(20) Maidir leis sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú ionas go mbeidh sé soiléir gur cheart cleachtais a thoirmeasc ina soláthraíonn trádálaí faisnéis do thomhaltóir i bhfoirm torthaí cuardaigh mar fhreagairt ar chuardach ar líne an tomhaltóra, gan aon fhógraíocht íoctha nó aon íocaíocht shonrach as rangú níos airde táirgí a bhaint amach laistigh de na torthaí cuardaigh a nochtadh go soiléir.
Nuair a d’íoc trádálaí go díreach nó go hindíreach an soláthraí feidhmiúlachta ar líne as rangú níos airde táirge laistigh de na torthaí cuardaigh, ba cheart do sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas ina thaobh sin i bhfoirm atá beacht, inrochtana go héasca, agus intuigthe.
Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an íocaíocht indíreach go nglacfadh trádálaí le hoibleagáidí breise i leith sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne a bhfuil rangú níos airde mar thoradh sonrach uirthi.
D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san íocaíocht indíreach ná coimisiún méadaithe in aghaidh an idirbhirt chomh maith le scéimeanna cúitimh éagsúla a mbeadh rangú níos airde mar thoradh sonrach orthu. Íocaíochtaí ar sheirbhísí ginearálta, amhail táillí liostúcháin nó suibscríbhinní ballraíochta, a dhíríonn ar réimse leathan feidhmiúlachtaí arna dtairgeadh ag soláthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne don trádálaí, níor cheart iad a mheas a bheith ina íocaíocht go sonrach chun rangú níos airde táirgí a bhaint amach, ar choinníoll nach bhfuil na híocaíochtaí sin tiomnaithe do rangú níos airde a bhaint amach.
Féadfaidh cineálacha éagsúla trádálaithe ar líne feidhmiúlacht chuardaigh ar líne a sholáthar, lena n‐áirítear idirghabhálaithe, amhail margaí ar líne, innill chuardaigh agus suíomhanna gréasáin comparáideacha.
- = -
(22) Trádálaithe a chumasaíonn tomhaltóirí le hearraí agus seirbhísí a chuardach, amhail taisteal, cóiríocht agus gníomhaíochtaí áineasa, arna dtairiscint ag trádálaithe éagsúla nó ag tomhaltóirí, ba cheart dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na príomhpharaiméadair réamhshocraithe lena gcinntear rangú tairiscintí a thíolactar don tomhaltóir de thoradh an chuardaigh agus a dtábhacht choibhneasta i gcodarsnacht le paraiméadair eile.
Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith gonta agus ar fáil go héasca, go feiceálach agus go díreach.
Ciallaíonn paraiméadair lena gcinntear an rangú aon chritéir ghinearálta, próisis, comharthaí sonracha a chorpraítear in algartaim nó aon sásraí coigeartaithe nó íslithe a úsáidtear i ndáil leis an rangú.
- = -
(26) Ba cheart ceanglais shonracha faisnéise le haghaidh margaí ar líne a leagan síos i dTreoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE chun tomhaltóirí a úsáideann margaí ar líne a chur ar an eolas faoi na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú na dtairiscintí, agus cé acu a dhéanann siad conradh le trádálaí nó le neamhthrádálaí, amhail tomhaltóir eile.
- = -
(27) Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cé acu is trádálaí nó neamhthrádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí do na soláthraithe sin.
I gcás ina ndéanann an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige a stádas mar neamhthrádálaí a dhearbhú, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ráiteas gearr a sholáthar á chur in iúl nach bhfuil feidhm ag na cearta tomhaltóirí a thagann ó dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí maidir leis an gconradh arna chur i gcrích.
Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin gcaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir tríú páirtithe a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint acu agus soláthraithe margaí ar líne.
Ba cheart an fhaisnéis a sholáthair ar bhealach soiléir agus sothuigthe agus ní leor í a sholáthair faoi na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha nó i ndoiciméid chonarthacha den chineál céanna.
Ba cheart na ceanglais faisnéise ar sholáthraithe margaí ar líne a bheith comhréireach.
Is gá do na ceanglais sin cothromaíocht a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus iomaíochas na soláthraithe margaí ar líne.
Níor cheart ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne cearta sonracha tomhaltóirí a liostú le linn dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina n‐infheidhmeacht.
Ní dochar an méid sin do na ceanglais maidir le faisnéis do thomhaltóirí dá bhforáiltear i dTreoir 2011/83/AE, agus go háirithe in Airteagal 6(1) den Treoir sin.
Maidir leis an bhfaisnéis a thabharfar faoin bhfreagracht as cearta tomhaltóirí a áirithiú, beidh sí de réir na socruithe conarthacha idir soláthraithe margaí ar líne agus na trádálaithe ábhartha tríú páirtí.
D’fhéadfadh soláthraí an mhargaidh ar líne a léiriú go bhfuil tríú páirtí mar an t‐aon duine amháin atá freagrach as cearta tomhaltóirí a áirithiú, nó d’fhéadfadh sé cur síos a dhéanamh ar a fhreagrachtaí sonracha féin i gcás ina nglacann sé freagracht as gnéithe áirithe den chonradh, mar shampla seachadadh nó feidhmiú an chirt tarraingt siar.
- = -
(45) Féadfaidh trádálaithe praghas a dtairiscintí a phearsantú do thomhaltóirí sonracha nó do chatagóirí sonracha tomhaltóir bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe agus ar phróifíliú uathoibrithe iompraíochta tomhaltóirí, rud a ligfidh do thrádálaithe measúnú a dhéanamh ar chumhacht ceannaigh an tomhaltóra.
Dá bhrí sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas go soiléir nuair a dhéantar an praghas a chuirtear ina láthair a phearsantú ar bhonn cinnteoireacht uathoibrithe, sa chaoi is gur féidir leo a chur san áireamh na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus cinneadh ceannaigh á dhéanamh acu.
Dá thoradh sin, ba cheart ceanglas sonrach faisnéise a chur le Treoir 2011/83/AE chun an tomhaltóir a chur ar an eolas nuair a dhéantar an praghas a phearsantú bunaithe ar bhonn cinnteoireacht uathoibrithe.
Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas faisnéise seo maidir le teicnící amhail praghsáil “dhinimiciúil” nó “fíor-ama”, arb é atá i gceist leis na teicnící sin an praghas a athrú ar bhealach an-solúbtha agus sách tapa mar fhreagairt ar éilimh an mhargaidh nuair nach mbaineann na teicnící sin le pearsantú bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe.
Ní dochar an ceanglas faisnéise seo do Rialachán (AE) 2016/679, lena bhforáiltear, inter alia, do cheart an duine aonair gan a bheith faoi réir cinnteoireacht uathoibrithe aonair, lena n‐áirítear próifíliú.
- = -
(47) Murab ionann is riamh braitheann tomhaltóirí anois ar léirmheasanna agus ráitis tacaíochta ó thomhaltóirí eile agus cinntí ceannaigh á ndéanamh acu.
Dá bhrí sin, i gcás ina dtugann trádálaithe rochtain ar léirmheasanna a rinne tomhaltóirí ar tháirgí, ba cheart dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas má tá próisis nó nósanna imeachta i bhfeidhm lena áirithiú gur ó thomhaltóirí a cheannaigh nó a d’úsáid na táirgí sin i ndáiríre a tháinig na léirmheasanna foilsithe.
Más rud é go bhfuil na próisis nó nósanna imeachta sin i bhfeidhm, ba cheart do thrádálaithe eolas a chur ar fáil faoin gcaoi a ndéantar na seiceálacha agus eolas soiléir a chur ar fáil do thomhaltóirí faoin gcaoi a ndéantar na léirmheasanna a phróiseáil, mar shampla, á chur in iúl an ndéantar na léirmheasanna uile, bídís deimhneach nó diúltach, a phostáil nó an ndearnadh urraíocht ar na léirmheasanna sin nó an raibh tionchar ag gaol conarthach le trádálaí orthu.
Thairis sin, ba cheart a mheas, dá bhrí sin, gur cleachtas tráchtála éagórach é tomhaltóirí a chur ar míthreoir trína rá gur chuir tomhaltóirí isteach léirmheasanna ar tháirgí a d’úsáid siad nó a cheannaigh siad i ndáiríre ach nach ndearnadh aon bhearta réasúnta ná comhréireacha chun a áirithiú gur ó na tomhaltóirí sin a tháinig na léirmheasanna.
D’fhéadfaí a áireamh i gcéimeanna den sórt sin mar shampla modhanna teicniúla chun iontaofacht an duine a fhoilsíonn léirmheas a fhíorú, trí fhaisnéis a iarraidh chun a fhíorú gur úsáid nó gur cheannaigh an tomhaltóir an táirge i ndáiríre.
- = -
(53) Mar sin féin, léirigh an t‐eispéireas forfheidhmithe gur féidir, in éagmais foráil sonrach, gan foráil fhollasach a bheith ann, go bhféadfadh sé a bheith míshoiléir do thomhaltóirí, trádálaithe agus údaráis inniúla náisiúnta cé na cleachtais tráchtála a d’fhéadfadh a bheith contrártha do Threoir 2005/29/CE.
Dá bhrí sin, ba cheart an Treoir sin a leasú chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do thrádálaithe agus d’údaráis forfheidhmithe araon trí aghaidh a thabhairt go sainráite ar mhargú earra mar earra atá comhionann leis an earra céanna a mhargaítear i mBallstáit eile i gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir forfheidhmithe gur féidir, in éagmais foráil sonrach comhdhéanamh nó saintréithe an earra sin.
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an gcleachtas sin agus aghaidh a thabhairt air de réir an cháis i gcomhréir le Treoir 2005/29/CE a leasaítear leis an Treoir seo.
Agus an measúnú á dhéanamh aige, ba cheart don údarás inniúil aird a thabhairt ar an gceist an bhfuil an difríocht sin so-aitheanta ag tomhaltóirí, ar an gceart atá ag trádálaí earraí de chuid an aon bhranda amháin a oiriúnú do mhargaí geografacha difriúla ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla, amhail an dlí náisiúnta, infhaighteacht nó séasúracht amhábhar, nó straitéisí deonacha chun rochtain a fheabhsú ar bhia sláintiúil cothaitheach, agus ar an gceart atá ag an trádálaí earraí de chuid an aon bhranda amháin a thairiscint i bpacáistí a bhfuil meáchan difriúil nó toirt dhifriúil iontu i margaí geografacha difriúla.
Ba cheart do na húdaráis inniúla a mheas an féidir le tomhaltóirí difreáil den sórt sin a shainaithint go héasca trí scrúdú a dhéanamh ar infhaighteacht agus leormhaitheas na faisnéise.
Tá sé tábhachtach go gcuirfí tomhaltóirí ar an eolas faoi dhifreáil earraí ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla.
Ba cheart saoirse a bheith ag trádálaithe an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar bhealaí éagsúla a fhágann caoi ag tomhaltóirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá riachtanach.
Ar an mórgóir, ba cheart do thrádálaithe tosaíocht a thabhairt do bhealaí eile seachas faisnéis a chur ar fáil ar lipéad earraí.
Ba cheart urraim a thabhairt do rialacha earnálacha ábhartha de chuid an Aontais agus do na rialacha maidir le saorghluaiseacht earraí.
- = -