó úsáid a bhaint as aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a sholáthair nó a chruthaigh an tomhaltóir le linn dó an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí a úsáid, ach amháin i gcás ábhar: (a) | nach bhfuil aon fhóntas aige lasmuigh de chomhthéacs an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí; | (b) | nach mbaineann ach le gníomhaíocht an tomhaltóra, agus úsáid á baint aige as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí; | (c) | nach bhfuil comhiomlánaithe ag an tradálaí le sonraí eile agus nach féidir é a imdhealú, ach amháin trí iarrachtaí díréireacha a dhéanamh; nó | (d) | a ghin an tomhaltóir agus daoine eile i gcomhpháirt, agus ar féidir le tomhaltóirí eile leanúint d’úsáid a bhaint as an ábhar. | 6. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 5, cuirfidh an trádálaí ar fáil don tomhaltóir, ar iarratas an tomhaltóra, aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a sholáthair nó a chruthaigh an tomhaltóir le linn dó an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí a úsáid. 7. Beidh an tomhaltóir i dteideal an t‐ábhar digiteach sin a aisghabháil saor in aisce, gan bac ón trádálaí, laistigh de thréimhse réasúnach ama agus ar fhormáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín. 8. I gcás tarraingt siar ón gconradh, féadfaidh an trádálaí cosc a chur ar an tomhaltóir aon úsáid bhreise a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, go háirithe trí rochtain ar an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bhaint den tomhaltóir nó trí chuntas úsáideora an tomhaltóra a dhíchumasú, gan dochar do mhír 6.”; | (11) | leasaítear Airteagal 14 mar a leanas: (a) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “2a. I gcás tarraingt siar ón gconradh, staonfaidh an tomhaltóir ó úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach agus ón ábhar nó ón tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.”; | (b) | i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(i): “(i) | níl réamhthoiliú sainráite tugtha ag an tomhaltóir chun tús a chur leis an gcomhlíonadh roimh dheireadh na tréimhse 14 lá nó 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 9;”; | | | (12) | leasaítear Airteagal 16 mar a leanas: (a) | leasaítear an chéad mhír mar seo a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a): “(a) | conarthaí seirbhíse tar éis an tseirbhís a chomhlíonadh go hiomlán ach, i gcás ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ach amháin sa chás gur tosaíodh an comhlíonadh le réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra, agus tar éis dó a admháil go gcaillfidh sé a cheart tarraingt siar a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí;”; | | (ii) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m): “(m) | conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar má tosaíodh an comhlíonadh agus, má chuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, i gcás: (i) | inar thug an tomhaltóir réamhthoiliú sainráite tús a chur leis an gcomhlíonadh le linn na tréimhse tarraingt siar; | (ii) | inar admhaigh an tomhaltóir go gcaillfidh sé a cheart tarraingt siar dá bharr sin; agus | (iii) | inar sholáthair an trádálaí deimhniú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) nó le hAirteagal 8(7).”; | | | | (c) | cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “Féadfaidh na Ballstáit maolú a dhéanamh ar na heisceachtaí ón gceart tarraingt siar a leagtar amach i bpointí (a), (b), (c) agus (e) den chéad mhír maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí. I gcás conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh agus i gcás ina ndearna an tomhaltóir cuairt ón trádálaí a iarraidh go sonrach chun críche deisiúcháin a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcaillfidh an tomhaltóir an ceart tarraingt siar tar éis don tseirbhís a bheith comhlíonta go hiomlán, ar choinníoll gur tosaíodh an comhlíonadh le réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra,”; | | (13) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24: “Airteagal 24 Pionóis 1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí: (a) | cineál, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe; | (b) | aon ghníomhaíocht a rinne an trádálaí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas; | (c) | aon sáruithe roimhe sin ag an trádálaí; | (d) | na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, más rud é go bhfuil na sonraí ábhartha ar fáil; | (e) | pionóis arna bhforchur ar an trádálaí i leith an tsáraithe chéanna sna Ballstáit eile i gcásanna trasteorann ina gcuirtear an fhaisnéis faoi phionóis den sórt sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8); | (f) | aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis. | 3. I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2934, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar áireamh iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, ina mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. 4. I gcásanna ina mbeidh fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 3, ach nach bhfuil an fhaisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le EUR 2 mhilliún ar a laghad. 5. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 28 Samhain 2021, fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh. (*8) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12. 2017, lch. 1).”;" | (14) | in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. I gcás ina mbainfidh Ballstát leas as aon cheann de na roghanna rialála dá dtagraítear in Airteagal 3(4), Airteagal 6(7), Airteagal 6(8), Airteagal 7(4), Airteagal 8(6), Airteagal 9(1a), Airteagal 9(3) agus sa dara agus sa tríú mír d’Airteagal 16, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin faoin 28 Samhain 2021, agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin.”; | (15) | leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas: (a) | leasaítear cuid A mar a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír faoin teideal “An ceart tarraingt siar”: “Chun an ceart tarraingt siar a fheidhmiú, ní mór duit fógra a thabhairt dúinn [2] faoin gcinneadh uait tarraingt siar as an gconradh seo le ráiteas soiléir (e.g. litir arna seoladh tríd an bpost nó le ríomhphost). Cé go bhféadfaidh tú an fhoirm shamplach tarraingt siar faoi iamh a úsáid, níl sé éigeantach é sin a dhéanamh. [3]”; | (ii) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2 faoin teideal “Treoracha le haghaidh comhlánú”: “ [2.] Cuir isteach d’ainm, do sheoladh geografach, d’uimhir theileafóin agus do sheoladh ríomhphoist.”; | | (b) | i gcuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fleisce: “Chuig [cuirfidh an trádálaí isteach anseo a ainm, a sheoladh geografach agus a sheoladh ríomhphoist]:”. | | Airteagal 9 Seolaithe Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit. Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019. Thar ceann Pharlaimint na hEorpa An tUachtarán D. M. SASSOLI Thar ceann na Comhairle An tUachtarán T. TUPPURAINEN (1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 66. (2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019. (3) Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22). (4) Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30). (5) Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27). (6) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64). (7) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1). (8) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29). (9) Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57). (10) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1). (11) Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1). (12) Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1). (13) Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1). (14) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1). (15) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.). (16) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1). (17) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14. (18) Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
whereas
(22) Trádálaithe a chumasaíonn tomhaltóirí le hearraí agus seirbhísí a chuardach, amhail taisteal, cóiríocht agus gníomhaíochtaí áineasa, arna dtairiscint ag trádálaithe éagsúla nó ag tomhaltóirí, ba cheart dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na príomhpharaiméadair réamhshocraithe lena gcinntear rangú tairiscintí a thíolactar don tomhaltóir de thoradh an chuardaigh agus a dtábhacht choibhneasta i gcodarsnacht le paraiméadair eile. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith gonta agus ar fáil go héasca, go feiceálach agus go díreach. Ciallaíonn paraiméadair lena gcinntear an rangú aon chritéir ghinearálta, próisis, comharthaí sonracha a chorpraítear in algartaim nó aon sásraí coigeartaithe nó íslithe a úsáidtear i ndáil leis an rangú.
- = -
(27) Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cé acu is trádálaí nó neamhthrádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí do na soláthraithe sin. I gcás ina ndéanann an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige a stádas mar neamhthrádálaí a dhearbhú, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ráiteas gearr a sholáthar á chur in iúl nach bhfuil feidhm ag na cearta tomhaltóirí a thagann ó dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí maidir leis an gconradh arna chur i gcrích. Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin gcaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir tríú páirtithe a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint acu agus soláthraithe margaí ar líne. Ba cheart an fhaisnéis a sholáthair ar bhealach soiléir agus sothuigthe agus ní leor í a sholáthair faoi na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha nó i ndoiciméid chonarthacha den chineál céanna. Ba cheart na ceanglais faisnéise ar sholáthraithe margaí ar líne a bheith comhréireach. Is gá do na ceanglais sin cothromaíocht a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus iomaíochas na soláthraithe margaí ar líne. Níor cheart ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne cearta sonracha tomhaltóirí a liostú le linn dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina n‐infheidhmeacht. Ní dochar an méid sin do na ceanglais maidir le faisnéis do thomhaltóirí dá bhforáiltear i dTreoir 2011/83/AE, agus go háirithe in Airteagal 6(1) den Treoir sin. Maidir leis an bhfaisnéis a thabharfar faoin bhfreagracht as cearta tomhaltóirí a áirithiú, beidh sí de réir na socruithe conarthacha idir soláthraithe margaí ar líne agus na trádálaithe ábhartha tríú páirtí. D’fhéadfadh soláthraí an mhargaidh ar líne a léiriú go bhfuil tríú páirtí mar an t‐aon duine amháin atá freagrach as cearta tomhaltóirí a áirithiú, nó d’fhéadfadh sé cur síos a dhéanamh ar a fhreagrachtaí sonracha féin i gcás ina nglacann sé freagracht as gnéithe áirithe den chonradh, mar shampla seachadadh nó feidhmiú an chirt tarraingt siar.
- = -
(28) I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), níor cheart ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne an stádas dlíthiúil atá ag soláthraithe tríú páirtí a fhíorú. Ina ionad sin, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ceangal a chur ar sholáthraithe tríú páirtí táirgí sa mhargadh ar líne an stádas atá acu mar thrádálaithe nó mar sholáthraithe nach trádálaithe iad a chur in iúl chun críocha an dlí maidir le tomhaltóirí agus an fhaisnéis sin a thabhairt don soláthraí margadh ar líne.
- = -
(36) Ba cheart an coincheap “feidhmiúlacht” a thuiscint mar thagairt don bhealach inar féidir úsáid a bhaint as ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag neamhláithreacht nó láithreacht aon srianta teicniúla amhail cosaint trí Bhainistiú na gCeart Digiteach nó códú réigiúnach ar an bhféidearthacht go gcomhlíonfadh an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach na feidhmeanna uile atá leis nó léi ag féachaint don aidhm atá leis nó léi. Leis an gcoincheap “idir-inoibritheacht”, déantar cur síos i dtaobh an féidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil leis na cinn a úsáidtear de ghnáth le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha den chineál céanna a oibriú agus i dtaobh a mhéid is féidir leis nó léi feidhmiú. D’áireofaí leis an bhfeidhmiú rathúil, mar shampla, cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití faisnéis a mhalartú leis na bogearraí nó na crua-earraí eile sin agus an fhaisnéis mhalartaithe a úsáid. Déantar an coincheap “comhoiriúnacht” a shainmhíniú i dTreoir (AE) 2019/770.
- = -
(39) Leagtar amach in Airteagal 7(4) de Threoir 2005/29/CE ceanglais faisnéise le haghaidh cuireadh chun táirge a cheannach ar phraghas sonrach. Tá feidhm ag na ceanglais faisnéise sin ag an gcéim fógraíochta cheana féin agus forchuirtear le Treoir 2011/83/AE na ceanglais faisnéise chéanna agus ceanglais faisnéise eile níos mionsonraithe ag an gcéim réamhchonarthach ina dhiaidh sin (i.e. díreach sula ndéanann an tomhaltóir conradh). Dá bharr sin, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí ar thrádálaithe an fhaisnéis chéanna a thabhairt ag an gcéim fógraíochta (e.g. i bhfógra ar líne ar shuíomh gréasáin) agus ag an gcéim réamhchonarthach (e.g. ar leathanaigh a siopaí gréasáin ar líne).
- = -
(40) Áirítear leis na ceanglais faisnéise faoi Airteagal 7(4) de Threoir 2005/29/CE fógra a thabhairt don tomhaltóir faoi bheartas láimhseála gearán an trádálaí. Léirítear sna fionnachtana ón tSeiceáil Oiriúnachta maidir le dlí na dtomhaltóirí agus maidir le dlí na margaíochta go bhfuil an tábhacht is mó ag an bhfaisnéis sin ag an gcéim réamhchonarthach, rud a rialaítear le Treoir 2011/83/AE. Ba cheart an ceanglas atá ann faoi Threoir 2005/29/CE an fhaisnéis sin a thabhairt i gcuirí chun ceannach ag an gcéim fógraíochta a scriosadh dá bhrí sin.
- = -
(41) Ceanglaítear le pointe (h) d’Airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe faisnéis réamhchonarthach a thabhairt do thomhaltóirí faoin gceart tarraingt siar, lena n‐áirítear an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) a ghabhann leis an Treoir sin. Foráiltear le hAirteagal 8(4) den Treoir sin do cheanglais faisnéise réamhchonarthaí níos simplí i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích trí mhodh cianchumarsáide lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a chur ar taispeáint, amhail ar an teileafón, trí chúntóirí siopadóireachta guthoibrithe nó trí SMS. Áirítear leis an bhfaisnéis réamhchonarthaích éigeantach a thabharfar ar an modh nó tríd an modh cianchumarsáide ar leith sin faisnéis maidir leis an gceart tarraingt siar dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 6(1). Dá réir sin, áirítear léi freisin an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) a sholáthar. Mar sin féin, ní féidir an fhoirm tarraingt siar a sholáthar i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích trí mhodhanna amhail ar an teileafón nó trí chúntóirí siopadóireachta guthoibrithe agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta go teicniúil an fhoirm a sholáthar ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir trí mhodhanna cianchumarsáide eile a chumhdaítear le hAirteagal 8(4). Is iomchuí, mar sin, soláthar na foirme samplaí tarraingt siar a eisiamh ón bhfaisnéis nach mór do thrádálaithe a thabhairt in aon chás ar an modh nó tríd an modh cianchumarsáide ar leith a úsáidtear chun conradh a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 8(4).
- = -
(47) Murab ionann is riamh braitheann tomhaltóirí anois ar léirmheasanna agus ráitis tacaíochta ó thomhaltóirí eile agus cinntí ceannaigh á ndéanamh acu. Dá bhrí sin, i gcás ina dtugann trádálaithe rochtain ar léirmheasanna a rinne tomhaltóirí ar tháirgí, ba cheart dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas má tá próisis nó nósanna imeachta i bhfeidhm lena áirithiú gur ó thomhaltóirí a cheannaigh nó a d’úsáid na táirgí sin i ndáiríre a tháinig na léirmheasanna foilsithe. Más rud é go bhfuil na próisis nó nósanna imeachta sin i bhfeidhm, ba cheart do thrádálaithe eolas a chur ar fáil faoin gcaoi a ndéantar na seiceálacha agus eolas soiléir a chur ar fáil do thomhaltóirí faoin gcaoi a ndéantar na léirmheasanna a phróiseáil, mar shampla, á chur in iúl an ndéantar na léirmheasanna uile, bídís deimhneach nó diúltach, a phostáil nó an ndearnadh urraíocht ar na léirmheasanna sin nó an raibh tionchar ag gaol conarthach le trádálaí orthu. Thairis sin, ba cheart a mheas, dá bhrí sin, gur cleachtas tráchtála éagórach é tomhaltóirí a chur ar míthreoir trína rá gur chuir tomhaltóirí isteach léirmheasanna ar tháirgí a d’úsáid siad nó a cheannaigh siad i ndáiríre ach nach ndearnadh aon bhearta réasúnta ná comhréireacha chun a áirithiú gur ó na tomhaltóirí sin a tháinig na léirmheasanna. D’fhéadfaí a áireamh i gcéimeanna den sórt sin mar shampla modhanna teicniúla chun iontaofacht an duine a fhoilsíonn léirmheas a fhíorú, trí fhaisnéis a iarraidh chun a fhíorú gur úsáid nó gur cheannaigh an tomhaltóir an táirge i ndáiríre.
- = -
(53) Mar sin féin, léirigh an t‐eispéireas forfheidhmithe gur féidir, in éagmais foráil sonrach, gan foráil fhollasach a bheith ann, go bhféadfadh sé a bheith míshoiléir do thomhaltóirí, trádálaithe agus údaráis inniúla náisiúnta cé na cleachtais tráchtála a d’fhéadfadh a bheith contrártha do Threoir 2005/29/CE. Dá bhrí sin, ba cheart an Treoir sin a leasú chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do thrádálaithe agus d’údaráis forfheidhmithe araon trí aghaidh a thabhairt go sainráite ar mhargú earra mar earra atá comhionann leis an earra céanna a mhargaítear i mBallstáit eile i gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir forfheidhmithe gur féidir, in éagmais foráil sonrach comhdhéanamh nó saintréithe an earra sin. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an gcleachtas sin agus aghaidh a thabhairt air de réir an cháis i gcomhréir le Treoir 2005/29/CE a leasaítear leis an Treoir seo. Agus an measúnú á dhéanamh aige, ba cheart don údarás inniúil aird a thabhairt ar an gceist an bhfuil an difríocht sin so-aitheanta ag tomhaltóirí, ar an gceart atá ag trádálaí earraí de chuid an aon bhranda amháin a oiriúnú do mhargaí geografacha difriúla ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla, amhail an dlí náisiúnta, infhaighteacht nó séasúracht amhábhar, nó straitéisí deonacha chun rochtain a fheabhsú ar bhia sláintiúil cothaitheach, agus ar an gceart atá ag an trádálaí earraí de chuid an aon bhranda amháin a thairiscint i bpacáistí a bhfuil meáchan difriúil nó toirt dhifriúil iontu i margaí geografacha difriúla. Ba cheart do na húdaráis inniúla a mheas an féidir le tomhaltóirí difreáil den sórt sin a shainaithint go héasca trí scrúdú a dhéanamh ar infhaighteacht agus leormhaitheas na faisnéise. Tá sé tábhachtach go gcuirfí tomhaltóirí ar an eolas faoi dhifreáil earraí ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla. Ba cheart saoirse a bheith ag trádálaithe an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar bhealaí éagsúla a fhágann caoi ag tomhaltóirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá riachtanach. Ar an mórgóir, ba cheart do thrádálaithe tosaíocht a thabhairt do bhealaí eile seachas faisnéis a chur ar fáil ar lipéad earraí. Ba cheart urraim a thabhairt do rialacha earnálacha ábhartha de chuid an Aontais agus do na rialacha maidir le saorghluaiseacht earraí.
- = -
(55) I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus chun forfheidhmiú a éascú, ba cheart a shoiléiriú nach dochar Treoir 2005/29/CE do shaoirse na mBallstát forálacha náisiúnta a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint tuilleadh ar chleachtais tráchtála éagóracha i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh a thabharfadh trádálaí ar a dtithe chun táirgí a thairiscint nó a dhíol nó i gcomhthéacs turais a d’eagródh trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo, i gcás ina bhfuil údar maith le forálacha den sórt sin ar fhorais cosanta tomhaltóirí. Ba cheart aon fhorálacha den sórt sin a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus níor cheart dóibh, mar sin, na bealaí díolacháin sin iontu féin a thoirmeasc. I dtaca le forálacha náisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit, d’fhéadfaidís, mar shampla, am an lae a shainiú nuair nach gceadaítear cuairteanna a dhéanamh ar thithe tomhaltóirí gan iarraidh shainráite a fháil uathu nó toirmeasc a chur ar na cuairteanna sin nuair atá sé curtha in iúl go soiléir ag an tomhaltóir nach bhfuil na cuairteanna sin inghlactha nó an nós imeachta íocaíochta a fhorordú. Thairis sin, d’fhéadfaí tuilleadh rialacha cosantacha maidir leis na réimsí arna gcomhchuibhiú le Treoir 2011/83/AE a leagan síos sna forálacha sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/83/AE a leasú chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh chun tréimhse níos faide a chur ar fáil don cheart tarraingt siar agus chun maolú a dhéanamh ar eisceachtaí sonracha ón gceart tarraingt siar. Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon fhorálacha náisiúnta a ghlacfar ina leith sin ionas gur féidir leis an gCoimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil do gach páirtí leasmhar agus faireachán a dhéanamh ar chineál comhréireach agus dlíthiúlacht na mbeart sin.
- = -
(58) Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar fhaisnéis atá cothrom le dáta faoina cearta tomhaltóra agus faoi réiteach díospóide lasmuigh den chúirt, ba cheart an pointe iontrála ar líne atá le forbairt ag an gCoimisiún, a mhéid is féidir, a bheith soláimhsithe, freagrúil do ghléasanna móibíleacha, so-rochtana agus inúsáidte ag an uile dhuine, lena n‐áirítear daoine faoi mhíchumas (“dearadh do chách”).
- = -
|