(13) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24: Airteagal 6 Tuairisciú ag an gCoimisiún agus athbhreithniú Faoin 28 Bealtaine 2024, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm na Treorach seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar go háirithe sa tuarascáil sin measúnú ar fhorálacha na Treorach seo maidir leis an méid seo a leanas: (a) | imeachtaí arna n‐eagrú in áiteanna seachas áitreabh an trádálaí; agus | (b) | cásanna ina margaítear earraí mar earraí atá comhionann cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe, lena n‐áirítear faoinar cheart na cásanna sin a bheith faoi réir ceanglais níos déine, lena n‐áirítear an toirmeasc in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE agus faoinar gá forálacha níos mionsonraithe maidir le faisnéis faoi dhifreáil earraí. | Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin nuair is gá.
Airteagal 3 Leasuithe ar Threoir 2005/29/CE Leasaítear Treoir 2005/29/CE mar a leanas: (1) | leasaítear mír 1 d’Airteagal 2 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c): “(c) | ciallaíonn ‘táirge’ aon earra nó seirbhís, lena n‐áirítear maoin dhochorraithe, seirbhís dhigiteach agus ábhar digiteach, chomh maith le cearta agus oibleagáidí;”; | | (b) | cuirtear na pointí seo a leanas isteach: “(m) | ciallaíonn ‘rangú’ an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do tháirgí, arna gcur i láthair, arna n‐eagrú nó arna gcur in iúl ag an trádálaí, beag beann ar na modhanna teicneolaíocha a úsáidtear don chur i láthair, don eagrúchán nó don chumarsáid sin; | (n) | ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís ina n-úsáidtear bogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár atá á oibriú ag trádálaí nó thar a cheann chun gur féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile;”; | | | (2) | in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6: “5. Leis an Treoir seo, ní chuirtear aon chosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo. Beidh forálacha den sórt sin comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí. 6. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon fhorálacha náisiúnta a nglacfar ar bhonn mhír 5 agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil ar bhealach so-rochtana do thomhaltóirí agus do thrádálaithe ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.”; | (3) | in Airteagal 6(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach: “(c) | earra a mhargú mar cheann atá comhionann le hearra a mhargaítear i mBallstáit eile, cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe an earra sin, mura rud é go bhfuil údar maith leis sin ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla.”; | | (4) | leasaítear Airteagal 7 is mar a leanas: (a) | leasaítear mír 4 mar a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d): “(d) | na socruithe le haghaidh íocaíocht a dhéanamh, seachadadh aguscomhlíonadh, i gcás ina n‐imíonn siad ó cheanglais díchill ghairmiúil;”; | | (ii) | cuirtear an pointe seo a leanas isteach: “(f) | i gcás táirgí a thairgtear ar mhargaí ar líne, cé acu is trádálaí nó nach trádálaí é an tríú páirtí atá ag tairiscint na dtáirgí, ar bhonn an dearbhaithe atá tugtha ag an tríú páirtí sin do sholáthraí an mhargaidh ar líne.”; | | | (b) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “4a. Agus an fhéidearthacht á cur ar fáil do thomhaltóirí táirgí a thairgeann trádálaithe éagsúla nó tomhaltóirí a chuardach ar bhonn iarratas cuardaigh i bhfoirm eochairfhocail, natha nó ionchuir eile, gan beann ar an áit ina dtabharfar idirbhearta i gcrích ar deireadh, measfar gur ábhar í faisnéis ghinearálta a chuirtear ar fáil i gcuid ar leith den chomhéadan ar líne atá inrochtana go díreach agus go héasca ón leathanach ar a gcuirtear torthaí an chuardaigh i láthair, ar faisnéis í maidir leis na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú na dtáirgí arna gcur i láthair don tomhaltóir mar thoradh ar an iarratas cuardaigh agus maidir le tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin seachas paraiméadair eile. Níl feidhm ag an mír seo maidir le soláthraithe inneall cuardaigh ar líne mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3). (*3) Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne ((IO L 186, 11.7.2019, lch. 57.”;" | (c) | cuirtear an mhír seo a leanas isteach: “6. I gcás ina dtugann trádálaí rochtain ar léirmheasanna a rinne tomhaltóirí ar tháirgí, measfar gur ábhar í an fhaisnéis faoi cé acu a áirithíonn nó nach n‐áirithíonn an trádálaí gur tomhaltóirí a d’úsáid an táirge nó a bhfuil an táirge ceannaithe acu i ndáiríre a rinne na léirmheasanna sin agus faoin gcaoi a n‐áirithíonn an trádálaí an méid sin.”; | | (5) | cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas: “Airteagal 6a Ceanglais bhreise shonracha faisnéise le haghaidh conarthaí a thugtar i gcrích i margaí ar líne 1. Sula gcuirfear tomhaltóir faoi cheangal ag cianchonradh, nó ag aon tairiscint chomhfhreagrach, i margadh ar líne, tabharfaidh soláthraí an mhargaidh ar líne, gan dochar do Threoir 2005/29/CE, an fhaisnéis seo a leanas don tomhaltóir ar bhealach soiléir agus oiriúnach agus atá iomchuí don mhodh cianchumarsáide: (a) | faisnéis ghinearálta, ar ní í a chuirtear ar fáil i roinn ar leith den chomhéadan ar líne ar féidir é a rochtain go díreach agus go héasca ón leathanach ar a gcuirtear na tairiscintí i láthair, maidir leis na príomhpharaiméadair lena socraítear rangú na dtairiscintí, mar a shainmhínítear i bpointe (m) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2005/29/CE, a chuirtear i láthair an tomhaltóra mar thoradh ar an gcuardach agus tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin i gcodarsnacht le paraiméadair eile; | (b) | cé acu is trádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí sin do sholáthraí an mhargaidh ar líne; | (c) | i gcás nach trádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige, nach mbeidh feidhm maidir leis an gconradh ag na cearta tomhaltóirí a eascraíonn as dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí; | (d) | i gcás inarb infheidhme, an chaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige agus soláthraí an mhargaidh ar líne, agus nach dochar faisnéis den sórt sin d’aon fhreagracht atá ar sholáthraí an mhargaidh ar líne nó ar an trádálaí tríú páirtí maidir leis an gconradh faoi dhlí eile de chuid an Aontais nó faoi dhlí eile náisiúnta. | 2. Gan dochar do Threoir 2000/31/CE, ní chuirtear leis an Airteagal seo aon chosc ar na Ballstáit ceanglais bhreise faisnéise a fhorchur le haghaidh soláthraithe margaí ar líne. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.”; | (6) | in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. I gcás ina bhfuil comhlíonadh seirbhísí, nó soláthar uisce, gáis nó leictreachais, i gcás nach gcuirtear ar díol ina dtoirt theoranta nó ina gcainníocht shocraithe, nó téamh ceantair á iarraidh ag tomhaltóir agus ina bhfuil an méid sin le tosú le linn na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), agus ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ceanglóidh an trádálaí go ndéanfaidh an tomhaltóir iarraidh shainráite den sórt sin ar mheán marthanach agus iarrfaidh sé ar an tomhaltóir a admháil a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí, nach mbeidh an ceart tarraingt siar ag an tomhaltóir a thuilleadh.”; | (7) | leasaítear Airteagal 8 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Má thugtar an conradh i gcrích trí mhodh cianchumarsáide lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a chur ar taispeáint, tabharfaidh an trádálaí, ar an modh áirithe, nó tríd an modh áirithe, sula dtabharfar an conradh sin i gcrích, ar a laghad an fhaisnéis réamhchonarthach maidir le príomh-shaintréithe na n‐earraí nó na seirbhísí, aitheantas an trádálaí, an praghas iomlán, an ceart tarraingt siar, ré an chonartha agus, más ré neamhchinntithe atá sa chonradh, na coinníollacha maidir leis an gconradh a fhoirceannadh, dá dtagraítear faoi seach i bpointí (a), (b), (e), (h) agus (o) d’Airteagal 6(1), seachas an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) dá dtagraítear i bpointe (h). Maidir leis an bhfaisnéis eile dá dtagraítear in Airteagal 6(1), lena n‐áirítear an fhoirm shamplach tarraingt siar, tabharfaidh an trádálaí don tomhaltóir í ar bhealach iomchuí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.”; | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8: “8. I gcás ina bhfuil comhlíonadh seirbhísí, nó soláthar uisce, gáis nó leictreachais nach gcuirtear ar díol ina dtoirt theoranta nó ina gcainníocht shocraithe, nó téamh ceantair á iarraidh ag tomhaltóir agus ina bhfuil an méid sin le tosú le linn na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), agus i gcás ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ceanglóidh an trádálaí go ndéanfaidh an tomhaltóir iarraidh shainráite ina leith, agus go n‐iarrfaidh sé ar an tomhaltóir freisin a admháil, a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí, nach mbeidh an ceart tarraingt siar ag an tomhaltóir a thuilleadh.”; | | (8) | leasaítear Airteagal 9 mar a leanas: (a) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “1a. Féadfaidh na Ballstáit rialacha a ghlacadh ar i gcomhréir leo a dhéanfar an tréimhse tarraingt siar 14 lá dá dtagraítear i mír 1 a fhadú go 30 lá maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.”; | (b) | i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití: “2. Gan dochar d’Airteagal 10, rachaidh an tréimhse tarraingt siar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in éag tar éis 14 lá nó, i gcásanna ina bhfuil rialacha glactha ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo tar éis 30 lá, amhail ón:”: | | (9) | in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Má tá an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tugtha ag an trádálaí don tomhaltóir laistigh de 12 mhí ón lá dá dtagraítear in Airteagal 9(2), rachaidh an tréimhse tarraingt siar in éag 14 lá nó, i gcásanna ina bhfuil rialacha glactha ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(1a), 30 lá tar éis an lá ar a bhfaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis sin.”; | (10) | in Airteagal 13, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “4. Maidir le sonraí pearsanta an tomhaltóra, comhlíonfaidh an trádálaí na hoibleagáidí is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2016/679. 5. Staonfaidh an trádálaí ó úsáid a bhaint as aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a sholáthair nó a chruthaigh an tomhaltóir le linn dó an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí a úsáid, ach amháin i gcás ábhar: (a) | nach bhfuil aon fhóntas aige lasmuigh de chomhthéacs an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí; | (b) | nach mbaineann ach le gníomhaíocht an tomhaltóra, agus úsáid á baint aige as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí; | (c) | nach bhfuil comhiomlánaithe ag an tradálaí le sonraí eile agus nach féidir é a imdhealú, ach amháin trí iarrachtaí díréireacha a dhéanamh; nó | (d) | a ghin an tomhaltóir agus daoine eile i gcomhpháirt, agus ar féidir le tomhaltóirí eile leanúint d’úsáid a bhaint as an ábhar. | 6. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 5, cuirfidh an trádálaí ar fáil don tomhaltóir, ar iarratas an tomhaltóra, aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a sholáthair nó a chruthaigh an tomhaltóir le linn dó an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí a úsáid. 7. Beidh an tomhaltóir i dteideal an t‐ábhar digiteach sin a aisghabháil saor in aisce, gan bac ón trádálaí, laistigh de thréimhse réasúnach ama agus ar fhormáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín. 8. I gcás tarraingt siar ón gconradh, féadfaidh an trádálaí cosc a chur ar an tomhaltóir aon úsáid bhreise a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, go háirithe trí rochtain ar an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bhaint den tomhaltóir nó trí chuntas úsáideora an tomhaltóra a dhíchumasú, gan dochar do mhír 6.”; | (11) | leasaítear Airteagal 14 mar a leanas: (a) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “2a. I gcás tarraingt siar ón gconradh, staonfaidh an tomhaltóir ó úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach agus ón ábhar nó ón tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.”; | (b) | i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(i): “(i) | níl réamhthoiliú sainráite tugtha ag an tomhaltóir chun tús a chur leis an gcomhlíonadh roimh dheireadh na tréimhse 14 lá nó 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 9;”; | | | (12) | leasaítear Airteagal 16 mar a leanas: (a) | leasaítear an chéad mhír mar seo a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a): “(a) | conarthaí seirbhíse tar éis an tseirbhís a chomhlíonadh go hiomlán ach, i gcás ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ach amháin sa chás gur tosaíodh an comhlíonadh le réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra, agus tar éis dó a admháil go gcaillfidh sé a cheart tarraingt siar a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí;”; | | (ii) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m): “(m) | conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar má tosaíodh an comhlíonadh agus, má chuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, i gcás: (i) | inar thug an tomhaltóir réamhthoiliú sainráite tús a chur leis an gcomhlíonadh le linn na tréimhse tarraingt siar; | (ii) | inar admhaigh an tomhaltóir go gcaillfidh sé a cheart tarraingt siar dá bharr sin; agus | (iii) | inar sholáthair an trádálaí deimhniú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) nó le hAirteagal 8(7).”; | | | | (c) | cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “Féadfaidh na Ballstáit maolú a dhéanamh ar na heisceachtaí ón gceart tarraingt siar a leagtar amach i bpointí (a), (b), (c) agus (e) den chéad mhír maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí. I gcás conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh agus i gcás ina ndearna an tomhaltóir cuairt ón trádálaí a iarraidh go sonrach chun críche deisiúcháin a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcaillfidh an tomhaltóir an ceart tarraingt siar tar éis don tseirbhís a bheith comhlíonta go hiomlán, ar choinníoll gur tosaíodh an comhlíonadh le réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra,”; | | (13) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24: Airteagal 5 Faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh pointe iontrála ar líne ar fáil do shaoránaigh a dteastaíonn faisnéis uathu faoina gcearta tomhaltóirí, nó faoi shochar um réiteach ar dhíospóidí lasmuigh den chúirt, pointe a chuirfear ar fáil tríd an tairseach aonair dhigiteach arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), lena bhféadfaidh siad: (a) | faisnéis atá cothrom le dáta faoina gcearta tomhaltóirí faoi dhlí an Aontais a rochtain ar bhealach soiléir, intuigthe agus so-rochtana; agus | (b) | gearán a chur isteach tríd an gclár réitigh díospóidí ar líne arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 agus chuig an lárionad de chuid Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí atá inniúil, ag brath ar na páirtithe lena mbaineann. | Airteagal 9 Seolaithe Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit. Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019. Thar ceann Pharlaimint na hEorpa An tUachtarán D. M. SASSOLI Thar ceann na Comhairle An tUachtarán T. TUPPURAINEN (1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 66. (2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019. (3) Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22). (4) Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30). (5) Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27). (6) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64). (7) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1). (8) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29). (9) Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57). (10) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1). (11) Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1). (12) Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1). (13) Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1). (14) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1). (15) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.). (16) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1). (17) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14. (18) Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
whereas
(16) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh leigheasanna ar fáil do thomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh chun deireadh a chur le héifeachtaí uile na gcleachtas éagórach sin. D’fhágfadh creat soiléir le haghaidh leigheasanna aonair go mbeadh forfheidhmiú príobháideach níos éasca. Ba cheart rochtain a bheith ag an tomhaltóir ar chúiteamh i leith damáistí agus, i gcás inarb ábhartha, laghdú ar an bpraghas nó foirceannadh ar an gconradh, ar bhealach comhréireach agus éifeachtach. Níor cheart aon chosc a chur ar na Ballstáit cearta chun leigheasanna eile a chothabháil nó a thabhairt isteach amhail deisiú nó athsholáthar do thomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh chun a áirithiú go gcuirfear deireadh iomlán le héifeachtaí na gcleachtas sin. Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit coinníollacha le haghaidh cur i bhfeidhm agus éifeachtaí leigheasanna do thomhaltóirí a chinneadh. Nuair a bhíonn na leigheasanna á gcur i bhfeidhm, d’fhéadfaí tromchúis agus nádúr an chleachtais tráchtála éagóraigh, na damáistí a bhain don tomhaltóir agus imthosca ábhartha eile, amhail mí-iompar an trádálaí nó sárú an chonartha, a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí.
- = -
(24) I gcás ina dtairgtear táirgí do thomhaltóirí i margaí ar líne, bíonn ról ag soláthraí an mhargaidh ar líne agus ag an soláthraí tríú páirtí araon i soláthar na faisnéise réamhchonarthaí a cheanglaítear le Treoir 2011/83/AE. Mar sin, bíonn seans ann nach mbeidh tuiscint shoiléir ag na tomhaltóirí a úsáideann an margadh ar líne ar cé na comhpháirtithe conarthacha lena mbaineann agus ar an difear a dhéanann sé sin dá gcearta agus dá n‐oibleagáidí.
- = -
(27) Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cé acu is trádálaí nó neamhthrádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí do na soláthraithe sin. I gcás ina ndéanann an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige a stádas mar neamhthrádálaí a dhearbhú, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ráiteas gearr a sholáthar á chur in iúl nach bhfuil feidhm ag na cearta tomhaltóirí a thagann ó dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí maidir leis an gconradh arna chur i gcrích. Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin gcaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir tríú páirtithe a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint acu agus soláthraithe margaí ar líne. Ba cheart an fhaisnéis a sholáthair ar bhealach soiléir agus sothuigthe agus ní leor í a sholáthair faoi na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha nó i ndoiciméid chonarthacha den chineál céanna. Ba cheart na ceanglais faisnéise ar sholáthraithe margaí ar líne a bheith comhréireach. Is gá do na ceanglais sin cothromaíocht a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus iomaíochas na soláthraithe margaí ar líne. Níor cheart ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne cearta sonracha tomhaltóirí a liostú le linn dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina n‐infheidhmeacht. Ní dochar an méid sin do na ceanglais maidir le faisnéis do thomhaltóirí dá bhforáiltear i dTreoir 2011/83/AE, agus go háirithe in Airteagal 6(1) den Treoir sin. Maidir leis an bhfaisnéis a thabharfar faoin bhfreagracht as cearta tomhaltóirí a áirithiú, beidh sí de réir na socruithe conarthacha idir soláthraithe margaí ar líne agus na trádálaithe ábhartha tríú páirtí. D’fhéadfadh soláthraí an mhargaidh ar líne a léiriú go bhfuil tríú páirtí mar an t‐aon duine amháin atá freagrach as cearta tomhaltóirí a áirithiú, nó d’fhéadfadh sé cur síos a dhéanamh ar a fhreagrachtaí sonracha féin i gcás ina nglacann sé freagracht as gnéithe áirithe den chonradh, mar shampla seachadadh nó feidhmiú an chirt tarraingt siar.
- = -
(44) Sonraítear in Airteagal 14(4) de Threoir 2011/83/AE na coinníollacha, i gcás ina bhfeidhmeofar an ceart tarraingt siar, faoina mbeidh an tomhaltóir saor ón gcostas i leith seirbhísí a chomhlíonadh, fóntais phoiblí a sholáthar agus ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar. I gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha sin, ní cheanglófar ar an tomhaltóir íoc as an tseirbhís, as na fóntais phoiblí ná as an ábhar digiteach a fuarthas sular feidhmíodh an ceart tarraingt siar. Maidir le hábhar digiteach, ar na coinníollacha neamhcharnacha sin, eadhon faoi phointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4), tá an mhainneachtain daingniú a sholáthair maidir leis an gconradh arna thabhairt i gcrích, lena n‐áirítear deimhniú go bhfuarthas réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra le comhlíonadh an chonartha a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag agus gur admhaigh sé go gcaillfí an ceart tarraingt siar dá bharr sin. Mar sin féin, ní áirítear an coinníoll sin ar na coinníollacha faoina gcaillfí an ceart tarraingt siar i bpointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 den Treoir sin, rud a chruthaíonn éiginnteacht maidir leis an bhféidearthacht atá ann do thomhaltóirí pointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4) a agairt nuair a chomhlíontar an dá choinníoll eile dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 14(4) agus, dá thoradh sin go gcailltear an ceart tarraingt siar i gcomhréir le pointe (m) den chéad mhír d’Airteagal 16. Ba cheart, dá bhrí sin, an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4) a chur le pointe (m) den chéad mhír d’Airteagal 16 chun a chur ar a chumas don tomhaltóir an ceart tarraingt siar a fheidhmiú nuair nach gcomhlíontar an coinníoll sin agus dá réir sin na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 14(4) a éileamh.
- = -
(58) Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar fhaisnéis atá cothrom le dáta faoina cearta tomhaltóra agus faoi réiteach díospóide lasmuigh den chúirt, ba cheart an pointe iontrála ar líne atá le forbairt ag an gCoimisiún, a mhéid is féidir, a bheith soláimhsithe, freagrúil do ghléasanna móibíleacha, so-rochtana agus inúsáidte ag an uile dhuine, lena n‐áirítear daoine faoi mhíchumas (“dearadh do chách”).
- = -
| |