(18) Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh don dlí náisiúnta a mhéid nach rialaítear leis an Treoir seo na hábhair lena mbaineann, go háirithe maidir le dlíthiúlacht na n-earraí, damáistí agus gnéithe ginearálta dhlí na gconarthaí amhail cruthú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí.
Ba cheart feidhm a bheith ag an méid céanna maidir leis na hiarmhairtí a thagann as an gconradh a fhoirceannadh agus maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le deisiú agus athsholáthar nach rialaítear leis an Treoir seo.
Agus rialú á déanamh ar chearta na bpáirtithe feidhmiú a n-oibleagáidí nó cuid díobh a choinneáil siar go dtí go bhfeidhmíonn an páirtí eile a oibleagáidí, ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor chun rialú a dhéanamh ar na coinníollacha agus na modúlachtaí maidir leis an bpraghas a bheith á choinneáil siar ag an tomhaltóir.
Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor freisin chun rialú a dhéanamh ar theidlíocht an tomhaltóra a mhéid a bhaineann le cúiteamh as damáistí arna dtabhú mar thoradh ar fhorálacha na Treorach seo a bheith á sárú ag an díoltóir.
Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach bhfuil sonrach do chonarthaí tomhaltóirí lena ndéantar foráil do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh díolacháin i gcrích, eadhon ar rialacha iad ina ndéantar tagairt d’fhorálacha náisiúnta lena bhféadfaí rialacha sonracha maidir le dliteanas an díoltóra i leith fabhtanna folaithe a leagan síos.
Ina theannta sin, níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do dhlíthe náisiúnta lena ndéantar foráil do leigheasanna neamhchonarthacha an tomhaltóra, i gcás ina mbeidh easpa comhréireachta earraí ann i gcoinne daoine i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, mar shampla monaróirí nó daoine eile a chomhlíonann oibleagáidí na ndaoine sin.
- = -
(50) Nuair a thagann easpa comhréireachta chun cinn, ba cheart don tomhaltóir é sin a chur in iúl don díoltóir chun an deis a thabhairt don díoltóir an t-earra a thabhairt chun comhréireachta.
Ba cheart don díoltóir é sin a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnach ama.
Dá réir sin, níor cheart, i bprionsabal, go mbeadh an tomhaltóir i dteideal laghdú a fháil ar an bpraghas nó an conradh a fhoirceannadh ach ba cheart don tomhaltóir tréimhse réasúnta a thabhairt don díoltóir chun an t-earra neamhchomhréireach a dheisiú nó a ionadú.
I gcás nach bhfuil an t-earra deisithe nó athsholáthraithe ag an díoltóir laistigh den tréimhse sin, ba cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal laghdú ar an bpraghas a éileamh agus a bhrú tríd nó an conradh a fhoirceannadh gan a bheith ag feitheamh níos mó.
- = -
(62) Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart go soláthrófaí ceanglais trédhearcachta áirithe maidir le ráthaíochtaí tráchtála, i dteannta ceanglas faisnéise réamhchonarthaí maidir le coinníollacha na ráthaíochtaí tráchtála a leagtar amach i dTreoir 2011/83/AE.
Ina theannta sin, chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus chun nach gcuirfear tomhaltóirí amú, ba cheart go ndéanfaí foráil leis an Treoir seo go mbeadh forlámhas ag na coinníollacha is buntáistí i gcás gur fabhraí don tomhaltóir na coinníollacha ráthaíochta tráchtála atá i bhfógraí gaolmhara ná an chuid a áirítear sa ráiteas ráthaíochta.
Ar deireadh, ba cheart leis an Treoir seo rialacha a chur ar fáil maidir le hábhar ráiteas na ráthaíochta agus leis an gcaoi ar cheart é a chur ar fáil do thomhaltóirí.
Mar shampla, ba cheart go n-áireodh an ráiteas ráthaíochta na ráthaíochta tráchtála agus go luafadh sé nach bhfuil tionchar ag an ráthaíocht tráchtála ar an ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht, lena soiléirítear go bhfuil téarmaí na ráthaíochta tráchtála sa bhreis ar an ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht.
Ba cheart é a bheith de shaoirse ag na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le gnéithe a bhaineann le ráthaíochtaí tráchtála nach gcumhdaítear leis an Treoir seo, mar shampla an fhéidearthacht féichiúnaithe, seachas an ráthóir, a cheangal leis an ráthaíocht tráchtála, ar choinníoll nach mbainfeadh na rialacha sin de thomhaltóirí an chosaint a dtugtar dóibh leis na forálacha lán-chomhchuibhithe maidir le ráthaíochtaí tráchtála sa Treoir seo.
Cé gur cheart go mbeadh sé fós de shaoirse ag na Ballstáit a chinneadh gur gá ráthaíochtaí tráchtála a bheith curtha ar fáil saor in aisce, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanann aon ghealltanas a thugann an díoltóir, a thagann faoi shainmhíniú na ráthaíochtaí tráchtála a leagtar síos sa Treoir seo, rialacha comhchuibhithe na Treorach seo a chomhlíonadh.
- = -